[EN]

Uimhir 47 de 1956.


[EN]

AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE, MAIDIR LE BRABÚIS AS MIANADÓIREACHT GHUAIL AGUS LE BRABÚIS AS ONNMHAIRE, CHUN FAOISEAMH SEALADACH A THABHAIRT Ó CHÁNACHAS, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN LIÚNTAIS FOIRGNÍOCHTA TIONSCAIL A DHEONADH, DÁ ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS DUAIS-BHANNAÍ A BHUNÚ AGUS D'EISIÚINT AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH SOCRUITHE I dTAOBH AIRGEADAIS. [27 Nollaig, 1956.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

[EN]

Gearrtheideal agus forléiriú.

1.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar an tAcht seo a léamh agus d'fhorléiriú, a mhéid a bhaineas sé le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineas sé le cáin bhrabús corparáide, déanfar é a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

[EN]

Achomhairc.

2.—Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta ar aon cheist a tharlós faoi Chuid II, Cuid III nó Cuid IV den Acht seo (lena n-áirítear aon tuairim ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 4 den Acht seo) amhail mar d'fhéadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne measúnuithe i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forála de na hAchta Cánach Ioncaim a bhaineas le hachomhairc.

[EN]

Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, a leasú.

3.—Leasaítear leis seo mír (1) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur léi:

[EN]

“Provided that where a person is carrying on a trade which consists of or includes the working of a mine or quarry or the smelting of ore, the deduction to be allowed under this paragraph in respect of machinery or plant belonging to him and used in connection with the working of the mine or quarry or the smelting of the ore shall, if the person so elects, be such sum as is considered just and reasonable having regard to the period at the expiration of which the mine or quarry is likely to cease to be worked or the smelting of ore is likely to be discontinued and the probable value of the machinery or plant at the expiration of that period to the person carrying on the trade.”

CUID II.

Brabúis ó Oibríochtaí Gual-Mhianadóireachta— Faoiseamh Sealadach ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Bhrabús Corpáráide.

[EN]

Mínithe (Cuid I I).

4.—Sa Chuid seo den Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “oibríochtaí gual-mhianadóireachta” oibríochtaí gual-mhianadóireachta (trí thochailt faoi thalamh nó trí thochailt in uachtar talún) sa Stát, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, ach sin sa mhéid go dtáirgfear nó gur táirgeadh gual dá dtoradh agus sa mhéid sin amháin;

[EN]

ciallaíonn “lá tosnuithe” an lá tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, dá dtagartar i mír (b) den mhíniú san alt seo ar “nua-oibríochtaí gual-mhianadóireachta”;

[EN]

ciallaíonn “oibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha” oibríochtaí gual-mhianadóireachta ár táirgeadh gual dá dtoradh tráth ar bith sa tréimhse bhliana dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956;

[EN]

ciallaíonn “nua-oibríochtaí gual-mhianadóireachta” oibríochtaí gual-mhianadóireachta—

[EN]

(a) nach oibríochtaí gual-mhianóireachta láithreacha,

[EN]

(b) a tosnófar aon lá tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, agus

[EN]

(c) arb é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, ag féachaint do na himthosca go léir (ar a bhréadfar cineál agus méadúlacht na n-oibríochtaí agus an áit a bhfuiltear ag gabháil dóibh d'áireamh), gur oibríochtaí gualmhianadóireachta iad atá ar leithligh agus ar deighilt go substaintiúil ó aon oibríochtaí gual-mhianadóireachta eile, agus nach é amháin gur leathnú ar na hoibríochtaí sin iad;

[EN]

ciallaíonn “tairgeadh” táirgeadh i gcainníochtaí réasúnacha tráchtála d'fhonn brabús a dhéanamh.

[EN]

Srian ginearálta le faoiseamh.

5.—Ní tabharfar faoiseamh faoin gCuid seo den Acht seo ach amháin i leith ioncaim nó brabús a gheobhas cuideachta, a corpraíodh sa Stát agus a chónaíos ann chun críocha cánach ioncaim, as nua-oibríochtaí gual-mhianadóireachta nó as oibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha.

[EN]

Brabúis ó nuaoibríochtaí gual-mhianadóireachta a ríomh le haghaidh cánach ioncaim.

6.—Nuair a bheas méid na mbrabús ó aon nua-oibríochtaí gual mhianadóireachta á ríomh lena measúnú i leith cánach ioncaim—

[EN]

(a) áireofar na nua-oibríochtaí gual-mhianadóireachta mar thrádáil ar leith, agus

[EN]

(b) measfar gur híocadh aon cháin bhrabús corparáide nach bhfuil, de bhua ailt 7 den Acht seo, iníoctha.

[EN]

Faoiseamh— nua-oibríochtaí gual-mhianadóireachta.

7.—(1) Déanfar cáin ioncaim is iníoctha i leith ioncaim, arna ríomh do réir na nAcht Cánach Ioncaim, ó nua-oibríochtaí gualmhianadóireachta, a laghdú, maidir leis an mbliain mheasúnuithe ar lá dhi an lá tosnuithe agus le blianta measúnuithe ina dhiadh sin, caoga faoin gcéad, faoi réir an choinníll nach ndéanfar cáin ioncaim is iníoctha amhlaidh a laghdú amhlaidh d'aon bhliain mheasúnuithe a thosnós an 6ú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis.

[EN]

(2) (a) Laghdófar caoga faoin gcead cáin bhrabús corparáide is inchurtha i leith brabús ó nua-oibríochtaí gualmhianadóireachta in aghaidh tréimhsí cuntasaíochta nó coda de thréimhsí cuntasaíochta laistigh den tréimhse ón lá tosnuithe go dtí an 30ú lá de Mhean Fómhair, 1966.

[EN]

(b)   Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim pé cionroinnt a dhéanamh is dóigh leo is gá chun críocha an fho-ailt seo.

[EN]

Faoiseamh— oibríochtaí gual mhianadóireachta láithreacha.

8.—(1) In aghaidh gach bliana measúnuithe iomchuí, laghdófar caoga faoin gcéad cáin ioncaim is iníoctha i leith ioncaim, arna ríomh do réir na nAcht Cánach Ioncaim, ó oibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha, a mhéid atá an t-ioncam sin inchurtha i leith an fharasbairr chánach ioncaim.

[EN]

(2) (a)   In aghaidh gach ceann de na tréimhsí cuntasaíochta nó de na coda de thréimhsí cuntasaíochta laistigh den tréimhse ón 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1956, go dtí an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1966, laghdófar caoga faoin gcéad cáin bhrabús corparáide is inmhuirir i leith brabús ó oibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha, a mhéid atá na brabúis sin inchurtha i leith an fharasbairr chánach brabús corparáide.

[EN]

(b)   Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim pé cionroinnt a dhéanamh is dóigh leo is gá chun críocha an fho-ailt seo.

[EN]

(c)   Nuair a bheas méid na mbrabús ó oibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha á ríomh lena measúnú i leith cánach ioncaim, measfar gur híocadh aon cháin bhrabús corparáide nach bhfuil, de bhua an fho-ailt, seo, iníoctha.

[EN]

(3) (a) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “bonn-tréimhse” an tréimhse ar ar a brabúis nó a sochair a déantar cáin ioncaim i leith na n-oibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha a ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D don bhliain mheasúnuithe iomchuí;

[EN]

ciallaíonn “farasbarr cánach brabús corparáide” farasbarr na táirgeachta guail ó na hoibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha do thréimhse chuntasaíochta nó do chuid de thréimhse chuntasaíochta dá dtagrann mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo thar an táirgeacht chaighdeánach ghuail;

[EN]

ciallaíonn “farasbarr cánach ioncaim” farasbarr na táirgeachta guail ó na hoibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha sa bhonn-tréimhse do bhliain mheasúnuithe iomchuí thar an táirgeacht chaighdeánach ghuail;

[EN]

ciallaíonn “bliain mheasúnuithe iomchuí” gach ceann de na deich mbliana measúnuithe comhleanúnacha arb í an chéad bhliain díobh pé bliain de na trí bliana measúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, an 6ú lá d'Aibreán, 1958, agus an 6ú lá d'Aibreán, 1959, faoi seach, a roghnós an chuideachta a bheas i gceist nó, mura roghnaí, an bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, faoi réir an choinníll, in aon chás inarb ionann an táirgeacht chaighdeánach ghuail agus an táirgeacht ghuail sa dá mhí dhéag dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nach bliain mheasúnuithe iomchuí an bhliain mheasúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, más rud é gur ar lá roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1955, a thosnaigh an bhonn-tréimhse maidir léi;

[EN]

ciallaíonn “an táirgeacht chaighdeánach ghuail” an táirgeacht ghuail ó na hoibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha sa dá mhí dhéag dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó, más é is rogha leis an gcuideachta a bheas i gceist, sa dá mhí dhéag dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1955.

[EN]

(b)  I gcás inar gá, chun an farasbarr cánach ioncaim nó an farasbarr cánach brabús corparáide a dhéanamh amach, comparáid a dhéanamh idir an táirgeacht chaighdeánach ghuail agus an táirgeacht ghuail i dtréimhse is giorra ná dhá mhí dhéag, measfar, chun críche na comparáide, gurb ionann an táirgeacht chaighdeánach ghuail agus an chuid sin di a bhfuil idir í agus an t-iomlán an cothrom céanna atá idir an tréimhse sin agus dhá mhí dhéag.

[EN]

Díbhinní, etc.

9.—(1) Má bhíonn teideal, faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, ag cuideachta cáin ioncaim a bhaint as aon díbhinn, ní déanfar, in aon chás, cáin a bhaint aisti do réir ráta is mó ná ráta na cánach ioncaim arna laghdú d'aon fhaoiseamh ón gcáin sin a bheirtear faoin gCuid seo den Acht seo, agus beidh feidhm dá réir sin ag forála ailt 5 den Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940), le haon mhodhnuithe is gá.

[EN]

(2) An ráta cánach ioncaim ar dá réir a bheas aon aisíoc cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnuithe le déanamh beidh sé faoi réir pé coigeartuithe is cuí i gcásanna ina dtugtar faoiseamh faoi réim nó de bhua na Coda seo den Acht seo.

[EN]

(3) Ní deonfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim faoin gCuid seo den Acht seo i leith aon ioncaim a bhfuil teideal ag cuideachta, ar shlí seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, an cháin ioncaim ina leith a mhuirearú ar aon duine eile nó a bhaint, a choimeád siar nó a ghlanadh as aon íocaíocht le haon duine eile.

[EN]

(4) I gcás ina ndéanfar, de bhua fo-ailt (1) den alt seo, cáin ioncaim a bhaint as díbhinn do réir ráta laghdaithe, is é méid a bheas le cur i leith na díbhinne in aon tuairisceán chun críocha forchánach ná méid a mbeidh idir é agus méid na díbhinne an cothrom céanna atá idir ráta na cánach ioncaim a baineadh aisti agus an ráta a húdarófaí a bhaint aisti dá mba nár hachtaíodh an t-alt seo.

CUID III.

Brabúis ó Onnmhaire—Faoiseamh Sealadach ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Bhrabús Corparáide.

[EN]

Mínithe (Cuid III).

10.—Sa Chuid seo den Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta” tréimhse chuntasaíochta chuideachtan nó cuid de thréimhse chuntasaíochta chuideachtan laistigh den tréimhse ón 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1956, go dtí an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1961;

[EN]

ciallaíonn “bonn-tréimhse” an tréimhse ar ar a brabúis nó a sochair a déantar cáin ioncaim i leith trádála cuideachtan a ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D don bhliain éilimh;

[EN]

ciallaíonn “cuideachta” (ach amháin chun críocha an choinníll a ghabhas leis an míniú san alt seo ar “earraí”) comhlucht corpraithe a dhéanas i gcúrsa a thrádála earraí d'onnmhuiriú as an Stát;

[EN]

ciallaíonn “earraí” earraí arna monarú sa Stát ag an duine a onnmhuiríos iad nó cuid díobh agus arb é, maidir leis an mbonntréimhse iomchuí nó an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, an chuideachta é a éilíos faoiseamh faoin gCuid seo den Acht seo, ach sin faoi réir an choinníll, i gcás dhá chuideachta a bheith ann a bhfuil ceann acu ag monarú na n-earraí agus an ceann eile á n-onnmhuiriú agus níos mó ná nócha faoin gcéad de na gnáthscaireanna i gcuideachta amháin a bheith ar seilbh na cuideachtan eile nó níos mó ná nócha faoin gcéad de na gnáth-scaireanna i gcuideachta amháin a bheith, go díreach nó go neamhdhíreach, ar seilbh dhaoine a bhfuil leas urlámhais acu sa chuideachta eile, go measfar i gcás na n-earraí a mhonaraíos ceann de na cuideachtana agus a onnmhuiríos an chuideachta eile gurb í an chuideachta eile sin a mhonaraigh iad;

[EN]

ciallaíonn “bliain éilimh” gach bliain de chúig bliana measúnuithe comhleanúnacha arb í an chéad bhliain acu pé bliain de na trí bliana measúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, an 6ú lá d'Aibreán, 1958, agus an 6ú lá d'Aibreán, 1959, faoi seach, a roghnós an chuideachta a bheas i gceist nó, mura roghnaí, an bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, faoi réir an choinníll, in aon chás inarb ionann an tréimhse chaighdeánach agus an tréimhse bhliana dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nach bliain éilimh an bhliain mheasúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, más rud é gur ar lá roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1955, a thosnaigh an bhonn-tréimhse maidir léi.

[EN]

An tréimhse chaighdeánach.

11.—Chun críocha na Coda seo den Acht seo, is í is tréimhse chaighdeánach maidir le trádáil chuideachtan an tréimhse bhliana dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó, má roghnaíonn an chuideachta amhlaidh, an tréimhse bhliana dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1955, agus beidh feidhm ag an tréimhse chaighdeánach sin maidir leis an trádáil pé acu bhí nó nach raibh, i gcaitheamh gach coda nó aon choda den tréimhse chaighdeánach sin, an trádáil á seoladh ag duine, seachas an chuideachta, a sheol í sa bhliain éilimh nó sa tréimhse chuntasaíochta (pé acu é), nó a bhí nó nach raibh coda ar leithligh di á seoladh ag daoine éagsúla, ach ní bheidh feidhm ag an tréimhse chaighdeánach sin i gcás nach raibh an trádáil ar marthain roimh dheireadh na tréimhse caighdeánaí sin.

[EN]

Bonn an fhaoisimh ó cháin ioncaim.

12.—(1) Má éilíonn cuideachta agus go gcruthóidh sí maidir le haon bliain éilimh—

[EN]

(a) go ndearnadh, sa tréimhse chaighdeánach maidir leis an trádáil, earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála,

[EN]

(b) go ndearnadh, sa bhonn-tréimhse, earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála, agus

[EN]

(c) go raibh breis ag an méid iomlán a bhí le fáil as díol na n-earraí a luaitear go deiridh ar an méid iomlán a bhí le fáil as díol na n-earraí a honnmhuiríodh sa tréimhse chaighdeánach,

[EN]

laghdófar caoga faoin gcéad an cháin ioncaim is iníoctha ag an gcuideachta don bhliain éilimh, a mhéid a bhaineas sí leis an mbrabús is inchurtha i leith na breise sin.

[EN]

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, measfar gurb é “an brabús is inchurtha i leith na breise sin” pé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachtan don bhliain éilimh, arna ríomh do réir na nAcht Cánach Ioncaim, is inchurtha i leith díol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh), an cothrom céanna a bheas idir an bhreis sin agus an méid iomlán a bhí le fáil ag an gcuideachta as an díol sin sa bhonntréimhse.

[EN]

(3) Má éilíonn cuideachta agus go gcruthóidh sí maidir le haon bhliain éilimh—

[EN]

(a) nach ndearnadh, sa tréimhse chaighdeánach maidir leis an trádáil, aon earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála nó nach bhfuil an tréimhse chaighdeánach infheidhme, agus

[EN]

(b) go ndearnadh, sa bhonn-tréimhse, earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála,

[EN]

laghdófar caoga faoin gcéad an cháin ioncaim is iníoctha ag an gcuideachta don bhliain éilimh, a mhéid a bhaineas sí leis an mbrabús as díol na n-earraí a honnmhuiríodh amhlaidh.

[EN]

(4) Chun críocha fo-ailt (3) den alt seo, measfar gurb é “an brabús as díol na n-earraí a honnmhuiríodh amhlaidh” pé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachtan don bhliain éilimh, arna ríomh do réir na nAcht Cánach Ioncaim, is inchurtha i leith díol na n-earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh), an cothrom céanna a bheas idir an méid a bhí le fáil sa bhonn-tréimhse as díol earraí a honnmhuiríodh agus an méid iomlán a bhí le fáil ag an gcuideachta as díol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh) sa bhonn-tréimhse.

[EN]

Bonn an fhaoisimh ó cháin bhrabús corparáide.

13.—(1) Má éilíonn cuideachta agus go gcruthóidh sí maidir le tréimhse chuntasaíochta—

[EN]

(a) go ndearnadh, sa tréimhse chaighdeánach maidir leis an trádáil, earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála,

[EN]

(b) go ndearnadh, sa tréimhse chuntasaíochta, earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála, agus

[EN]

(c) go raibh breis ag an méid iomlán a bhí le fáil as díol na n-earraí a luaitear go deiridh ar an méid iomlán (dá ngairmtear an méid caighdeánach san alt seo) a bhí le fáil as díol na n-earraí a honnmhuiríodh sa tréimhse chaighdeánach,

[EN]

laghdófar caoga faoin gcéad an cháin bhrabús corparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta, a mhéid a bhaineas sí leis an mbrabús is inchurtha i leith na breise sin

[EN]

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, measfar gurb é “an brabús is inchurtha i leith na breise sin” pé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachtan don tréimhse chuntas aíochta, arna ríomh chun críocha cánach brabús corparáide, is inchurtha i leith díol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh), an cothrom céanna a bheas idir an bhreis sin agus an méid iomlán a bhí le fáil ag an gcuideachta as an díol sin sa tréimhse chuntasaíochta.

[EN]

(3) Má éilíonn cuideachta agus go gcruthóidh sí maidir le tréimhse chuntasaíochta—

[EN]

(a) nach ndearnadh, sa tréimhse chaighdeánach maidir leis an trádáil, aon earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála nó nach bhfuil an tréimhse chaighdeánach infheidhme, agus

[EN]

(b) go ndearnadh, sa tréimhse chuntasaíochta, earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála,

[EN]

laghdófar caoga faoin gcéad an cháin bhrabús corparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta, a mhéid a bhaineas sí leis an mbrabús as díol na n-earraí a honnmhuiríodh amhlaidh.

[EN]

(4) Chun críocha fo-ailt (3) den alt seo, measfar gurb é “an brabús as díol na n-earraí a honnmhuiríodh amhlaidh” pé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachtan don tréimhse chuntasaíochta, arna ríomh chun críocha cánach brabús corparáide is inchurtha i leith díol na n-earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh), an cothrom céanna a bheas idir an méid a bhí le fáil sa tréimhse chuntasaíochta as díol earraí a honnmhuiríodh agus an méid iomlán a bhí le fáil ag an gcuideachta as díol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh) sa tréimhse chuntasaíochta.

[EN]

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim pé cionroinnt a dhéanamh is dóigh leo is ga chun críocha fo-alt (1) agus (3) den alt seo.

[EN]

(6) I gcás inar gá, chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, go gcuirfí i gcomparáid leis an méid caighdeánach an méid iomlán a bhí le fáil as díol earraí a honnmhuiríodh i dtréimhse chuntasaíochta ba lú ná dhá mhí dhéag, measfar, chun críche na comparáide, gurb ionann an méid caighdeánach agus an chuid sin de a mbeidh idir í agus an t-iomlán an cothrom céanna a bheas idir an tréimhse chuntasaíochta agus dhá mhí dhéag.

[EN]

(7) Más rud é, lá tosnuithe na tréimhse caighdeánaí nó aon lá dá éis sin, go dtarlóidh aon athrú trína n-aistreofar cuid de thrádáil chun duine ar bith, déanfar, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta a dtarlóidh an t-athrú inti nó roimpi, an méid caighdeánach a chionroinnt chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, agus déanfar gach cionroinnt den tsórt sin i pé slí a mheasfas na Coimisinéirí Ioncaim a bheith cóir, ag féachaint do na himthosca go léir.

[EN]

(8) Nuair a bheas méid na mbrabús nó na sochar ó thrádáil chuideachtan, á ríomh lena measúnú i leith cánach ioncaim, measfar gur híocadh aon cháin bhrabús corparáide nach bhfuil, de bhua an ailt seo, iníoctha.

[EN]

Athrú dílseánachta, etc.

14.—(1) Chun críocha fo-ailt (1) d'alt 12 den Acht seo, más rud é, i mbliain éilimh, go dtiocfaidh comharba i seilbh thrádála, déanfar an méid iomlán a bhí le fáil as díol na n-earraí a honnmhuiríodh sa tréimhse chaighdeánach a chionroinnt idir an réamhtheachtaí agus an comharba i gcomhréir le faid na dtréimhsí faoi seach sa bhliain éilimh a raibh an trádáil á seoladh acu.

[EN]

(2) Más rud é, sa bhliain éilimh, go scoirfear go buan den trádáil, measfar, chun críocha fo-ailt (1) d'alt 12 den Acht seo, gurb é an méid iomlán a bhí le fáil as díol na n-earraí a honnmhuiríodh sa tréimhse chaighdeánach an chuid sin de a mbeidh idir í agus an t-iomlán an cothrom céanna a bheas idir an tréimhse sa bhliain éilimh a raibh an trádáil á seoladh agus dhá mhí dhéag.

[EN]

(3) Más rud é, lá tosnuithe na tréimhse caighdeánaí nó aon lá dá éis sin, go dtarlóidh aon athrú trína n-aistreofar cuid de thrádáil chun duine ar bith, déanfar, maidir le haon bhliain éilimh a dtarlóidh an t-athrú inti nó roimpi, an méid iomlán a bhí le fáil as díol na n-earraí a honnmhuiríodh sa tréimhse chaighdeánach a chionroinnt chun críocha fo-ailt (1) d'alt 12 den Acht seo, agus déanfar gach cionroinnt den tsórt sin i pé slí a mheasfas na Coimisinéirí Ioncaim a bheith cóir, ag féachaint do na hiomthosca go léir.

[EN]

Eisiamh, díbhinní, etc.

15.—(1) Ní déanfar laghdú faoin gCuid seo den Acht seo—

[EN]

(a) i leith cánach ioncaim a bhfuil teideal ag cuideachta, ar shlí seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, í a mhuirearú ar aon duine eile nó a bhaint, a choimeád siar nó a ghlanadh as aon íocaíocht le haon duine eile, ná

[EN]

(b) i leith cánach ioncaim nó cánach brabús corparáide is iníoctha ar bhrabúis ó aon oibríochtaí mianadóireachta.

[EN]

(2) Má bhíonn teideal, faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, ag cuideachta cáin ioncaim a bhaint as aon díbhinn, ní déanfar, in aon chás, cáin a bhaint aisti do réir ráta is mó ná ráta na cánach ioncaim arna laghdú d'aon fhaoiseamh ón gcáin sin a bheirtear faoin gCuid seo den Acht seo, agus beidh feidhm dá réir sin ag forála ailt 5 den Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940), le haon mhodhnuithe is gá.

[EN]

(3) An ráta cánach ioncaim ar dá réir a bheas aon aisíoc cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnaithe le déanamh beidh sé faoi réir pé coigeartuithe is cuí i gcásanna ina dtabharfar faoiseamh faoi réim nó de bhua na Coda seo den Acht seo.

[EN]

(4) I gcás ina ndéanfar, de bhua fo-ailt (2) den alt seo, cáin ioncaim a bhaint as díbhinn do réir ráta laghdaithe, is é méid a bheas le cur i leith na díbhinne in aon tuairisceán chun críocha forchánach ná méid a mbeidh idir é agus méid na díbhinne an cothrom céanna a bheas idir ráta na cánach ioncaim a baineadh aisti agus an ráta a húdarófaí a bhaint aisti dá mba nár hachtaíodh an t-alt seo.

CUID IV.

Liúntais Foirgníochta Tionscail.

[EN]

Liúntais foirgníochta tionscail.

16.—(1) Más rud é, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó dá éis, go raghaidh duine faoi chaiteachas caipitil ag déanamh foirgnimh nó déanmhais atá le bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail a háiteofar le haghaidh trádála a bheas á seoladh aige bhéarfar dó, don bhliain mheasúnaithe sa bhonntréimhse ar ina leith a chuathas faoin gcaiteachas, liúntas (dá ngairmtear liúntas foirgníochta tionscail sa Chuid seo den Acht seo) is comhionann leis an deichiú cuid den chaiteachas, agus is mar asbhaint, nuair a beifear ag muirearú brabús nó sochar na trádála, a bhéarfar an liúntas sin.

[EN]

(2) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní tabharfar aon liúntas foirgníochta tionscail i leith aon chaiteachais ar fhoirgneamh nó déanmhas mura foirgneamh nó déanmhas tionscail a bheas sa bhfoirgneamh nó sa déanmhas nuair a cuirfear in úsáid é, agus má deonadh liúntas foirgníochta tionscail i leith aon chaiteachais ar aon fhoirgneamh nó déanmhas den tsórt sin, féadfar aon mheasúnuithe breise a dhéanamh is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) aon chaiteachas chun críocha trádála a raghaidh duine faoi, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó dá éis, más duine é a bheas chun an trádáil a sheoladh, áireofar í amhail is dá mba chaiteachas é a ndeachaigh an duine sin faoi an chéad lá a bheas sí á seoladh aige,

[EN]

(b) ní háireofar mar chaiteachas caipitil aon chaiteachas is cead d'asbhaint nuair a beifear, chun críocha cánach ioncaim, ag ríomh brabús nó sochar trádála a bhí á seoladh ag an duine a chuaigh faoin gcaiteachas, agus

[EN]

(c) sa mhéid go mbeidh caiteachas íoctha nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil, ní háireofar é mar chaiteachas faoina ndeachaigh duine.

[EN]

(4) Chun críocha na Coda seo den Acht seo, measfar gurb é an lá a chuathas faoi aon chaiteachas an lá is iníoctha an tsuim sin a bheas i gceist.

[EN]

(5) Mura féidir lán-éifeacht a thabhairt d'asbhaint faoin alt seo in aon bhliain áirithe toisc gan aon bhrabúis ná sochair a bheith inmhuirir don bhliain sin, nó toisc na brabúis inmhuirir nó na sochair inmhuirir a bheith níos lú ná an asbhaint, ansin, chun an measúnú don bhliain dá éis sin a dhéanamh, cuirfear an asbhaint nó an chuid den asbhaint, pé acu é, nár tugadh éifeacht di, i dteannta méid na hasbhainte i leith liúntais foirgníochta tionscail don bhliain sin, agus measfar gur cuid den asbhaint sin í nó, mura ndéantar aon asbhaint den tsórt sin don bhliain sin, measfar gurb í asbhaint na bliana sin í, agus dá réir sin do bhlianta dá éis sin.

[EN]

(6) Aon éileamh a dhéanfas duine ar liúntas faoin alt seo nuair a bheas brabúis nó sochair a thrádála á gcur faoi mhuirear, cuirfear é sa ráiteas bliantúil is gá a thabhairt faoi na hAchta Cánach Ioncaim i dtaobh na mbrabús nó na sochar aisti, agus cuirfear ina theannta deimhniú, faoi shíniú an éilitheora, a measfar a bheith ina chuid den éileamh, á rá gur ag déanamh foirgnimh nó déanmhais thionscail a chuathas faoin gcaiteachas agus ag tabhairt pé sonraí a thaispeánfas go ndlitear an liúntas a thabhairt.

[EN]

An bhrí atá le “foirgneamh nó déanmhas tionscail”.

17.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn “foirgneamh nó déanmhas tionscail” foirgneamh nó déanmhas a húsáidtear—

[EN]

(a) le haghaidh trádála a seoltar i muileann, i monarcha nó in áitreabh eile dá samhail, nó

[EN]

(b) le haghaidh trádáil na hóstóireachta.

[EN]

(2) Bainfidh fo-alt (1) den alt seo le cuid de thrádáil amhail mar bhaineas sé le trádáil, ach mura gcomhlíonann ach cuid de thrádáil na coinníollacha atá leagtha amach sa bhfo-alt sin, ní bheidh foirgneamh nó déanmhas ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de bhua an fho-ailt seo mura n-úsáidtear é le haghaidh na coda sin den trádáil sin.

[EN]

(3) (a) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) nó i bhfo-alt (2) den alt seo, ach faoi réir fo-ailt (4) den alt seo, ní fholaíonn “foirgneamh nó déanmhas tionscail”, sa Chuid seo den Acht seo, aon fhoirgneamh nó déanmhas a húsáidtear, nó a húsáidtear go páirteach, mar theach cónaithe, siopa mionreaca, seomra taispeána nó oifig nó chun aon críche a ghabhas le críocha tí chónaithe, siopa mhionreaca, seomra taispeána nó oifige.

[EN]

(b)   Sa bhfo-alt seo folaíonn “siopa mionreaca” aon áitreabh dá shamhail ina seoltar trádáil mhionreaca nó gnó mionreaca (ar a n-áirítear obair dheisiúcháin).

[EN]

(4) Má tá cuid d'iomlán foirgnimh nó déanmhais, agus nach bhfuil cuid eile dhe, ina foirgneamh nó déanmhas tionscail, agus nach mó an caiteachas caipitil faoina ndeachthas ag déanamh na dara coda sin a luaitear ná an deichiú cuid den chaiteachas caipitil iomlán faoina ndeachthas ag déanamh iomlán an fhoirgnimh nó an déanmhais, áireofar mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail iomlán an fhoirgnimh nó an déanmhais agus gach cuid de.

[EN]

(5) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo d'fhoirgneamh nó déanmhas d'fhorléiriú mar thagairt a fholaíos tagairt do chuid d'fhoirgneamh nó déanmhas ach amháin nuair a háirítear an tagairt i dtagairt d'iomlán foirgnimh nó déanmhais.

[EN]

An bhrí atá le “bonntréimhse”.

18.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo, tá le “bonn-tréimhse” an bhrí a bheirtear dó leis na forála ina dhiaidh seo den alt seo.

[EN]

(2) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó faoin gCuid seo den Acht seo, is é a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnaithe an tréimhse ar ar a brabúis nó a sochair a bheas cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, i leith na trádála a bheas i gceist nó, más rud é, de bhua aon Achta, go mbeidh brabúis nó sochair aon tréimhse eile le glacadh mar bhrabúis nó sochair na tréimhse sin, an tréimhse eile sin:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás aon trádála—

[EN]

(a) má tá dhá bhonn-tréimhse ag dul isteach ar a chéile, go measfar chun críocha an fho-ailt seo gur sa chéad bhonn-tréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineas i gcoitinne leo araon;

[EN]

(b) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnuithe áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnuithe ina dhiaidh sin, ansin, murab í an bhliain mheasúnuithe ina dhiaidh sin bliain bhuan-scortha na trádála, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-aga; agus

[EN]

(c) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnuithe roimh bhliain bhuan-scortha na trádála agus an bhonn-tréimhse don bhliain bhuanscortha, go measfar gur cuid den chéad bhonntréimhse an t-aga.

[EN]

(3) (a) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhas le fo-alt (2) den alt seo do bhuan-scor trádála d'fhorléiriú mar ní a fholaíos tagairt do tharlachtaint aon ní a bheas, faoi aon cheann d'fhorála na nAcht Cánach Ioncaim, le háireamh mar ní is ionann agus buan-scor trádála.

[EN]

(b)   Déanfar aon tagairt sa choinníoll sin do dhá thréimhse a dhul isteach ar a chéile d'fhorléiriú mar ní a fholaíos tagairt do dhá thréimhse a chomhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse, eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineas i gcoitinne le gach ceann de dhá thréimhse.

[EN]

Léiriú tagairte do chaiteachas ar fhoirgneamh nó déanmhas.

19.—Ní fholaíonn aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do chaiteachas faoina ndeachthas ag déanamh foirgnimh nó déanmhais—

[EN]

(a) aon chaiteachas faoina ndeachthas ag tógaint aon talún nó aon cheart i dtalamh nó thar talamh, ná

[EN]

(b) aon chaiteachas faoina ndeachthas ag ullmhú, ag gearradh, ag tollánadóireacht nó ag cothromú aon talún,

[EN]

ach ní bhainfidh mír (b) den alt seo le caiteachas ar obair a rinneadh ar an talamh a raibh foirgneamh nó déanmhas le cur air chun an talamh d'ullmhú le go nglacfadh sé fothaí an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus ar dócha dhi bheith ina hobair gan tairbhe nuair a scartálfaí an foirgneamh nó an déanmhas agus nach obair ghearrtha ná tollánadóireachta í.

[EN]

Liúntais foirgníochta tionscail maidir le cáin bhrabús corparáide.

20.—I gcás ina bhforálann an Chuid seo den Acht seo le haghaidh liúntais foirgníochta tionscail a thabhairt do chuideachta chun críocha cánach ioncaim, i leith aon chaiteachais, déanfar méid an liúntais d'asbhaint nuair a bheas brabúis na cuideachtan sin á ríomh chun críocha cánach brabús corparáide don tréimhse chuntasaíochta ina ndeachthas faoin gcaiteachas.

CUID V.

Duais-Bhannaí.

[EN]

An tAire.

21.—Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

[EN]

Duais-Bhannaí.

22.—(1) Féadfaidh an tAire, chun críche aon iasachta a n-údaraítear dó le haon Acht nó faoi í d'fháil, urrúis neamhúsmhara a bhunú agus d'eisiúint a bheas faoi réir pé coinníollacha maidir le haisíoc, fuascailt nó eile is oiriúnach leis agus a bhféadfar ina leith urrúis áirithe a roghnú do réir seans le haghaidh duaiseanna, agus is duais-bhannaí a bhéarfar ar na hurrúis sin agus a gairmtear díobh sa Chuid seo den Acht seo.

[EN]

(2) Muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis príomhshuim duais-bhannaí, na duaiseanna ina leith agus an caiteachas faoina raghfar i ndáil lena n-eisiúint.

[EN]

(3) Déanfar aon airgead a cruinneofar trí dhuais-bhannaí a chur chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina bhfuil an Príomh-Chiste ar fáil.

[EN]

(4) Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas aon chaiteachas faoina raghfar i ndáil le bainistí duais-bhannaí.

[EN]

(5) Ní bheidh feidhm maidir le duais-bhannaí ag aon ní atá san Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 (Uimh. 2 de 1956.)

[EN]

Rialacháin.

23.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh duais-bhannaí agus féadfaidh aon rialacháin den tsórt sin foráil a dhéanamh, go háirithe, i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

[EN]

(a) na daoine a fhéadfas duais-bhannaí a cheannach,

[EN]

(b) íocaíochtaí i gcásanna inar duine faoi aon mhíchumas dlíthiúil, nó duine marbh, sealbhóir duais-bhannaí,

[EN]

(c) na hadmhála a bheas ina n-urscaoileadh maith i leith íocaíochtaí,

[EN]

(d) socrú díospóidí,

[EN]

(e) feidhm aon cheann d'fhorála na Bills of Exchange Acts, 1882 to 1917, maidir le barántais nó ionstraimí eile trína ndéantar íocaíochtaí.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag alt 10 den Savings Banks Act, 1887, arna athrú leis na Rialacháin um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí (Táillí d'Athrú), 1953 (I.R. Uimh. 214 de 1953) (alt, arna athrú amhlaidh, a bhaineas leis an bpraghas ar dheimhnithe breithe, báis nó pósta) chun críocha rialachán faoin alt seo amhail mar atá feidhm aige chun críocha na nAcht a bhaineas le Banc Taisce an Phoist, agus beidh éifeacht chun críocha na rialachán sin ag an alt sin amhail is dá mba thaisceoir i mBanc Taisce an Phoist sealbhóir duais-bhannaí nó aon duine ag a bhfuil leas i nduais-bhannaí.

[EN]

Díoliúne ó dhleacht stampa.

24.—Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir i leith—

[EN]

(a) aon bharántais, seice nó ionstraime eile trína ndéantar íocaíocht, arb é atá inti barántas nó seic nó ionstraim eile chun íoctha suime is inaisíoctha, nó aon tsuime eile is iníoctha ag an Aire nó thar a cheann, i leith duais-bhannaí,

[EN]

(b) aon admhála ar aon tsuim den tsórt sin nó ar aon tsuim a híocadh as duais-bhannaí a cheannach,

[EN]

(c) aon chumhachta aturnae nó doiciméid eile nach mbaineann ach le híoc nó admháil aon tsuime den tsórt a luaitear i mír (a) den alt seo, ná

[EN]

(d) aon dámhachtana a déanfar i gcás díospóid i dtaobh duais-bhannaí a chinneadh de bhun rialachán faoi alt 23 den Acht seo.