Uimhir 41 de 1937.
ACHT FÓRSAÍ COSANTA, 1937.
Mínithe agus léiriú
1.—(1) San Acht so—
cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923);
cialluíonn an abairt “na Fórsaí Cosanta” na Fórsaí agus an Cúltaca.
(2) Déanfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1937, agus an tAcht so do léigheamh agus do léiriú le chéile agus, dá réir sin, gach abairt agus focal a húsáidtear san Acht so agus le n-a gcuireann na hAchtanna san brí áirithe chun crícheanna na nAchtanna san tá leo san Acht so an brí cuirtear leo amhlaidh.
Tosach feidhme.
2.—Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh do Bhunreacht na hÉireann d'achtuigh an Pobal le déanaí.
Ceannas mileata.
3.—(1) Fé stiúradh an Uachtaráin, agus é ag gníomhú ar chomhairle an Riaghaltais, agus fé réir forálacha na nAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1937, agus an Achta so, beidh ceannas míleata na bhFórsaí Cosanta agus gach comhacht fheidhmiúcháin agus riaracháin maidir leis na Fórsaí Cosanta, le n-a n-áirmhítear an chomhacht chun údarás do leigint chun daoine eile, infheidhmithe ag an Riaghaltas tríd an Aire.
(2) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh, a bhainfidh le hoifigigh, maidir leis na daoine a hoirdneofar ina n-oifigigh go gceannas míleata ar na Fórsaí Cosanta no ar aon chuid díobh no ar éinne bheidh ionta, agus maidir leis an modh ina mbeidh an ceannas san le feidhmiú.
Daoine do cheapadh chun oifigí áirithe.
4.—Isé an tUachtarán agus é ag gníomhú ar chomhairle an Riaghaltais a cheapfaidh daoine chun na n-oifigí seo leanas, sé sin le rá:—
(a) oifig Cheann Fuirinne na bhFórsaí Cosanta;
(b) oifig Aidiútant Generálta na bhFórsaí Cosanta;
(c) oifig Cheathrú-Mháistir Generálta na bhFórsaí Cosanta;
(d) oifig Chigire Generálta na bhFórsaí Cosanta;
(e) oifig an Abhchóide Ghenerálta Bhreithiúnais.
Daoine do cheapadh chun céime coimisiúnta.
5.—(1) Féadfaidh an tUachtarán, ar chomhairle an Riaghaltais, duine ar bith do cheapadh chun céime coimisiúnta no chun céime coimisiúnta sealadaighe sna Fórsaí no sa Chúltaca.
(2) Pé uair agus faid a bheidh Uachtarán do toghadh in oifig agus é ag feidhmiú agus ag cólíonadh comhachta agus feidhmeanna a oifige, is sa bhfuirm atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so bhéarfar amach gach coimisiún.
(3) Go dtí go raghaidh an chéad Uachtarán i seilbh a oifige no pé uair agus faid a bheidh coimisiún, a bheidh có-dhéanta fé Airteagal 14 den Bhunreacht, ag feidhmiú agus ag cólíonadh comhachta agus feidhmeanna an Uachtaráin, is sa bhfuirm atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so bhéarfar amach gach coimisiún.
An mionn a bheidh le tabhairt ag Oifigigh na bhFórsaí.
6.—(1) Ar choimisiún do dheonadh dhó, bhéarfaidh gach oifigeach de sna Fórsaí mionn, no déanfaidh dearbhú, sa bhfuirm seo leanas:—
“Deinim-se, , a mhionnú (no a dhearbhú) go sollamanta go mbead dílis d'Éirinn agus tairiseach don Bhunreacht agus, faid a bhead im’ oifigeach in Oglaigh na hÉireann, go gcoimhlíonfad gach ordú dá bhfuighead óm’ oifigigh uachtaracha do réir dlighidh agus ná ceanglóchad agus ná cabhróchad le haon choimh-ghléasadh agus ná bead im’ chomhalta d'aon choimh-ghléasadh gan cead d'fhagháil mar is cuibhe.”
(2) Is i bhfianaise oifigigh a bheidh ainmnithe chuige sin ag an Aire bhéarfaidh no dhéanfaidh oifigeach an mionn no an dearbhú atá leagtha amach sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo agus a chuirfidh a lámh leis.
(3) Aon oifigeach de sna Fórsaí dhiúltóidh no fhailleoidh an mionn roimhráite do thabhairt no an dearbhú roimhráite do dhéanamh sa tslí roimhráite, tuigfear é d'eirghe as a choimisiún agus a cheapachán mar oifigeach sna Fórsaí.
Oifigigh do bhriseadh.
7.—(1) Féadfaidh an tUachtarán, ar chomhairle an Riaghaltais, oifigeach ar bith do bhriseadh.
(2) Lasmuich de chás oifigigh a daorfar ag cúirt shíbhialta chun báis, chun pian-tseirbhíse no chun príosúntachta ar feadh téarma is sia ná sé mhí no bheidh as láthair gan cead ar feadh tréimhse is sia ná trí mhí, ní brisfear oifigeach fén alt so mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar na réasúin ar a mbeifear chun é bhriseadh do chur in úil dó agus caoi réasúnta do thabhairt don oifigeach san chun pé cúis is dóich leis is ceart do phlé maidir le n-a bheith beartuithe é bhriseadh.
Oifigigh do scur.
8.—(1) Féadfaidh an tUachtarán, ar chomhairle an Riaghaltais, oifigeach de sna Fórsaí do scur do réir rialachán a bheidh déanta ag an Aire.
(2) Féadfaidh oifigeach de sna Fórsaí dul ar scur de réir rialachán a bheidh déanta ag an Aire.
Oifigigh d'eirghe as a gcoimisiúin.
9.—(1) Féadfaidh oifigeach a thairisgint don Uachtarán eirghe as a choimisiún.
(2) Féadfaidh an tUachtarán, ar chomhairle an Riaghaltais, glacadh leis an tairisgint a dhéanfaidh oifigeach chun eirghe as a choimisiún no diúltú dhi.
(3) Mara n-orduighidh an tAire a mhalairt, ní déanfar oifigeach a thairgfidh eirghe as a choimisiún do shaoradh o n-a dhualgaisí míleata mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tUachtarán, ar chomhairle an Riaghaltais, glacadh leis an oifigeach san d'eirghe as a choimisiún.
Na dátaí ar a mbeidh éifeacht ag ceapacháin, etc., oifigeach.
10.—I gcás duine do cheapadh chun céime coimisiúnta no oifigeach do bhriseadh (seachas tré bhreith arm-chúirte) no do scur no d'eirghe as a choimisiún, is o pé dáta cheapfaidh an tUachtarán, agus é ag gníomhú ar chomhairle an Riaghaltais, a thiocfaidh san in éifeacht.
An mionn a bheidh le tabhairt ag saighdiúirí.
11.—Athghairmtear leis seo alt 9 den Acht um an Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Buanú agus Leasú), 1924 (Uimh. 38 de 1924), agus ina ionad san achtuítear leis seo gur mar leanas a bheidh fuirm an mhionna no an dearbhuithe do bhéarfar no déanfar do réir ailt 21 den Phríomh-Acht, sé sin le rá:—
“Deinim-se, , a mhionnú (no a dhearbhú) go sollamanta go mbead dílis d'Éirinn agus tairiseach don Bhunreacht agus, faid a bhead im’ shaighdiúir in Oglaigh na hÉireann, go gcoimhlíonfad gach ordú dá bhfuighead óm’ oifigigh uachtaracha do réir dlighidh agus ná ceanglóchad agus ná cabhróchad le haon choimh-ghléasadh agus ná bead im’ chomhalta d'aon choimh-ghléasadh gan cead d'fhagháil mar is cuibhe.”
Saighdiúirí do scaoileadh.
12.—Féadfaidh an Riaghaltas, agus iad ag gníomhú tríd an Aire, a ordú aon tsaighdiúir de sna Fórsaí no den Chúltaca do scaoileadh.
Toirmeasc ar oifigigh agus ar shaighdiúirí do bheith ina gcomhaltaí de chumainn pholaitíochta no de chumainn sheicréideacha.
13.—(1) Ní cheanglóidh ná ní chabhróidh aon oifigeach ná saighdiúir de sna Fórsaí le haon chumann no cóghléasadh polaitíochta ná ní bheidh ina chomhalta d'aon chumann no cóghléasadh den tsórt san.
(2) Ní cheanglóidh ná ní chabhróidh aon oifigeach ná saighdiúir de sna Fórsaí ná den Chúltaca le haon chumann seicréideach ná ní bheidh ina chomhalta d'aon chumann den tsórt san.
Arm-chúirteanna do chomóradh agus breithiúnais agus breitheanna arm-chúirteanna do dhaingniú.
14.—(1) Leasuítear leis seo alt 91 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (1) atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
“(1) Beidh comhacht ag gach duine acu so leanas chun arm-chúirt ghenerálta do chomóradh, sé sin le rá:—
(a) an tAire;
(b) oifigeach ar bith go n-údarás chuige sin aige ón Aire.”
(2) Leasuítear leis seo alt 92 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (1) atá anois ann, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
“(1) Beidh comhacht ag gach duine acu so leanas chun arm-chúirt áitiúil do chomóradh, sé sin le rá:—
(a) oifigeach ar bith go n-údarás aige chun arm-chúirt ghenerálta do chomóradh;
(b) oifigeach ar bith a gheobhaidh údarás chun armchúirt áitiúil do chomóradh o oifigeach go n-údarás aige chun arm-chúirt ghenerálta do chomóradh.”
(3) Beidh comhacht ag gach duine acu so leanas chun breithiúnas agus breith arm-chúirte generálta do dhaingniú, sé sin le rá:—
(a) más breith bháis do tugadh, an Riaghaltas,
(b) i gcás ar bith eile—
(i) an tAire,
(ii) oifigeach ar bith, nach ísle céim ná Coronal, go n-údarás chuige sin aige ón Aire.
(4) Beidh comhacht ag gach duine acu so leanas chun breithiúnas agus breith arm-chúirte áitiúla do dhaingniú, sé sin le rá:—
(a) an tAire,
(b) oifigeach ar bith go n-údarás aige ón Aire chun breithiúnas agus breith arm-chúirte áitiúla do dhaingniú,
(c) oifigeach ar bith go n-údarás aige de thurus na huaire chun arm-chúirt áitiúil do chomóradh.
Athghairm.
15.—Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
Gearr-theideal agus luadh.
16.—(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta, 1937, do ghairm den Acht so.
(2) Chun crícheanna có-luaidhte folóidh an abairt “na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1937” an tAcht so.
CEAD SCEIDEAL.
Fuirmeacha Coimisiuin Oifigigh.
CUID I.
Forsai Cosanta na hÉireann.
Do (Ainm an Oifigigh)......................................................................
Le hiontaoibh as do dhílseacht d'Éirinn agus as do thairiseacht don Bhunreacht agus le muinighin mhóir as do mhisneach, t'onóir, do dheagh-iompar agus do thuisgint, deinim-se, .............................. ............................................., Uachtarán na hÉireann, ar chomhairle an Riaghaltais, tu do bhunú agus do cheapadh leis seo chun bheith it’ oifigeach sa chuid sin de sna Fórsaí Cosanta ar a dtugtar ........................................................................................... ................................. ón .......................................... lá de.................................., 19......, agus ón lá san amach. Coimhlíonfair go dílis do dhualgas mar ................................. no in aon chéim os a chionn san go dtuillfir tu cheapadh no tu árdú chúiche. Déanfair na saighdiúirí agus na hoifigigh íochtaracha bheidh ag fónamh fút d'aclú agus do thréineáil in airm agus iad do choimeád i ndeagh-ordú agus fé smacht agus leis seo naisctear ar gach n-aon díobh san agus orduítear dó rud do dhéanamh ort mar oifigeach uachtarach air. Leanfair agus coimhlíonfair féin, gan phlé, na horduithe agus na treoracha san a gheobhair o am go ham ón Aire Cosanta no o éinne is oifigeach uachtarach ort do réir dlighidh.
AR N-A THABHAIRT fém Shéala Oifigiúil
an ............adh lá so de ......................,
19.......
.......................................
Uachtarán na hÉireann.
L.S.
CUID II.
Forsai Cosanta na hÉireann.
Do (Ainm an Oifigigh) ......................................................................
Le hiontaoibh as do dhílseacht d'Éirinn agus as do thairiseacht don Bhunreacht agus le muinighin mhóir as do mhisneach, t'onóir, do dheagh-iompar agus do thuisgint, deinimíd-ne, go bhfuil ár lámh leis seo agus is comhaltaí den Choimisiún a hainmnítear le hAirteagal 57 (no 14) den Bhunreacht chun comhachta agus feidhmeanna Uachtarán na hÉireann d'oibriú, tu do bhunú agus do cheapadh leis seo, ar chomhairle an Riaghaltais, chun bheith it’ oifigeach sa chuid sin de sna Fórsaí Cosanta ar a dtugtar.......... ........................... ón .................................... lá de..................................19....... Coimhlíonfair go dílis do dhualgas mar........................... no in aon chéim os a chionn san go dtuillfir tu cheapadh no tu árdú chúiche. Déanfair na saighdiúirí agus na hoifigigh íochtaracha bheidh ag fónamh fút d'aclú agus do thréineáil in airm agus iad do choimeád i ndeagh-ordú agus fé smacht agus leis seo naisctear ar gach n-aon díobh san agus orduítear dó rud do dhéanamh ort mar oifigeach uachtarach air. Leanfair agus coimhlíonfair féin, gan phlé, na horduithe agus na treoracha san a gheobhair o am go ham ón Aire Cosanta no o éinne is oifigeach uachtarach ort do réir dlighidh.
AR N-A THABHAIRT fé Shéala Oifigiúil
Uachtarán na hÉireann an............lá so de
..............................19......
DARA SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Uimhir agus Bliain | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme |
Ailt 5, 10, 11, 15, 16, 17, 21a agus 27; fo-alt (1) d'Alt 91; fo-alt (1) d'Alt 92; Ailt 114, 124 agus 211; An Chéad Sceideal. | ||
Acht um an Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Buanú agus Leasú), 1924. | Ailt 9 agus 10. | |
Alt 3. |