Uimhir 5 de 1987
AN tACHT UM CHORPARÁID FORBARTHA NÁISIÚNTA, 1986
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | Comhlachtaí Stát-tionscanta agus fiontair thráchtála Stát-tionscanta. |
4. | |
5. |
Corparáid Forbartha Náisiúnta Teoranta a Bhunú
6. | |
7. | |
8. | |
9. | |
10. | |
11. | |
12. | Srian le meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais a athrú. |
13. | |
14. | |
15. | |
16. | |
17. | |
18. | |
19. | |
20. | |
21. |
Forálacha Maidir le Stiúrthóirí agus Foireann
Ilghnéitheach
28. | Fochuideachtaí agus infheistíocht i bhfiontair seachas i bhfochuideachtaí. |
29. | |
30. | |
31. | |
32. | An Ghníomhaireacht a dhíscaoileadh agus a maoin a aistriú, etc. |
33. |
Comhlachtaí Stát-Tionscanta
Fiontair Thráchtála Stát-Tionscanta
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Finance Act, 1895 | 1895, c. 16 |
Uimhir 5 de 1986
AN tACHT UM CHORPARÁID FORBARTHA NÁISIÚNTA, 1986
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht um Chorparáid Forbartha Náisiúnta, 1986, a ghairm den Acht seo.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Fiontair Náisiúnta Teoranta;
ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht na gCuideachtaí, 1963, agus na hachtacháin lena leathnaítear nó lena leasaítear an tAcht sin;
ciallaíonn “an Chorparáid” An Chorparáid Forbartha Náisiúnta Teoranta;
ciallaíonn “fiontar” gnóthas tionscail lena n-áirítear gnóthas atá coimhdeach do thionscal nó gnóthas tráchtála (seachas gnóthas a mbaineann a fheidhmeanna go hiomlán nó go formhór le seirbhísí a chur ar fáil i ndáil le baincéireacht, árachas, cúrsaí dlí, comhchomhairle bainisteoireachta, fógraíocht, caidreamh poiblí nó airgeadas);
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;
tá le “cuideachta shealbhaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963;
folaíonn “margú” aon earraí nó seirbhísí a dhíol agus a chur chun cinn;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;
ciallaíonn “urrúis” scaireanna i scairchaipiteal aon chomhlachta chorpraithe, nó stoc aon chomhlachta chorpraithe nó bintiúir, stoc bintiúir nó bannaí de chuid aon chomhlachta chorpraithe, cibé acu is muirear nó nach muirear iad ar shócmhainní an chomhlachta, nó cearta nó leasa (tuairiscthe mar aonaid nó ar shlí eile) in aon scaireanna, stoc, bintiúir, stoc bintiúir nó bannaí den sórt sin;
tá le “comhlacht Stát-tionscanta” an bhrí a shanntar dó le halt 3;
tá le “fiontar tráchtála Stát-tionscanta” an bhrí a shanntar dó le halt 3;
tá le “fochuideachta” an bhrí a shanntar dó le halt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963;
ciallaíonn “lá dílseacháin” an lá a cheaptar le halt 7 chun bheith ina lá dílseacháin chun críocha an Achta seo.
(2) Tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(3) Tagairt san Acht seo d'fho-alt is tagairt í don fho-alt ina bhfuil an tagairt mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
(4) Forléireofar tagairt san Acht seo d'aon achtachán mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán iardain nó faoi.
Comhlachtaí Státtionscanta agus fiontair thráchtála Stát-tionscanta.
3.—(1) Is comhlacht Stát-tionscanta chun críocha an Achta seo gach comhlacht a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
(2) Is fiontar tráchtála Stát-tionscanta chun críocha an Achta seo gach comhlacht a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
(3) Féadfaidh an tAire le hordú an Chéad Sceideal nó an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú trí ainm aon chomhlachta a chur le ceachtar Sceideal nó a scriosadh de cheachtar Sceideal.
Orduithe.
4.—(1) Déanfar gach ordú a dhéanfar faoi alt 3 a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
(2) Aon uair a bheartaítear ordú a dhéanamh faoi alt 15, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
Caiteachais.
5.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
CUID II
Corparáid Forbartha Náisiúnta Teoranta a Bhunú
Corparáid a fhoirmiú agus a chlárú.
6.—A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, déanfaidh an tAire gach beart is dóigh leis is gá nó is inmhianaithe chun a chur faoi deara go ndéanfar cuideachta theoranta (dá ngairtear “an Chorparáid” san Acht seo) a bheidh de réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Acht seo a fhoirmiú agus a chlárú faoi Achtanna na gCuideachtaí.
Lá dílseacháin.
7.—Déanfaidh an tAire le hordú, a luaithe is féidir tar éis don Chorparáid a bheith cláraithe, lá a cheapadh chun bheith ina lá dílseacháin maidir leis an gCorparáid.
Ainm agus caipiteal na Corparáide.
8.—(1) Is é ainm na Corparáide a bhunófar faoi alt 6, An Chorparáid Forbartha Náisiúnta Teoranta, nó sa Bhéarla an National Development Corporation Limited.
(2) Is é scairchaipiteal na Corparáide £300,000,000 arna roinnt ina scaireanna £1 an ceann agus beidh de chumhacht ag an gCorparáid, le toiliú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, na scaireanna i gcaipiteal na Corparáide a roinnt ina n-aicmí leithleacha agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha tosaíochta, iarchurtha, cáilithe nó speisialta a chur ag gabháil leo faoi seach.
(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le toiliú an Aire, scaireanna sa Chorparáid a thógáil trí shuibscríobh, ag féachaint do mhéid na hinfheistíochta caipitiúla a bheidh beartaithe ag an gCorparáid agus do mhéid an chaipitil a bheidh ar fáil ag an gCorparáid óna cistí féin.
(4) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ó am go ham de réir mar is gá sa chás, chun cibé forálacha d'Achtanna na gCuideachtaí a chomhlíonadh a cheanglaíonn nach foláir beirt chomhalta a bheith ar chuideachta i gcónaí, scair amháin dá chuid sa Chorparáid a aistriú chuig aon duine.
(5) Déanfar scair amháin i scairchaipiteal na Corparáide a leithroinnt ar gach duine de shínitheoirí mheabhrán comhlachais na Corparáide.
(6) Déanfar costas na scaireanna sin a thabhairt ar airleacan do na sínitheoirí as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.
(7) Is ar iontaobhas don Aire Airgeadais a shealbhóidh sínitheoirí an mheabhráin comhlachais na scaireanna dá dtagraítear i bhfo-alt (5) agus íocfar gach díbhinn agus íocaíocht eile leis an Aire sin chun tairbhe don Státchiste agus féadfar na scaireanna sin a aistriú chuig duine a ainmneoidh sé.
Foirm an mheabhráin comhlachais.
9.—Is i cibé foirm ar comhréir leis an Acht seo a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus, de réir mar is iomchuí, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a bheidh meabhrán comhlachais na Corparáide.
Príomhchuspóirí na Corparáide.
10.—(1) Déarfar i meabhrán comhlachais na Corparáide gurb iad príomhchuspóirí na Corparáide—
(a) aon fhiontar a bhunú, ina aonar nó i gcomhpháirt le fiontar tráchtála Stát-tionscanta, ar fiontar é a bhfuil cumas ann, i dtuairim na Corparáide, chun bheith brabúsach agus éifeachtach agua a bhfuil tuar réasúnach faoi maidir le brabúsmhaireacht, forbairt, forás, fás nó fostaíocht inmharthana a chur ar fáil;
(b) infheistíocht a dhéanamh, i gcomhairle, nuair is iomchuí, le comhlachtaí Stát-tionscanta, in aon fhiontar (lena n-áirítear aon fhiontar atá ar lánúinéireacht nó ar pháirtúinéireacht ag fiontar tráchtála Stát-tionscanta) atá, i dtuairim na Corparáide, brabúsach agus éifeachtach nó a bhfuil cumas ann chun bheith brabúsach agus éifeachtach agus a bhfuil tuar réasúnach faoi maidir le brabúsmhaireacht, forbairt, forás, fás nó fostaíocht inmharthana a chur ar fáil;
(c) bainistíocht a dhéanamh agus cúnamh a thabhairt (le hairgead nó ar shlí eile), lena n-áirítear páirt a ghlacadh i gcomhfhiontair, i ndáil le bunú, cur chun cinn agus forbairt aon fhiontair (lena n-áirítear aon fhiontar atá ar lán-úinéireacht nó ar pháirtúinéireacht ag fiontar tráchtála Státtionscanta) atá, i dtuairim na Corparáide, brabúsach agus éifeachtach nó a bhfuil cumas ann chun bheith brabúsach agus éifeachtach agus a bhfuil tuar réasúnach faoi maidir le brabúsmhaireacht, forbairt, forás, fás nó fostaíocht inmharthana a chur ar fáil;
(d) infheistíocht a dhéanamh in aon fhiontar atá á bhunú nó a bunaíodh chun freastal ar thurasóirí agus atá, i dtuairim na Corparáide, brabúsach agus éifeachtach, nó a bhfuil cumas ann chun bheith brabúsach agus éifeachtach agus a bhfuil tuar réasúnach faoi maidir le brabúsmhaireacht, forbairt, forás, fás nó fostaíocht inmharthana a chur ar fáil;
(e) cúnamh a thabhairt (le hairgead nó ar shlí eile) d'aon fhiontar tráchtála Stát-tionscanta a bhunófar tar éis dháta rite an Achta seo a bhfuil, i dtuairim na Corparáide, cumas ann chun bheith brabúsach agus éifeachtach agus a bhfuil tuar réasúnach faoi maidir le brabúsmhaireacht, forbairt, forás, fás nó fostaíocht inmharthana a chur ar fáil nó fiontar tráchtála Stát-tionscanta den sórt sin a bhainistí nó gníomhú mar chuideachta shealbhaíochta dó;
(f) cúnamh a thabhairt (le hairgead nó ar shlí eile) d'aon fhiontar arna bhunú ag comhlacht tráchtála Stát-tionscanta atá, i dtuairim na Corparáide, brabúsach agus éifeachtach, nó a bhfuil cumas ann chun bheith brabúsach agus éifeachtach agus a bhfuil tuar réasúnach faoi maidir le brabúsmhaireacht, forbairt, forás, fás nó fostaíocht inmharthana a chur ar fáil nó fiontar den sórt sin a bhainistí nó gníomhú mar chuideachta shealbhaíochta dó;
(g) infheistíocht a dhéanamh in aon fhiontar a bhfuil baint aige le saothrú, forbairt, táirgeadh nó margú acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear acmhainní talmhaíochta, iascaigh agus foraoiseachta más rud é, i dtuairim na Corparáide, go bhfuil an fiontar sin brabúsach agus éifeachtach nó go bhfuil cumas ann chun bheith brabúsach agus éifeachtach agus go bhfuil tuar réasúnach faoi maidir le brabúsmhaireacht, forbairt, forás, fás nó fostaíocht inmharthana a chur ar fáil;
(h) infheistíocht a dhéanamh in aon fhiontar a n-áirítear ar a chuid feidhmeanna conarthaí soláthair fad-tréimhseacha a fhorbairt nó a dhéanamh idir táirgeoirí agus lucht próiseála más rud é, i dtuairim na Corparáide, go bhfuil an fiontar sin brabúsach agus éifeachtach nó go bhfuil cumas ann chun bheith brabúsach agus éifeachtach agus go bhfuil tuar réasúnach faoi maidir le brabúsmhaireacht, forbairt, forás, fás nó fostaíocht inmharthana a chur ar fáil;
(i) cúnamh a thabhairt (le hairgead nó ar shlí eile) d'aon fhiontar atá ag gabháil do sheirbhísí margaithe agus seirbhísí comhghaolmhara a bhunú, a chur chun cinn, a fhorbairt nó a sholáthar d'earnálacha áirithe tionscail más rud é, i dtuairim na Corparáide, go bhfuil an fiontar sin brabúsach agus éifeachtach nó go bhfuil cumas ann chun bheith brabúsach agus éifeachtach agus go bhfuil tuar réasúnach faoi maidir le brabúsmhaireacht, forbairt, forás, fás nó fostaíocht inmharthana a chur ar fáil;
(j) aon fhiontar atá ag gabháil do shaothrú taighde a sheoltar in ollscoil nó i bhforas oideachais tríú-leibhéal eile, sa Láraonad Nuála, sa Lárionad Náisiúnta um Fheidhmiú na Micrileictreonaice, i Seirbhís Fionnachtana na hInstitiúide Taighde Tionscail agus Caighdeán nó i gcomhlachtaí dá samhail sa Stát a bhunú, a chur chun cinn nó cúnamh a thabhairt dó (le hairgead nó ar shlí eile) más rud é, i dtuairim na Corparáide, go bhfuil an fiontar sin brabúsach agus éifeachtach nó go bhfuil cumas ann chun bheith brabúsach agus éifeachtach agus go bhfuil tuar réasúnach faoi maidir le brabúsmhaireacht, forbairt, forás, fás nó fostaíocht inmharthana a chur ar fáil;
(k) infheistíocht a spreagadh (seachas trí aslach airgid) in aon fhiontar inar thug an Chorparáid cúnamh (le hairgead nó ar shlí eile) agus infheistíocht a spreagadh (seachas trí aslach airgid) in aon fhiontar ar cuideachta shealbhaíochta aige an Chorparáid;
(l) ciste infheistíochta a bhunú agus a chothabháil (a luaithe is féidir tar éis an lae dílseacháin) dá ngairfear “an Ciste Infheistíochta Roithleánach don Fhostaíocht” agus a n-íocfar isteach ann aon airgead a ghnóthóidh an Chorparáid ar infheistíochtaí, díbhinní a íocfar leis an gCorparáid agus, faoi réir aon treoracha a eiseoidh an tAire faoi alt 31 (2), aon bhrabúis a fhaibhreoidh chuig an gCorparáid agus a úsáidfear chun na gcríoch dár bunaíodh an Chorparáid.
(2) Beidh aird ag an gCorparáid ar a dualgais ghinearálta faoi alt 13 agus í ag comhlíonadh a cuid cuspóirí.
(3) Beidh cumhacht ag an gCorparáid na nithe seo a leanas go háirithe a dhéanamh—
(a) a cuid infheistíochtaí a dhíol, a réadú nó a dhiúscairt ar shlí eile;
(b) urrúis a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt;
(c) talamh agus maoin eile a fháil agus a dhiúscairt;
(d) aon fhiontar brabúsach nó aon fhiontar ar dóigh go mbeidh sé brabúsach a bhunú, a chur chun cinn, cúnamh a thabhairt dó (le hairgead nó ar shlí eile) nó é a bhainistí;
(e) comhpháirtíochtaí a fhoirmiú nó páirt a ghlacadh iontu;
(f) comharchumainn a fhoirmiú, cúnamh a thabhairt lena bhfoirmiú nó páirt a ghlacadh iontu;
(g) cur isteach ar phaitinní, trádmharcanna, ceadúnais nó cearta maoine intleachta nó tionscail eile nó an céanna a cheannach nó a fháil ar shlí eile nó a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile;
(h) fostaithe, comhchomhairleoirí nó comhairleorí eile a fhostú agus a íoc;
(i) iasachtaí a fháil go sealadach (faoi réir alt 20);
(j) bronntanas airgid, urrús, talún agus maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir);
(k) iasacht a thabhairt d'aon fhiontar ar choinníoll nach mbeidh an iasacht sin ar neamhréir le forálacha alt 15.
(4) Ní choiscfidh ná ní shrianfaidh rud ar bith san alt seo go n-áireofaí i measc chuspóirí na Corparáide mar a luaitear iad sa mheabhrán comhlachais gach cuspóir agus cumhacht is gá nó is iomchuí go réasúnach d'fhonn na príomhchuspóirí sin a dúradh a chur i gcrích go cuí nó atá coimhdeach nó teagmhasach leis an gcur i gcrích sin agus nach bhfuil ar neamhréir leis an Acht seo.
(5) Beidh cumhacht ag an gCorparáid aon ní a dhéanamh is deal raitheach a bheith riachtanach, nó ina chuidiú dar léi, chun go gcomhlíonfadh sí aon cheann dá cuspóirí mar a shonraítear iad san Acht seo nó ina meabhrán comhlachais agus nach bhfuil ar neamhréi le haon achtachán atá i bhfeidhm de thuras na huaire.
(6) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a chuirfidh ar chumas na Corparáide deontais a thabhairt d'aon fhiontar.
Foirm na n-airteagal comhlachais.
11.—(1) Is i cibé foirm ar comhréir leis an Acht seo a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus, de réir mar is iomchuí, toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a bheidh airteagail chomhlachais na Corparáide.
(2) Forálfaidh airteagail chomhlachais na Corparáide—
(a) nach mó líon na stiúrthóirí (agus an cathaoirleach san áireamh) ná naonúr;
(b) gurb é an tAire a cheapfaidh an cathaoirleach agus na stiúrthóirí eile (seachas an stiúrthóir bainistíochta) agus go bhféadfaidh sé iad a chur as oifig;
(c) go ndéanfar gach stiúrthóir (seachas an stiúrthóir bainistíochta ach an cathaoirleach san áireamh) a cheapadh go ceann tréimhse nach faide ná cúig bliana agus go bhféadfaidh an tAire an ceapachán sin a athnuachan;
(d) gurb é an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí a chinnfidh luach saothair an chathaoirligh agus na stiúrthóirí (seachas an stiúrthóir bainistíochta);
(e) go ndéanfaidh na stiúrthóirí, le toiliú an Aire, stiúrthóir bainistíochta a cheapadh ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle le hAire na Seirbhíse Poiblí;
(f) nach gceapfar aon duine mar iniúchóir don Chorparáid gan ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.
Srian le meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais a athrú.
12.—D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, ní bheidh aon athrú i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Corparáide bailí ná éifeachtúil mura le ceadú roimh ré ón Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais agus, de réir mar is iomchuí, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a dhéanfar é.
Dualgas ginearálta na Corparáide.
13.—Is é dualgas ginearálta na Corparáide—
(a) cúnamh a thabhairt leis an méid is mó d'fhostaíocht inmharthana a chruthú sa Stát, agus
(b) a cuid cuspóirí a chomhlíonadh, ar a n-áireofar infheistíochtaí a rinne sí a réadú a luaithe is a bheidh sé críonna sin a dhéanamh ó thaobh airgeadais agus tráchtála, ar shlí a chumasóidh don Chorparáid brabach réasúnach a dhéan amh ar aon infheistíocht a rinne sí agus a chinnteoidh go mbeidh airgead ar fáil don Chiste Infheistíochta Roithleánach don Fhostaíocht.
Faisnéis a thabhairt don Aire.
14.—(1) Cuirfidh an Chorparáid scéala i scríbhinn chuig an Aire i dtaobh gach infheistíocht a dhéanfaidh sí, an teorainn ama a bheidh socraithe aici maidir le baint a bheith aici leis an infheistíocht sin agus aon chinneadh iardain teorainn ama ar bith den sórt sin a fhadú.
(2) Maidir le haon teorainn ama a shocróidh an Chorparáid maidir le baint a bheith aici le hinfheistíocht áirithe a dhéantar faoin Acht seo tabharfar aird ar imthosca áirithe na hinfheistíochta.
(3) Tabharfaidh an Chorparáid faisnéis don Aire, nuair a iarrfaidh an tAire uirthi sin a dhéanamh, i dtaobh na n-infheistíochtaí a bheidh ar teachtadh ag an gCorparáid.
Méid uasta na n-infheistíochtaí.
15.—(1) Faoi réir fho-alt (2) agus fho-alt (3), ní dhéanfaidh an Chorparáid, gan cead roimh ré ón Aire, méid nó méideanna is mó san iomlán ná £1,000,000 a infheistiú i bhfiontar.
(2) Faoi réir fho-alt (3), ní dhéanfaidh an Chorparáid, gan toiliú an Rialtais, méid nó méideanna is mó san iomlán ná £2,500,000 a infheistiú i bhfiontar.
(3) (a) Féadfaidh an Chorparáid, faoi réir fho-alt (1) agus fho-alt (2), de bhreis ar aon infheistíocht chothromais a dhéanfaidh sí i bhfiontar, iasacht a thabhairt don fhiontar sin; ar choinníoll
(i) nach rachaidh méid na hiasachta thar 30 faoin gcéad d'infheistíocht thosaigh na Corparáide san fhiontar sin, agus
(ii) go dtabharfar an iasacht sin mar chuid d'infheistíocht thosaigh na Corparáide san fhiontar sin.
(b) Ní bheidh cumhacht ag an gCorparáid faoin alt seo níos mó ná iasacht amháin a dhéanamh le gach fiontar ina ndéanfaidh sí infheistíocht.
(4) Féadfaidh an tAire ó am go ham—
(a) an méid a shonraítear i bhfo-alt (1), agus
(b) an méid a shonraítear i bhfo-alt (2)
a athrú le hordú.
(5) Is é an ráta úis ar gach iasacht faoin alt seo cibé ráta a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, go ginearálta nó in aon chás áirithe.
Cumhacht an Aire Airgeadais mar scairshealbhóir.
16.—Féadfaidh an tAire Airgeadais, maidir leis na scaireanna sa Chorparáid a bheidh á sealbhú aige de thuras na huaire, gach ceart agus cumhacht nó aon cheart agus cumhacht is infheidhmithe ó am go ham ag sealbhóir na scaireanna sin a fheidhmiú agus i gcás na cearta nó na cumhachtaí sin a bheith infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh an tAire sin, más cuí leis é, na cearta nó na cumhachtaí sin a fheidhmiú trína aturnae.
Díbhinní, etc. a íoc isteach sa Státchiste.
17.—Na díbhinní nó an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna na Corparáide, déanfar iad a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh sé.
Airgead a sholáthar le haghaidh suibscríobh scaireanna.
18.—An t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ón Aire Airgeadais faoi chomhair íocaíochtaí is gá dó a dhéanamh i leith scaireanna a thóg sé sa Chorparáid, déanfar iad a airleacan as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.
Srian le scaireanna a eisiúint.
19.—Ní dhéanfar scaireanna sa Chorparáid a eisiúint mura mbeidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, tar éis an eisiúint a údarú.
Iasachtaí díomuana ag an gCorparáid.
20.—Féadfaidh an Chorparáid, le toiliú an Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna (nach mó san iomlán ná £500,000) a theastóidh uaithi faoi chomhair caiteachais reatha a fháil ar iasacht go díomuan trí chomhshocraíochtaí le baincéirí nó ar shlí eile.
Deontais leis an gCorparáid. etc.
21.—(1) Tráth ar bith le linn na tréimhse cúig bliana dar tosach an lá dílseacháin, féadfaidh an tAire, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis agus a shonróidh sé don Chorparáid, deontas nó deontais, i leith chaiteachais riaracháin na Corparáide, ina mbeidh cibé méid nó méideanna a shocróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an gCorparáid gach bliain airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, faoi réir theorainn £2,000,000 in aon bhliain den sórt sin.
(2) Déanfaidh an Chorparáid, maidir le gach bliain airgeadais nó cibé tréimhse is faide ná sin a shonróidh an tAire, meastachán d'iomlán a caiteachais agus a fáltas a ullmhú agus a sheoladh chuig an Aire (tráth nach déanaí ná dáta a shonróidh an tAire), agus beidh gach meastachán den sórt sin i cibé foirm, agus beidh ag gabháil leis cibé faisnéis bhreise maidir leis an meastachán sin, a éileoidh an tAire.
CUID III
Forálacha Maidir le Stiúrthóirí agus Foireann
Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.
22.—(1) I gcás ina ndéanfar stiúrthóir ar an gCorparáid—
(a) a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó
(b) a thoghadh mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó
(c) a mheas, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, mar dhuine a toghadh chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,
scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gCorparáid.
(2) I gcás ina ndéanfar duine a bheidh fostaithe ag an gCorparáid—
(a) a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó
(b) a thoghadh mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó
(c) a mheas, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, mar dhuine a toghadh chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,
beidh sé ar iasacht air sin ó fhostaíocht na Corparáide agus ní íocfaidh an Chorparáid leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gCorparáid, aon luach saothair ná liúntais in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa nó an tráth a mheasfar é amhlaidh mar dhuine a toghadh, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Tionól sin.
(3) Duine a bheidh, de thuras na huaire, i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCorparáid nó chun bheith fostaithe in aon cháil ag an gCorparáid.
(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmiscfidh tréimhse a luaitear ann a ríomh mar sheirbhís leis an gCorparáid le haghaidh aon phinsean, aiscí nó liúntas eile is iníoctha ar scor nó ar bhás.
Daoine áirithe a bheith dícháilithe chun bheith ina stiúrthóirí.
23.—I gcás duine—
(a) a breithníodh ina fhéimheach,
(b) a ciontaíodh in aon chion indíotáilte lenar bhain calaois nó mímhacántacht, cibé acu an i ndáil le cuideachta nó nach ea, nó
(c) atá faoi réir ordaithe faoi alt 184 d'Acht na gCuideachtaí, 1963,
beidh sé dícháilithe chun bheith nó chun teacht chun bheith ina stiúrthóir ar an gCorparáid.
Aoisliúntas oifigeach agus seirbhíseach.
24.—(1) A luaithe is caothúil tar éis an lae dílseacháin, ullmhóidh an Chorparáid, agus cuirfidh sí faoi bhráid an Aire lena cheadú a fháil, scéim ranníocach nó scéimeanna ranníocacha chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé oifigigh nó seirbhísigh de chuid na Corparáide is cuí léi, nó i leith na n-oifigeach nó na seirbhíseach sin, ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis.
(2) Féadfaidh an Chorparáid, tráth ar bith, scéim lena leasófar nó lena gcúlgairfear scéim faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.
(3) I gcás scéim a chur faoi bhráid an Aire de bhun an ailt seo féadfaidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, an scéim a cheadú.
(4) Déanfaidh an Chorparáid scéim a chuirfidh sí faoi bhráid an Aire faoin alt seo a chur i gcrích de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire an scéim le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
(5) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.
(6) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun Aire na Seirbhíse Poiblí í, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadhsan.
(7) Ní dhéanfaidh an Chorparáid aon phinsean, aisce ná liúntas eile a dheonú ar shlí seachas de réir scéime faoin alt seo ar oifigeach nó seirbhíseach don Chorparáid d'eirí as, do scor nó d'fháil bháis.
(8) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
Nochtadh leasa in infheistíochtaí, conarthaí, etc. a bheartaítear a dhéanamh.
25.—(1) Stiúrthóir ar an gCorparáid a bhfuil leas díreach nó indíreach aige in aon tionscal nó fiontar ina mbeartaíonn an Chorparáid infheistiú nó dá mbeartaíonn sí cúnamh a thabhairt ar shlí eile, in aon chuideachta nó gnólacht lena mbeartaíonn an Chorparáid conradh a dhéanamh nó in aon chonradh a bheartaíonn an Chorparáid a dhéanamh—
(a) nochtfaidh sé do Bhord na Corparáide cad é an leas é ag an gcruinniú de Bhord na Corparáide ag a mbreithneofar den chéad uair an ndéanfar an infheistíocht sin nó an dtabharfar an cúnamh sin nó an ndéanfar an conradh sin nó, i gcás nach mbeidh aon leas den sórt sin aige an tráth sin, a luaithe is féidir tar éis dó an leas sin a fháil,
(b) ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon phlé a dhéanfaidh an Bord i ndáil leis an infheistíocht, leis an gcúnamh nó leis an gconradh sin ach amháin a mhéid a cheadóidh cathaoirleach an chruinnithe ag a ndéanfar an plé sin, agus
(c) ní vótálfaidh sé in aon chinneadh i ndáil leis an infheistíocht, leis an gcúnamh nó leis an gconradh sin.
(2) Déanfar nochtadh faoin alt seo a thaifeadadh i miontuairiscí na Corparáide.
(3) I gcás gur deimhin leis an Aire gur mhainnigh stiúrthóir ar an gCorparáid déanamh de réir cheanglais fho-alt (1), féadfaidh sé, más cuí leis, an stiúrthóir sin a bhriseadh ó Bhord na Corparáide agus, má bhristear duine de bhun an fho-ailt seo, beidh sé dícháilithe feasta chun bheith ina stiúrthóir ar an gCorparáid.
Faisnéis a nochtadh.
26.—(1) Ní dhéanfaidh duine, gan toiliú Bhord na Corparáide, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, aon fhaisnéis a nochtadh a gheobhaidh sé le linn dó dualgais mar chathaoirleach, stiúrthóir bainistíochta, stiúrthóir ar an gCorparáid, nó mar fhostaí de chuid na Corparáide nó sainchomhairleoir nó comhairleoir leis an gCorparáid, a chomhlíonadh.
(2) Duine a sháróidh fo-alt (1), beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £800 a chur air.
Foireann na Corparáide.
27.—(1) Déanfaidh stiúrthóirí na Corparáide cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis an gCorparáid ó am go ham a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Chorparáid.
(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Chorparáid a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Chorparáid ó am go ham.
(3) Íocfaidh an Chorparáid lena hoifigigh agus lena seirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas is cuí leis an gCorparáid, agus sin, i gcás a stiúrthóra bainistíochta (cibé an stiúrthóir bain istíochta nó eile a thugtar de thuairisc ar an oifigeach sin), faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
(4) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag an gCorparáid ar an luach saothair nó ar na liúntais i leith caiteachas a íocfar lena hoifigigh nó lena seirbhísigh nó ar na téarmaí nó ar na coinníollacha ar faoina réir a shealbhaíonn nó a shealbhóidh na hoifigigh nó na seirbhísigh sin a bhfostaíocht, beidh aird ag an gCorparáid ar threoirlínte Rialtais, nó ar threoirlínte ar a bhfuil comhaontaithe ar bhonn náisiúnta, a bheidh ar marthain de thuras na huaire, nó ar pholasaí Rialtais i ndáil le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bheidh ar marthain amhlaidh, agus, mar bhreis ar an méid sin roimhe seo, déanfaidh an Chorparáid de réir cibé ordachán maidir leis an luach saothair, na liúntais, na téarmaí nó na coinníollacha sin thabharfaidh an tAire ó am go ham don Chorparáid le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
CUID IV
Ilghnéitheach
Fochuideachtaí agus infheistíocht i bhfiontair seachas i bhfochuideachtaí.
28.—(1) Féadfaidh an Chorparáid, le toiliú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, fochuideachtaí ar lánúinéireacht nó ar pháirtúinéireacht a bhunú chun cuidiú lena cuspóirí a bhaint amach ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.
(2) Ní dhéanfaidh an Chorparáid infheistíocht i bhfiontar (seachas fiontar faoi fho-alt (1) nó fiontar dá dtagraítear in alt 10 (1) (e) agus (f) dá mba rud é, de thoradh na hinfheistíochta sin—
(a) go rialódh an Chorparáid comhdhéanamh bhord stiúrthóirí an fhiontair sin,
(b) go sealbhódh an Chorparáid níos mó ná leath de réir luacha ainmniúil de scairchaipiteal an fhiontair sin,
(c) go sealbhódh an Chorparáid níos mó ná leath de réir luacha ainmniúil de na scaireanna dá chuid a ngabhann cearta vótála leo (seachas cearta vótála nach n-éiríonn ach in imthosca sonraithe).
(3) D'ainneoin fhorálacha Achtanna na gCuideachtaí, is i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais a bheidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais aon chuideachta a bhunófar faoi fho-alt (1).
(4) Bainfidh forálacha ailt 12, 19, 22, 23, 24, 25, 26, 27, 29 (1), 30, 31 agus 33 le gach fochuideachta a bhunófar faoi fho-alt (1) mar a bhaineann siad leis an gCorparáid.
Cuntais agus iniúchadh.
29.—(1) Coinneoidh an Chorparáid i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó a chaithfidh sí, lena n-áirítear cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe agus, go háirithe, coinneoidh sí i cibé foirm mar adúradh gach cuntas speisialta a ordóidh an tAire ó am go ham.
(2) Déanfaidh an Chorparáid cuntais a choinnítear de bhun an ailt seo a chur lena n-iniúchadh chuig iniúchóir a cheapfaidh an Chorparáid, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, chun na cuntais a iniúchadh agus déanfaidh an Chorparáid na cuntais sin, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.
Tuarascálacha, etc. a thabhairt don Aire.
30.—(1) Déanfaidh an Chorparáid, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh a bliana airgeadais, tuarascáil a thabhairt don Aire ar a himeachtaí le linn na bliana airgeadais sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(2) Is i cibé foirm a éileoidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a bheidh tuarascáil a thabharfar faoin alt seo.
(3) Tabharfaidh an Chorparáid don Aire cibé faisnéis maidir le tuarascáil arna tabhairt faoin alt seo nó maidir lena gníomhaíochtaí (seachas gníomhaíochtaí a bhaineann le riarachán ó lá go lá) a iarrfaidh sé ó am go ham.
(4) Leagfar amach i dtuarascáil arna tabhairt faoin alt seo aon ordacháin a thug an tAire faoi alt 31 agus luafar inti cá mhéad a comhlíonadh aon ordachán den sórt sin.
Ordacháin ghinearálta maidir le polasaí.
31.—(1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, cibé ordacháin ghinearálta is cuí leis i dtaobh polasaí agus oibríochtaí (seachas oibríochtaí ó lá go lá) i ndáil le haon chuspóir nó gach cuspóir de na cuspóirí a shonraítear i meabhrán comhlachais na Corparáide a thabhairt i scríbhinn don Chorparáid.
(2) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a ordú go ndéanfaí brabúis na Corparáide, in aon bhliain ina dtugtar ordachán faoin alt seo, a chur chun feidhme de réir mar a shonrófar san ordachán.
(3) Le linn don Chorparáid a feidhmeanna a fheidhmiú, déanfaidh sí de réir aon ordacháin a thabharfar faoin alt seo.
(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuirfidh ar chumas an Aire aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil le haon infheistíocht faoi leith lena bhfuil nó lena mbeidh an Chorparáid bainteach.
(5) I gcás go dtabharfaidh an tAire ordachán ní foláir don Aire, laistigh de 21 lá ón lá a thabharfar an t-ordachán, a chur faoi deara go leagfar cóip den ordachán faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
An Ghníomhaireacht a dhíscaoileadh agus a maoin a aistriú, etc.
32.—(1) Beidh an Ghníomhaireacht arna díscaoileadh de bhua an ailt seo an lá dílseacháin.
(2) An mhaoin go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, dílsithe don Ghníomhaireacht nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha di, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá dílseacháin, gan tíolacadh ná sannadh ach faoi réir aistriú, i gcás ar gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dílsithe don Chorparáid nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha di (de réir mar is gá sa chás).
(3) An mhaoin go léir a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm na Gníomhaireachta, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta, ar an gCorparáid á iarraidh sin aon tráth an lá dílseacháin nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm na Corparáide.
(4) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo féadfaidh an Chorparáid, an lá dílseacháin nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú, nó é a fheidhmiú ina hainm féin agus ní gá don Chorparáid fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin.
(5) Gach fiach agus dliteanas eile (lena n-áirítear damáistí neamhleachtaithe) a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha a bheidh, díreach roimh an lá dílseacháin, dlite den Ghníomhaireacht agus gan íoc aici nó a bheidh tabhaithe agus gan ghlanadh aici, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá dílseacháin, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an gCorparáid agus íocfaidh nó glanfaidh an Chorparáid é agus féadfar é a ghnóthú ón gCorparáid nó a fheidhmiú ina haghaidh dá réir sin.
(6) Gach conradh a rinneadh agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin idir an Ghníomhaireacht agus aon duine, leanfaidh sé i bhfeidhm an lá dílseacháin agus dá éis ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an Chorparáid ann in ionad na Gníomhaireachta agus beidh sé infheidhmithe dá réir sin ag an gCorparáid nó ina haghaidh.
(7) I gcás a mbeidh, díreach roimh an lá dílseacháin, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu an Ghníomhaireacht, cuirfear ainm na Corparáide in ionad ainm na Gníomhaireachta agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur-in-ionad sin.
(8) Ní bhainfidh alt 12 den Finance Act, 1895, leis an maoin nó na cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú don Chorparáid.
Teorainn le caiteachas áirithe.
33.—Ní dhéanfaidh an Chorparáid, gan ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, aon airgead a chaitheamh ná aon dliteanas a thabhú i ndáil le háitreabh oifige, trealamh oifige nó aon mhaoin eile réadach nó pearsanta a léasú nó a cheannach i gcás go dtéann aon chaiteachas nó dliteanas den sórt sin thar £250,000 i leith aon léasa nó ceannaigh.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Comhlachtaí Stát-Tionscanta
An Bord Iascaigh Mhara
An Chomhairle Oiliúna
An Foras Talúntais
Bord Fáilte Éireann
Córas Tráchtála
Fóir Teoranta
An tÚdarás Forbartha Tionscail
An Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán
Comhairle Earraí Éireann
Ceardlanna Dearthóireachta Chill Chainnigh Teoranta
An Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta
Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta
Bord Scannán na hÉireann
Airmheán Táirgiúlachta na hÉireann
An Foras Forbartha Teoranta (The National Institute for Physical Planning and Construction Research Limited)
Údarás na Gaeltachta
An Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg.
AN DARA SCEIDEAL
Fiontair Thráchtála Stát-Tionscanta
Aer Lingus cuideachta phoiblí theoranta
Aerlínte Éireann cuideachta phoiblí theoranta
Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta
Corparáid an Chairde Talmhaíochta cuideachta phoiblí theoranta
An Post
Arramara Teoranta
Bord Gáis Éireann
Bord na Móna
Bord Telecom Éireann
British and Irish Steam Packet Company Limited
Ceimicí Teoranta
Córas Iompair Éireann
Bord Soláthair an Leictreachais
Corparáid an Chairde Tionscail cuideachta phoiblí theoranta
Árachas Saoil na hÉireann cuideachta phoiblí theoranta
Corparáid Náisiúnta Pheitriliam na hÉireann Teoranta
Cruach na hÉireann Teoranta
An Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta
Nítrigin Éireann Teoranta
Óstlanna Iompair Éireann Teoranta
Radio Telefís Éireann
Siúicre Éireann cuideachta phoiblí theoranta
Comhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann Teoranta
An Bord Árachais Sláinte Shaorálaigh.