Uimhir 6 de 1928.
ACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (LEASÚ), 1928.
[28adh Meitheamh, 1928.]
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS :—
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an tAcht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh, 16 de 1924), agus
foluíonn an focal “talmhaíocht” garnóireacht, foraoiseacht, déiríocht, agus síolrú, tógaint, no cimeád capall, bó coarach, muc, coiníní, éanlaithe clóis, beach agus eallaigh stuic eile, agus aon fho-cheárdaisí a bhaineann go dlúth le hénní acu san, agus léireofar an focal “talmhaíocht” dá réir sin.
An Roinn Talmhaíochta.
2.—(1) O thosach feidhme an Achta so amach isé a gairmfear den Roinn Tailte agus Talmhaíochta ná an Roinn Talmhaíochta agus isé an tAire is ceann ar an Roinn sin agus isé a gairmfear de ná an tAire Talmhaíochta no (i mBéarla) the Minister for Agriculture.
(2) Beidh ag gabháil leis an Roinn Talmhaíochta san riara agus gnó generálta seirbhísí puiblí a bhaineann le cabhrú le talmhaíocht agus le n-a feabhsú agus le n-a saothrú, ar a n-áirítear oideachas i dtalmhaíocht agus in abhair a bhaineann léi; tora talmhaíochta do roinnt, d'iompar, agus do chur ar an marga; fiosruithe, fromhtha, agus lorgaireacht in eolaíocht na talmhaíochta agus i nithe a bhaineann léi; dátáin agus eolas i dtaobh talmhaíochta agus tora thalmhaíochta do bhailiú agus d'fhoillsiú; có-oibriú, chun crícheanna talmhaíochta, do chur ar aghaidh; seirbhísí sréidliaghachta; galair agus péisteanna ar ainmhithe agus ar phlandaí; agus gach comhacht, dualgas, agus feidhm a bhaineann leis na seirbhísí puiblí sin no le haon cheann acu; agus beidh ag gabháil léi go sonnrách gnó, comhachta, dualgaisí, agus feidhmeanna brainsí agus oifigeach na seirbhísí puiblí a háirítear sa Chéad Chuid den Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(3) Gach luadh no tagairt in aon Acht den Oireachtas do ritheadh roimh thosach feidhme an Achta so no in aon ordú, riail, no rialachán do dineadh no a déanfar fé aon Acht den tsórt san no fé aon Reacht Briotáineach agus gur luadh no tagairt don Aire Tailte agus Talmhaíochta é agus gach luadh no tagairt, in aon Acht, riail, no rialachán den tsórt san, gur gá do réir alt 18 den Phríomh-Acht é do léiriú mar luadh no mar thagairt don Aire Tailte agus Talmhaíochta léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt don Aire Talmhaíochta (ach amháin nuair is i dtaobh agus sa mhéid gur i dtaobh Choimisiún Talmhan na hÉireann a dintar an luadh no an tagairt sin).
(4) Athghairmtear leis seo mír (vi) d'alt 1 den Phríomh-Acht agus an Cúigiú Cuid den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
An Roinn Tailte agus Iascaigh.
3.—(1) O thosach feidhme an Achta so amach isé a gairmfear den Roinn Iascaigh ná an Roinn Tailte agus Iascaigh agus isé an tAire is ceann ar an Roinn sin agus isé a gairmfear de ná an tAire Tailte agus Iascaigh no (i mBéarla) the Minister for Lands and Fisheries.
(2) Beidh ag gabháil leis an Roinn Tailte agus Iascaigh sin riara agus gnó generálta seirbhísí puiblí a bhaineann le tailte (ar a n-áirítear cíosanna agus sealbhaíocht tailte do shocrú agus tionóntaithe i seilbh d'fháil lán-únaereachta tré chistí puiblí) gabháltaisí tailimh do mhéadú agus feabhas economiciúil eile do chur ortha, talamh do cheannach chun é roinnt tré n-a ath-dhíol, cumhangracht thuatha agus cúrsaí neamh-economiciúla dá shórt do leigheas, ceárdaisí tuatha (lasmuich de thalmhaíocht agus de cheárdaisí a bhaineann go dlúth no a ghabhann léi agus go ndintar leis an Acht so riara agus gnó generálta na seirbhísí puiblí a bhaineann leo do cheapa don Roinn Talmhaíochta) do chur ar aghaidh, iascach (le n-a n-áirítear iascach mara, iascach uiscí taoide, iascach fan an chósta, iascach uiscí intíre, agus ceárdaisí a bhaineann leo san), agus gach comhacht, dualgas, agus feidhm a bhaineann leis na seirbhísí puiblí sin no le haon cheann acu agus beidh ag gabháil léi go sonnrách gnó, comhachta, dualgaisí, agus feidhmeanna brainsí agus oifigeach na seirbhísí puiblí a háirítear sa Dara Cuid den Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(3) Gach luadh no tagairt in aon Acht den Oireachtas do ritheadh roimh thosach feidhme an Achta so no in aon ordú, riail, no rialachán do dineadh no a déanfar fé aon Acht den tsórt san no fé aon Reacht Briotáineach agus gur luadh no tagairt don Aire Iascaigh é, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt don Aire Tailte agus Iascaigh.
(4) Athghairmtear leis seo mír (viii) d'alt 1 den Phríomh-Acht agus an Seachtú Cuid den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.
4.—(1) Chun deire do chur le hamhraistí faisnéistear agus achtuítear leis seo, i dtaobh na gcomhacht a bronntar ar an Ard-Chomhairle le fo-alt (2) d'alt 12 den Phríomh-Acht, go mbaineann na comhachta san agus gur bhaineadar riamh le seirbhísí puiblí do bunuíodh le hAchtanna no fé Achtanna den Oireachtas do ritheadh tar éis rithte an Phríomh-Achta (pe'ca roimh thosach feidhme an Phríomh-Achta é no dá éis sin) chó maith le baint le seirbhísí puiblí do bunuíodh le Reachtanna Briotáineacha no fútha no le hAchtanna no fé Achtanna den Oireachtas do ritheadh roimh an bPríomh-Acht.
(2) Pé uair a dhéanfidh an Ard-Chomhairle, tré Ordú do dhéanamh fé fho-alt (2) d'alt 12 den Phríomh-Acht, aon tseirbhísí puiblí d'ath-roinnt ar aon chuid de sna hAirí agus de sna Ranna Stáit beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle, leis an Ordú céanna, atharuithe do dhéanamh ar theidil na nAirí agus na Ranna Stáit le n-a mbainfidh an ath-roinnt sin fé mar a chífar don Ard-Chomhairle do bheith oiriúnach de bharr na hathroinnte sin.
Gearr-theideal, tosach feidhme, léiriú, agus luadh.
5.—(1) Féadfar an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1928, do ghairm den Acht so.
(2) Tiocfidh an tAcht so i bhfeidhm pé lá a socrófar chuige sin le hordú ón Ard-Chomhairle.
(3) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht agus féadfar na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 agus 1928, do ghairm den Acht san agus den Acht so le chéile.
SCEIDEAL.
Cead Chuid.
Brainsí áirithe Riaracháin atá ceaptha don Roinn Talmaíochta.
Roinn Talmhaíochta agus Ceárd-Oideachais na hÉireann (lasmuich den ghnó agus de sna feidhmeanna a bhaineann le hiascach agus le ceárd-oideachas agus lasmuich de sna seirbhísí áirithe a ceaptar go soiléir leis an bPríomh-Acht don Roinn Oideachais).
Aireacht na Talmhaíochta agus an Iascaigh ach amháin sa mhéid go mbaineann sí le Suirbhéireacht an Ordonáis.
Coláiste Ríoga Sréidliaghachta na hÉireann.
Fundúireachtaí Feirme leis an Rialtas no fé chúram an Rialtais.
Garraí Ríoga na Lus.
Dara Cuid.
Brainsí áirithe Riaracháin atá ceaptha don Roinn Tailte agus Iascaigh.
Coimisiún Talmhan na hÉireann (maraon le Bord na gCeanntar gCumhang in Éirinn, a bhí ann le déanaí).
Iontaobhaí Puiblí na hÉireann.
Roinn Talmhaíochta agus Ceárd-Oideachais na hÉireann— Brainse an Iascaigh.
Cimeádaithe an Iascaigh.