[EN]

Uimhir 4 de 1967


[EN]

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BAILE ÁTHA CLIATH), 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ALT 3 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BAILE ÁTHA CLIATH), 1945. [7 Márta, 1967.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Leasú ar alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1945.

1945, Uimh. 8.

1.—Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1945

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

[EN]

“(1A) Is seanóirí a bheidh i cibé líon a shonrófar chuige sin in ordú faoin alt seo de chomhaltaí chomhairle na cathrach a thoghfar de réir an ordaithe do thoghlimistéar agus is comhairleoirí a bheidh sna comhaltaí eile den sórt sin.”; agus

[EN]

(b) trí fho-alt (5) a scriosadh.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

2.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1967, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1967, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1955, agus den Acht seo le chéile.