Uimhir 4 de 1924.
ACHT CORÓINÉIRÍ (CÁILIOCHT), 1924.
Giústaisí áirithe síochána d'éirigh as a n-oifig, beid cáilíthe chun bheith ina gcoróinéirí.
1.—I dteanta na ndaoine a luaidhtear in Alt 2 den Coroners (Ireland) Act, 1881, éinne—
(a) a bhí ina ghiúistís síochána an 1adh lá d'Eanair, 1919, agus
(b) d'eirigh as oifig mar ghiúistís síochána aon uair tar éis an 1adh lá d'Eanair, 1919, agus roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus
(c) a bhí ina ghiúistís síochána le cúig bliana ar dháta an eirighe-as san,
beidh sé cáilithe chun a cheaptha, a thofa no a roghnaithe chun oifige coróinéara fén Acht san agus tuigfar é do bheith cáilithe amhlaidh ón gcéad lá d'Eanair, 1919.
Daingniú ar cheapacháin daoine a ceapadh mar choróinéirí agus a luaidhtear sa Sceideal.
2.—Tuigfar gur dineadh na daoine a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do cheapa go dleathach chun na n-oifigí coróinéara fé seach agus ar na dátaí fé seach gur chúcha agus ortha adeirtar sa Sceideal san a ceapadh fé seach iad, in ainneoin gan aon cháilíocht dá bhfuil leagtha amach in Alt 2 den Coroners (Ireland) Act, 1881, do bheith acu nuair a bhíodar á gceapa amhlaidh, agus tuigfar na daoine roimhráite do bheith i seilbh na n-oifigí roimhráite fé seach ó dineadh iad do cheapa fé seach chúcha, agus sealbhóid na hoifigí sin feasta chó hiomlán agus chó héifeachtúil agus dá mbeidís cáilithe go cuibhe do réir an Achta roimhráite nuair a ceapadh iad amhlaidh ach ní fearr ná san, ná ní ar mhalairt na slí sin, a bheidh an tsealbhaíocht acu.
Gearr-theideal.
3.—Féadfar an tAcht Coróinéirí (Cáilíocht), 1924, do ghairm den Acht so.
AN SCEIDEAL.
1. Peadar O Maolfhinn, o Leathardán an Bhaile Nua, Baile Athá Luain, a ceapadh an 3adh lá de mhí na Samhna, 1921, chun bheith ina choróinéir do Chontae na hIarmhidhe.
2. Seán Mac Naois, o “Hawthorn Villas,” Slí O Conaill, Luimneach, a ceapadh an 2adh lá de mhí na Samhna, 1922, chun bheith ina choróinéir do Chontae Chathair Luimnigh.