Uimhir 6 de 1988
AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1988
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | Meabhrán agus airteagail chomhlachais na Corparáide a athrú. |
4. | |
5. | |
6. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1978 go 1982 | |
Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986 |
Uimhir 6 de 1988
AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1988
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1978.
Cuspóirí na Corparáide.
2.—(1) D'ainneoin fhorálacha alt 8 (1) (a) den Phríomh-Acht agus faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an Chorparáid—
(a) airgead a thabhairt ar iasacht agus a airleacan faoi réir fhorálacha an Phríomh-Achta,
(b) scaireanna, stoic, bintiúir, stoic bhintiúir agus urrúis eile de chuid aon chomhlachta chorpraithe a fháil, a fhrithgheallúint, a shealbhú, a dhíol agus déileáil leo ar shlí eile,
(c) billí malairte, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta eile a tharraingt, a ghlacadh, a fhormhuiniú, a lascainiú, a cheannach agus déileáil leo ar shlí eile,
(d) cibé saoráidí creidmheasa eile a mheasfaidh sí is cuí (lena n-áirítear ráthaíochtaí a thabhairt d'aon duine i ndáil le hairgead, agus ús ar an airgead, a íoc, nó i ndáil le hairgead a d'íoc an duine sin ar scór iasachtaí, airleacan nó saoráidí creidmheasa eile a thug an duine sin a aisíoc agus i ndáil le hús a íoc ar an airgead sin) a chur ar fáil,
(e) gabháil do shaoráidí fruilcheannaigh agus léasaithe a chur ar fáil agus chun na críche sin stoc a fháil, a dhiúscairt agus déileáil leis ar shlí eile, agus
(f) socrú a dhéanamh maidir le saoráidí creidmheasa a chur ar fáil d'aon duine eile ag aon duine eile (agus gníomhú mar ghníomhaire d'aon duine i ndáil le hairgead a íoc agus a bhailiú agus a ghlacadh maidir le saoráidí den sórt sin),
chun cibé críocha a chinnfidh an tAire ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle le Banc Ceannais na hÉireann, agus faoi réir cibé coinníollacha is dóigh leis an Aire is iomchuí.
(2) Ní rachaidh an méid a bheidh gan íoc, aon tráth áirithe, maidir le gníomhaíochtaí a ngabhann an Chorparáid dóibh de bhun fho-alt (1) den alt seo, thar 25 faoin gcéad de shuim—
(a) an méid iomlán a bheidh gan íoc nó a bheidh caite chun críocha a shonraítear in alt 8 (1) (a) den Phríomh-Acht—
(i) maidir le hiasachtaí agus airleacain a rinne an Chorparáid,
(ii) maidir le scaireanna, stoic, bintiúir, stoic bhintiúir agus urrúis eile de chuid aon chomhlachta chorpraithe a fháil, a shealbhú, a dhíol agus déileáil leo ar shlí eile,
(iii) maidir le billí malairte, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta eile a tharraingt, a ghlacadh, a fhormhuiniú, a lascainiú, a cheannach agus déileáil leo ar shlí eile,
(iv) maidir le saoráidí creidmheasa eile a chur ar fáil,
(v) maidir le suimeanna a bheidh gan íoc leis an gCorparáid, nó a bheidh dlite di, i leith comhaontuithe fruilcheannaigh nó léasaithe,
agus
(b) an méid nó an méid comhiomlán seachas méideanna maidir le hús a dhlífidh an Chorparáid a íoc ar scór aon ráth aíochta nó ráthaíochtaí a tugadh de bhun an ailt sin 8 (1) (a),
nó cibé méid eile is lú ná sin a chinnfidh an tAire ó am go ham.
Meabhrán agus airteagail chomhlachais na Corparáide a athrú.
3.—Déanfaidh an Chorparáid cibé bearta is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, chun a meabhrán agus a hairteagail chomhlachais a athrú d'fhonn go mbeidís ar comhréir leis an Acht seo.
Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.
4.—Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht trí “£35,000,000” a chur in ionad “£20,000,000” i bhfo-alt (1) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo:
AN TÁBLA |
(1) £35,000,000 arna roinnt ina scaireanna £1 an ceann scairchaipiteal na Corparáide. |
Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.
5.—Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht trí “£25,000,000” a chur in ionad “£10,000,000” i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo:
AN TÁBLA |
(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) a fheidhmiú i slí gur mó ná £25,000,000 an méid nó an méid comhiomlán príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire. |
Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.
6.—(1) Féadfar an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1988, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1978 go 1982, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1978 go 1988, a ghairm díobh le chéile.
(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.