[EN]

Uimhir 56 de 1924.


[EN]

ACHT LAETHEANTA SAOIRE PUIBLÍ, 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEAS LE LAETHEANTA SAOIRE BAINC AGUS LAETHEANTA SAOIRE REACHTÚLA EILE D'FHURÓGAIRT. [18adh Mí na Nodlag, 1924.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Féadfidh an Ard-Chomhairle aon lá do cheapa mar lá saoire bainc.

1.—Beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle o am go ham fé mar is oiriúnach leo aon lá áirithe do cheapa le furógra chun go gcimeádfaí é mar lá saoire bainc ar fuaid Shaorstáit Éireann no in aon chuid de no in aon chontae, cathair, buirg no ceanntar ann, agus aon lá a ceapfar amhlaidh cimeádfar é mar lá saoire dlúth i ngach banc laistigh den áit a bheidh luaidhte sa bhfurógra san agus, maidir le billí malairte agus nótaí geallúna is iníoctha san áit sin, tuigfar gur lá saoire bainc é chun crícheanna an Bank Holidays Act, 1871, agus fós, má orduíonn an furógra amhlaidh, beidh sé ina lá saoire puiblí chun crícheanna an Holidays Extension Act, 1875.

[EN]

Féadfidh an Ard-Chomhairle dátanna laetheanta saoire bainc d'atharú i gcásanna speisialta.

2.—O am go ham, aon uair a chífar don Ard-Chomhairle in aon chás speisialta ná fuil sé oiriúnach, in aon bhliain áirithe, lá a ceapadh mar lá saoire bainc leis an Bank Holidays Act, 1871, no leis an Bank Holiday (Ireland) Act, 1903, no a ceapadh mar lá saoire leis an Holidays Extension Act, 1875, do bheith ina lá saoire bainc no ina lá saoire den tsórt san, beidh sé dleathach dóibh a fhaisnéis le furógra ná beidh an lá san an bhliain sin ina lá saoire bainc, no ina lá saoire, chun crícheanna na nAchtanna san fé seach, agus pé lá eile is oiriúnach, dar leis an Ard-Chomhairle, do cheapa chun bheith ina lá saoire bainc agus ina lá saoire puiblí chun crícheanna na nAchtanna san no aon Achta aca, in ionad an lae sin, agus leis sin déanfar, an bhliain sin, an lá a ceapfar amhlaidh do chur in ionad an lae a ceapadh amhlaidh leis na hAchtanna san no le pé cinn aca a bheidh luaidhte sa bhfurógra.

[EN]

Foillseofar na furógraí san Iris Oifigiúil agus ar shlite eile.

3.—Gach furógra a dhéanfidh an Ard-Chomhairle fén Acht so foillseofar é san Iris Oifigiúil agus ar pé slite eile a ordóidh an Ard-Chomhairle, agus déanfar an foillsiú san ar dháta nách déanaí ná seacht lá roimh an lá a faisnéisfar leis an bhfurógra san a bheith ina lá saoire bainc no ina lá saoire eile.

[EN]

Athghairmeanna.

4.—Na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear iad leis seo sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

5.—(1) Féadfar an tAcht Laetheanta Saoire Puiblí, 1924, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Laetheanta Saoire Puiblí, 1871 go 1924, do ghairm den Bank Holidays Act, 1871, den Holidays Extension Act, 1875, den Bank Holiday (Ireland) Act, 1903, agus den Acht so, le chéile.

[EN]

SCEIDEAL.

ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.

Siosón agus Caibideal

Gearr-Theideal

Méid na hathghairme

34 & 35 Vict. c. 17 ..

Bank Holidays Act, 1871 ..

Ailt 4 agus 5

38 Vict. c. 13 ..

Holidays Extension Act, 1875 ..

Alt 3