[EN]

Uimhir 45 de 1926.


[EN]

ACHT RADIO-THELEGRAFAÍOCHTA, 1926.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN RADIO-THELEGRAFAÍOCHT AR TÍR, AR MUIR, AGUS SAN AER DO REGLEÁIL AGUS DO STIÚRÚ AGUS CHUN SAGHASANNA ÁIRITHE STÁISIÚN COMHARTHAÍOCHTA RADHAIRC AGUS FUAMA DO REGLEÁIL AGUS DO STIÚRÚ AGUS CHUN STÁISIÚIN FHOIRLEATHA LEIS AN STÁT DO BHUNÚ AGUS DO CHIMEÁD I dTREO AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LE RADIO-THELEGRAFAÍOCHT, LE RADIO-CHOMHARTHAÍOCHT AGUS LE FOIRLEATHA FÉ SEACH. [24adh Mí na Nodlag, 1926.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Roimh-ra.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht Radio-Thelegrafaíochta, 1926, do ghairm den Acht so.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Puist agus Telegrafa;

[EN]

cialluíonn agus foluíonn an focal “radio-thelegrafaíocht” aon mhodh chun teachtaireachtaí, focail labhartha, ceol, íomháigheanna, pictiúirí, priondaí, no scéala, fuaimeanna, no comharthaí eile do chur in úil le tonntracha leictre-mhaighnéadacha leathta as gléas no inneall a dineadh chun scéala, fuaimeanna, no comharthaí den tsórt san do chur amach;

[EN]

cialluíonn an focal “gléas radio-thelegrafaíochta” gléas chun teachtaireachtaí, focail labhartha, ceol, íomháigheanna, pictiúirí, priondaí, no scéala, fuaimeanna, no comharthaí eile do chur amach agus do ghlaca no chun a gcurtha amach no chun a nglactha agus foluíonn sé aon chuid den ghléas san agus aon earra gur chun í d'úsáid mar chuid den ghléas san is mó atá sí ceaptha agus nách uiriste a úsáid chun aon chríche eile;

[EN]

cialluíonn an focal “foirleatha” abhar foirleatha do chur amach, d'ath-leatha, no do scaipe le radio-thelegrafaíocht;

[EN]

cialluíonn an focal “stáisiún foirleatha” foirgint no áit eile atá feistithe agus gléasta i gcóir foirleatha;

[EN]

cialluíonn agus foluíonn “abhar foirleatha” aon leictiúirí, oráideacha, nuacht, tuairiscí, fógráin, abhar aithriseoireachta, siamsaí drámúla agus focail labhartha eile, agus aon cheol (pe'ca ceol gotha no ceol gléis é) agus fuaimeanna eile a bheidh ceaduithe ag an Aire mar nithe atá oiriúnach chun a bhfoirleatha o stáisiún fhoirleatha a bheidh á chimeád suas fén Acht so;

[EN]

cialluíonn an focal “stáisiún comharthaíochta” aon ghléas seasmhach no do-aistrithe chun comharthú le comharthaí sofheicse no chun comharthú le comharthaí so-chluinte.

[EN]

Cuid I.

Radio-Thelegrafaiocht agus Radio-Chomharaiocht.

[EN]

Srian le seilbh gléas radiothelegrafaíochta.

3.—(1) Fé réir na n-eisceacht a luaidhtear ina dhiaidh seo anso ní chimeádfidh éinne ná ní bheidh ar seilbh aige aon ghléas radiothelegrafaíochta in aon áit i Saorstát Éireann ná in aon luing ná in aon árthach aeir le n-a mbaineann an t-alt so, ach amháin sa mhéid go mbeidh an cimeád no an tseilbh sin údaruithe le ceadúnas a deonadh fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

[EN]

(2) Einne bheidh i seilbh gléis radio-thelegrafaíochta fé cheadúnas a deonadh fén Acht so ní oibreoidh ná ní úsáidfe sé an gléas san ach do réir na dtéarmaí agus na gcoiníoll 'na dtuigfar de bhua an Achta so gur fé n-a réir a deonadh an ceadúnas san.

[EN]

(3) Gach éinne a chimeádfidh, 'na mbeidh ar seilbh aige, a oibreoidh, no a úsáidfidh aon ghléas radio-thelegrafaíochta contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fen alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar dheich bpúint do chur air agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar phunt in aghaidh gach lá a leanfidh an cionta agus fós, i ngach cás, geallbhruide an ghléis go léir tré n-ar dineadh an cionta.

[EN]

(4) Aon ghléas radio-thelegrafaíochta a bheidh feistithe ar luing le n-a mbaineann an t-alt so no a cimeádfar in aon luing den tsórt san chun úsáide no chun crícheanna generálta na luinge contrárdha don alt so, tuigfar, chun crícheanna cúisimh fén alt so, go bhfuil sé á chimeád agus ar seilbh ag máistir na luinge sin agus á chimeád agus ar seilbh, leis, ag únaer na luinge sin.

[EN]

(5) Fé réir na n-eisceacht a luaidhtear ina dhiaidh seo anso baineann an t-alt so—

[EN]

(a) le gach luing atá cláruithe i Saorstát Éireann, agus

[EN]

(b) le gach luing no árthach eile nea-chláruithe a cimeádtar do ghnáth in uiscí Shaorstáit Éireann (pe'ca laistigh no lasmuich de dhóibh) no a thaithíonn iad, agus

[EN]

(c) le gach luing no árthach ná baineann ceachtar de sna míreanna san roimhe seo léi agus a bheidh de thurus na huaire in uiscí Shaorstáit Éireann (pe'ca laistigh no lasmuich de dhóibh) agus nár deonadh ina taobh, in aon tír ná stát eile, aon cheadúnas a bheidh i bhfeidhm an uair sin chun seilbhe no chun oibrithe gléis radio-thelegrafaíochta, agus

[EN]

(d) le gach árthach aeir le duine gur i Saorstát Éireann atá a ghnáth-áit chomhnaithe aige más éinne amháin é, no gur i Saorstát Éireann atá a phríomh-oifig aige más comhlachas, cuideachta, no cólucht eile (corparáideach no nea-chorparáideach) é, agus

[EN]

(e) le gach árthach aeir ná baineann an mhír sin roimhe seo léi agus a bheidh de thurus na huaire i Saorstát Éireann no in uiscí Shaorstáit Éireann no os cionn ceachtar acu agus nár deonadh ina taobh, in aon tír ná stát eile, aon cheadúnas a bheidh i bhfeidhm an uair sin chun seilbhe no chun oibrithe gléis radiothelegrafaíochta.

[EN]

(6) Ní bhainfidh an t-alt so le haon ghléas radio-thelegrafaíochta a bheidh á chimeád no ar seilbh ag an Aire Cosanta chun crícheanna na bhFórsaí Cosanta, ná le haon luing chogaidh le Rialtas Shaorstáit Éireann no le haon tír no stát eile.

[EN]

(7) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an focal “long no árthach eile nea-chláruithe” long no árthach eile ná beidh cláruithe fé sna dlithe a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le clárú long i Saorstát Éireann no in aon tír no stát eile.

[EN]

Srian le stáisiúin chomharthaíochta do chimeád suas.

4.—(1) Ní chimeádfidh éinne suas stáisiún comharthaíochta a bheidh ceaptha chun a úsáidthe no is féidir a úsáid chun conbharsáid do dhéanamh le longa ar muir ach amháin sa mhéid go mbeidh an cimeád-suas san údaruithe le ceadúnas a deonadh fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

[EN]

(2) Ní oibreoidh ná ní úsáidfidh éinne aon stáisiún comharthaíochta den tsórt san roimhráite ná beidh a chiméad-suas údaruithe le ceadúnas a deonadh fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire ná ní oibreoidh ná ní úsáidfidh éinne aon stáisiún comharthaíochta den tsórt san in aon tslí a bheidh contrárdha don cheadúnas a deonadh fén Acht so i dtaobh an stáisiúin sin.

[EN]

(3) Gach éinne a chimeádfidh suas, a oibreoidh, no a úsáidfidh aon stáisiún comharthaíochta den tsórt san roimhráite contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar dheich bpúint do chur air agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar phunt in aghaidh gach lá a leanfidh an cionta.

[EN]

(4) Ní bhainfidh éinní san alt so le haon stáisiún comharthaíochta a cimeádtar suas fén Lloyd's Signal Station Act, 1888, no a cimeádtar suas ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála no fé n-a chúram no ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no fé n-a gcúram no ag éinne no fé chúram éinne go bhfuil aige do réir dlí údarás ar thithe soluis, ar éadtromáin mhara agus ar rabhacháin mhara áitiúla.

[EN]

Ceadúnaisí do dheona.

5.—(1) Fé réir forálacha an Achta so agus ar íoc na táille orduithe (más ann di) féadfidh an tAire ceadúnas do dheona d'éinne chun gléas radio-thelegrafaíochta do chiméad agus do bheith ar seilbh aige in aon áit áirithe i Saorstát Éireann no chun gléas radio-thelegrafaíochta do chimeád agus do bheith ar seilbh aige in aon luing no árthach eile áirithe no in aon árthach aeir áirithe no chun stáisiún comharthaíochta do chimeád suas in aon áit i Saorstát Éireann.

[EN]

(2) Gach ceadúnas a deonfar fén Acht so beidh sé i pé fuirm, leanfa sé i bhfeidhm ar feadh pé tréimhse, agus beidh sé fé réir pé coiníollacha agus sriantachtaí (ar a n-áirítear coiníollacha a bhaineann le cur-ar-fionnraí agus le ceiliúra) a hordófar ina thaobh le rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so.

[EN]

Rialacháin i dtaobh ceadúnaisí.

6.—(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú gach ní no éinní acu so a leanas maidir le gach ceadúnas a deonfar fén Acht so no le haon tsaghas no saghsanna áirithe de sna ceadúnaisí sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fuirm na gceadúnas san,

[EN]

(b) tréimhse fheidhme na gceadúnas san,

[EN]

(c) an tslí ina ndéanfar, na téarmaí ar a ndéanfar, agus an tréimhse no na tréimhsí dá ndéanfar na ceadúnaisí sin d'athnuachaint,

[EN]

(d) an cás agus an tslí ina bhféadfidh an tAire na ceadúnaisí sin do chur ar fionnraí no do cheiliúra,

[EN]

(e) na téarmaí agus na coiníollacha a bheidh le forchimeád ag sealbhóirí na gceadúnas san agus 'na dtuigfar gur fé n-a réir a deonadh na ceadúnaisí sin.

[EN]

(f) na táillí a bheidh le n'íoc nuair a deonfar no a hathnuafar na ceadúnaisí sin agus am agus modh íoctha na dtáillí sin,

[EN]

(g) éinní eile i dtaobh na gceadúnas san go bhfeicfar don Aire gur gá no gur mhaith an rud é socrú dhéanamh ina thaobh tré rialacháin do dhéanamh fén alt so.

[EN]

(2) Le rialacháin a déanfar fén alt so féadfar a údarú agus a shocrú go ndeonfar ceadúnas fén Acht so fé réir téarmaí, coiníollacha, agus sriantachtaí speisialta d'éinne a chuirfidh ina luighe ar an Aire gur chun trialacha dhéanamh i radio-thelegrafaíocht agus chuige sin amháin a theastuíonn an ceadúnas uaidh.

[EN]

(3) Ní déanfar aon rialachán fén alt so i dtaobh táillí gan toiliú roimh ré ón Aire Airgid.

[EN]

(4) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh ceachtar díobh tar éis leaga an rialacháin fé bhráid na dTithe sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén rialachán san.

[EN]

Oblagáid chun eolas áirithe do thabhairt.

7.—(1) Féadfidh an tAire, más dó leis agus nuair is dó leis gur ceart é dhéanamh, a chur fé ndeár fógra speisialta i scríbhinn (agus fuirm faisnéise ag gabháil leis no ceangailte dhe) do sheirbheáil tríd an bpost cláruithe ar aon duine, á éileamh ar an duine sin ní no nithe dá luaidhtear anso ina dhiaidh seo, pé ní no nithe acu a luadhfar sa bhfógra, do rá ar an bhfuirm faisnéise sin agus an fhaisnéis sin do shighniú agus do chríochnú ar gach slí eile agus í do thabhairt d'oifigeach áirithe don Aire no í do chur chuige tríd an bpost laistigh de cheithre lá déag tar éis seirbheála an fhógra air.

[EN]

(2) Isiad nithe a féadfar a éileamh ar dhuine fén alt so a rá i bhfaisnéis ná—

[EN]

(a) ce'ca tá gléas radio-thelegrafaíochta i gcimeád no ar seilbh aige no ná fuil,

[EN]

(b) má tá aon ghléas den tsórt san i gcimeád no ar seilbh aige, cadé an saghas an gléas san agus cá bhfuil sé i gcimeád no ar seilbh aige,

[EN]

(c) ce'ca tá no ná fuil ceadúnas aige a deonadh fén Acht so agus atá i bhfeidhm an uair sin,

[EN]

(d) má tá a leithéid sin de cheadúnas aige, uimhir, dáta, agus oifig tabhartha amach an cheadúnais sin,

[EN]

(e) éinní eile a bhaineann le radio-thelegrafaíocht.

[EN]

(3) Gach éinne ar a seirbheálfar fógra speisialta go cuibhe fén alt so déanfa sé laistigh den aimsir roimhráite an fhuirm fhaisnéise a bheidh ag gabháil leis an bhfógra san no ceangailte dhe do chríochnú go cuibhe agus go ceart do réir an fhógra san agus an ailt seo agus an fhaisnéis sin do thabhairt don oifigeach a bheidh ainmnithe chuige sin sa bhfógra san no í chur chuige, agus má leigeann éinne den tsórt san i bhfaillí no i bhfuaire an fhaisnéis sin do chríochnú agus do thabhairt no do chur uaidh amhlaidh no má abrann sé sa bhfaisnéis sin éinní is eol do a bheith bréagach no mí-threorach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar chúig púint do chur air.

[EN]

Barántaisí cuardaigh do thabhairt amach.

8.—(1) Ar fháil scéala fé mhionn do Bhreitheamh den Chúirt Dúithche o oifigeach don Aire no o bhall den Ghárda Síochána go bhfuil cúis réasúnta chun a chreidiúint go bhfuil gléas radiothelegrafaíochta á chimeád no á oibriú no á úsáid in aon áit áirithe no in aon luing áirithe contrárdha d'aon fhoráil den Acht so no d'aon rialachán a bheidh déanta no d'aon choiníoll a bheidh forchurtha fén Acht so, féadfa sé barántas cuardaigh do dheona don oifigeach san don Aire no (le toiliú an Aire) don bhall san den Ghárda Síochána (pe'ca aca é) agus déarfidh agus déanfidh an barántas san a údarú don oifigeach don Aire no don bhall den Ghárda Síochána dá ndeonfar é dul isteach, le héigean más gá é, san áit no sa luing a bheidh ainmnithe sa scéala san agus cuardach do dhéanamh ann do ghléas radiothelegrafaíochta agus gach gléas den tsórt san a gheobhfar ann do scrúdú agus an gléas san go léir no aon chuid den ghléas san a chífar don oifigeach no don bhall san a bheith á chimeád no á oibriú no á úsáid contrárdha d'aon fhoráil den Acht so no d'aon rialachán a bheidh déanta no d'aon choiníoll a bheidh forchurtha fén Acht so do thógaint agus do bhreith leis.

[EN]

(2) Le barántas cuardaigh a deonfar fén alt so d'oifigeach don Aire féadfar a údarú don oifigeach san no, más oiriúnach leis an mBreitheamh a bheidh á dheona é, a éileamh air ball nó baill den Ghárda Síochána do dhul le n-a chois agus é ag déanamh an chuardaigh fén mbarántas.

[EN]

Rialacháin i dtaobh radiothelegrafaíochta i loingeas agus in árthaí aeir.

9.—(1) Tré ordú do dhéanamh tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) á éileamh ar oibritheoirí agus ar dhaoine eile a bheidh ag gabháil d'oibriú ghléas radio-thelegrafaíochta ar gach saghas no aon tsaghas luinge a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann deimbnithe inniúlachta bheith acu;

[EN]

(b) á éileamh ar oibritheoirí agus ar dhaoine eile a bheidh ag gabháil d'oibriú ghléas radio-thelegrafaíochta ar gach saghas no aon tsaghas árthaigh aeir le daoine i Saorstát Éireann deimhnithe inniúlachta bheith acu;

[EN]

(c) deona agus athnuachaint na ndeimhnithe inniúlachta san, na téarmaí agus na coiníollacha ar a ndeonfar na deimhnithe sin, agus na cáilíochta nách foláir a bheith ag daoine dá ndeonfar na deimhnithe sin agus na scrúduithe agus na tástála eile fé n-a raghaid;

[EN]

(d) buaine, ceiliúra agus cur-ar-fionnraí deimhnithe inniúlachta a deonfar fé sna rialacháin;

[EN]

(e) dleathacht, buaine, athnuachaint, ceiliúra agus cur-arfionnraí deimhnithe inniúlachta a deonadh ar shlí eile seachas fé sna rialacháin, ag an Aire no ag éinne eile roimh rith an Achta so no dá éis sin;

[EN]

(f) fé réir aontú an Aire Airgid, na táillí a héileofar ar son no i dtaobh deona agus athnuachaint aon deimhnithe inniúlachta den tsórt san roimhráite agus bailiú na dtáillí sin agus cad déanfar leo;

[EN]

(g) regleáil agus smacht do chimeád maidir le trátha agus modh oibrithe gléasanna radio-thelegrafaíochta loingeas a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann agus, le linn iad do bheith in uiscí tíriúla Shaorstáit Éireann, i loingeas a bheidh cláruithe lasmuich de Shaorstát Éireann agus i loingeas agus árthaí eile nea-chláruithe;

[EN]

(h) regleáil agus smacht do chimeád maidir le trátha agus modh oibrithe gléasanna radio-thelegrafaíochta in árthaí aeir le daoine i Saorstát Éireann agus, le linn iad do bheith i Saorstát Éireann no os a chionn no ina chuid uiscí tíriúla no os a gcionn, in árthaí aeir nách le daoine den tsórt san;

[EN]

(i) chun éifeacht do thabhairt agus chun a chur in áirithe go ngéillfar d'fhorálacha aon chonvensiúin idirnáisiúnta i dtaobh radio-thelegrafaíochta ina mbeidh Rialtas Shaorstáit Éireann páirteach (ach amháin sa mhéid go mbainfidh na forálacha san le loingeas le ná bainfidh an t-alt so ná na rialacháin a déanfar fé).

[EN]

(2) Le rialacháin a déanfar fén Acht so féadfar a shocrú go mbeidh brise no sárú aon rialacháin áirithe ina chionta a bheidh intrialta ar an slí achmair agus a ordú cadiad na pionóisí a féadfar a chur ar éinne mar gheall ar aon bhrise no sárú den tsórt san ach san i slí ná hordófar amhlaidh ach pionós maximum agus ná hordófar aon phionós minimum agus i slí nách mó aon phionós maximum den tsórt san ná fíneáil deich bpunt agus, ina theanta san, i gcás brise no sárú do bheith leanúnach, fíneáil phúint in aghaidh gach lá a déanfar an brise no an sárú agus, in aon chás, geallbhruide aon deimhniú no gléis gur ina thaobh a dineadh an brise no an sárú.

[EN]

(3) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh ceachtar díobh tar éis leaga an rialacháin fé bhráid na dTithe sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén rialachán san.

[EN]

(4) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar gur le duine i Saorstát Éireann árthach aeir sa chás, agus sa chás san amháin, gur árthach í le duine gur i Saorstát Éireann atá a ghnáth-áit chomhnaithe aige más éinne amháin é no gur i Saorstát Éireann atá a phríomh-oifig aige más comhlachas, cuideachta no cólucht eile (corparáideach no nea-chorparáideach) é.

[EN]

(5) Ní bhainfidh an t-alt so ná aon rialachán a déanfar fé le haon luing le n-a mbaineann an Merchant Shipping (Wireless Telegraphy) Act, 1919.

[EN]

Smacht ag an Rialtas ar radio-thelegrafaíocht, etc., le linn strus-ócáidí.

10.—(1) Má sé tuairim na hArd-Chomhairle aon uair strusócáid náisiúnta do bheith tar éis eirithe agus í bheith de shaghas go bhfuil sé oiriúnach ar mhaithe leis an bpuiblíocht smacht iomlán do bheith ag an Ard-Chomhairle ar theachtaireachtaí, comharthaí agus conbharsáidí eile do sheola agus do ghlaca le radio-thelegrafaíocht agus ar stáisiúin chomharthaíochta is féidir a úsáid chun conbharsáid a dhéanamh le loingeas ar muir, féadfidh an Ard-Chomhairle, más oiriúnach leo é, fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil á fhaisnéis go bhfuil strus-ócáid den tsórt san tar éis eirithe.

[EN]

(2) Aon uair le linn aon strus-ócáide den tsórt san roimhráite déanfidh an tAire, le hordú, pé rialacháin is dó leis an Ard-Chomhairle is gá de dheascaibh a mbaineann leis an strus-ócáid sin, sé sin, rialacháin i dtaobh seilbh ar ghléas radio-thelegrafaíochta no ar ghléas chun ráidíocht leictre-mhaighnéidighe do gheiniúint agus do roinnt agus ar stáisiúin chomharthaíochta den tsórt san roimhráite agus ar ghléas le n-úsáid ionta no i dtaobh díol, ceannach, déanamh no úsáid na rudaí sin uile.

[EN]

(3) Le rialacháin a déanfar fén alt so féadfar a shocrú go mbeidh brise no sárú aon rialacháin áirithe ina chionta a bheidh intrialta ar an slí achmair agus a ordú cadiad na pionóisí a féadfar a chur ar éinne mar gheall ar aon bhrise no sárú den tsórt san ach san i slí ná hordófar amhlaidh ach pionós maximum agus ná hordófar aon phionós minimum agus i slí nách mó aon phionós maximum den tsórt san ná fíneáil chaoga punt no príosúntacht ar feadh téarma leath-bhliana agus, ina theanta san, i gcás an brise no an sárú san do bheith leanúnach, fíneáil chúig púint in aghaidh gach lá a déanfar an brise no an sárú agus, in aon chás, geallbhruide an ghléis no an fheistis eile gur ina thaobh a dineadh an brise no an sárú.

[EN]

(4) Leanfidh rialacháin a déanfar fén alt so i bhfeidhm an fhaid sin amháin a leanfidh an strus-ócáid gur le n-a linn a déanfar na rialacháin sin, ach amháin go dtuigfar na rialacháin sin do leanúint i bhfeidhm tar éis deire na strus-ócáide sin sa mhéid gur gá san chun go dtrialfar fé sna rialacháin sin daoine 'na mbeidh curtha ina leith gur bhriseadar no gur sháruíodar aon rialachán den tsórt san le linn na strus-ócáide sin agus chun go bpionósfar na daoine sin (má ciontuítear iad) fé sna rialacháin sin agus dá réir.

[EN]

(5) Chun crícheanna an ailt seo—

[EN]

(a) mara ndintar í do bhuanú no deire do chur léi níos túisce fén bhfo-alt so, beidh deire le gach strus-ócáid den tsórt san i gceann ráithe ón am a foillseofar san Iris Oifigiúil an fógra a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so no, má buanuítear an strus-ócáid fén bhfo-alt so, i gceann ráithe ón am a foillseofar san Iris Oifigiúil an fógra is déanaí chun a buanuithe amhlaidh, agus

[EN]

(b) féadfar deire do chur le haon strus-ócáid den tsórt san aon uair tríd an Ard-Chomhairle d'fhoillsiú fógra san Iris Oifigiúil á fhaisnéis go bhfuil deire leis an strusócáid, agus

[EN]

(c) féadfar aon strus-ócáid den tsórt san do bhuanú tríd an Ard-Chomhairle d'fhoillsiú fógra san Iris Oifigiúil roimh dheire na strus-ócáide á fhaisnéis go bhfuil an strus-ócáid ann fós.

[EN]

(6) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann aon Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leaga an rialacháin sin fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén rialachán san.

[EN]

(7) Ní dhéanfidh an tAire fén alt so gan dul i gcomhairle roimh ré leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála aon rialachán a bhainfidh le haon loingeas le n-a mbaineann an Merchant Shipping (Wireless Telegraphy) Act, 1919.

[EN]

Cosc ar shaghsanna áirithe teachtaireachtaí, etc.

11.—(1) Ní dhéanfidh éinne ná ní thabharfa sé fé—

[EN]

(a) aon teachtaireacht no conbharsáid de shaghas náireach no draosta no maslathach, ná

[EN]

(b) aon teachtaireacht no conbharsáid a bheadh díobhálach don ordú phuiblí, ná

[EN]

(c) aon chomhartha éigeandála bréagach no mí-threorach, ná

[EN]

(d) aon teachtaireacht, comhartha, no conbharsáid bréagach no mí-threorach, go dtí long no árthach eile no árthach aeir in éigeandáil,

[EN]

do sheola, tré radio-thelegrafaíocht, o aon áit i Saorstát Éireann ná o aon luing ná árthach eile in uiscí Shaorstáit Éireann, pe'ca laistigh no lasmuich de dhóibh, ná o aon luing a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann, pé áit ina mbeidh an long san, ná a aon árthach aeir i Saorstát Éireann no ina chuid uiscí no os cionn an chéanna.

[EN]

(2) Ní nochtfidh éinne ar shlí nách cóir brí aon teachtaireachta, conbharsáide, no comhartha a seoladh no a bheidh le seola tré radio-thelegrafaíocht.

[EN]

(3) Gach éinne a dhéanfidh no a thabharfidh fé aon teachtaireacht, conbharsáid, no comhartha do sheola, no a nochtfidh brí a leithéide, contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfar príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre do chur air ar feadh aon téarma nách sia ná bliain.

(4) Má cuirtar i leith duine, i láthair breithimh den Chúirt Dúithche, gur dhin sé mí-iompar fén alt so agus gurb é tuairim an bhreithimh na nithe do cruthuíodh i gcoinnibh an duine a cúisíodh amhlaidh do bheith ina mion-chionta is intrialta ar an slí achmair agus mara gcuiridh an duine sin (tar éis an breitheamh á fhiarfaí dhe) i gcoinnibh a thrialta amhlaidh féadfidh an breitheamh an cás d'éisteacht agus do bhreithiúnú ar an slí achmair ach ní fhorchuirfe sé aon phionós is mó ná fíneáil ná raghaidh thar dheich bpúint no, más rogha leis é, príosúntacht ar feadh téarma nách sia ná mí, no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Srian le gléas radio-thelegrafaíochta d'úsáid.

12.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon ghléas radiothelegrafaíochta d'oibriú ná d'úsáid i slí go ndéanfidh ráidíocht leictre-mhaighnéideach uaidh cur isteach ar oibriú aon ruda acu so a leanas no dochar eile don rud san, eadhon, aon ghléas radio thelegrafaíochta gur deonadh fén Acht so ina thaobh ceadúnas a bheidh i bhfeidhm an uair sin no aon ghléas radio-thelegrafaíochta a bheidh á chiméad suas no á oibriú go dleathach gan aon cheadúnas den tsórt san no aon stáisiún foirleatha a bheidh á chimeád suas fé Chuid II. den Acht so.

[EN]

(2) Má sé tuairim an Aire go bhfuil duine ag oibriú no ag úsáid aon ghléis radio-thelegrafaíochta contrárdha don alt so féadfa sé fógra do sheirbheáil ar an duine sin no do chur chuige tríd an bpost cláruithe á éileamh ar an duine sin go ndéanfa sé, laistigh d'aimsir a luadhfar sa bhfógra (agus nách giorra ná seacht lá) pé nithe a luadhfar sa bhfógra (agus ar a n-áireofar, más gá é, scur ar fad d'oibriú no d'úsáid an ghléis) chun deire do chur leis an gcur isteach no leis an dochar a bheidh contrárdha don alt so.

[EN]

(3) Gach éinne a oibreoidh no a úsáidfidh aon ghléas radiothelegrafaíochta contrárdha don alt so agus, tar éis a sheirbheála le fógra fén alt so á éileamh air deire do chur leis an gcur isteach no leis an dochar a bheidh contrárdha don alt so, ná déanfidh laistigh den aimsir a bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san deire do chur leis an gcur isteach no leis an dochar san sa tslí a bheidh luaidhte sa bhfógra san no ar shlí éigin eile beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfar fíneáil ná raghaidh thar dheich bpúint do chur air agus, ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile ná raghaidh thar phunt in aghaidh gach lá a leanfidh an cionta.

[EN]

(4) Ní déanfar, gan toiliú roimh ré ón Aire Tionnscail agus Tráchtála chuige sin, aon fhógra do sheirbheáil fén alt so i dtaobh gléas radio-thelegrafaíochta d'oibriú no d'úsáid contrárdha don alt so i luing le n-a mbaineann an Merchant Shipping (Wireless Telegraphy) Act, 1919.

[EN]

(5) Ní oibreoidh éinní san alt so chun dochair ná chun difreach d'aon chomhacht ná ceart dá bhfuil dílsithe san Aire fé sna Telegraphy Acts, 1863 to 1921, no dá mbua.

[EN]

Cúiseamh i gciontaí.

13.—Is ar agra an Aire, agus ní har aon tslí eile, a déanfar gach cúiseamh fén Acht so i gcúirt údaráis achmair.

[EN]

Ciontaí a déanfar i loingeas no in árthaí aeir.

14.—(1) Chun crícheanna altanna 53 agus 79 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) agus alt 6 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1926 (Uimh. 1 de 1926), más i luing, in árthach, no in árthach aeir a dineadh aon ghníomh atá, de bhua an Achta so no de bhua aon rialacháin a bheidh déanta fén Acht so, ina mhí-iompar no ina chionta is intrialta ar an slí achmair tuigfar gur in aon áit ina mbeidh an duine cúisithe a dineadh é agus, más i luing no in árthach a dineadh é a bhí laistigh d'uiscí tíriúla Shaorstáit Éireann nuair a dineadh é no nuair a gabhadh an duine cúisithe, féadfar a thuisgint gur sa dúthaigh chúirte a dineadh é a bheidh teoranta leis an gcuid sin de sna huiscí sin ina raibh an long san nuair a dineadh an gníomh no nuair a gabhadh an duine cúisithe, pe'ca aca is gá sa chás.

[EN]

(2) Má dhineann aon chúirt fén Acht so fíneáil do chur ar dhuine is únaer no máistir luinge no árthaigh eile agus gur mar gheall ar chionta a dineadh maidir leis an luing no leis an árthach san a cuirfar an fhíneáil sin air, féadfar (gan dochar d'aon tslí eile a bheidh údaruithe de thurus na huaire do réir dlí) an fhíneáil sin do thógaint tríd an long no an t-árthach san, a tácla, a troscán, agus a fearas do ghabháil agus do dhíol.

[EN]

Athghairmí agus cimeád seanacheadúnas agus seaníocaíochtaí i bhfeidhm.

15.—(1) Athghairmtear leis seo an Wireless Telegraphy Act, 1904, agus an Wireless Telegraphy Act, 1906.

[EN]

(2) Gach ceadúnas seilbhe gléis radio-thelegrafaíochta a deonadh fé sna hAchtanna san a hathghairmtear leis seo agus a bhí i bhfeidhm le linn rithte an Achta so, leanfa sé i bhfeidhm d'ainneoin na hathghairme sin an fhaid a leanfadh sé i bhfeidhm fé sna hAchtanna san dá mba ná rithfí an tAcht so, ach chun crícheanna an Achta so tuigfar gur fén Acht so a deonadh gach ceadúnas den tsórt san agus bainfidh an tAcht so le gach ceadúnas den tsórt san dá réir sin.

[EN]

(3) Aon táille do híocadh leis an Aire roimhe seo ar cheadúnas seilbhe gléis radio-thelegrafaíochta ní bheidh sí ionbhainte dhe ar an scór ná raibh an táille sin inéilithe do réir dlí.

[EN]

Costaisí.

16.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an gCuid seo den Acht so do chur in éifeacht.

Cuid II.

Foirleatha.

[EN]

An tAire do chimeád suas stáisiún foirleatha.

17.—(1) Féadfidh an tAire, le cead an Aire Airgid, stáisiúin fhoirleatha d'fháil no do bhunú in áiteanna i Saorstát Éireann, pé cinn agus pé méid acu agus i pé áiteanna is dó leis an Aire o am go ham a bheith ceart agus dá bhfuighfar an cead roimhráite.

[EN]

(2) Féadfidh an tAire, le cead an Aire Airgid, gach stáisiún foirleatha a gheobhaidh no a bhunóidh sé fén alt so do chimeád suas agus d'oibriú agus pé abhar foirleatha is dó leis is ceart do ghlaca, do chur amach, d'ath-leatha, no do scaipe ann.

[EN]

Táillí d'éileamh ar son foirleatha.

18.—(1) Féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, táillí d'éileamh ar son aon tsaghas no saghsanna abhair fhoirleatha do scaipe o stáisiún foirleatha a bheidh á chimeád suas fén Acht so.

[EN]

(2) Isé an tAire a shocróidh, le cead an Aire Airgid, méid na dtáillí a héileofar fén alt so agus déanfar gach táille den tsórt san d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun sochair do ar pé slí a ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

Coiste comhairleach.

19.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so bunóidh an tAire, le hordú, coiste comhairleach chun comhairle agus congnamh do thabhairt do maidir le stiúrú na stáisiún foirleatha a bheidh sé á chimeád suas fén Acht so agus le togha amach do dhéanamh agus smacht do chimeád ar an abhar foirleatha a scaipfear o sna stáisiúin foirleatha san.

[EN]

(2) Beidh an coiste comhairleach san có-dhéanta de pé méid ball (nách lú ná cúigear) is dó leis an Aire Puist agus Telegrafa is ceart agus ainmneoidh an tAire Oideachais duine de sna baill sin, agus ainmneoidh an tAire Tailte agus Talmhaíochta duine acu, agus ainmneoidh an tAire Puist agus Telegrafa an chuid eile.

[EN]

(3) Mara dtárluíonn do roimhe sin bás d'fháil no eirighe as, beidh gach ball den choiste chomhairleach san ina bhall den choiste go ceann dhá bhlian o dháta a ainmnithe agus ní níos sia ná san ach féadfar é ainmniú arís.

[EN]

(4) Tiocfidh an coiste comhairleach san le chéile aon uair a ghairmfidh an tAire le chéile iad agus fós ar pé ócáidí eile a shocróidh an coiste o am go ham.

[EN]

Costaisí.

20.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an gCuid seo den Acht so do chur in éifeacht.