Uimhir 46.
ACHT LÉIRIÚCHÁIN, 1923.
Léiriú ar fhocail áirithe ghenerálta in Achtanna.
1.—(1) San Acht so agus i ngach Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint—
(a) focail a chialluíonn an cineál fireann, folóid baineannacha:
(b) folóidh focail uathaidh an t-iolra, agus folóidh focail iolraidh an t-uatha:
(c) folóidh an focal ‘duine’ aon chólucht daoine corpruithe no nea-chorpruithe:
(d) ciallóidh an focal ‘mí’ mí caileandair:
(e) folóidh an focal ‘talamh’ measáistí, tionóntacháin, agus ionoighreachtaí, tithe agus foirgintí, d'aon tsórt sealbhaíochta;
(f) i gcás daoine dá mbeidh sé ceaduithe do réir dlí de thurus na huaire deimhniú no faisnéis do dhéanamh in ionad mionú, folóidh na focail ‘mionn’ agus ‘mionnscríbhinn’ deimhniú agus faisnéis, agus ina leithéid sin de chás folóidh an briathar ‘mionnuím’ deimhním agus faisním.
(2) I léiriú gach achtacháin a bhaineann le cionta in ar féidir duine do phionósú ar a dhíotáil no ar a dhaora ar an slí achmair, folóidh an focal ‘duine’ cólucht corpruithe mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint.
Brí focal áirithe oifigiúil in Achtanna.
2.—San Acht so agus i ngach Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint beidh leis na focail seo a leanas na bríonna a cuirtar leo fé seach leis seo, eadhon:—
(1) ciallóidh na focail “an Bunreacht” agus “Bunreacht Shaorstáit Éireann” an Bunreacht atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bunreacht Shaorstáit Éireann, 1922 (Uimh. 1 de 1922):
(2) ciallóidh an focal “an Seanascal” an Seanascal a bheidh ar Shaorstáit Éireann de thurus na huaire:
(3) ciallóidh an focal “An tArd-Scrúdóir” an té a bheidh ceaptha de thurus na huaire fé Acht an Ard-Scrúdóra, 1923 (Uimh. 1 de 1923), mar Smachtóir ar Fháltas agus Caiteachas Stát-Chiste Shaorstáit Éireann agus mar Ard-Scrúdóir ar Chuntaisí Puiblí:
(4) ciallóidh an focal “an Ard-Chomhairle” an Ard-Chomhairle a bheidh bunuithe agus ceaptha de thurus na huaire do réir forálacha an Bhunreachta:
(5) ciallóidh na foccil “an tUachtarán” agus “an Leas-Uachtarán” fé seach an tUachtarán agus an Leas-Uachtarán a bheidh ar an Ard-Chomhairle de thurus na huaire:
(6) ciallóidh an focal “Aire Feidhmiúcháin” Aire is ball den Ard-Chomhairle de thurus na huaire:
(7) ciallóidh an focal “an Chéad Dháil Éireann” an tionól de bhaill Pháirliminte a toghadh do dháilcheanntair in Éirinn i dToghachán Páirliminte a comóradh an 14adh lá de Mhí na Nodlag, 1918, agus a chéad-tháinig le chéile i bPáirlimint a comóradh an 2ladh lá d'Eanair, 1919, in áit chomhnaithe oifigiúil Ard-Mhéara Bhaile Atha Cliath dá ngairmtear Tigh an Ard-Mhéara i mBaile Atha Cliath, agus a dhin san áit sin bunreacht sealadach do tharrach suas agus do chraobhscaoile i gcóir an tionóil sin ina nDáil Éireann agus ina Rialtas ar Shaorstát Éireann:
(8) ciallóidh an focal “an Dara Dáil Éireann” an tionól de bhaill Pháirliminte a togadh do dháilcheanntair in Éirinn i dToghachán Páirliminte a comóradh an 13adh lá de Bhealtaine, 1921, agus a tháinig le chéile ina nDáil Éireann agus ina Rialtas ar Shaorstát Éireann i bPáirlimint a comóradh i mBaile Atha Cliath i dTigh roimhráite an Ard-Mhéara an 16adh lá de Lúnasa. 1921:
(9) ciallóidh an focal “an Tríú Dáil Éireann “an tionól de bhaill Pháirliminte a toghadh le Toghachán a comóradh do réir Rúin a rith an Dara Dáil Éireann an 20adh lá de Bhealtaine, 1922, agus ar an gcuma a luaidhtear go speisialta in Acht de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe dar teideal “an tAcht um Shaorstát Éireann (Socrú),1922,” Acht ina ngairmtear den Dáil Éireann san an Tigh den Pháirlimint dá mbeidh an Rialtas Sealadach freagarthach eadhon, an Dáil bhunaidh d'achtuigh an Bunreacht:
(10) ciallóidh an focal “Connra 1921” na hAirtiogail Có-aontuithe do Chonnra idir an Bhreatain Mhóir agus Éire a sighníodh i Lundain an 6adh lá de Mhí na Nodlag 1921, agus a moladh agus a deimhníodh ina dhiaidh sin ag an Dara Dáil Éireann agus ag Páirlimint na Ríochta Aontuithe fé seach agus na bhfuil a théacs leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bunreacht Shaorstáit Éireann, 1922 (Uimh. 1 de 1922):
(11) ciallóidh an focal “Páirlimint na Ríochta Aontuithe” Páirlimint Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí:
(12) ciallóidh an focal “Reacht Briotáineach” Acht de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe agus a cimeádadh i bhfeidhm agus in éifeacht i Saorstát Éireann le hAirtiogal 73 den Bhunreacht:
(13) ciallóidh an focal “Banc na hÉireann” Gobharnóir agus Cuideachta Bhanc na hÉireann no banc Ghobharnóir agus Cuideachta Bhanc na hÉireann, pe'ca is gá sa chás.
Brí focal áirithe geograifigiúla in Achtanna
3.—San Acht so agus i ngach Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint beidh leis na focail seo a leanas na bríonna a cuirtar leo fé seach leis seo, eadhon:—
(1) ciallóidh an focal “Saorstát Éireann” no a chó-fhocal Béarla “the Irish Free State” nuair a húsáidfar é chun baint aon dlí no leithe no achar aon údaráis, oblagáide no leaga do mhiniú an líomatáiste a bheidh de thurus na huaire laistigh d'údarás Páirlimint agus Rialtas Shaorstáit Éireann:
(2) ciallóidh an focal “Tuaisceart Éireann” pé cuid de Shaorstát Éireann ná beidh baint ag comhachta Pháirlimint agus Rialtas Shaorstáit Éireann léi de thurus na huaire:
(3) ciallóidh an focal “an Bhreatain Mhór” Sasana, an Bhreatain Bheag agus Alba:
(4) folóidh na focail “Sasana,” “an Bhreatain Bheag” “Alba,” “Éire” agus “Saorstát Éireann” fé seach na hoileáin (nách iad na Channel Islands iad ná Oileán Mhanainn) atá teoranta le n-a gcóstaí.
Brí focal áirithe breithiúnais in Achtanna.
4.—San Acht so agus i ngach Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint beidh leis na focail seo a leanas na bríonna a cuirtar leo fé seach leis seo, eadhon:—
(1) ciallóidh an focal “Cúirt Uachtarach” an Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach i Saorstát Éireann:
(2) ciallóidh an focal “Ard-Chúirt” an Ard-Chúirt Bhreithiúnais i Saorstát Éireann:
(3) ciallóidh an focal “Cúirt Chuarda” an Chúirt Bhreithiúnais Chuarda i Saorstát Éireann:
(4) ciallóidh an focal “Cúirt Dúithche” an Chúirt Bhreithiúnais Dúithche i Saorstát Éireann:
(5) ciallóidh an focal “cúirt údaráis achmair” Cúirt Dúithche:
(6) ciallóidh an focal “na hAchtanna Údaráis Achmair,” maidir le Ceanntar Póilíneachta Cathrach Bhaile Atha Cliath, na hAchtanna uile a bheidh de thurus na huaire ag regleáil comhachtanna agus dualgaisí Giúistisí Dúithche agus na bpóilíní sa Cheanntar san, agus maidir le haon chuid eile de Shaorstát Éireann, Acht na nGearr-Shioson (Éirinn), 1851, agus gach Acht ag leasú an Achta san, a ritheadh no a rithfar, agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire:
(7) ciallóidh an focal “Achtanna na gClásanna Talmhan” Acht Có-dhlúite na gClásanna Talmhan, 1845, Acht Leasuithe Achtanna Có-dhlúite na gClásanna Talmhan, 1860, Acht na mBóthar Iarainn (Éirinn), 1851, Acht na mBóthar Iarainn (Éirinn), 1860, Acht na mBóthar Iarainn (Éirinn), 1864, agus Acht na mBóthar Iarainn i dtaobh Séana, agus gach Acht ag leasú na nAchtanna san no aon chinn acu agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire:
(8) ciallóidh an focal “Achtanna Luachála” na hAchtanna a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus a bhaineann le luacháil maoine ionrátuithe i Saorstát Éireann.
Brí focal áirithe generálta in Achtanna
5.—San Acht so agus i ngach Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint beidh leis na focail seo a leanas na bríonna a cuirtar leo fé seach leis seo, eadhon:—
(1) ciallóidh an focal “bliain airgeadais,” maidir le nithe a bhaineann leis an bPrímh-Chiste, no le hairgead a sholáthróidh an tOireachtas, no leis an Stát-Chiste, no le haon chánacha a bheidh leagtha ag Oireachtas Shaorstáit Éireann, no a bhaineann ar aon tslí eile le hairgeadas Shaorstáit Éireann, an dá mhí dhéag dar críoch an 3ladh lá de Mhárta:
(2) ciallóidh an focal “faisnéis reachtúil” faisnéis a déanfar de bhua Acht na bhFaisnéisí Reachtúla, 1835:
(3) ciallóidh an focal “mapa ordonáis” mapa a dineadh fé sna comhachta a bronnadh leisena hAchtanna Suirbhéireachta (Éirinn), 1825 go 1870, agus gach Acht ag leasú na nAchtanna san no aon chinn acu agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.
Brí an fhocail “rialacha cuirte.”
6.—(1) San Acht so agus i ngach Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint isé brí a bheidh leis an bhfocal “rialacha cúirte,” nuair a húsáidfar é maidir le haon chúirt, ná rialacha a bheidh déanta ag an údarás go mbeidh comhacht aige de thurus na huaire chun rialacha no orduithe do dhéanamh chun cleachta agus nós-imeachta na cúirte sin do regleáil.
(2) An chomhacht a bheidh ag gach údarás go mbeidh comhacht aige de thurus na huaire chun rialacha no orduithe do dhéanamh chun cleachta agus nós-imeachta aon chúirte do regleáil (pe'ca roimh rith an Achta so no ina dhiaidh sin a bunuíodh an t-údarás san), folóidh sí comhacht chun rialacha cúirte do dhéanamh chun críche aon Achta a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so agus le n-a n-ordófar no le n-a n-údarófar éinní do dhéanamh i dtaobh na cúirte sin le rialacha cúirte.
Rialacha áirithe generálta chun Achtanna do léiriú.
7.—(1) San Acht so agus i ngach Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint léireofar gach focal i dtaobh ama agus gach tagairt i dtaobh puinte ama, mar fhocail a bhaineann le meán-am Greenwich no a thagrann do, ach san a bheith fé réir forálacha aon achtacháin a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus le n-a bhforáltar tosach a bheith ag an am i Saorstát Éireann ar mheán-am Greenwich ar feadh aon tréimhse áirithe.
(2) Nuair a bheidh aon fhaid á thomhas chun crícheanna aon Achta a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so, tomhasfar an fhaid sin ina líne dhíreach ar phlána leibhéalta mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint.
(3) San Acht so agus i ngach Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint léireofar focail i dtaobh scríbhneoireachta mar fhocail a fholuíonn tagartha do chlódóireacht, clóscríbhneoireacht, liagrafaíocht, grianghrafaíocht, agus slite eile chun focail do thaisbeáint no do thabhairt amach i bhfuirm shofheicse.
(4) Sa chás go n-údarófar no go n-iarrfar le hAcht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so aon scríbhinn do sheirbheáil tríd an bpost, pe'ca an briathar “seirbheálaim” a húsáidfar ann no an briathar “tugaim,” “seachadaim,” no “cuirim chun” no aon bhriathar eile, ansan, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint tuigfar gur dineadh an tseirbheáil má dineadh sa cheart an seola do chur ar leitir ina raibh an scríbhinn, roimh-íoc aisti agus í phostáil, agus, mara gcruthuítear a mhalairt, isé uair a tuigfar a dineadh an tseirbheáil sin ná an uair a seachadfí an leitir i ngnáthchúrsa an phuist.
(5) Má bhíonn in aon Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so tuairisc ar aon Acht, instruimid no scríbhinn eile, no athrá as a leithéid, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint léireofar an tuairisc no an t-athrá san fé mar a bheadh foluithe ann an focal an t-alt no an pháirt eile a luadhadh no dar tagradh mar thosach no mar dheire ar an gcuid go raibh an tuairisc no an t-athrá san có-dhéanta dhi.
Dáta Achtanna do rith agus do theacht i bhfeidhm
8.—(1) Isé dáta rithte an Achta so, agus dáta rithte gach Achta eile den Oireachtas pe'ca roimh rith an Achta so no ina dhiaidh sin a ritheadh é, ná an lá ar a gcuirfidh Ionadaí na Coróineach in úil, do réir Airtiogal 41 den Bhunreacht, aontú an Rí leis an mBille i gcóir an Achta san.
(2) Láithreach tar éis rithte an Achta so, agus láithreach tar éis rithte gach Achta eile a rithfar tar éis rithte an Achta so, cúlscríobhfidh Cléireach na Dála ar an Acht san, díreach fé bhun teideal an Achta san an dáta ar ar ritheadh an tAcht san, agus tuigfar gur cuid den Acht an chúl-scríbhinn sin.
(3) Gach Acht a rithfar tar éis rithte an Achta so, tiocfa sé i bhfeidhm láithreach tar éis a rithte mara gcuirtar a mhalairt in úil.
Ní cuid d'Acht nótaí ciumhais ná nótaí eile.
9.—Nuair a beifear ag léiriú no ag míniú an Achta so no aon Achta eile den Oireachtas, pe'ca roimh rith an Achta so no ina dhiaidh sin a ritheadh é, ní háireofar mar chuid den Acht ná ní breithneofar ná ní bacfar i gcúrsaí breithiúnais aon nóta ciumhais, ceann-scríbhinn ná nóta eile a cuireadh ar leath-imeall, os cionn no ag bun aon ailt no grúpa d'altanna dhe chun abhar, lán no éifeacht an ailt sin no an ghrúpa san do chur in úil.
Tabharfar áird ar na hAchtanna i gcúrsaí breithiúnais, agus beidh gach alt ina achtachán fé leith.
10.—(1) Beidh an tAcht so, agus gach Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so, ina Acht puiblí agus tabharfar áird air i gcúrsaí breithiúnais mara bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht.
(2) Déanfar gach Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so do roinnt in altanna a bheidh uimhrithe do réir a chéile.
(3) Gach alt den Acht so agus de gach Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so, beidh éifeacht aige mar achtachán fé leith gan focail tionscnaimh.
Rialacha léiriúcháin i dtaobh tosach feidhm Achtanna.
11.—(1) San Acht so agus i ngach Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so, nuair a húsáidfar an focal “tosach feidhm” i dtaobh Achta ciallóidh sé am an Achta do theacht i bhfeidhm.
(2) Má abartar go dtiocfidh i bhfeidhm ar lá áirithe Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so, no aon ordú, barántas, scéim, leitreacha paitinne, rialacha, rialacháin, no fo-dhlithe a dineadh, a deonadh, no a tugadh amach fé chomhacht a bronnadh le haon Acht den tsórt san, tuigfar an céanna do theacht i bhfeidhm díreach ar bheith caithte don lá roimhe sin.
(3) Má bhíonn Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so gan bheith le teacht i bhfeidhm láithreach tar éis é bheith rithte, agus gurb Acht é le n-a mbronntar comhacht chun aon cheapa do dhéanamh, chun aon instruimid, sé sin le rá, aon ordú, barántas, scéim, leitreacha paitinne, rialacha, rialacháin, no fodhlithe, do dhéanamh, do dheona no do thabhairt amach, chun fógraí do thabhairt, chun fuirmeacha do cheapa no chun éinní eile do dhéanamh chun crícheanna an Achta, féadfar mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint, an chomhacht san d'fheidhmiú aon uair tar éis rithte an Achta, sa mhéid gur gá no gur oiriúnach é chun an tAcht do chur i bhfeidhm ar dháta tosach a fheidhme, ach aon instruimid a déanfar fén gcomhacht san ní thiocfa sí i bhfeidhm go dtí go dtiocfidh an tAcht i bhfeidhm mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint san Acht no mara mbeidh a mhalairt riachtanach chun an tAcht do chur i bhfeidhm.
Léiriú forálacha i dtaobh feidhmiú comhachtanna agus dualgaisí.
12.—(1) Má dintar le hAcht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so comhacht do bhronna no dualgas do cheapa, ansan, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint, féadfar an chomhacht d'fheidhmiú agus déanfar an dualgas o am go ham fé mar is gá.
(2) Má dintar le hAcht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so comhacht do bhronna no dualgas do chur ar shealbhóir oifige mar shealbhóir oifige, ansan, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint, féadfidh an té a bheidh i seilbh na hoifige de thurus na huaire an chomhacht d'fheidhmiú agus déanfa sé an dualgas.
(3) Má dintar le hAcht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so comhacht do bhronna chun aon rialacha, rialacháin, no fo-dhlithe do dhéanamh, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint tuigfar go bhfuil foluithe sa chomhacht san comhacht chun na rialacha, na rialacháin no na fo-dhlithe do chur ar neamhní, d'athghairm, do leasú no d'atharú, sé sin comhacht is infheidhmithe ar an gcuma gcéanna agus a bheidh fé réir an cheada chéanna agus na gcoinníoll gcéanna, más ann dóibh.
Léiriú agus éifeacht athghairm Achtanna.
13.—(1) Má dintar leis an Acht so no le haon Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so aon fhorálacha d'Acht a bhí ann roimhe d'athghairm agus d'athachtú, agus san i dteanta no d'éamais atharú dhéanamh ortha, déanfar, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint, tagartha a dineadh in aon Acht eile do sna forálacha a hathghairmeadh amhlaidh do léiriú mar thagartha do sna forálacha a hathachtuíodh amhlaidh.
(2) Má athghairmtear aon achtachán eile leis an Acht so no le haon Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so, ansan, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint, ní dhéanfidh an athghairm—
(a) aithbheochaint ar éinní a bheidh gan bheith i bhfeidhm no gan bheith ann le linn an athghairm do theacht in éifeacht; ná
(b) baint le haon oibriú a dhin aon achtachán a hathghairmeadh amhlaidh ná le héinní a dineadh ná a fuluingeadh go cuibhe fé aon achtachán a hathghairmeadh amhlaidh; ná
(c) baint le haon cheart, príbhléid, oblagáid ná fiachas a fuarthas, d'fhás no fé n-ar chuathas fé aon achtachán a hathghairmeadh amhlaidh; ná
(d) baint le haon pheannaid, cailliúint, ná pionós a tuilleadh mar gheall ar aon chionta a dineadh i gcoinnibh aon achtacháin a hathghairmeadh amhlaidh; ná
(e) baint le haon lorgaireacht, imeacht dlí, ná leigheas i dtaobh aon chirt, príbhléide, oblagáide, fiachais, peannaide, cailliúna, ná pionóis den tsórt san roimhráite;
agus féadfar aon lorgaireacht, imeacht dlí no leigheas den tsórt san do bhunú, do chimeád ar siúl no do chur i bhfeidhm, agus féadfar aon pheannaid, cailliúint, no pionós den tsórt san do ghearra, fé is dá mba ná rithfí an tAcht ath-ghairme.
(3) Má dintar le hAcht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so aon achtachán a bhí ann roimhe d'athghairm i bpáirt no go hiomlán agus forálacha do chur in ionad an achtacháin a hathghairmeadh, fanfidh an t-achtachán athghairmthe i bhfeidhm go dtí go dtiocfidh na forálacha san i bhfeidhm.
Léiriú rialacha reachtúla, etc.
14.—Má dintar le haon Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so comhacht do bhronna chun aon instruimid, sé sin le rá, aon ordú, barántas, scéim, leitreacha paitinne, rialacha, rialacháin no fo-dhlithe, do dhéanamh, do dheona no do thabhairt amach, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint, beidh leis na focail agus na habairtí a húsáidfar san instruimid na bríonna céanna fé seach a bheidh leo san Acht le n-a mbronnfar an chomhacht.
Forálacha i dtaobh ciontaí fé dhá dhlí no níos mó.
15.—I gcás gníomh no faillí do bheith ina chionta fé dhá Acht no níos mó, no fé Acht agus sa dlí choitianta in éineacht, pe'ca roimh thosach feidhm an Achta so no ina dhiaidh sin a ritheadh aon Acht den tsórt san, féadfar, mara mbeidh a mhalairt i dtuisgint, an dlí do chur ar an gciontathóir agus é phionósú fé cheachtar no aon cheann de sna hAchtanna no fén dlí choitianta ach ní féadfar é phionósú fé dhó san aon chionta amháin.
Féadfar Achtanna d'athghairm, etc., sa tsiosón chéanna.
16.—Féadfar Acht a ritheadh in aon tsiosón den Oireachtas d'atharú, do leasú, no d'athghairm le haon Acht a rithfar níos déanaí sa tsiosón chéanna.
Luadh Achtanna.
17.—(1) Féadfar an tAcht so, agus gach Acht eile den Oireachtas, pe'ca roimh rith an Achta so no ina dhiaidh sin a ritheadh é, do luadh in aon Acht, instruimid, no scríbhinn tré ghearr-theideal an Achta do luadh no tríd an mbliain chaileandair in ar ritheadh an tAcht agus uimhir leantach an Achta sa bhliain sin do luadh.
(2) Aon achtachán den Oireachtas san Acht so, no in aon Acht eile den Oireachtas, pe'ca roimh rith an Achta so no ina dhiaidh sin a ritheadh é, féadfar é luadh tríd an alt no an fo-alt den Acht ina bhfuil an t-achtachán do luadh.
Baint an Achta Léiriúcháin, 1889.
18.—(1) An tAcht Léiriúcháin, 1889, fé mar atá sé atharuithe agus oiriúnuithe leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922), no fé, bainfe sé, agus tuigfar gur bhain sé riamh, le gach Acht den Oireachtas a ritheadh roimh thosach feidhm an Achta so (ach amháin an tAcht so), agus le gach ordú, riail, rialachán, no instruimid eile a dineadh, roimh thosach feidhm an Achta so no ina dhiaidh sin, fé údarás Achta den Oireachtas a ritheadh roimh thosach feidhm an Achta so no i bpáirt fé údarás an Achta san agus i bpáirt fé údarás Achta de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe.
(2) Ní bhainfidh an tAcht Léiriúcháin, 1889, leis an Acht so ná le haon Acht a rithfar tar éis tosach feidhm an Achta so ná le haon riail, rialachán, ná instruimid eile a déanfar fé údarás aon Achta den tsórt san no i bpáirt fé údarás aon Achta den tsórt san agus i bpáirt fé údarás Achta a rith an tOireachtas roimh thosach feidhm an Achta so no fé údarás Achta de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe.
Gearr-Theideal.
19.—Féadfar an tAcht Léiriúcháin, 1923, do ghairm den Acht so agus tiocfa sé i bhfeidhm an 1adh lá d'Eanair, 1924.