Uimhir 42 de 1929.
ACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1929.
[20adh Mí na Nodlag, 1929.]
Míniú.
1.—(1) San Acht so—
cialluíonn an abairt “na Coimisinéirí Arachais” Coimisinéirí Arachais na hÉireann;
cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1928;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a déanfar fé alt 65 d'Acht 1911 mar a leathnuítear leis an Acht so é.
(2) San Acht so gairmtear Acht 1911, Acht 1913, Acht 1918. Acht 1919, Acht 1920 agus Acht 1923 den National Insurance Act, 1911, den National Insurance Act, 1913, den National Health Insurance Act, 1918, den National Health Insurance Act, 1919, den National Health Insurance Act, 1920, agus den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 (Uimh. 20 de 1923) fé seach, agus déanfar tagairtí d'aon fhorálacha áirithe de sna hAchtanna san do léiriú mar thagairtí do sna forálacha san mar a leasuítear iad le haon achtachán do dineadh ina ndiaidh.
Deire le deimhnithe saoirse.
2.—(1) Tar éis an Achta so do rith ní deonfar d'éinne (mar athnuachaint ná ar shlí eile) aon deimhniú (dá ngairmtear deimhniú saoirse san Acht so) fé alt 2 d'Acht 1911 mar a leathnuítear é le fo-alt (3) d'alt 81 d'Acht 1911, ná fé alt 2 d'Acht 1911 mar a leathnuítear é le halt 5 d'Acht 1913, le halt 8 d'Acht 1918, agus leis an bproviso a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 1 d'Acht 1919, ag saora duine ar fostú do réir bhrí Chuid I d'Acht 1911 o n-a bheith d'oblagáid air dul fé árachas no leanúint fé árachas fén gCuid sin I agus má deontar aon deimhniú den tsort san tar éis an Achta so do rith beidh sé gan bhrí gan éifeacht.
(2) Gach deimhniú saoirse do deonadh roimh an Acht so do rith agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith, fanfa sé i bhfeidhm go dtí an dáta ar a raghadh sé in éag sa ghnáthchúrsa no go dtí an 5adh lá d'Eanair, 1930, pe'ca dáta acu san is luatha, agus ansan scuirfe sé de bheith i bhfeidhm.
Sochar daoine saora áirithe tar éis an 5adh Eanair, 1930.
3.—(1) An cuntas ar a dtugtar, agus dá ngairmtear san alt so, an Irish Exempt Persons Fund do bunuíodh fé fho-alt (4) d'alt 4 d'Acht 1911, leanfa sé de bheith ann, chun crícheanna an ailt seo agus d'ainneoin na hathghairme dintear ón 6adh lá d'Eanair. 1930, leis an Acht so ar an bhfo-alt san (4), go dtí go mbeidh gach fiachas i gcoinnibh an chuntais sin íoctha.
(2) Duine bheidh i seilbh deimhnithe shaoirse bheidh i bhfeidhm an 5adh lá d'Eanair, 1930, agus nách duine dar deonadh an deimhniú san fé alt 2 d'Acht 1911 mar a leathnuítear é le fo-alt (3) d'alt 81 d'Acht 1911, beidh teideal aige an 6adh lá d'Eanair, 1930, agus dá éis sin, pé sochar d'fháil, as an Irish Exempt Persons Fund, fé pé coiníollacha agus ar feadh pé tréimhse a hordófar le rialacháin a dhéanfaidh na Coimisinéirí Arachais, agus an tsuim a híocfar, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, mar chuid de chostas aon íocaíochta déanfar fé sna rialacháin sin agus a riara beidh sí fé is dá mba shochar do dhaoine fé árachas na híocaíochta san.
(3) Béarfar chun an Chúl-Chiste Fhiunraoi aon airgead a bheidh i gcreidiúint don Irish Exempt Persons Fund tar éis gach fiachas ina choinnibh do bheith íoctha.
Irish Migratory Labourers Exemption Fund.
4.—Béarfar chun an Chúl-Chiste Fhiunraoi aon airgead a bheidh, ar an 5adh lá d'Eanair, 1930, i gcreidiúint don chuntas ar a dtugtar an Irish Migratory Labourers Exemption Fund do bunuíodh fé fho-alt (3) d'alt 81 d'Acht 1911.
Duine do ghlaca mar bhall de chumann cheaduithe.
5.—(1) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 30 d'Acht 1911 beidh cumann ceaduithe, fé réir forálacha an ailt seo, gan teideal chun diúltú do neach iarrtha ballraíochta ann—
(a) is ball de chiste sholáthair fhostóra agus ar ar hiarradh do réir rialacha an chiste sin tarrac siar o bheith ina bhall ar dheire do chur le n-a bheith ar fostú ag an bhfostóir is urra don chiste, no
(b) nách ball de chumann cheaduithe eile cheana féin agus é ina dhuine fé árachas no i dteideal dul fé árachas,
mara mbeidh an t-iarratasóir sin gan bheith cáilithe fé aon riail de rialacha an chéad chumainn sin a luaidhtear le n-a gcimeádtar an bhallraíocht ar leithligh, i gcás ciste sholáthair fhostóra, do dhaoine fé árachas ar fostú ag an bhfostóir áirithe no ag na fostóirí áirithe is urra no is urraí don chiste no, in aon chás eile, d'aicme áirithe de dhaoine fé árachas no do dhaoine fé árachas a chomhnuíonn i líomatáiste áirithe no eile.
(2) Ní léireofar éinní san alt so mar ní a choisceann ar chumann cheaduithe diúltú do bhallraíocht do thabhairt, mar gheall ar a shláinte, d'éinne fé árachas—
(a) is ball de chiste sholáthair fhostóra agus ar ar hiarradh do réir rialacha an chiste sin tarrac siar o bheith ina bhall de ar dheire do chur le n-a bheith ar fostú ag an bhfostóir áirithe no ag na fostóirí áirithe is urra no is urraí don chiste, no
(b) is duine i dteideal sochair as Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta), no
(c) is duine do bhí ag fónamh i gCabhlach, in Arm, no in Aer-Fhórsa na Breataine Móire agus nár bhall de chumann cheaduithe sa Bhreatain Mhóir ná i dTuaisceart Éireann le linn do bheith ag fónamh amhlaidh agus do chur fé i Saorstát Éireann laistigh de shé mhí tar éis a scurtha ón gCabhlach, ón Arm, no ón Aer-Fhórsa san agus a iarrafaidh laistigh de bhliain tar éis dáta a scurtha amhlaidh go ndéanfaí ball den chumann san de.
(3) Aon aighneas eireoidh idir cumann ceaduithe agus duine adéarfaidh go bhfuil teideal aige go ndéanfaí ball den chumann san de, socrófar é díreach fé is dá mb'aighneas é idir cumann ceaduithe agus duine fé árachas do bheadh ina bhall de.
Ball de chumann cheaduithe do dhíochur.
6.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh teideal ag cumann ceaduithe ball is duine fé árachas do dhíochur as ballraíocht an chumainn sin.
(2) Beidh teideal ag lucht ciste sholáthair fhostóra deire do chur le ballraíocht aon bhaill is duine fé árachas d'fhág fostaíocht an fhostóra no na bhfostóirí is urra no is urraí don chiste, no do scuireadh ón bhfostaíocht san, más deimhin leo, no más rud é, i gcás aighnis, go socrófar sa tslí foráltar le hAcht 1911, go bhfuil cumann ceaduithe eile toilteanach chun glaca le haistriú ar bhallraíocht an bhaill sin.
(3) Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 30 d'Acht 1911 tré sna focail “or to expel any of its members being insured persons” atá anois ann do scriosa amach.
Ní bheidh duine nách ball i dteideal sochair.
7.—Ní bheidh duine fé árachas (nách duine dá bhfuil cuntas ar oscailt i gCiste na Síntiúsairí Taisce le linn an Achta so do rith no duine is ball de Chiste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta)) i dteideal sochair ar bith mara mbeidh sé ná go dtí go mbeidh sé ina bhall de chumann cheaduithe.
Déanfar ceart chun sochair do chur ar athló i gcásanna áirithe.
8.—(1) Maidir le duine fé árachas (nách duine dá mbeidh cuntas ar oscailt i gCiste na Síntiúsairí Taisce no duine is ball de Chiste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta)) ná ceanglóidh mar bhall de chumann cheaduithe laistigh den aimsir orduithe, nuair a cheanglóidh a leithéid sin mar bhail de chumann cheaduithe, ansan, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna agus mara n-orduighidh na Coimisinéirí Arachais a mhalairt in aon chás áirithe, ní bheidh sé, go ceann trí seachtaine déag ón dáta ar ar iarr a ghlaca i mballraíocht an chumainn deiridh sin a luaidhtear, i dteideal an tsochair a riarann an cumann san agus 'na mbeadh teideal aige chuige mara mbeadh an t-alt so do rith.
(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh díreach ar bheith caithte do ráithe o am an Achta so do rith.
An dáta ar a nglacfar duine mar bhall.
9.—Fé réir forálacha fo-alt (1) den alt san roimhe seo, nuair a thiocfaidh an fo-alt san i ngníomh tuigfear, i dtaobh duine fé árachas do glacadh mar bhall de chumann cheaduithe ar shlí eile seachas tré n-a aistriú o chumann cheaduithe eile no o Chiste na Síntiúsairí Taisce no o Chiste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta) no do réir socruithe ar bith do dineadh leis an mBreatain Mhóir no le hOileán Mhanainn, gur dineadh ball den chumann san de ón dáta is déanaí ar ar chuaidh fé árachas, ach ní léireofar an fhoráil seo mar ní a bhronnann ar an duine sin fé árachas aon cheart chun sochair de bharr aon éilimh d'eirigh roimh an dáta ar ar iarr a ghlaca mar bhall den tsort san.
Daoine do ghlaca i gcumainn cheaduithe de shíntiúsairí taisce.
10.—(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar anso ina dhiaidh seo leis an alt so, ní dhéanfaidh cumann ceaduithe, tar éis na tréimhse orduithe bheith caithte, aon duine fé árachas ag a mbeidh cuntas i gCiste na Síntiúsairí Taisce do ghlaca mar bhall den chumann san.
(2) I gcás duine fé árachas dar hoscladh cuntas i gCiste na Síntiúsairí Taisce do bheith gan ceangal mar bhall de chumann cheaduithe laistigh den tréimhse bheidh orduithe maidir leis an bhfo-alt san roimhe seo, déanfaidh na Coimisinéirí Arachais, san am orduithe agus sa tslí orduithe, an duine sin d'aistriú chun ballraíocht chumainn cheaduithe thoghfaidh na Coimisinéirí Arachais amach do réir an ailt seo agus ar dhéanamh an aistrithe sin glacfar an duine sin i mballraíocht an chumainn sin agus ceanglóidh mar bhall de.
(3) Le linn dóibh cumann ceaduithe do thogha amach fén bhfo-alt san roimhe seo féachfaidh na Coimisinéirí Arachais do dhóthanacht a chó-ghléasa agus don tsocrú bheidh déanta aige chun na hAchtanna do riara sa cheart ar fuaid Shaorstáit Éireann.
Forálacha airgeadais i dtaobh síntiúsairí taisce.
11.—(1) Cuirfear i gcreidiúint do chumann cheaduithe agus cuirfear i gcoinnibh an Chúl-Chiste Fhiunraoi, in aghaidh gach síntiúsaire taisce aistreoidh na Coimisinéirí Arachais chun an chumainn sin agus a cheanglóidh mar bhall de fén alt san roimhe seo, suim is ionann agus an fiachas a háireofar do réir forálacha na rialachán luachála bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.
(2) Aistreofar chun an Chúl-Chiste Fhiunraoi aon airgead a bheidh i gcreidiúint do Chiste na Síntiúsairí Taisce tar éis gach fiachas maidir le síntiúsairí taisce do bheith íoctha.
Deire le síntiúsairí taisce.
12.—Na forálacha de sna hAchtanna i dtaobh síntiúsairí taisce scuirfid, o am an Achta so do rith, d'éifeacht do bheith acu maidir leis na daoine uile fé árachas ná beidh cuntaisí dóibh i gCiste na Síntiúsairí Taisce ar dháta an rithe sin, agus scuirfid d'éifeacht do bheith acu maidir le duine fé árachas dá mbeidh cuntas i gCiste na Síntiúsairí Taisce le linn an Achta so do rith agus is ón dáta ar a gceanglóidh sé mar bhall de chumann cheaduithe a scuirfid amhlaidh.
Síntiúsairí taisce mileata.
13.—(1) Ar rith an Achta so aistreofar chun an Chúl-Chiste Fhiunraoi an t-iarmhéid do bhí, ar dháta a liostála, i gcreidiúint i gCiste na Síntiúsairí Taisce do chuntas duine le n-a mbaineann an t-alt so.
(2) Chun crícheanna na nAcht agus an Achta so leanfar de dheighleáil le duine le n-a mbaineann an t-alt so mar dhuine do scuir de bheith ina dhuine fé árachas ar dháta a liostála agus ón dáta san go dtí dáta a scurtha ón arm, ach ar a scur ón arm deighleálfar arís leis mar dhuine fé árachas agus chun crícheanna na nAcht ní háireofar tréimhse a sheirbhíse airm.
(3) Má dhineann duine le n-a mbaineann an t-alt so ceangal le cumann ceaduithe laistigh den aimsir orduithe deighleálfar leis fé is dá mba bhall den chumann san é o dháta a scurtha ón arm agus cuirfear ón gCúl-Chiste Fiunraoi chun an chumainn sin an luach aistriúcháin ceart a bhaineann leis.
(4) Má theipeann ar dhuine le n-a mbaineann an t-alt so ceangal le cumann ceaduithe laistigh den aimsir a bheidh orduithe maidir leis an bhfo-alt san roimhe seo, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) ní bheidh an duine sin i dteideal sochair ar bith mara ndine sé ná go dtí go ndéanfa sé ceangal mar bhall de chumann cheaduithe,
(b) má dhineann agus nuair a dhéanfaidh an duine sin ceangal mar bhall de chumann cheaduithe—
(i) ní bheidh sé, go ceann trí seachtaine déag ón dáta ar ar iarr a ghlaca i mballraíocht an chumainn sin, i dteideal an tsochair a riarann an cumann san agus 'na mbeadh teideal aige chuige mara mbeadh an t-alt so do rith, agus
(ii) fé réir a ndubhradh deighleálfar leis fé is dá mba bhall den chumann san é o dháta a scurtha ón arm, agus
(iii) cuirfear ón gCúl-Chiste Fiunraoi chun an chumainn sin an luach aistriúcháin ceart a bhaineann leis.
(5) Ar fháil bháis do dhuine le n-a mbaineann an t-alt so le linn an duine sin do bheith ina bhall de sna Fórsaí, íocfar amach as an gCúl-Chiste Fiunraoi suim is có-ionann le leath an mhéide do bhí i gcreidiúint do i gCiste na Síntiúsairí Taisce ar dháta a liostála agus deighleálfar leis an suim sin fé is dá mba shuim í do bheadh iníoctha le duine fé árachas mar shochar fé Chuid I. d'Acht 1911 agus ná beadh íoctha ar dháta a bháis.
(6) San alt so cialluíonn an focal “Fórsaí” Fórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann ach ní fholuíonn sé an Cúltaca do bunuíodh fé Chuid III. den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh 30 de 1923); cialluíonn an focal “liostáil” ceangal ar aon tslí mar bhall de sna Fórsaí agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar leis; agus cialluíonn an abairt “scur ón arm” scur ar aon tslí de bheith ina bhall de sna Fórsaí.
(7) Baineann an t-alt so le duine—
(a) atá, le linn an Achta so do rith, ina bhall de sna Fórsaí agus céim ar bith aige ionta, agus
(b) do bhí, ar dháta a liostála, ina shíntiúsaire thaisce, agus
(c) (i) má liostáil sé roimh an 26adh lá de Mheitheamh, 1923, nár cheangail le cumann ceaduithe i Saorstát Éireann roimh an 27adh lá de Mheán Fhomhair, 1923, no
(ii) marar liostáil sé go dtí tar éis an 25adh lá de Mheitheamh, 1923, ach gur liostáil sé breis is ráithe roimh an Acht so do rith, nár cheangail le cumann ceaduithe i Saorstát Éireann laistigh de ráithe tar éis liostála dho, no
(iii) marar liostáil sé go dtí tar éis an 25adh lá de Mheitheamh, 1923, ach gur liostáil sé ar dháta nár bhreis is ráithe roimh an Acht so do rith, nár cheangail le cumann ceaduithe i Saorstát Éireann roimh an Acht so do rith.
Teip i bhfianaise ar mhí-chumas do chur isteach.
14.—(1) Más rud é go ndéanfaidh duine fé árachas do thug fógra breoiteachta uaidh laistigh den aimsir orduithe teip no faillí, ar feadh tréimhse is sia ná bliain, i bhfianaise dochtúra no i bhfianaise shásúil eile ar an mí-chumas gur ina thaobh a tugadh an fógra san do chur isteach no i leanúint den fhianaise sin do chur isteach, deighleálfar leis fé is dá mbeadh sé tagtha chuige féin ón mí-chumas o dheire na tréimhse is déanaí gur chuir sé an fhianaise sin isteach ina taobh maran deimhin leis an gcumann ceaduithe bheidh ag riara an tsochair no, i gcás aighnis, mara socruítear sa tslí foráltar leis na hAchtanna go raibh leathscéal réasúnta ag an duine fé árachas chun gan fianaise dhochtúra no fianaise shásúil eile ar mhí-chumas do chur isteach no gan leanúint den fhianaise sin do chur isteach.
(2) Ní scuirfidh duine fé árachas, de bhíthin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo, de bheith ina dhuine fé árachas ar dháta is luatha ná an dáta ar a scuirfeadh ar aon tslí eile de bheith ina dhuine fé árachas fé sna hAchtanna.
Mná pósta.
15.—(1) Scuirfidh alt 22 d'Acht 1918 d'éifeacht do bheith aige maidir le mnaoi is duine fé árachas agus is ball de chumann cheaduithe agus a phósfaidh tar éis an Achta so do rith.
(2) Bean is duine fé árachas agus a phósfaidh tar éis an Achta so do rith tuigfar, chun crícheanna na nAcht agus an Achta so, gur scuir sí, o dháta a pósta, de bheith ina duine fé árachas, agus má théigheann sí ar fostú arís tar éis a pósta deighleálfar léi fé is dá mb'ar an dáta do chuaidh sí ar fostú amhlaidh do chuaidh sí fé árachas den chéad uair.
(3) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, beidh ag mnaoi is duine fé árachas agus is ball de chumann cheaduithe agus a phósfaidh tar éis an Achta so do rith teideal chun íocaíocht suime mar shochar (dá ngairmtear sochar pósta san alt so) d'fháil ón gcumann san más rud é, i gcás gur shíntiúsaire fostuithe í, go gcruthóidh sí go raibh sí, sa tréimhse idir an dáta is déanaí do chuaidh sí fé árachas agus dáta a pósta, ar fostú do réir bhrí Chuid I. d'Acht 1911 ar feadh tréimhse de dhá sheachtain chaogad, pe'ca as a chéile é no nách ca, agus gur híocadh dhá cheann chaogad de shíntiúisí seachtainiúla go ceart thar a ceann na más rud é, i gcás gur shaor-shíntiúsaire í, go gcruthóidh sí gur híocadh dhá cheann chaogad de shintiúisí seachtainiúla thar a ceann pe'ca mar shíntiúsaire fhostuithe é no mar shaor-shíntiúsaire.
(4) Bean is duine fé árachas agus ath-phósfaidh tar éis an Achta so do rith agus a bheidh ar dháta an ath-phósta san i dteideal sochair fé fho-alt (1) d'alt 22 d'Acht 1918, ní bheidh sí i dteideal sochar pósta d'fháil marar thárla dhi, o dháta a neamhfhostuithe mar a mínítear san leis an alt san 22, teacht chun bheith ina síntiúsaire fostuithe agus mara mbeidh sí cáilithe ar gach slí eile chun sochar pósta d'fháil fén bhfo-alt san roimhe seo.
(5) Isé méid a bheidh i sochar pósta ná pé méid ordóidh na Coimisinéirí Arachais agus nuair a bheidh an méid sin á ordú féachfar d'éifeacht riaráiste, do ré an árachais agus don méid síntiús do híocadh.
(6) An tsuim a híocfar, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, mar chuid de chostas aon íocaíochta déanfar ar scór sochair phósta agus a riartha san beidh sí díreach fé is dá mba shochair do dhaoine fé árachas na híocaíochta san.
(7) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo ní bheidh bean a pósfar tar éis an Achta so do rith i dteideal bheith ina saor-shíntiúsaire le linn bheith ar scáth céile dhi, agus aon bhean den tsort san a bheidh ina saor-shíntiúsaire ar dháta a pósta scuirfidh ón dáta san de bheith ina síntiúsaire den tsort san.
(8) Ní oibreoidh éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo chun cosc do chur le mnaoi phósta do bhí ar fostú ar feadh an lín orduithe de sheachtainí ar a laighead in aon tréimhse d'áireamh mar shaor-shíntiúsaire chun crícheanna aon rialachán do dineadh fé sna hAchtanna i dtaobh sochar daoine i riaráiste.
(9) I gcás bean is duine fé árachas agus is ball de chumann cheaduithe do phósa tar éis an Achta so do rith, aistreofar an tsuim orduithe o chreidiúint an chumainn sin go dtí creidiúint an Chúl-Chiste Fhiunraoi.
(10) I gcás bean is duine fé árachas agus is ball de chumann cheaduithe do phósa tar éis an Achta so do rith, agus í do leanúint no do dhul arís ar fostú tar éis dáta a pósta déanfar an luach cúil ceart a bhaineann léi do chur i gcreidiúint don chumann cheaduithe le n-a gceanglóidh sí mar bhall.
(11) Fé réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, bainfidh na hAchtanna le mnaoi do bhí pósta, le linn agus tar éis bheith ar scáth céile dhi, fé is dá mba ná pósfaí riamh í.
(12) Beidh sé de dhualgas ar gach mnaoi is duine fé árachas agus is ball de chumann cheaduithe, agus a phósfaidh tar éis an Achta so do rith, fógra i dtaobh a pósta do thabhairt don chumann san laistigh d'ocht seachtaine tar éis an phósta san agus má íocann an cumann san le haon mhnaoi den tsort san gur theip uirthi an fógra san do thabhairt suim ar bith mar shochar 'na mbeadh sí, de bhíthin a pósta, gan teideal chúichi, ansan, mara raibh a fhios ag an gcumann san gur phós sí, beidh acu, gan dochar d'aon tslí eile chun an t-airgead do bhaint amach, teideal chun an méid do híocadh amhlaidh do bhaint as méid a sochair phósta no, má cheanglann sí arís mar bhall den chumann san ar dhul ar fostú, le n-a ngabhann árachas, laistigh de bhliain tar éis a pósta dhi, as sochar ar bith 'na dtiocfaidh teideal aici chuige laistigh de dhá bhliain tar éis an dáta ar a gceanglóidh sí arís amhlaidh mar bhall den chumann san.
Máistreásaí conganta sóisearacha i Scoileanna Náisiúnta.
16.—(1) D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna tuigfear, chun crícheanna na bhforálacha de sna hAchtanna san a bhaineann le síntiúisí d'íoc agus do bhailiú, gurb é an tAire Oideachais is fostóir do mháistreásaí conganta sóisearacha ar fostú i Scoileanna Náisiúnta.
(2) Tiocfaidh an t-alt so i bhfeidhm an 6adh lá d'Eanair, 1930.
Alt 112 d'Acht 1911 do leasú.
17.—Leasuítear leis seo mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 112 d'Acht 1911 tré sna focail “other than a private dwelling house not being a workshop” atá anois ann do scriosa amach.
Alt 12 d'Acht 1918 do leasú.
18.—Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1918 agus an províso ghabhann leis an bhfo-alt san tríd an bhfocal “three” do scriosa amach as gach áit ina bhfuil an focal san agus tríd an bhfocal “seven” do chur ina ionad.
Teora leis an gceart chun síntiúisí d'íoc in aghaidh tréimhse díomhaointis.
19.—(1) I gcás bean is duine fé árachas do phósa tar éis an Achta so do rith agus í do dhul ar fostú arís tar éis dáta a pósta agus laistigh de bhliain tar éis an dáta san, ní bheidh sí i dteideal. in aghaidh aon tréimhse fhanfa sí ina duine fé árachas ag tosnú ón dáta ar a raghaidh ar fostú arís amhlaidh, buntáiste do bhaint as forálacha fo-alt (2) d'alt 13 d'Acht 1918.
(2) Síntiúsaire fostuithe bheidh os cionn ocht mblian déag d'aois ar an dáta ar a raghaidh fé árachas, ní bheidh sé i dteideal buntáiste do bhaint as forálacha fo-alt (2) d'alt 13 d'Acht 1918 mara gcruthuighidh don chumann ceaduithe dar ball é no, i gcás aighnis, mara socruítear sa tslí foráltar le hAcht 1911 gur ar a thuilleamh as fostaíocht do réir bhrí Chuid I. d'Acht 1911 is gnáth leis bheith agus is mó bhíonn sé ag brath chun maireachtana agus go gcruthóidh fós, más mí-chumas oibre de dheascaibh galair éigin áirithe no dí-nirt éigin áirithe chuirp no aigne fé ndeár a bheith díomhaoin, nách é atá sa ghalar no sa dí-neart san aon ghalar áirithe no dí-neart áirithe cuirp no aigne do bhí air uair ar bith laistigh den bhliain d'imigh direach roimh dháta a dhulta fé árachas d'fhille air no do bheith ag leanúint air.
Leasuithe ar Acht 1923.
20.—(1) Dintear leis seo na leasuithe seo leanas ar Acht 1923, sé sin le rá:—
(a) i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 20 cuirfear na focail “do liostáil ar feadh tréimhse nách giorra ná sé mhí de sheirbhís airm, agus” i ndiaidh an fhocail “saighdiúra” atá anois inti;
(b) i bhfo-alt (2) d'alt 25, in ionad na bhfocal “pé grád atá aige” cuirfear na focail “nách oifigeach coimisiúnta ná dalta do cheangail mar bhall de sna Fórsaí Armtha chun tréineála chun a cheaptha chun céime coimisiúnta ná fear do haistríodh chun an Chúltaca (do reir Chaibideal V. de Chuid II. den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923)) ar chríochnú tréimhse de sheirbhís airm do.”
(2) Nuair a húsáidtear an focal “scur” i dtaobh saighdiúra i gCuid IV. d'Acht 1923 folóidh sé agus tuigfear gur fholuigh riamh aistriú chun an Chúltaca mar adubhradh.
(3) An síntiús seachtainiúil is iníoctha fé alt 20 d'Acht 1923 ar son saighdiúra ní bheidh sé iníoctha in aghaidh aon tréimhse is sia ná lá is fiche bheidh an saighdiúir sin as láthair gan cead.
Cúltacairí á dtréineáil.
21.—(1) Má bhíonn fear a bhaineann leis an gCúltaca—
(a) á thréineáil fé alt 220 den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) agus go bhfaghann págh ar son na tréineála san as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas i gcóir seirbhíse cosanta, agus.
(b) gur duine fé árachas é díreach roimh thosnú ar an tréineáil sin do,
tuigfear, chun crícheanna na nAcht, an fear san do bheith ar fostú do réir bhrí na nAcht san agus do bheith ar fostú ag an Aire Cosanta amháin faid a bheidh sé á thréineáil amhlaidh.
(2) Tuigfear an t-alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanair, 1929, agus beidh sé mar a bheadh sé i bhfeidhm agus mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.
Cúltacairí ar seirbhís.
22.—Bainfidh Cuid IV. d'Acht 1923, agus pé oiriúnuithe agus atharuithe a hordófar déanta uirthi, le fir den Chúltaca nuair a glaodhfar amach ar seirbhís iad ar shlí ar bith seachas fé alt 220 den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923), agus fós le hoifigigh den Chúltaca ghlaodhfar amach no choimisiúnfar go speisialta chun na seirbhíse sin, ach ní bhainfidh leis na fir ná leis na hoifigigh sin ach sa tslí roimhráite.
Deire le sochar sanatorium agus le Coistí Arachais.
23.—(1) Ar an 1adh lá d'Eanair, 1930, agus ón lá san amach, scuirfidh sochar sanatorium de bheith ar cheann de sna sochair a bronntar le Cuid I. d'Acht 1911.
(2) Ar an 1adh lá d'Eanair, 1930, agus ón lá san amach, scuirfidh coistí árachais de bheith ann agus na forálacha de sna hAchtanna bhaineann leis na coistí sin scuirfid de bhaint do bheith acu leo.
(3) Ar an 1adh lá d'Eanair, 1930, dílseoidh gach maoin, socmhainn agus fiachas le coistí árachais sna Coimisinéirí Arachais agus déanfaidh na Coimisinéirí sin pé ní is gá chun gnóthaí na gcoistí sin do ghlana suas.
(4) Gach oifigeach do choiste árachais a bheidh ag fónamh ar dháta an Achta so do rith agus gur cheaduigh na Coimisinéirí Arachais a cheapachán beidh sé, más oifigeach é do chaith níos lugha ná deich mbliana iomlána i seirbhís an choiste sin, i dteideal aisce a háireofar do réir an t-ochtú cuid de shuim an luach saothair bliantúil do bhí dho an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1929, in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís agus, más oifigeach é do chaith deich mbliana iomlána no níos mó i seirbhís an choiste sin, beidh sé i dteideal aisce a háireofar do réir an séú cuid de shuim an luach saothair bliantúil do bhí dho an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1929, in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís.
(5) Airgead ar bith a theastóidh chun aiscí d'íoc fén bhfo-alt san roimhe seo, is as aon bharrachas do bhí i gcreidiúint don Sanatorium Benefit Fund, don General Administration Fund agus do chiste riaracháin gach coiste árachais an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1929, a híocfar é.
(6) Féadfaidh na Coimisinéirí Arachais, le toiliú an Aire Airgid, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) an tslí ina ndeighleálfar le barrachas ar bith a bheidh i gcreidiúint don Sanatorium Benefit Fund no don General Administration Fund no i gcreidiúint do chiste riaracháin aon choiste árachais tar éis gach fiachas do ghlana;
(b) an tslí ina slánófar aon easnamh ar an Sanatorium Benefit Fund no ar chiste riaracháin aon choiste árachais;
(c) pé coigeartú eile airgeadais do dhéanamh is gá do réir tuairim na gCoimisinéirí Arachais chun an t-alt so do chur in éifeacht;
(d) deire do chur le có-aontuithe ar bith do dhin coistí árachais fé aon achtachán do scuir, de bhua an ailt seo, de bhaint do bheith aige leis na coistí sin no ceart no fiachas ar bith fé aon chó-aontuithe den tsort san d'aistriú chun daoine eile ar pé coiníollacha a hordófar leis na rialacháin sin.
Deontas do chontaethe agus do chontae-bhuirgí.
24.—(1) Mar chúiteamh san airgead do tharrac siar, tar éis na bliana 1929, do bhí ar fáil go dtí san fé mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 16 d'Acht 1911 chun sochar sanatorium d'íoc, íocfar suim £27,750 gach bliain tar éis na bliana 1929 as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus roinnfear an tsuim sin gach bliain ar pé comhairlí contae agus contae-bhuirg agus ar pé buird shláinte agus san ar pé slí agus fé pé coiníollacha a cheapfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí le haontú an Aire Airgid.
(2) Suim ar bith a tabharfar fén alt so do chomhairle no do bhord do thóg ortha féin, do réir na Tuberculosis (Ireland) Acts, 1908 and 1913, cóir leighis do chur ar fáil do dhaoine atá ina gcomhnaí ina gceanntar agus ar a mbeadh an eitinn, cuirfid í chun íoctha chuid de sna costaisí fé n-a raghaid ag cur na nAcht san i bhfeidhm.
(3) I gcás nár thóg comhairle no bord ortha féin, do réir na Tuberculosis (Ireland) Acts, 1908 and 1913, cóir leighis do chur ar fáil do sna daoine atá ina gcomhnaí ina gceanntar agus ar a mbeadh an eitinn, déanfaidh aon chomhairle no bord den tsort san aon tsuim a tabharfar dóibh fén alt so do chur chun cóir leighis do chur ar fáil do dhaoine fé árachas laistigh dá gceanntar ar a mbeidh an eitinn agus san ar pé slí cheadóidh no ordóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.
(4) Comhairle no bord ar bith dar tugadh aon tsuim fén alt so agus do thóg ortha féin, do réir na Tuberculosis (Ireland) Acts, 1908 and 1913, cóir leighis do chur ar fáil do dhaoine ina gcomhnaí ina gceanntar ar a mbeadh an eitinn, ní bheid i dteideal costas aon chórach leighis i bhfundúireacht, a thabharfaid bliain ar bith d'aon duine fé árachas is duine atá ina chomhnaí ina gceanntar agus ar a mbeidh an eitinn, do bhaint den duine sin faid a bheidh costas iomlán aon chórach leighis i bhfundúireacht a thabharfaid do dhaoine den tsort san an bhliain sin gan dul thar trí chúigiú den tsuim do tugadh amach an bhliain sin mar adubhradh, agus gach duine fé árachas, den tsort san, a bheidh i ngá córach leighis ar an eitinn i bhfundúireacht beidh sé i dteideal an chóir leighis sin d'fháil in aisce aon bhliain a bheidh an costas iomlán roimhráite gan dul uair ar bith thar an teorainn a luaidhtear anso roimhe seo.
Cistí do chur ar fáil don Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin.
25.—(1) Cuirfear—
(a) i gcoinnibh ciste sochair gach cumainn cheaduithe ar son gach baill (nách saighdiúir ar seirbhís) den chumann san suim chúig bpingin in aghaidh na bliana 1929 agus suim dhá scilling in aghaidh na bliana 1930 agus in aghaidh gach bliana ina dhiaidh sin; agus
(b) i gcoinnibh Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta) ar son gach baill (nách saighdiúir ar seirbhís) den chiste sin suim chúig bpingin in aghaidh na bliana 1929 agus suim dhá scilling in aghaidh na bliana 1930 agus in aghaidh gach bliana ina dhiaidh sin; agus
(c) i gcoinnibh Ciste na Síntiúsairí Taisce in aghaidh na bliana 1929 suim chúig bpingin ar son gach baill den chiste sin; agus
(d) i gcoinnibh Chiste na nDaoine Saora in aghaidh na bliana 1929 suim dhá phingin go leith ar son gach baill den chiste sin.
(2) Na suimeanna iomdha a horduítear leis an bhfo-alt san roimhe seo a chur i gcoinnibh ciste sochair gach cumainn cheaduithe, Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta), Ciste na Síntiúsairí Taisce agus Ciste na nDaoine Saora fé seach, cuirfear iad chun creidiúna don Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin.
(3) Chun na suimeanna iomlána a bheidh le cur i gcoinnibh aon chiste fén alt so d'áireamh, déanfar lán-uimhir na mball (nách saighdiúirí ar seirbhís) de chumann no de chiste d'áireamh i pé slí a ordóidh na Coimisinéirí Arachais.
(4) As airgead a sholáthróidh an tOireachtas cuirfear i gcreidiúint don Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin in aghaidh na bliana 1929 pé suimeanna is leor, i dteanta na suimeanna cuirfear i gcreidiúint don chiste sin in aghaidh na bliana san fé sna forálacha san roimhe seo den alt so, chun na suimeanna d'íoc a horduítear leis an Acht so d'íoc amach as an gCiste Liaigh-Dheimhniúcháin an bhliain sin.
Suimeanna a híocfar amach as an gCiste Liaigh-Dheimhniúcháin.
26.—Íocfar amach as an gCiste Liaigh-Dheimhniúcháin—
(a) pé suimeanna, in aghaidh na bliana 1929 agus in aghaidh gach bliana ina dhiaidh sin, a shocróidh na Coimisinéirí Arachais, le haontú an Aire Airgid, do bheith iníoctha le dochtúirí leighis i gcóir liaighdheimhniúcháin, agus
(b) pé suimeanna is gá chun íoc do dhéanamh i gcostas athbharúla leagha d'fháil an 1adh lá d'Eanair, 1929, agus as san go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1929, tré dhochtúirí réitigh fén scéim do bhunuigh na Coimisinéirí Arachais chuige sin le haontú an Aire Airgid, agus
(c) pé suimeanna, in aghaidh na bliana 1929 agus in aghaidh gach bliana ina dhiaidh sin, a shocróidh na Coimisinéirí Arachais, le haontú an Aire Airgid, do bheith iníoctha mar chabhair chun costas riartha na scéime liaighdheimhniúcháin d'íoc.
Ath-bharúla leagha ar an 1adh Eanair, 1930, agus dá éis sin.
27.—Ar an 1adh lá d'Eanair, 1930, agus ón lá san amach is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar costas ath-bharúla leagha d'fháil tré dhochtúirí réitigh fén scéim do bhunuigh na Coimisinéirí Arachais chuige sin le haontú an Aire Airgid.
Síntiúisí do bhaint amach.
28.—(1) I gcás in ar dhin fostóir teip no faillí in íoc aon tsíntiúisí áirithe go ndlightear air fé sna hAchtanna iad d'íoc i dtaobh síntiúsaire ar fostú agus a bhí in ionbhadh a n-íoctha an 3adh lá d'Eanair, 1927, no dá éis sin beidh an tsuim gur dhin sé teip no faillí amhlaidh ina híoc ina fiacha bheidh dlite ar an bhfostóir sin ag na Coimisinéirí Arachais agus iníoctha aige leo agus, gan dochar d'aon tslí eile chun a bainte amach, féadfaidh na Coimisinéirí sin í do bhaint den fhostóir sin, dá sheiceadúirí, agus dá riarthóirí mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla, agus ar bheith bainte amach agus íoctha amhlaidh di áireofar í mar íoc do dineadh mar shásamh sna síntiúisí sin.
(2) Má theipeann ar fhostóir is cuideachta suim ar bith do baineadh den chuideachtain sin in aicsean do bunuíodh fén bhfo-alt san roimhe seo d'íoc leis na Coimisinéirí Arachais, beidh an tsuim sin ina fiacha bheidh dlite ag na Coimisinéirí Arachais ar aon daoine, le chéile agus fé seach, de stiúrthóirí na cuideachtan san go raibh a fhios acu no go mbeadh sé réasúnta a mheas go raibh a fhios acu i dtaobh an teipthe no na faillí in íoc an tsíntiúis no na síntiús ba bhun leis an aicsean san, agus féadfar an tsuim sin do bhaint amach mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla agus féadfar, uair ar bith laistigh de bhliain o dháta an orduithe íocaíochta do dineadh i gcoinnibh na cuideachtan san san aiscean san, tosnú ar imeachta chun an tsuim sin do bhaint amach.
(3) I gcás in ar dhin fostóir teip no faillí in íoc aon tsíntiúisí áirithe go ndlightear air fé sna hAchtanna iad d'íoc i dtaobh síntiúsaire ar fostú no in ar dhin sé teip no faillí sna rialacháin a bhaineann le híoc agus le bailiú síntiús do chólíona maidir le síntiúsaire ar fostú agus gur thárla dá dheascaibh sin don tsíntiúsaire ar fostú no d'éinne ag éileamh thríd, sochar ar bith chun a mbeadh teideal aige fé sna hAchtanna do chailliúint i bpáirt no go hiomlán, agus nár bunuíodh aon imeachta fé alt 40 d'Acht 1918 ag duine ar bith chun suim an tsochair do cailleadh amhlaidh do bhaint amach, féadfaidh na Coimisinéirí Arachais, in ainm agus thar ceann an tsíntiúsaire sin, an tsuim sin do bhaint den fhostóir sin, dá sheiceadúirí, agus dá riarthóirí mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla.
Cuntaisí cumann ceaduithe.
29.—Na forálacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht acu maidir le cuntaisí cumann ceaduithe agus a mbrainsí in aghaidh na bliana 1930 agus in aghaidh na mblian ina dhiaidh sin agus maidir le hiniúcha na gcuntas san.
Alt 17 d'Acht 1913 do leathnú.
30.—Beidh éifeacht ag alt 17 d'Acht 1913, alt a thugann comhacht do sna Coimisinéirí Arachais a údarú go n-atharófaí rialacha cumann ceaduithe fé mar is gá de dhruim an Achta san do rith, fé is dá mbeadh foluithe sa tagairt atá ann do leasú is gá de dhruim an Achta san do rith tagairt d'atharú no do leasú is gá de dhruim an Achta so do rith.
Rialacháin ghenerálta.
31.—Beidh ar chrích de sna crícheanna chun a bhféadfaidh na Coimisinéirí Arachais rialacháin do dhéanamh fé alt 65 d'Acht 1911 éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no a hordófar.
Athghairmeanna.
32.—Dintear leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a háirítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san agus ar na dátaí agus o sna dátaí fé seach a háirítear sa cheathrú colún den Sceideal san.
Gearr-theideal, léiriú agus luadh.
33.—(1) Féadfar an tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1929, do ghairm den Acht so agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1928.
(2) Féadfar na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1929, do ghairm de sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1928, agus den Acht so le chéile.
CEAD SCEIDEAL.
Cuntaisi Cumann Ceaduithe agus a mBrainsi d'iniucha.
1.—(1) Fé réir forálacha na míre seo, má chítear d'iniúchóir ar bith 'na gcuirfear cuntaisí cumainn cheaduithe (ar a n-áirítear cuntaisí aon oifigigh no seirbhísigh don chumann) fé n-a bhráid fé mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 35 d'Acht 1911 aon ítim chuntais do bheith contrárdha don dlí no aon airgead no ioncum ba cheart do chur i gcuntas do bheith gan cur i gcuntas amhlaidh, déanfaidh an t-iniúchóir an ítim chuntais do nealomháil agus suim aon íocaíochta nea-dhleathaighe no caiteachais nea-dhleathaigh no aon chailliúna no easnaimh do chur mar fhormhuirear ar bhall ar bith de choiste bhainistí an chumainn no ar oifigeach no ar sheirbhíseach ar bith don chumann no ar éinne eile gur tré n-a mhór-fhaillí no tré n-a mhí-iompar do dineadh no do húdaruíodh an íocaíocht no an caiteachas san no do tháinig an chailliúint no an t-easnamh san.
(2) Ní dhéanfaidh an t-iniúchóir aon ítim chuntais do nealomháil ná d'fhormhuirearú fén mír seo má cheaduigh na Coimisinéirí Arachais í.
2.—(1) Féadfaidh coiste bainistí cumainn cheaduithe no duine ar bith ar a ngoillfidh aon nea-lomháil no formhuirear athchomharc do dhéanamh chun na gCoimisinéirí Arachais laistigh de thriocha lá tar éis dáta deimhniú an iniúchóra agus ní bheidh dul thar a mbreith sin agus is fé mar a hordófar a bheidh an nós-imeachta san athchomharc.
(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Arachais ar aon chéim de sna himeachta san athchomharc, agus déanfaid, má orduíonn an Ard-Chúirt é, aon cheist dlí eireoidh le linn an athchomhairc do chur síos i bhfuirm cáis speisialta chun barúil na Cúirte uirthi d'fháil.
3.—(1) Nuair a bheidh na Coimisinéirí Arachais á bhreithniú ce'ca ceadófar aon ítim chuntais áirithe no ná ceadófar no ag tabhairt breithe ar aon athchomharc áirithe fén Sceideal so, má sé a dtuairim gur go dleathach do dineadh aon nea-lomháil no formhuirear no go mbeadh sé dleathach é do dhéanamh ach, ag féachaint do gach ní bhaineann leis an scéal go bhfuil sé cothrom gan an nea-lomháil no an formhuirear do dhéanamh, féadfaid an ítim chuntais do cheadú agus maitheamh do thabhairt sa nealomháil no sa bhformhuirear.
(2) Má bhaineann an ítim chuntais no chaiteachais i bpáirt no go hiomlán le hairgead 'na bhforáltar le scéim, le vóta, no le rialachán cad déanfar leis, féachfaidh na Coimisinéirí Arachais do théarmaí na scéime, an vóta, no an rialacháin sin agus iad ag gníomhú fén mír seo.
4.—I gcás ar bith ina mbeifear tar éis athchomharc do dhéanamh chun na gCoimisinéirí Arachais féadfaidh an t-iniúchóir athchroma ar an iniúcha chun éifeacht do thabhairt do bhreith na gCoimisinéirí Arachais.
5.—(1) Aon tsuim a chuirfidh an t-iniúchóir mar fhormhuirear no aon iarmhéid a dheimhneoidh sé do bheith dlite, déanfaidh an té ar a gcuirfe sé an formhuirear no 'na ndeimhneoidh sé an t-iarmhéid do bheith dlite air an tsuim no an t-iarmhéid sin d'íoc leis na Coimisinéirí Arachais fé cheann triocha lá tar éis dáta deimhniú an iniúchóra no, má cuirtear athchomharc isteach agus ná maithfear an tsuim a cuireadh mar fhormhuirear no an t-iarmhéid a deimhníodh a bheith dlite, fé cheann triocha lá tar éis dáta breith na gCoimisinéirí, agus mara n-íoctar é fé cheann na haimsire roimhráite féadfaidh na Coimisinéirí é do bhaint amach ar an slí achmair mar fhiacha síbhialta, agus cuirfear i gcoinnibh an chumainn cheaduithe na costaisí bhainfidh le himeachta ar bith chun aon tsuim den tsort san do bhaint amach, sa mhéid ná bainfear iad den té ar ar cuireadh an formhuirear.
(2) In imeachta ar bith chun a leithéid sin de shuim do bhaint amach beidh deimhniú dheabhróidh bheith sighnithe ag iniúchóir do ceapadh fé Acht 1911 ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe bheidh á ndeimhniú leis.
6.—Duine ar bith ath-chuirfidh i gcoinnibh cistí cumainn cheaduithe go feasach aon tsuim do nea-lomháil an t-iniúchóir agus nár lomháil na Coimisinéirí Arachais ar athchomharc, beidh sé ciontach i gcionta fén Sceideal so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nách mó ná trí oiread na suime d'athchuir sé i gcoinnibh na gcistí sin do chur air.
7.—Bainfidh forálacha an Sceidil seo le brainsí de chumann cheaduithe fé mar a bhainid le cumainn cheaduithe.
DARA SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibideal no Uimhir agus Bliain. | Gearr-theideal. | Méid na hAthghairme. | Dáta na hAthghairme. |
1 & 2 Geo. V. c. 55. | National Insurance Act, 1911. | Alt 2, fo-alt (4) d'alt 4, agus fo-alt (3) d'alt 81. | 6adh Eanair, 1930. |
3 & 4 Geo. V. c. 37. | National Insurance Act, 1913. | Ailt 5 agus 9. | 6adh Eanair, 1930. |
7 & 8 Geo. V. c. 62. | National Health Insurance Act, 1918. | Ailt 8, 10 agus 45. | 6adh Eanair, 1930. |
9 & 10 Geo. V. c. 36. | National Health Insurance Act, 1919. | An províso a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 1. | 6adh Eanair, 1930. |
10 & 11 Geo. V. c. 10. | National Health Insurance Act, 1920. | Fo-alt (3) d'alt 1. | 6adh Eanair, 1930. |
Fo-alt (5) d'alt 20. | Am an Achta so do rith. |