[EN]

Uimhir 5.


[EN]

ACHT SOCRUITHE NA nGRÍOBHTHACH, 1923.


ACHT CHUN SOLÁTHAR OIRIÚNACH DO DHÉANAMH DO BHAINTRIGH, DO LEANBHAÍ AGUS DO DHRIOFÚR AIRT UÍ GHRÍOBHTHA, UACH-TARÁN, A FUAIR BÁS LE DÉANAÍ, I gCOMAOINE A MHÓR-SHEIRBHÍSE DON NÁISIÚN. [16adh Márta, 1923.] DE BHRÍ gur bheartuigh Dáil Éireann ag cuimhneamh dóibh ar an gcuma in ar dhin an t-Uachtarán, Art O Gríobhtha, a fuair bás le déanaí, a shaol go léir do thabhairt suas le díograis ar mhaithe le muintir na hÉireann, agus i gcomaoine na mórsheirbhíse a thug sé uaidh don Náisiún, agus fós á admháil dóibh go bhfuil sé de dhualgas ar Shaorstát Éireann soláthar oiriúnach do dhéanamh dá bhaintrigh Meadhbh Uí Ghríobhtha agus dá mhac Naomhán O Gríobhtha agus dá iníon Ide Ní Ghríobhtha agus dá dhrifír Próinsias Ní Ghríobhtha gur bheartuíodar le rún go gcuirfí ar leithreas as ciste puiblí Shaorstáit Éireann chun an soláthar oiriúnach san do dhéanamh do Mheadhbh Uí Ghríobhtha, Naomhán O Gríobhtha, Ide Ní Ghríobhtha, agus Próinsias Ní Ghríobhtha roimh-ráite, suim bhliantúil de mhíle púnt ón dara lá déag de Lughnasa, 1922. agus a leanfaidh maidir le leath có-ionann de ar feadh saoil Mheadhbh Uí Ghríobhtha roimh-ráite agus maidir le cúigiú cuid chó-ionann de go ráineoidh do Naomhán O Gríobhtha roimh-ráite cúig bliana fichead do shlánú no bás d'fháil roimh shlánú na haoise sin do, agus maidir le cúigiú cuid chó-ionann eile go ráineoidh d'Ide Ní Ghríobhtha roimh-ráite cúig bliana fichead do shlánú no bás d'fháil roimh shlánú na haoise sin di agus maidir leis an deichiú cuid chó-ionann de a fhanfaidh ar feadh saoil Phróinséis Ní Ghríobhtha roimh-ráite:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTAIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

[EN]

Bliain-chíos £1,000 le díol le hlontaobhuithe.

1.—(1) Cuirfear bliain-chíos no suim bhliantúil de mhíle púnt ón dara lá déag de Lughnasa, 1922, mar mhuirear ar Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann no ar a thora fáis agus íocfar é leis na hIontaobhuithe a ceapfar chun crícheanna an Achta so gach ráithe ar feadh na dtréimhsí fé seach a luaidhtear san Alt so

[EN]

(2) Cuirfear an tsuim bhliantúil de chúig céad púnt (ar a dtugtar “Cuid na Baintrí” san Acht so) eadhon leath có-ionann den bhliain-chíos roimh-ráite de mhíle púnt, cuirfear í mar mhuirear agus íocfar í mar roimh-ráite ar feadh saoil Mhaedhbh Uí Ghríobhtha roimh-ráite.

[EN]

(3) Cuirfear an tsuim bhliantúil de dhá chéad púnt (ar a dtugtar “Cuid an Mhic” san Acht so) eadhon cúigiú cuid chóionann den bhliain-chíos roimh-ráite de mhíle púnt, cuirfear í mar mhuirear agus íocfar í mar roimh-ráite go ráineoidh do Naomhán O Gríobhtha roimh-ráite cúig bliana fichead do shlánú no bás d'fháil fén aois sin.

[EN]

(4) Cuirfear an tsuim bhliantúil de dhá chéad púnt (ar a dtugtar “Cuid na hIníne” san Acht so) eadhon cúigiú cuid chó-ionann eile den bhliain-chíos roimh-ráite de mhíle púnt, cuirfear í mar mhuirear agus íocfar í mar roimh-ráite go dtí go ráineoidh d'Ide Ní Ghríobhtha roimh-ráite cúig bliana fichead do shlánú no bás d'fháil fén aois sin.

[EN]

(5) Cuirfear an tsuim bhliantúil de chéad púnt (ar a dtugtar “Cuid na Driféar” san Acht so) eadhon an deichiú cuid chóionann a fhanfaidh den bhliain-chíos roimh-ráite de mhíle púnt cuirfear í mar mhuirear agus íocfar í mar roimh-ráite ar feadh saoil Phróinséis Ní Ghríobhtha roimh-ráite.

[EN]

Iontaobhacha Cuid na Baintrí

2.—Cimeádfaidh na hIontaobhuithe Cuid na Baintrí ar iontaoibh chun an céanna d'íoc fé mar a gheobhaidh agus nuair a gheobhaidh na hIontaobhuithe é le Maedhbh Uí Ghríobhtha roimh-ráite chun a húsáide féin ar leithligh agus i dtreo ná beidh de chomhacht aice í féin d'fhágaint 'na éaghmuis trí bhaint leis roimh-ré.

[EN]

Iontaobhacha Cuid an Mhic.

3.—(1) Déanfaidh na hIontaobhuithe faid a bheidh Naomhán O Gríobhtha roimh-ráite fé bhun cúig bliana fichead Cuid an Mhic do chimeád ar iontaoibh díreach fé mar is áil leo féin chun iomláine Cuid an Mhic no pé méid de is oiriúnach leo do chur chun cimeád suas, oideachais no tairbhe Naomháin Uí Ghríobhtha roimh-ráite agus féadfaid féin an céanna do chur chun úsáide mar sin no an céanna d'íoc chun na críche roimh-ráite le Maedhbh Uí Ghríobhtha roimh-ráite no neachtar aca le caomhnóir Naomháin Uí Ghríobhtha roimh-ráite.

[EN]

(2) Déanfaidh na hIontaobhuithe faid a bheidh Naomhán O Gríobhtha roimh-ráite fé bhun bliana is fiche pé méid de Chuid an Mhic ná cuirfear chun úsáide fén bhfo-alt roimhe seo do mhéadú tríd an gcéanna do shúncáil ó am go ham maille leis an ioncum a thiocfaidh dá bhárr in urúsanna 'na bhfuil iontaobhuithe údaruithe do réir dlí chun airgead iontaoibhe do shúncáil ionta.

[EN]

(3) Féadfaidh na hIontaobhuithe aon uair no uaireanta díreach fé mar is áil leo féin na méaduithe go léir atá luaidhte sa bhfo-alt roimhe seo no aon chuid díobh do chur chun úsáide fé is dá mba cuid an céanna de Chuid an Mhic a bheidh ag méadú sa bhliain reatha a bheidh ann agus íocfaidh na hIontaobhuithe le Naomhán O Gríobhtha roimh-ráite agus aistreoidh siad chuige ar bhliain is fiche do bheith slán aige pe méid de sna méaduithe roimh-ráite ná beidh curtha chun úsáide aca sa tslí roimh-ráite ach má gheibheann Naomhán O Gríobhtha roimh-ráite bás sara mbeidh bliain is fiche slán aige déanfaidh na hIontaobhuithe ar Naomhán O Gríobhtha roimh-ráite d'fháil bháis an méid sin roimh-ráite de sna méaduithe roimh-ráite d'íoc le Stát-Chiste Shaorstáit Éireann agus d'aistriú chuige.

[EN]

(4) On aimsir 'na mbeidh bliain is fiche slán ag Naomhán O Gríobhtha roimh-ráite agus dá héis cimeádfaidh na hIontaobhuithe Cuid an Mhic ar iontaoibh chun an céanna d'íoc le Naomhán O Gríobhtha roimh-ráite fé mar a gheobhaidh agus nuair a gheobhaidh na hIontaobhuithe é.

[EN]

Iontaobhacha Cuid na h Iníne.

4.—(1) Déanfaidh na hIontaobhuithe faid a bheidh Ide Ní Ghríobhtha roimh-ráite fé bhun bliana is fiche agus í gan pósa Cuid na hIníne do chimeád ar iontaoibh díreach fé mar is áil leo féin chun iomláine Cuid na hIníne no pé méid de is oiriúnach leo do chur chun cimeád suas, oideachais no tairbhe Ide Ní Ghríobhtha roimh-ráite agus féadfaid féin an céanna do chur chun úsáide mar sin no an céanna d'íoc chun na críche roimhráite le Maedhbh Uí Ghríobhtha roimh-ráite no neachtar aca le caomhnóir Ide Ní Ghríobhtha roimh-ráite.

[EN]

(2) Déanfaidh na hIontaobhuithe faid a bheidh Ide Ní Ghríobhtha roimh-ráite fé bhun bliana is fiche agus í gan pósa pé méid de Chuid na hIníne ná cuirfear chun úsáide fén bhfo-alt roimhe seo do mhéadú tríd an gcéanna do shúncáil ó am go ham maille leis an ioncum a thiocfaidh dá bhárr in urúsanna 'na bhfuil iontaobhuithe údaruithe do réir dlí chun airgead iontaoibhe do shúncáil ionta.

[EN]

(3) Féadfaidh na hIontaobhuithe aon uair no uaireanta díreach fé mar is áil leo féin na méaduithe go léir atá luaidhte sa bhfo-alt roimhe seo no aon chuid díobh do chur chun úsáide fé is dá mba cuid an céanna de Chuid na hIníne a bheidh ag méadú sa bhliain reatha a bheidh ann agus íocfaidh na hIontaobhuithe le hIde Ní Ghríobhtha roimh-ráite agus aistreoidh siad chúiche ar bhliain is fiche do bheith slán aice no ar í do phósa fé bhun na haoise sin pé méid de sna méaduithe roimh-ráite ná beidh curtha chun úsáide aca sa tslí roimh-ráite ach má gheibheann Ide Ní Ghríobhtha roimh-ráite bás sara mbeidh bliain is fiche slán aice agus í gan pósa déanfaidh na hIontaobhuithe ar Ide Ní Ghríobhtha d'fháil bháis an méid sin roimh-ráite de sna méaduithe roimhráite d'íoc le Stát-Chiste Shaorstáit Éireann agus d'aistriú chuige.

[EN]

(4) On aimsir 'na mbeidh bliain is fiche slán ag Ide Ní Ghríobhtha roimh-ráite agus dá héis no ó aimsir a pósta fé bhun na haoise sin agus dá héis cimeádfaidh na hIontaobhuithe Cuid na hIníne ar iontaoibh chun an céanna d'íoc fé mar a gheobhaidh agus nuair a gheobhaidh na hIontaobhuithe é le hIde Ní Ghríobhtha roimh-ráite chun a húsáide féin ar leithligh agus idtreo ná beidh de chomhacht aice í féin d'fhágaint 'na éaghmuis trí bhaint leis roimh-ré.

[EN]

Iontaobhacha Cuid na Driféar.

5.—Cimeádfaidh na hIontaobhuithe Cuid na Driféar ar iontaoibh chun an céanna d'íoc fé mar a gheobhaidh agus nuair a gheobhaidh na hIontaobhuithe é le Próinsias Ní Ghríobhtha roimh-ráite chun a húsáide féin ar leithligh agus i dtreo ná beidh de chomhacht aice í féin d'fhágaint 'na éaghmuis trí bhaint leis roimh-ré.

[EN]

Iontaobhuithe do cheapa.

6.—(1) Beirt Iontaobhuithe a bheidh ann chun crícheanna an Achta so agus ceapfar na céad-Iontaobhuithe i scríbhinn ag an Athair Micheál O Síocháin, O.F.M., dritháir do Mhaedhbh Uí Ghríobhtha roimh-ráite.

[EN]

(2) Déanfar an chomhacht chun Iontaobhuithe nua do cheapa chun críche an Achta so do thabhairt don Athair Micheál O Síocháin, O.F.M., roimh-ráite ar feadh a shaoil agus ó aimsir bháis an Athar Micheál O Síocháin, O.F.M., roimh-ráite agus dá héis déanfar an chomhacht chun Iontaobhuithe do cheapa chun críche an Achta so do thabhairt don Aire Airgid.

[EN]

(3) Ní bheidh éifeacht ná feidhm in aon cheapa Iontaobhuithe ná Iontaobhuí dá ndéanfar fén alt so ag an Athair Micheál O Síocháin, O.F.M., roimh-ráite mara molfaidh agus go dtí go molfaidh an t-Aire Airgid an ceapa san.

[EN]

Gearr-Theideal.

7.—Féadfar Acht Socruithe na nGríobhthach, 1923, do ghairm den Acht so.