[EN]

Uimhir 5 de 1935.


[EN]

ACHT TOGHACHÁIN (DÁILCHEANNTAIR D'ATHCHÓIRIÚ), 1935.


ACHT CHUN ATHCHÓIRITHE DO DHÉANAMH, DO RÉIR AIRTIOGAIL 26 DEN BHUNREACHT, AR NA DÁILCHEANNTAIR (SEACHAS DÁILCHEANNTAIR PHRÍOMH-SCOILE) Ó N-A dTOGHTAR BAILL DHÁIL ÉIREANN AGUS CHUN LÍON BALL DHÁIL ÉIREANN D'ATHRÚ DE DHRUIM AN ATHCHÓIRITHE SIN AGUS CHUN LEASUITHE DO DHÉANAMH, CHUN NA gCRÍCHEANNA SAN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE, AR AN DLÍ BHAINEAS LE BAILL DE DHÁIL ÉIREANN DO THOGHADH. [27 adh Feabhra, 1935.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923).

[EN]

(2) Gach focal agus abairt le n-a gcuireann an Príomh-Acht brí áirithe chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an brí cuirtear leis amhlaidh, ach amháin go gcialluíonn an focal “orduithe” orduithe le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

[EN]

Dáilcheanntair d'athchóiriú.

2.—Leasuítear leis seo mar leanas an tOchtú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré sna focail “naoi gcéad déag a trí is fiche” atá anois i riail 2 den Ochtú Sceideal san do scriosadh amach agus na focail “naoi gcéad déag a ceathair triochad” do chur isteach sa riail sin in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus

[EN]

(b) tré Chuid I den Ochtú Sceideal san do scriosadh amach agus Cuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur isteach sa Sceideal san in ionad na Coda scriostar amach amhlaidh, agus

[EN]

(c) tre Chuid II den Ochtú Sceideal san do scriosadh amach agus Cuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur isteach sa Sceideal san in ionad na Coda scriostar amach amhlaidh,

[EN]

agus déanfar an Príomh-Acht, agus go háirithe alt 50 de, do léiriú agus béidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Líon ball Dháil Éireann.

3.—An méid d'fho-alt (1) d'alt 50 den Phríomh-Acht le n-a n-achtuítear go mbeidh Dáil Éireann có-dhéanta de chéad agus trí baill chaogad scuirfidh d'éifeacht do bheith aige le linn tosach feidhme an Achta so agus ina ionad san achtuítear leis seo go mbeidh Dáil Éireann có-dhéanta de chéad agus ocht mbaill triochad a toghfar o dháilcheanntair bhuirge agus o dháilcheanntair chontae, maraon le pé méid ball (más aon bhall é) is gá de thurus na huaire do réir dlí do thoghadh o dháilcheanntair phríomh-scoile.

[EN]

Cinn chóimhrimh agus cinn chóimhrimh chonganta.

4.—(1) An t-oifigeach a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne ainme aon dáilcheanntair sa chéad cholún den Dara Sceideal san isé is ceann cóimhrimh don dáilcheanntar san.

[EN]

(2) Na forálacha atá sa tríú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne ainme aon dáilcheanntair sa chéad cholún den Dara Sceideal san beidh éifeacht acu maidir leis an gceann cóimhrimh conganta don dáilcheanntar san.

[EN]

(3) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 23 den Phríomh-Acht.

[EN]

Dáilcheanntar an Chinn Chomhairle.

5.—Isé Dáilcheanntar Contae na Gaillimhe Thoir, mar a mínítear é i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, is dáilcheanntar a bheidh chun crícheanna Airtiogail 21 den Bhunreacht ar có-réir le Dáilcheanntar Contae na Gaillimhe mar atá sé le linn an Achta so do rith.

[EN]

Alt 41 den Phríomh-Acht do leasú.

6.—Leasuítear leis seo mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 41 den Phríomh-Acht tré sna focail “i gceangal leis an dáilcheanntar” atá ann fé láthair do scriosadh amach agus na focail “i gceangal leis an gcontae ina bhfuil an dáilcheanntar no an chuid is mó dhe” do chur isteach sa mhír sin in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Leathanach teidil liostaí de thoghthóirí, etc.

7.—(1) Ar leathanach teidil gach liosta de thoghthóirí, gach liosta d'éilitheoirí, gach liosta d'agóidí agus gach cláir de thoghthóirí a hullamhófar, fén gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, tar éis an Achta so do rith agus roimh thosach feidhme an Achta so d'aonad chlárathachta i ndáilcheanntar atá ann le linn an Achta so do rith agus nách ionann achar agus ainm do agus do dháilcheanntar a mínítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, taisbeánfar sa tslí orduithe ainm an dáilcheanntair a mínítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus ina mbeidh an t-aonad clárathachta maraon le hainm an dáilcheanntair sin atá ann fé láthair agus ina bhfuil an dáilcheanntar san le linn an Achta so do rith.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh díreach ar an Acht so do rith.

[EN]

Tosach feidhme an Achta so.

8.—Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so tiocfaidh an tAcht so i ngníomh díreach ar an Oireachtas do scur den chéad uair tar éis an Achta so do rith.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

9.—(1) Féadfar an tAcht Toghacháin (Dáilcheanntair d'Athchóiriú), 1935, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Toghacháin 1923 go 1935, do ghairm de sna hAchtanna Toghacháin, 1923 go 1927, agus den Acht so le chéile.

[EN]

CEAD SCEIDEAL.

DAILCHEANNTAIR ATHCHOIRITHE.

Cuid I.

DAILCHEANNTAIR BHUIRGE.

Ainm an Dáilcheanntair

Lánas no teoranta an Dáilcheanntair

Líon iomlán ball an Dáilcheanntair

Corcaigh.

Contae-bhuirg Chorcaighe agus Togh-Roinn Cheanntair na Carraige Duibhe, i gContae riaracháin Chorcaighe.

Ceathrar.

Baile Atha Cliath Thoir Thuaidh.

Báird Chluain Tairbh Thoir, Chluain Tairbh Thiar, Dhromconnrach, agus an Duga Thuaidh; agus

An chuid de Bhárd Mhoinseó dar teora líne tarraiceofaí mar leanas:—Ag tosnú ag an bpuinte ar theorainn an Bháird sin fan Sráid Sheán Mac Diarmada Iochtair mar a dtrasnófaí í le líne tarraiceofaí fan lár Sráid Bhuicingeam Uachtair agus Sráid Bhuicingeam Iochtair agus as san Siar O Thuaidh fan lár Sráid Bhuicingeam Uachtair go Cnoc Críonáin agus as san Soir O Thuaidh fan lár Chnoc Críonáin go dtí an Cuarbhóthar Thuaidh agus as san Soir O Thuaidh fan lár an Chuarbhóthair Thuaidh go dtí an teora atá anois leis an mBárd san fan Sráid Ruiséal agus Sráid Mhic Ghiobúin agus as san Soir O Thuaidh, Siar O Thuaidh, Soir O Dheas agus Siar O Dheas fan na teorann atá anois leis an mBárd san go dtí an puinte tosnuithe; agus

Na bailte fearainn seo leanas:—

Ard Aidhin Theas, Ballyhoy, Bettyville, Charleville, Cluain Torc, Eadan Mór, Foxlands, Furrypark, Glebe, Hampstead Hill, Hampstead South, Harmonstown, Cill Baroc Uachtair, Fearann Oighreachta Chill Easra, Cill Easra Thuaidh, Maryville, North Bull (Dromconnrach (Tuath)), North Bull (Binn Eadair (Tuath)), Baile an Phúca, Ráth Eanna Thuaidh, Ráth Eanna Theas, agus Sibylhill sa mhéid go bhfuil an céanna laistigh de Chontaebhuirg Bhaile Atha Cliath.

Triúr.

Baile Atha Cliath Thiar Thuaidh.

Báird Ché Arann, Ghlas Noidhean, Ché na gCúirt, na Cathrach Thuaidh agus an Rotunda.

Bárd Mhoinseó ach amháin an chuid de atá i ndáilcheanntar Buirge Bhaile Atha Cliath Thoir Thuaidh.

Na bailte fearainn seo leanas:—

Garrdhaí na Lus, An Chabrach (Cnucha), An Chabrach (Fionnghlas), Cnucha (Páirc an Fhionnuisce), Séipéal Isirt, Gráinseach Gormáin Thuaidh, Prospect, Slutsend no West Farm, St. James, Páirc na Tolchan, Violet Hill Great agus Violet Hill Little, sa mhéid go bhfuil an céanna laistigh de Chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath.

Cúigear.

Baile Atha Cliath Theas.

Báird Mhac Liam, Ché na gCeannaidhe, Tighe an Ard-Mhéara, Chill Maighneann Nua, an Mhalartáin Ríoga, na Cathrach Theas, an Duga Theas, na Tríonóide, Ché Uisear agus Ché na Coille, agus an chuid sin de bhaile fearainn Rinn Muirbhthean atá i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus ná raibh i seana-bhailecheanntar Phembróc.

Seachtar.

Fo-bhailte Bhaile Atha Cliath.

An líomatáiste dá ngairmtear san Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930, na bailecheanntair chó-cheangailte agus fós pé méid, den talamh a tuairiscítear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, atá i bhfogus don líomatáiste sin agus fós baile fearainn Chluain Sciach.

Triúr.

Cuid II.

DAILCHEANNTAIR CHONTAE.

Ainm an Dáilcheanntair

Lánas no teoranta an Dáilcheanntair

Líon iomlán ball an Dáilcheanntair

Baile Atha Cliath.

Contae riaracháin Bhaile Atha Cliath     ..     ..

Na bailte fearainn no na coda de bhailte fearainn seo leanas atá i gContae-bhuirg Bhaile Atha Cliath:—

Annefield, Croimghlinn, Cinnmhuighe (paróiste Chroimghlinne), Cinnmhuighe (paróiste Ráth Fearnan), Larkfield, Newtown Little, Priesthouse, Ráth Fearnan, San Labhrás, Simmonscourt, Stannaway, Tor Fhionnabhra agus Tonguefield.

Cúigear.

Lughbhaidh

Contae riaracháin Lughbhaidhe     ..     ..     ..

Triúr.

Midhe-Iarmhidhe

Contae riaracháin na Midhe     ..     ..     ..

Contae riaracháin na hIarmhidhe ach amháin an chuid de atá i nDáilcheanntar Contae Ath Luain— Longphort.

Cúigear.

Ath Luain—Longphort

Contae riaracháin Longphuirt     ..     ..     ..

Na Togh-Ranna Ceanntair seo leanas:—

Ath Luain Thiar (Tuath), Baile Daingean, Baile na Móna, Cealltrach, Carnach, Ceathramha Riabhach, Castlesampson, Cluain Bheirn, Cluain Eoghain, Crannach, Críoch, Cúl Liath, Drom Lois, Díseart Maoltuile, Kilcar, Cill Tuama, Leithcheathramha, Múr, Cnoc na Creige, Teach Baoith, Teach Mac Conaill, Baile Thomáis, agus An Turrac i gContae riaracháin Roscomán; agus

Na Togh-Ranna Ceanntair seo leanas:—

Ard na gCreach, Ath Luain Thoir (Tuath), Achadh na Gréine, Carn, Caisleán Uí Dhálaigh, Duibhinis, Glasán, Cill Fhionnabhrach, Mount Temple, Mágh Droma, Muicineach, Nuachongbháil agus Tiobraid agus Bailecheanntar Ath Luain i gContae riaracháin na hIarmhidhe.

Triúr.

Muineachán

Contae riaracháin Mhuineacháin     ..     ..     ..

Triúr.

An Cabhán

Contae riaracháin an Chabháin     ..     ..     ..

Ceathrar.

Roscomán

Contae riaracháin Roscomán ach amháin an chuid de atá i nDáilcheanntar Contae Ath Luain—Longphort.

Triúr.

Sligeach  ..

Contae riaracháin Shligigh ach amháin an chuid de atá i nDáilcheanntar Contae Liatroma.

Triúr.

Liatruim  ..

Contae riaracháin Liatroma agus

Na Togh-Ranna Ceanntair seo leanas:—

Baile an Tóchair Thoir, Baile na Cille, Baile na Sidhe, Cliathmhuine Thuaidh, Cliathmhuine Theas, Drom Colm, Cill Duibh Dúin, Cill Mac Treana, Ros Inbhir Thoir agus Seanchua i gContae riaracháin Shligigh.

Triúr.

Muigheo Theas.

Na Togh-Ranna Ceanntair seo leanas:—

Achadh Fhobhair Thuaidh, Achadh Fhobhair Theas, Achadh Mór, An Aill Mhór, Balla Alainn, Béal an Atha Fada, Béal an Atha Móir, Baile an Chalaidh, Baile an Daingin, Baile an Róba, Béal Ath hAmhnas, Béal Ath hEin, Baile Uí Amhalghaidh, Baile Odhbha, Cill Béacán, Béal Ath Bhéaraighe, Both Thóla, Breac-chluain, Bréachmhágh, Bun Dorcha, Boireann, Buirgheas Ceara, Ceapach Dubh, An Corrán, Caisleán an Bharraigh (Tuath), Cliara, Clár Cloinne Muiris, Clochar (Caisleán an Bharraigh), Clochar (Cathair na Mart), An Clochar Mór, Cluain Chaoin, Cluain Mhór, Conga, Cúl na hAithche, Cuan Ard, Cúrsa, Cruach Mhaol, Cruach Phádraig, Cros Baoithin, Cúil na Cleithe, Dealgan, Doire Lochán, Dubhchaiseal, An Drom Mín, Imleach, Gleann na hOirimhe, Garraidhe Mór, Maolda, Coill O Mádra, Oileán Eadaigh, Coill Bheitheach, Cill Colmán, Cill Comán, Cill an Ghaobhair, Cill Ceallaigh, Cill Abhaille, Cill Liadán, Cill Mo Lasaire, Cill Meadhoin, Cill Míodhna, Cill Mobhí, Coill Saileach, Coillte Mághach, Cill Mhidheán, Cnapach, An Cnoc Thuaidh, An Cnoc Theas, Lochán Buidhe, Cluain Chearbáin, Magh Fhiondalbha, Muigheo na Sacsan, Míleac, Muirnín, An Eil, Béal Ath na Lúb, Abhainn Brain, Abha na nDornán, Partraighe, Ros Laogh, Sruthair, Sliabh Magh Eanna, Sonnach, Béal Ath na Muice, Teach Dhuinn, Tamhnaigh na Groighe, Tuath Canánach, Turlach, Urlár, agus Cathair na Mart (Tuath), agus Bailecheanntair Chaisleán an Bharraigh agus Chathair na Mart i gContae riaracháin Mhuigheo.

Cúigear.

Muigheo Thuaidh.

Contae riaracháin Mhuigheo ach amháin an chuid de atá i nDáilcheanntar Contae Mhuigheo Theas.

Triúr.

Dún na nGall Thoir.

Contae riaracháin Dhún na nGall ach amháin an chuid de atá i nDáilcheanntar Contae Dhún na nGall Thiar.

Ceathrar.

Dún na nGall Thoir.

Na Togh-Ranna Ceanntair seo leanas:—

Ath na gCoire, Arainn, Ard an Rátha, Baile an tSratha (Béal Ath Seanaigh), Baile an tSratha (Dún na nGall), Béal Ath Seanaigh (Tuath), Béal Ath Seanaigh (Baile), Binn Boghaine, Bun an Ghleanna, Bun Dobhráin (Tuath), Carraig Bhuidhe, Cabhán Guirridin, An Aill, An Clochar, Carcair Mhór, Na Croisbhealaigh, Cróbheithe, Cró Caorach, Cró na Ráid, Damhros, Dún na nGall, Dubhcharraigh, Dún Fionnchaidh, An Clochán Liath, Dún Conghaile, Dún Lughaidh, Eidhneach Mór, Baile na Finne, Gleann Colm Cille, Gleann Gheis, Gleann Léithín, Na Gleanntaí, Gort an Choirce, An Grafaidh, Grousehall, Ua hEachach, Inis Chaol, Inbhear Náile, Cill Cárthaigh, Cill Ghabhlaigh, Na Cealla Beaga, Laithigh, An Learga Mhór, Leitir Mhic an Bháird, Loch Iascach, Más, Machaire Chlochair, Machaire, Málainn Bheag, Mín an Chladaigh, Tamhain an tSalainn, Mulmusóg, Paite Gobha, Inis Mic an Duirn, Tamhain an Mhullaigh, Teampull Carna, Taobh Scaoilte, agus Tulach Nocht, agus Bailecheanntar Bhun Dobhráin i gContae riaracháin Dhún na nGall.

Triúr.

Gaillimh Thoir.

Contae riaracháin na Gaillimhe ach amháin an chuid de atá i nDáilcheanntair Chontae an Chláir agus na Gaillimhe Thiar.

Ceathrar.

Gaillimh Thiar.

Na Togh-Ranna ceanntair seo leanas:—

Eanach Dhúin (Gaillimh), Eanach Dhúin (Tuaim), Ard Rathain, Eachdhruim (Gaillimh), Baile an Duibh, Baile an Teampuill, Baile na Cúirte, Baile na Cille, Bearna, Fearbhán, Binn Corr, Bun Abhann, Camas, Carn Mór, Ceathramha Brún, Caisleán Tailliúir, Baile Chláir na Gaillimhe, Droichead an Chláirín, An Cloigean, An Clochán, An Fhairche, Conga, An Crampán, Corr, Cois Caolsháile, Páirc an bhFiadh, Doire Connlaigh, Doire Liath, Domhnach Pádraig, Dún Locháin, Drom Mochua, Iorras Fhlannáin, Na Furbacha, Gaillimh (Tuath), Garmna, Ath Cinn, Uillinn, Inis Bó Finne, Inis Mór, Cill Cuanna, Cill Chuimín (Gaillimh), Cill Chuimín (Uachtar Ard), Cill Ainthinn, Cill Einne, Cill Fháilghe, Cillín Bharra, Cill Fhobhar, Cill Fhursa, An Cnoc Buidhe, Leacach Beag, Leitir Breacáin, Leitir Feoir, Leitir Mór, Lios Cean annán, Lisín an Bhaile, Magh Cuilinn, Muigh-Iorras, Uarán Mór, Uachtar Ard, Abhainn Ghabhla, Rath Osan, Rinn Mhaol, An Ros, Cloch na Rón, Sailearna, Sailchearnach, Scainimh, Sliabh an Iongnadh, An Spidéal, Sráidbhaile, Tulach Aoidheáin, An Turlach agus Poll na bPéist agus Bailecheanntar na Gaillimhe i gContae riaracháin na Gaillimhe.

Triúr.

An Clár.

Contae riaracháin an Chláir agus

Na Togh-Ranna Ceanntair seo leanas:—

Ard Maoldubháin, Baile Uí Chathaláin, Baile na gCearr, Beitheach, Cathair Mhór, Ceapa Ard, Cuas, Doire Láir, Dubhros, Drom Caora, Dromainn, Gort Inse Guaire, Cill Beagnatan, Cill Einne, Cill Tartan, Cill Tomás, Cinn Mhara, Loch an Tóiric, Creigín, Sceicheanach, agus Grág na Muilte Iarainn i gContae riaracháin na Gaillimhe.

Cúigear.

Luimneach.

Contae-bhuirg Luimnigh agus Contae riaracháin Luimnigh.

Seachtar.

Ciarraighe Thuaidh.

Na Togh-Ranna Ceanntair seo leanas:—

Mainistir O dTórna, Arabeile, Ardachadh, Ard Fhearta, Eas Duibhe, Baile an Chlochair, Baile an Bhóthair, Baile Conraoi, An Baile Dubh (Daingean Uí Chúise), An Baile Dubh (Lios Tuathail), Baile Aodhgáin (Lios Tuathail), Baile Aodhgáin (Tráigh Lí), Baile Uí Thaidhg, Baile Uí Argáin, Baile an Oraigh, Baile na Cúirte, Baile na hEaglaise, Bailte O Síoda, Banna, Barr Trí gCam, Béal, Currach Gráige, An Buailtín, Cnoc Bréanain, Mullach an Bhrosna, Carraig, Caisleán Ghriaghaire, Oileán Chiarraighe, An Tóchar, Clochán, Clochar Bhriain, Cluain Tiobrad, Crionna, Na Coiríní, Duibhlios, Daingean Uí Chúise, Dún, Drom Mártan, Dubháth, Dún Chaoin, Dún Urlaing, Inis Mhór, Na Gleannta, Na Gnímh, Gallán, Baile Uí Dhonnchadha, Inse, Ceann Duimhche, Cill Feichne, Cill Feidhlim, Cill Flainn, Cill Gharrdha an Lóndraigh, Cill Gobán, Cill Leathan, Cill Eithne, Cill Lamhraighe, Cill Maolchéadar, Cill Maighne, Cill Muire, Cill na nAon, Cill Cúán, Cill tSeanán, Cill Tulach, Cill Tóma, Cinn Aird, Cnoc Glas, Cnoc na gCaiseal, Leac, Leaca Bhán, Liatruim, Lios Lachtín, Lios Eiltín, Lios Tuathail (Tuath), Lic Snámha, Márthain, Binn Ard, Cnocán an Iolair, Mágh Inse, Mágh Meadhon, Nuachongbháil, O Braonáin, Ráth Teas, Ráth Aodha, Srón Abhann, Sráidbhaile, Tairbeart, Tearmon, Tráigh Lí (Tuath), Trian Iarthach, Tiobraid, Urlaidhe agus Fionntráigh agus Bailecheanntair Lios Tuathail agus Thráigh Lí i gContae riaracháin Chiarraighe.

Ceathrar.

Ciarraighe Theas.

Contae riaracháin Chiarraighe ach amháin an chuid de atá i nDáilcheanntar Contae Chiarraighe Thuaidh.

Triúr.

Tiobraid Arann.

Contae riaracháin Thiobrad Arann (An Trian Thuaidh) agus Contae riaracháin Thiobrad Arann (An Trian Theas).

Seachtar.

Laoighis—Uí Failghe.

Contaethe riaracháin Laoighse agus Ó bhFailghe..

Cúigear.

Ceatharlach— Cill Dara.

Contae riaracháin Chill Dara     ..     ..     ..

Contae riaracháin Cheatharlach ach amháin an chuid de atá i nDáilcheanntair Chontae Chill Mantán agus Loch Garman.

Triúr.

Cill Choinnigh.

Contae riaracháin Chill Choinnigh..     ..     ..

Triúr.

Cill Mantán.

Contae riaracháin Chill Mantán     ..     ..     ..

Na Togh-Ranna Ceanntair seo leanas:—

An Chluain Mhór, Hagastún, Baile Aralt, Cinn Eich, Réidhchoill, Ráth Bhileach, Tigh Cnuic agus Baile Uilliam i gContae riaracháin Cheatharlach.

Triúr.

Loch Garman.

Contae riaracháin Loch Garman agus

Na Togh-Ranna Ceanntair seo leanas:—

Baile Eileann, Baile Uí Mhurchadha, Buirgheas O nDróna, Cuanóg, Cathraighe, Gleann Moling, Cill Eamoinn, Cill, Cnoc Dubh, Ráth Sheanaigh, Sliabh Dubh agus Tigh na hInse i gContae Riaracháin Cheatharlach.

Cúigear.

Portláirge

Contae-bhuirg Phortláirge agus

Contae riaracháin Phortláirge agus

Na Togh-Ranna Ceanntair seo leanas:—

Ardachadh, Cluain Príost, Cill Crónait, Cill Ia (Eochaill), Cill Modomhnóc, Eochaill (Tuath) agus Bailecheanntar Eochaille i gContae riaracháin Chorcaighe.

Ceathrar.

Corcaigh Thuaidh.

Na Togh-Ranna Ceanntair seo leanas:—

Ath an Chairn, Ealla, Ard Scia, Baile Artúir, Baile na Cloiche, Baile Uí Uallacháin, Baile Ath hUbhla, Baile na Móna, An Baile Nua, Bántír, Cnoc na hEornan, Barr na Coirthe, Bán Mór, Bóthar Buidhe, Cill na Mollach, An Chathair Bhearnach, Cathair Dubhgáin, Carraig Léim Laoghaire (Magh Ealla), Carraig (Mainistir Fhear Muighe), Dún Galláin, Caisleán Carra, Carragán Eide, Caisleán O Liatháin, Caisleán na Maingnéarach, Baile Chaisleáin an Róistigh, Ráth Luirc, Brú Thuinne, Claonabhar, Cluain Fearta Thoir, Cluain Fearta Thiar, Cluain Mhín, Cúil Cloch, Cúl Chollainge, Com an Logáin, Crionna Allua, Cuilinn, Coradh Ghlais, Darach, Doire O bhFaoileáin, Dún ar Aill, Dún na Slinn, An Driseán, Drom Aidhne, Drom Mór, Fairche, Mainistir Fhear Muighe (Tuath), Gleannamhair Thoir, Gleannamhair Thiar, Gleann Lára, Gort Mór, Gort na Sceiche, Gort Ruadh, Grianán, Impreach, Ceann Tuirc, An Chaol, Cill Brain, Coill na Corra, Cill Cóirne, Cill Cumair, Cill Deighnín, Cill Dairbhre, Cill Gallán, Cill Aitche, Cill Mac Leinín, Cill Mín, Cill Faolán, Cill Seanaigh, Cill Uird, Cnoc an tSuain, Cnoc Múirne, Cnoc na Groighe, Mágh Leamhna, Liatruim, Lios Cearbhaill, Magh Ealla (Tuath), Baile an Mharasclaigh, Muingí, Ath an Mhuilinn, Baile an Mhuilinn, Baile Mhistéala, Móin Ainme, Nead, Ath Treasna, Seandrom, Rathain, Ráth Cumhaill, Ráth Chormaic, Ros Caoin, Ros na Laogh, Rothaill, An Sean-Bhaile, Sceach, Sceachanach, Garrdha na Gráinneoige, Cnoc na Sruthán, Teampull Muire, Teampull Molaga, Tigh an Chorra, Tulach Léise, Baile an Fháltaigh, Cnocán na Biolraighe agus Baile Deasmhumhna, agus bailecheanntair Mhainistir Fhear Muighe agus Mhagh Ealla i gContae riaracháin Chorcaighe.

Ceathrar.

Corcaigh Thoir Theas.

Na Togh-Ranna Ceanntair seo leanas:—

Baile an Chollaigh, Baile an Teampuill, Baile Choitín, Bealach Fiodha Aird, Baile an Phuill, Baile Gharbháin, Baile an Mhoirtéalaigh, Baile na gCloch, Baile Uí Spalláin, Baile an Easpuig, An Linn Dubh, An Bhlárna, Cathair Laga, Carraig Uí Leidhin (Corcaigh), Carraig Uí Leidhin (Ceann Sáile), Carraig na bhFear, Carraig Ruachán Beag, Carraig Thuathail, Baile na Martra, Cluain Molt, Cluain Uamha, An Cóf (Tuath), Corcach Beag, Cuilinn, Daingean Uí Dhonabháin, Dubhghlais, An Dribseach, Dún Darmhaighe, Dún Guairne, Fearann Bhriain, Sliabh na Giúise, Garrdha Bhoithe, Gleann an Phréacháin, Dún Glas, Iochtar Morogha, Inse, Inis Cionaigh, Cill Liath (Corcaigh), Cill Monóg, Cill Pádraig, Cinnabhair, Cnocán Dóighte, Cnoc Rátha, Leíthineach, Lios Cléirigh, Lios Gúl, Mágh Tuaithe, Mainistir na Corann (Tuath), Mágh Eile, Baile an Mhanaigh (Tuath), Nuachonghbháil, Uaimh Bharra, Ráth Cuanna, Baile Ruisín, Ros Stialláin, Naomh Muire, Teampull Buadán, Teampull Bríde, Teampull Michíl, Teampull na Carraige agus Teampull Geal na Móna Móire agus Bailecheanntair Chóf, Mhainistir na Corann, agus an Chalaidh Thiar i gContae riaracháin Chorcaighe.

 

Triúr.

Corcaigh Thiar

Na Togh-Ranna Ceanntair seo leanas:—

Mainistir O mBadhamhna, Eadarghóbhail, Achadh Dúin Thuaidh, Achadh Dúin Theas, Achadh Aoineach, An Eaglais, Aichill, Gort na hArda, Airgidín, Alltach, Baile Uí Ghormáin, Baile na Daibhche, Baile an Ghoirtín, Baile an Spidéil, Baile Bán, Béal an Dá Chab, Baile Mhac Chéin, Baile Muadán, Baile Muine, Baile Uí Mhurchadha, Droichead na Banndan, Beanntraighe (Tuath), Beanntraighe (Baile), Barr Liath, Bealanagarry, Béal Ath an Ghaorthaidh, Béilic, Béarra, Binn Odhar, An Buailtín, Briadach, Boirne, Baile an Bhuiltéaraigh, Cathrach, An Chathair Mhór, Ceann Droma, Ceannmhuighe, Oileán Cléire, Carraig Bhán, Carraig Bhuidhe, Caiseal, Gleann Bearchán Thuaidh, Gleann Bearchán Theas, Baile an Chaisleáin, Caisleán na Gaoithe, Claonráth, Cloch Domhnall, Cloch na Coilltidh (Tuath), Cluain Droichead, Cluain Mhaol, Cluain Chaoin, Cuailleach, Cúil Curraichín, Cúl Méin, Cúl Móin teáin, Cuailleach, Cúirt an tSéafraigh, Cruachán, Coradh Ghlais, Doire, Doire Finghín, Cnoc Damhais, Droighnach (Dún Maonmhuighe), Droighnach (An Sciobairín), Drom Dhá Liag Thuaidh, Drom Dhá Liag Theas, Dún Béacáin, Dún Mághnuis, Dún Maonmhuighe Thuaidh, Dún Maonmhuighe Theas, Dubhros Thoir, Dubhros Thiar, Na Garráin, An Ghearr-Abha, Gleannloch, An Gleann Garbh, An Góbhailín, Gort na Scríne, Gort na Tiobratan, Gabhlán, An Choill Ghlas, Inse Gíleach, Inis Eoghnáin, Caolchoill, Cill Beircheart, Cill Bonán, Cill Bratán, Cill Brógán, Cill Cascán, Cill Ceatigheirn, Cill Cóbhtha, Cill Collaing, Cill Fachtna Beag, Cill Ciarán Mór, Cill Achadh nAoineach, Cillín Liath, Cill Moloda Thoir, Cill Moloda Thiar, Cill Maidhlearán, Cill na gCros, Cill na Manach, Cill na Martra, Cinn Eich, Ceann Sáile (Tuath), Cnoc an Bhile, Cnoc Rua, Na Cnuic, Cnoc Sceach, Leath-fhearann, Liathmhuine, Lubhghortán, Mágh Cluain Eich, Mágh Guairne, Máinse, Mágh Seana Glaise, Maolach, Meilleán, Seisceanach, Mágh Bhide, Muighe Rátha, Midhros, Rathaluisc, Ráth an Bharraigh, Ráth Cláirín, Ros Cairbre, An Ros Mór, An Scairt, Suidhe Finn, Rinn Mhuinntir Bháire, Sraoilleán, An Sciobairín (Tuath), Scumhall, Sliabh Riabhach, Na Téadaí, Tír Eiltean, Teampull Mártan, Teampull O Málghus, Tigh Molaga, An Tuar Mór, Tulach, Na hUlláin, Cill Barra, Faoide agus Na Doiríní agus Bailecheanntair Chloch na Coilltidh, Cheann Sáile, Mhágh Chromtha agus an Sciobairín i gContae riaracháin Chorcaighe.

Cúigear.

DARA SCEIDEAL.

CINN CHOIMRIMH AGUS CINN CHOIMHRIMH CHONGANTA.

Cuid I.

DAILCHEANNTAIR BHUIRGE.

Dáilcheanntar

Ceann Cóimhrimh

Ceann Cóimhrimh Conganta

Corcaigh

Fo-Shirriam Bhuirg Chorchaighe no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae-bhuirg Chorcaighe.

Fo-Shirriam Chontae Chorcaighe no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, ceapfar Clárathóir Contae Chontae Chorcaighe, más mian leis é, chun gníomhú agus féadfaidh an Ceann Cóimhrimh a cheangal air gníomhú mar Cheann Chóimhrimh Chonganta sa chuid den dáilcheanntar atá i gContae riaracháin Chorcaighe.

Baile Atha Cliath Thoir Thuaidh.

Fo-Shirriam Chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath.

--

Baile Atha Cliath Thiar Thuaidh.

Fo-Shirriam Chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath.

--

Baile Atha Cliath Theas.

Fo-Shirriam Chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath.

--

Fo-bhailte Bhaile Atha Cliath.

Fo - Shirriam Chontae Bhaile Atha Cliath no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae Bhaile Atha Cliath.

--

Cuid II.

DAILCHEANNTAIR CHONTAE.

Dáilcheanntar

Ceann Cóimhrimh

Ceann Cóimhrimh Conganta

Baile Atha Cliath.

Fo-Shirriam Chontae Bhaile Atha Cliath no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae Bhaile Atha Cliath.

--

Lughbhaidh

Clárathóir Contae Chontae Lughbhaidhe.

--

Midhe-Iarmhidhe.

Fo-Shirriam Chontae na hIarmhidhe no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae na hIarmhidhe.

Féadfaidh Fo-Shirriam Chon tae na Midhe a cheangal ar Chlárathóir Contae Chontae na hIarmhidhe gníomhú mar Cheann Chóimhrimh Chonganta sa chuid den Dáilcheanntar atá i gContae riaracháin na hIarmhidhe agus ar an oifig sin an Fho-Shirriaim do scur de bheith ann féadfaidh an Ceann Cóimhrimh a cheangal ar Chlárathóir Contae Chontae na Midhe gníomhú mar Cheann Chóimhrimh Chonganta sa chuid den Dáilcheanntar atá i gContae riaracháin na Midhe.

Ath Luain-Longphort

Fo-Shirriam Chontae Longphuirt no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae Longphuirt.

Féadfaidh an Ceann Cóimhrimh a cheangal ar Chlárathóirí Contae Chontae Roscomán agus Chontae na hIarmhidhe gníomhú mar Chinn Chóimhrimh Chonganta sna coda fé seach den Dáilcheanntar atá i gContaethe riaracháin Roscomán agus na hIarmhidhe fé seach.

Muineachán

Clárathóir Contae Chontae Mhuineacháin.

--

An Cabhán

Fo-Shirriam Chontae an Chabháin no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae an Chabháin.

--

Roscomán

Clárathóir Contae Chontae Roscomán.

--

Sligeach

Fo-Shirriam Chontae Shligigh no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae Shligigh.

--

Liatruim

Clárathóir Contae Chontae Liatroma.

Fo-Shirriam Chontae Shligigh no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, ceapfar Clárathóir Contae Chontae Shligigh, más mian leis é, chun gníomhú agus féadfaidh an Ceann Cóimhrimh a cheangal air gníomhú mar Cheann Chóimhrimh Chonganta sa chuid den Dáilcheanntar atá i gContae riaracháin Shligigh.

Muigheo Theas.

Fo-Shirriam Chontae Mhuigheo no, ar an oifig sin do scur (de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae Mhuigheo.

--

Muigheo Thuaidh.

Clárathóir Contae Chontae Mhuigheo.

--

Dún na nGall Thoir.

Fo-Shirriam Chontae Dhún na nGall no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae Dhún na nGall.

--

Dún na nGall Thiar.

Clárathóir Contae Chontae Dhún na nGall.

--

Gaillimh Thoir.

Clárathóir Contae Chontae na Gaillimhe.

--

Gaillimh Thiar.

Clárathóir Contae Chontae na Gaillimhe.

--

An Clár

Fo-Shirriam Chontae an Chlair, no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae an Chláir.

Féadfaidh an Ceann Cóimhrimh a cheangal ar Chlárathóir Contae Chontae na Gaillimhe gníomhú mar Cheann Chóimhrimh Chonganta sa chuid den Dáilcheanntar atá i gContae riaracháin na Gaillimhe.

Luimneach

Clárathóir Contae Chontae Luimnigh.

--

Ciarraighe Thuaidh.

Fo-Shirriam Chontae Chiarraighe no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae Chiarraighe.

--

Ciarraighe Theas.

Clárathóir Contae Chontae Chiarraighe.

--

Tiobraid Arann.

Fo-Shirriam Chontae Thiobrad Arann no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae Thiobrad Arann.

--

Laoighis-Uí Failghe.

Fo-Shirriam Chontae Laoighise, no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae Laoighise.

Féadfaidh an Ceann Cóimhrimh a cheangal ar Chlárathóir Contae Chontae O bhFailghe gníomhú mar Cheann Chóimhrimh Chonganta sa chuid den Dáilcheanntar atá i gContae riaracháin O bhFailghe.

Ceatharlach -Cill Dara

Clárathóir Contae Chontae Chill Dara.

Féadfaith an Ceann Cóimhrimh a cheangal ar Chlárathóir Contae Chontae Cheatharlach gníomhú mar Cheann Chóimhrimh Chonganta sa chuid den Dáilcheanntar atá i gContae riaracháin Cheatharlach.

Cill Choinnigh

Clárathóir Contae Chontae Chill Choinnigh.

--

Cill Man-Tán.

Fo-Shirriam Chontae Chill Mantán no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae Chill Mantán.

Féadfaidh an Ceann Cóimhrimh a cheangal ar Chlárathóir Contae Chontae Cheatharlach gníomhú mar Cheann Chóimhrimh Chonganta sa chuid den Dáilcheanntar atá i gContae riaracháin Chill Mantán.

Loch Garman.

Clárathóir Contae Chontae Loch Garman.

Féadfaidh an Ceann Cóimhrimh a cheangal ar Chlárathóir Contae Chontae Cheatharlach gníomhú mar Cheann Chóimhrimh Chonganta sa chuid den dáilcheanntar atá i gContae riaracháin Cheatharlach.

Portláirge.

Clárathóir Contae Chontae Phortláirge.

Fo-Shirriam Chontae Chorcaighe no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, ceapfar Clárathóir Contae Chontae Chorcaighe, más mian leis é, chun gníomhú agus féadfaidh an Ceann Cóimhrimh a cheangal air gníomhú mar Cheann Chóimhrimh Chonganta sa chuid den dáilcheanntar atá i gContae riaracháin Chorcaighe.

Corcaigh Thuaidh.

Fo - Shirriam Chontae Chorcaighe no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae Chorcaighe.

--

Corcaigh Thoir Theas.

Fo - Shirriam Chontae Chorcaighe no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae Chorcaighe.

--

Corcaigh Thiar.

Fo - Shirriam Chontae Chorcaighe no, ar an oifig sin do scur de bheith ann, Clárathóir Contae Chontae Chorcaighe.

--