Uimhir 6 de 1934.
ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1934.
[8adh Márta, 1934.]
An teora bheidh le roimh-íocanna déanfar fén Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931.
1.—Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931 (Uimh. 32 de 1931), agus alt 4 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1932 (Uimh. 15 de 1932), agus achtuítear leis seo, ina n-ionad san, ná raghaidh méid iomlán na suimeanna roimh-íocfar le Bord Soláthair an Leictreachais fén alt san 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931, adubhradh, thar suim thrí milleon cúig céad agus cúig míle fichead púnt.
Gearr-theideal agus luadh.
2.—(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1934, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1934, do ghairm de sna hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1932, agus den Acht so le chéile.