[EN]

Uimhir 4 de 1960.


[EN]

AN tACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1960.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT CHUN PINSIN SEIRBHÍSE AGUS PINSIN MHÍCHUMAIS IS INÍOCTHA FAOI NA hACHTANNA UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1936 GO 1957, A MHÉADÚ. [9 Márta, 1960.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Pinsin seirbhíse agus pinsin mhíchumais a mhéadú.

1.—(1) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú sé faoin gcéad.

[EN]

(2) Baineann an t-alt seo—

[EN]

(a) le pinsean seirbhíse is iníoctha faoi na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1957, agus

[EN]

(b) le pinsean míchumais is iníoctha amhlaidh.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag méadú faoin alt seo ón lú lá de Lúnasa, 1959 (agus an lá sin a áireamh).

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

2.—(1) Féadfar an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1960, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1960, a ghairm de na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1957, agus den Acht seo le chéile.