Uimhir 7 de 1930.
ACHT PRÍMH-CHISTE, 1930.
[27adh Márta, 1930.]
1
1.—Féadfaidh an tAire Airgid suim Dhá Chéad agus Aon Mhíle Seascad, Seacht gCéad agus Trí Púint Cheathrachad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a triocha.
£7,744,365 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1931.
2.—Féadfaidh an tAire Airgid suim Seacht Milleon, Seacht gCéad agus Ceithre Mhíle Ceathrachad, Trí Chéad agus Cúig Púint Seascad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a haon triochad.
Comhacht an Aire Airgid chun iasacht d'fháil.
3.—(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar Ocht Milleon, Sé Mhíle, Céad agus Ocht bPúint d'fháil ar iasacht ó aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimhíoc leis an Aire Airgid ar chreidiúint na suimeanna roimhráite agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgid aon urúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis is oiriúnach leis agus fé pé coníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no aon ní eile.
(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urúsanna a tabharfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt-amach na n-urús san.
(3) Aon airgead a soláthrófar de bharr urúsanna a tabharfar amach fén Acht so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.
Gearr-theideal.
4.—Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1930, do ghairm den Acht so.