Uimhir 4 de 1944.
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1944.
[An tionntódh oifigeamhail.]
[1adh Márta, 1944.]
Na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1943, do bhuanú.
1.—Leanfaidh na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1943, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1945, agus raghaid in éag ansan.
Gearr-theideal agus léiriú.
2.—(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1944, do ghairm den Acht so.
(2) Léireofar mar éinní amháin an tAcht so agus na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1943, agus féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1944, do ghairm de na hAchtanna san agus den Acht so le chéile.