Uimhir 6 de 1945.
AN tACHT TOGHCHÁIN (DÁIL ÉIREANN AGUS ÚDARÁIS ÁITIÚLA), 1945.
[An tionntó oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
ciallaíonn an abairt “Acht 1923” an tAcht Timpeall Toghchán, 1923 (Uimh. 12 de 1923);
ciallaíonn an abairt “Acht 1935” an tAcht Rialtais Áitiúil (Reacht-Shaoirse do Leathnú), 1935 (Uimh. 9 de 1935).
Alt 6 d'Acht 1923 do leasú.
2.—Beidh éifeacht ag Acht 1923 fé is dá gcuirtí an t-alt so leanas in ionad ailt 6:—
“6.—An 15ú lá de Mheán Fómhair an dáta cáilitheach do gach clár.”
Alt 7 d'Acht 1923 do leasú.
3.—Beidh éifeacht ag Acht 1923 fé is dá gcuirtí an t-alt so leanas in ionad ailt 7:—
“7.—Chun críocha an Achta so, is tuigthe gurb é is aois do dhuine an aois do bhí ag an duine sin an 15ú lá de Mheán Fómhair, sé sin, an dáta cáilitheach.”
Alt 8 d'Acht 1923 do leasú.
4.—(1) Cuirfear na fó-ailt seo leanas in ionad fó-alt (1) agus (2) d'alt 8 d'Acht 1923:—
“(1) Déanfar aon chlár amháin de thoghthóirí d'ullmhú gach bliain de dhaoine bhí cáilithe mar thoghthóirí an 15ú lá de Mheán Fómhair roimhe sin.
(2) Tiocfaidh gach clár i bhfeidhm ar thosnú don 15ú lá d'Abrán díreach i ndiaidh an dáta cháilithigh ar ina leith a déanfar an clár san agus fanfaidh sé i bhfeidhm ar feadh bliana.”
(2) D'ainneoin éinní atá i bhfó-alt (1) den alt so tiocfaidh an clár de dhaoine bhí cáilithe mar thoghthóirí Dála an 15ú lá de Shamhain, 1944, i ngníomh an lú lá de Meitheamh, 1945, ach scoirfidh de bheith i bhfeidhm an 14ú lá d'Abrán, 1946.
An Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1923 do leasú.
5.—Déanfar na leasuithe seo leanas sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1923:—
(a) i Riail 6, cuirfear “an 24ú lá de Shamhain” in ionad “an 29ú lá d'Eanar”,
(b) i Riail 9, cuirfear “an 22ú lá de Nollaig” in ionad “an 26ú lá d'Fheabhra”,
(c) i Riail 11, cuirfear “an 6ú lá d'Eanar” in ionad “an 12ú lá de Mhárta”,
(d) i Riail 12, cuirfear “an 14ú lá de Nollaig” in ionad “an 19ú lá d'Fheabhra”, agus cuirfear “an 20ú lá d'Eanar” in ionad “an 26ú lá de Mhárta”,
(e) i Riail 13, cuirfear ‘an 30ú lá de Nollaig” in ionad “an 5ú lá de Mhárta”,
(f) i Riail 14, cuirfear “an 20ú lá d'Eanar” in ionad “an 26ú lá de Mhárta”,
(g) i Riail 16, cuirfear “an 22ú lá de Nollaig” in ionad “an 26ú lá d'Fheabhra”,
(h) i Riail 23, cuirfear “an 20ú lá d'Eanar” in ionad “an 26ú lá de Mhárta”,
(i) i Riail 26, cuirfear “an 15ú lá d'Abrán” in ionad “an lú lá de Mheitheamh”.
Leasú iarmartach ar alt 4 den Acht chun Toghthóirí. Rialtais Áitiúil do Chlárú, 1924.
6.—Na tagairtí d'Acht 1923 atá in alt 4 (a chuireas Act 1923 i mbaint le clarú toghthóirí rialtais áitiúl) den Acht chun Toghthóirí Rialtais Áitiúil do Chlarú, 1924 (Uimh. 7 de 1924), léireofar iad mar thagairtí d'Acht 1923, arna leasú leis an Acht so.
Alt 2 d'Acht 1935 do leasú.
7.—I bhfó-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1935 ciallóidh an abairt “dáta cáilíochta” an 15ú lá de Mheán Fómhair.
An míniú atá ar “dáta cáilíochta” in Acht 1935 d'athghairm.
8.—Athghairmtear leis seo an míniú (atá i bhfó-alt (1) d'alt] d'Acht 1935) ar an abairt “dáta cáilíochta”.
Gearr-theideal agus tosach feidhme.
9.—(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Dáil Éireann agus Údaráis Áitiúla), 1945, do ghairm den Acht so.
(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an 1ú lá de Mheitheamh, 1945.