Uimhir 5 de 1987
AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1987
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. |
An tAcht dá dTagraítear | |
Uimhir 5 de 1987
AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1987
Gearrtheideal agus comhlua.
1.—(1) Féadfar an tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1987, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 agus 1987, a ghairm den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, agus den Acht seo le chéile.
2.—Leasaítear leis seo alt 23 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, trí “£60,000,000” a chur in ionad “£50,000,000” i bhfo-alt (4) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(4) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a bheidh airleactha faoin alt seo agus a bheidh gan aisíoc thar £60,000,000 aon tráth áirithe. |