Uimhir 6 de 1924.
ACHT IASCAIGH, 1924.
Mínithe
1.—San Acht so—
foluíonn an focal “bradán” liathóg, colgán, breac geal samh nacháin, maighreán, agus gach iasc eile do chineál an bhradáin agus a síol agus a salán san;
foluíonn an focal “breac” scadán fíor-uisce agus gach iasc de chineál an bhric agus a síol agus a salán san;
cialluíonn agus foluíonn an focal “saosúr coiscithe bliantúil” aon tréimhse aimsire no saosúr den bhliain ina bhfuil no ina mbeidh sé coiscithe do réir dlí aon iasc, den tsórt go n-úsáidtear an focal ina thaobh, d'iascach, do thógaint no do mhille san abhainn, sa loch, sa ribhéar no sa chuid den bhfaraige go n-úsáidtear an focal ina thaobh; agus
gach focal agus abairt eile a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear, leis, sna hAchtanna Iascaigh (Éirinn), 1842 go 1909, beidh leo fé seach san Acht so na bríonna céanna atá leo sna hAchtanna san.
Pionóisí mar gheall ar bhradáin no bric do thógaint, do dhíol, etc., i rith an tsaosúir choiscithe bhliantúla.
2.—(1) Gach éinne a dhéanfidh go toiliúil aon bhradán no breac do thógaint as aon abhainn, loch no ribhéar, no as aon pháirt den bhfaraige nó é d'iascach in aon áit díobh san, no cuidiú no cabhrú chun san do dhéanamh, i rith saosúr coiscithe bliantúil na mbradán no na mbreac fé seach san abhainn, sa loch, no sa ribhéar san no sa pháirt sin den bhfaraige, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus ar a fháil ciontach ann ar an slí achmair féadfar é phionósú le fineáil nách lú ná dhá phúnt agus nách mó ná cúig púint ar fhichid, maraon le fíneáil eile dhá phúnt in aghaidh gach bradáin no bric a thóg sé no ar ar rug sé amhlaidh, agus fós bainfar de gach ceann de sna bradáin no na bric sin agus an líon, an t-inneal, no an instruimid le n-ar tógadh an céanna no le n-ar rugadh air.
(2) Gach éinne a cheannóidh, a dhíolfidh no a chuirfidh ar díol no go mbeidh i gcimeád no ar seilbh aige aon bhradán no breac no aon chuid de bhradán no de bhreac a tógadh as aon abhainn, loch no ribhéar no as aon pháirt den bhfaraige, no ar ar rugadh in aon áit díobh san, i rith saosúr coiscithe bliantúil na mbradán no na mbreac fé seach san abhainn, sa loch, no sa ribhéar san, no sa pháirt sin den bhfaraige, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus ar a fháil ciontach ann ar an slí achmair féadfar é phionósú le fíneáil nách lú ná dhá phúnt agus nách mó ná cúig púint ar fhichid, maraon le fíneáil eile dhá phúnt in aghaidh gach bradáin no bric no cuid de bhradán no de bhreac den tsórt san, a cheannuigh, a dhíol no a chuir sé ar díol mar sin no a bhí i gcimeád no ar seilbh aige mar sin agus fós bainfar de gach ceann de sna bradáin no na bric sin no an chuid sin de bhradán no de bhreac.
(3) In aon imeachta fén bhfo-alt san roimhe seo, má cruthuítear gur dhin duine aon bhradán no breac no aon chuid d'aon bhradán no breac do cheannach, do dhíol no do chur ar díol, no go raibh san i gcimeád no ar seilbh aige, i rith saosúr coiscithe bliantúil na mbradán no na mbreac fé seach in aon abhainn, loch, no ribhéar i Saorstát Éireann no in aon pháirt den bhfaraige i ngar do chósta Shaorstáit Éireann, beidh an cruthúnas san ina fhianaise prima facie gur tógadh an bradán no an breac san no gur rugadh air i rith saosúr coiscithe bliantúil na mbradán no na mbreac (pe'ca aca is gá sa chás) san abhainn, sa loch, sa ribhéar, no sa pháirt den bhfaraige, as ar tógadh é no in ar rugadh air.
Pionóisí mar gheall ar bhradáin no bric neashaosúrtha do thógaint, do cheannach, etc.
3.—Gach éinne a thógfidh, a mharbhóidh, a mhillfidh, a cheannóidh, a dhíolfidh no a chuirfidh ar díol go toiliúil aon uair, no 'na mbeidh i gcimeád no ar seilbh aige aon uair go toiliúil aon bhradán no breac atá dubh, bréan, nea-ghlan, no neashaosúrtha, no aon chuid d'aon bhradán no breac den tsórt san, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus, ar a fháil ciontach ann ar an slí achmair, féadfar é phionósú le fíneáil nách lú ná dhá phúnt agus nách mó ná cúig púint ar fhichid, maraon le fíneáil eile dhá phúnt in aghaidh gach bradáin no bric, no cuid de bhradán no de bhreac, den tsórt san, no, más maith leis an gcúirt é, le príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon tréimhse nách giorra ná mí agus nách sia ná dhá mhí dhéag, agus fós in aon chás díobh san bainfar de gach ceann de sna bradáin no na bric sin no an chuid sin de bhradán no de bhreac: Ach mar sin féin éinne go ráineoidh do go cinniúnach aon bhradán no breac den tsórt san do thógaint no breith ar a leithéid agus a chuirfidh thar n-ais san uisce é láithreach, gan díobháil a dhéanamh do, ní bheidh sé ciontach sa chionta roimhráite.
Pionóisí mar gheall ar bhac no cur isteach do chur ar bhradán no ar bhreac i rith an tsaosúir choiscithe bhliantúla
4.—Gach éinne a dhéanfidh go toiliúil ar aon tslí no le haon tseift, i rith saosúr coiscithe bliantúil na mbradán no na mbreac fé seach in aon abhainn no loch, cosc do chur le bradán no breac, no gealóga no salán bradáin no bric, do ghluaiseacht, san abhainn no sa loch san, no tríd, no aon bhradán no breac, no síol, gealóga no salán aon bhradáin no bric, do lot no cur isteach ortha san abhainn no sa loch san, no aon scairbh, banc no leabaidh scéithte ina bhfuil síol, gealóga no salán den tsórt san san abhainn no sa loch san do lot no cur isteach ortha, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus, ar a fháil ciontach ann ar an slí achmair, féadfar é phionósú le fíneáil nách lú ná dhá phúnt agus nách mó ná cúig púint ar fhichid, no, más maith leis an gcúirt é, le príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon tréimhse nách giorra ná mí agus nách sia ná dhá mhí dhéag.
Pionóisí mar gheall ar thabhairt fé iasc do sháth, etc., istoíche.
5.—Gach éinne go mbeidh aige no a úsáidfidh, idir luighe agus eirghe gréine, aon tsaghas soluis no teine, no aon treagh, gaf no strócál no instruimid eile den tsórt san d'aon ghnó chun bradán, breac no iasc eile do thógaint in aon loch, abha no ribhéar, no ar a bhruacha san, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus ar a fháil ciontach ann ar an slí achmair, féadfar é phionósú le fíneáil nách lú ná dhá phúnt agus nách mó ná cúig púint ar fhichid, nó, más maith leis an gcúirt é, le príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon tréimhse nách giorra ná mí agus nách sia ná dhá mhí dhéag, agus fós bainfar de gach solus, teine, treagh, gaf, strócál no instruimid eile den tsórt san roimhráite.
Pionóisí mar gheall ar phléascáin d'úsáid chun breith ar iasc.
6.—Gach éinne a úsáidfidh dynamite no aon tsubstaint phléascach eile chun breith ar iasc no chun iasc do mhille in aon abhainn, loch no ribhéar, pe'ca áit iascaigh phuiblí no áit iascaigh phríobháideach é, no in aon pháirt den bhfaraige, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus, ar a fháil ciontach ann ar an slí achmair, féadfar é phionósú le fíneáil nách lú ná deich bpúint agus nách mó ná cúig púint ar fhichid, no, más maith leis an gcúirt é, le príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon tréimhse nách giorra ná sé mhí agus nách sia ná dhá mhí dhéag.
Pionóisí ar dhuine mar gheall ar phléascáin a bheith aige d'aon ghnó chun iasc do mhille leis.
7.—Gach éinne a gheobhfar ar bhruach no in aice aon abhann no locha no ribhéir no aon pháirt do chósta na faraige agus dynamite no substaint phléascach eile ar seilbh aige agus san ar chuma a dheimheoidh don chúirt 'na dtrialfar é ina láthair go raibh an duine sin tar éis no ar tí an dynamite no an tsubstaint phléascach eile sin d'úsáid chun breith ar iasc no chun iasc do mhille, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus, ar a fháil ciontach ann ar an slí achmair, féadfar é phionósú le fíneáil nách lú ná deich bpúint agus nách mó ná cúig púint ar fhichid, no, más maith leis an gcúirt é, le príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon tréimhse nách giorra ná sé mhí agus nách sia ná dhá mhí dhéag, agus fós bainfar de gach dynamite no substaint phléascach eile den tsórt san a bhí ar seilbh aige amhlaidh.
Pionóisí mar gheall ar iasc a marbhuíodh go nea-dhlíthiúil no a fuarthas marbh do thógaint.
8.—(1) Gach éinne (nách duine ná baineann an t-alt so leis) a aistreoidh ar aon tslí no a chuirfidh fé ndeár go n-aistreofar ar aon tslí, as aon abha no loch fíor-uisce—
(a) aon bhradán no breac, no salán aon bhradáin no bric, nár marbhuíodh ar shlí dhleathach, no
(b) aon bhradán no breac, no salán aon bhradáin no bric, a bhí marbh, is cuma cad ba thrúig bháis do, agus a fuair an duine sin,
beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus, ar a fháil ciontach ann ar an slí achmair, féadfar é phíonósú le fíneáil nách lú ná deich bpúint agus nách mó ná cúig púint ar fhichid, no, más maith leis an gcúirt é, le príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon tréimhse nách lú ná sé mhí agus nách sia ná dhá mhí dhéag.
(2) Ní bhainfidh an t-alt so—
(a) le héinne a bheidh ag gníomhú fé údarás an Aire Iascaigh, ná
(b) le haon oifigeach do Bhord de Choimheádaithe a bheidh ag gníomhú fé orduithe an Bhúird sin, ná
(c) le húnaer aon áit iascaigh, ná le n-a ghníomhaire, agus é ag gníomhú fé údarás scríbhte ó Bhord de Choimheádaithe, ná
(d) maidir le haistriú do dhéanamh no le n-a chur fé ndeár aistriú do dhéanamh ar aon bhradán no breac galruithe, no ar shalán a leithéide, no ar aon bhradán no breac, no salán aon bhradáin no bric, a fuarthas marbh, is cuma cad ba thrúig bháis do, le haon bhall den Ghárda Síochána ná le haon Oifigeach Sláintíochta.
Na pionóisí bheith in ionad seana-phionóisí, agus seanachomhachtanna a bheith le feidhmiú.
9.—(1) Gach peannaid no pionós a horduítear leis an Acht so, beidh sé in ionad aon pheannaide no pionóis a horduítear leis na hAchtanna Iascaigh (Éirinn), 1842 go 1909, i gcóir an chionta chéanna no cionta den tsórt chéanna.
(2) Chun forálacha an Achta so do chur i bhfeidhm agus i dtaobh na gciontaí uile go n-orduítear pionóisí ina gcóir leis an Acht so, beidh ag gach duine den Ghárda Síochána, agus ag gach éinne eile a ceapadh chun forálacha na nAchtanna Iascaigh (Éirinn), 1842 go 1909, do chó-líona agus do chur i bhfeidhm, beidh acu na comhachta céanna atá acu anois fé sna hAchtanna roimhráite i dtaobh na gciontaí gcéanna, no i dtaobh ciontaí den tsórt chéanna, go n-orduítear pionóisí ina gcóir leis na hAchtanna san.
Ní bhainfidh an tAcht le lucht síolraíochta nó le lucht saothair eile eolaíochta.
10.—Ní bhainfidh éinní san Acht so le héinne a bhéarfidh no a thabharfidh fé bhreith ar aon bhradán no breac, no ar shalán, gealóga no síol aon bhradáin no bric (beo, marbh no galruithe), no na mbeidh an céanna i gcimeád no ar seilbh aige, le cead an Aire Iascaigh, chun crícheanna síolraíochta no chun crícheanna eile eolaíochta.
Gearr-theideal agus léiriú.
11.—Féadfar an tAcht Iascaigh, 1924, do ghairm den Acht so agus féadfar é luadh agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna Iascaigh (Éirinn), 1842 go 1909.