Uimh. 43 de 1924.
ACHT IASCAIGH (TOGHACHÁN CIMEÁDAITHE DO CHUR AR ATH-LÓ), 1924.
Toghacháin chimeádaithe iascaigh do chur ar ath-ló.
1.—(1) Féadfidh an tAire Iascaigh le hordú, más gá no más oiriúnach é, dar leis, gach ceann no aon cheann de sna toghacháin reachtúla cimeádaithe iascaigh, a bheadh ann sa bhliain 1924 mara mbeadh an tAcht so, do chur ar ath-ló go dtí pé dáta a cheapfidh an tAire sin, leis an ordú san, ach gan an dáta san do bheith níos déanaí ná an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1925.
(2) Féadfar orduithe fé leith do dhéanamh amannta difriúla fén alt so chun toghacháin reachtúla bordanna cimeádaithe difriúla do chur ar ath-ló agus féadfar dátaí difriúla do cheapa chun na toghacháin sin a cuireadh ar ath-ló do chomóra, agus aon toghachán a cuirfar ar ath-ló le hordú fén alt so féadfar é chur ar ath-ló arís le horduithe eile ina dhiaidh sin.
Faidiú téarma oifige na seanachimeádaithe.
2.—Má cuirtear toghachán ballra aon bhúird cimeádaithe iascaigh ar ath-ló le hordú a déanfar fén Acht so, beidh téarma oifige gach ball den bhord san a bheidh i seilbh oifige ar dháta an orduithe sin, beidh sé curtha i bhfaid agus dintar leis seo é chur i bhfaid go dtí an lá tar éis an dáta 'na gcuirfar an toghachán ar ath-ló go dtí é leis an ordú san no le haon ordú ina dhiaidh.
Gearr-theideal.
3.—Féadfar an tAcht Iascaigh (Toghachán Cimeádaithe do Chur ar Ath-ló), 1924, do ghairm den Acht so.