[EN]

Uimhir 5 de 1944.


[EN]

ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA (LEASÚ), 1944.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO DHÉANAMH LEASUITHE, GO nÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, AR ALT 8 D'ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924, AGUS AR ALT 20 D'ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1934.

[15adh Márta, 1944.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1924” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 (Uimh. 48 de 1924);

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1934” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 (Uimh. 43 de 1934).

[EN]

Leasú cúlghabhálach ar alt 8 d'Acht 1924.

2.—(1) I gcás pinsean do dheonadh (roimh dháta an Achta so do rith no dá éis) fé Acht 1924, beidh éifeacht, chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 8 d'Acht 1924, ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) is tuigthe an pinsean do bheith ar marthain go leanúnach feadh na tréimhse dar tosach dáta a thosnuithe agus dar críoch dáta a dheonta, agus

[EN]

(b) is tuigthe an duine dar deonadh é do bheith á fháil go leanúnach feadh na tréimhse sin.

[EN]

(2) Sa mhéid go mbaineann fo-alt (1) den alt so le haon phinsean áirithe arna dheonadh fé Acht 1924, is tuigthe an fo-alt san do theacht i ngníomh ar dháta tosnuithe an phinsin agus beidh éifeacht aige amhail ar an dáta san agus dá éis.

[EN]

(3) San alt so cialluíonn an abairt “dáta tosnuithe”, maidir le pinsean arna dheonadh fé Acht 1924, an dáta ar ar thosnuigh an pinsean de bhuadh fo-ailt (1) d'alt 4 d'Acht 1924 no de bhuadh an fho-ailt sin arna leasú le halt 16 d'Acht 1934.

[EN]

Leasú cúlghabhálach ar alt 20 d'Acht 1934.

3.—(1) I gcás pinsean do dheonadh (roimh dháta an Achta so do rith no dá éis) fé Acht 1934, beidh éifeacht, chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 20 d'Acht 1934, ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) is tuigthe an pinsean do bheith ar marthain go leanúnach feadh na tréimhse dar tosach an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1934, agus dar críoch dáta a dheonta, agus

[EN]

(b) is tuigthe an duine dar deonadh é do bheith á fháil go leanúnach feadh na tréimhse sin.

[EN]

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt so do theacht i ngníomh an 9adh lá de Dheireadh Fómhair, 1924, agus beidh éifeacht aige amhail ar an dáta san agus dá éis.

[EN]

Gearr-theideal agus có-luadh.

4.—Féadfar Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú), 1944, do ghairm den Acht so, agus féadfar Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1944, do ghairm d'Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1934, agus den Acht so le chéile.