[EN]

Uimhir 45 de 1931.


[EN]

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (FEOIL ÚR), 1931.


ACHT CHUN AILT 10 DEN ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (FEOIL ÚR), 1930, DO LEASÚ.

[15adh Mí na Nodlag, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 (Uimh. 10 de 1930).

[EN]

Alt 10 den Phríomh-Acht do leasú.

2.—Deintear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht do leasú sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré sna focail “ocht mí dhéag” do chur in ionad an fhocail “bliain” i bhfo-alt (1) den alt san i ngach áit ina bhfuil an focal san sa bhfo-alt san, agus

[EN]

(b) tré sna focail “agus ní clárófar go sealadach arís é fén alt so sa chlár san”, atá anois i bhfo-alt (4) den alt san, do scriosadh amach as.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

3.—Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1931, do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 agus 1931, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.