Uimhir 6 de 2000
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (FORÁLACHA AIRGEADAIS), 2000
[An tiontú oifigiúil]
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | Éifeacht Acht 1983 maidir le cumhacht údarás áitiúil chun muirir a dhéanamh. |
3. | Muirir áirithe arna ndéanamh ag údaráis áitiúla a dhéanamh bailí. |
4. | |
5. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1998 | |
An tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais) (Uimh. 2), 1983 |
Uimhir 6 de 2000
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (FORÁLACHA AIRGEADAIS), 2000
[An tiontú oifigiúil]
Míniú.
1.—San Acht seo ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais) (Uimh. 2), 1983.
Éifeacht Acht 1983 maidir le cumhacht údarás áitiúil chun muirir a dhéanamh.
2.—(1) Leasaítear Acht 1983, in alt 1(1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “achtachán láithreach”:
“ciallaíonn ‘achtachán láithreach’ achtachán atá i bhfeidhm ar thosach feidhme an Achta seo nó aon tráth dá éis (seachas achtachán arna rith tar éis an tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 2000, a rith);”.
(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh ar thosach feidhme Acht 1983.
Muirir áirithe arna ndéanamh ag údaráis áitiúla a dhéanamh bailí.
3.—(1) San alt seo ciallaíonn “muirear iomchuí” muirear—
(a) a airbheartóidh a bheith déanta ag údarás áitiúil, roimh an Acht seo a rith, de bhua alt 2 d'Acht 1983, chun seirbhís a sholáthar faoi achtachán nach raibh i bhfeidhm ar thosach feidhme Acht 1983, agus
(b) a bheadh bailí dá mbeadh an leasú a dhéantar le halt 2 den Acht seo i bhfeidhm tráth déanta an mhuirir.
(2) Measfar muirear iomchuí a bheith déanta go bailí agus, maidir le haon mhuirear den sórt sin a rinneadh roimh an Acht seo a rith ach nach ndearna an t-údarás áitiúil lena mbaineann é a ghnóthú, féadfar é a ghnóthú ar mhodh chomh bailí agus chomh héifeachtúil céanna agus a d'fhéadfaí é a ghnóthú dá mba rud é go raibh an tAcht seo i bhfeidhm tráth déanta an mhuirir.
Cosaint.
4.—Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon imeachtaí a thionscnófar in aon chúirt agus a bhaineann le bailíocht aon mhuirir iomchuí (de réir bhrí alt 3 den Acht seo) i gcás inar tionscnaíodh na himeachtaí sin roimh 18 Aibreán 2000.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
5.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 2000, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 2000, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1998, agus den Acht seo le chéile.
(3) Déanfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1998, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.