[EN]

Uimhir 6 de 1955.


[EN]

AN tACHT UM AN ACHT CUSTAM (FORÁLA SEALADACHA), 1945 (BUANÚ), 1955

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA CHUSTAM (FORÁLA SEALADACHA), 1945, I bhFEIDHM GO DTÍ AN 31ú LÁ DE MHÁRTA, 1956. [21 Márta, 1955.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Acht 1945 a bhuanú.

1.—Leanfaidh an tAcht Custam (Forála Sealadacha), 1945 (Uimh. 14 de 1945), i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1956, agus raghaidh in éag ansin.

[EN]

Athghairm.

2.—Athghairmtear leis seo an tAcht um an Acht Custam (Forála Sealadacha), 1945 (Buanú), 1950 (Uimh. 1 de 1950).

[EN]

Gearrtheideal.

3.—Féadfar an tAcht um an Acht Custam (Forála Sealadacha). 1945 (Buanú), 1955, a ghairm den Acht seo.