[EN]

Uimhir 7 de 1933.


[EN]

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN GNÓTHAÍ MEILTE CRUITHNEACHTAN AGUS SAGHSANNA EILE ARBHAIR I SAORSTÁT ÉIREANN DO STIÚRADH AGUS DO RIALÁIL D'FHONN NA GNÓTHAÍ SIN D'FHORBAIRT AR MHAITHE LEIS AN NÁISIÚN AGUS FÓS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH A MEASTAR A CHABHRÓDH AGUS A NEARTÓDH LE FÁS SAGHSANNA ÁIRITHE ARBHAIR I SAORSTÁT ÉIREANN, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE IOMDHA GHABHANN NO BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN NO LEANANN ASTA NO RAGHADH AR SHLÍ EILE CHUN NA gCUSPÓIRÍ ROIMHRÁITE DO CHUR AR AGHAIDH.

[4adh Bealtaine, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933, do ghairm den Acht so.

[EN]

Tosach feidhme an Achta.

2.—Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá no laetheanta socrófar chuige sin le haon chó-ordú no có-orduithe ón Aire Tionnscail agus Tráchtála agus an Aire Talmhaíochta go generálta no maidir le haon chrích no foráil áirithe agus féadfar laetheanta deifriúla do shocrú amhlaidh chun crícheanna deifriúla agus i gcóir forálacha deifriúla den Acht so.

[EN]

Mínithe.

3.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “plúr” plúr ar bith a gheibhtear as cruithneachtain ach ní fholuíonn sé min a gheibhtear as cruithneachtain ná turscar cruithneachtan;

[EN]

cialluíonn an abairt “cólucht corpruithe” cólucht corpruithe do bunuíodh roimh an Acht so do rith no a bunófar dá éis sin pe'ca laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann a bunuíodh no a bunófar é;

[EN]

léireofar an focal “scaireanna” mar fhocal fholuíonn stoc ach ná foluíonn debentiúirí ná stoc debentiúra;

[EN]

cialluíonn an abairt “ceadúnas muilneoireachta” ceadúnas ar n-a dheonadh fé Chuid II den Acht so;

[EN]

cialluíonn an abairt “cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire sin chun na gcomhacht d'fheidhmiú a bronntar ar chigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála leis an Acht so;

[EN]

cialluíonn an abairt “cigire don Aire Talmhaíochta” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire sin chun na gcomhacht d'fheidhmiú a bronntar ar chigire don Aire Talmhaíochta leis an Acht so;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so;

[EN]

cialluíonn an abairt “bliain arbhair” an tréimhse bhliana dar tosach an ladh lá de Lúnasa, sa bhliain 1933 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin, agus dar críoch an chéad 31adh lá d'Iúl tar éis an 1adh lá san de Lúnasa;

[EN]

cialluíonn an abairt “arbhar dúthchais” arbhar do fásadh i Saorstát Éireann;

[EN]

cialluíonn an focal “bairille” bairille fiche cloch;

[EN]

cialluíonn na focail “cruithneacht Indiathach” “coirce” “eorna” agus “seagal” grán cruithneachtan Indiathaighe, grán coirce, grán eornan agus grán seagail fé seach;

[EN]

foluíonn an abairt “min bhuidhe” cruithneacht Indiathach bhrúighte, cruithneacht Indiathach bhriste, cruithneacht Indiathach gharbh-mheilte, cruithneacht Indiathach ghráinnithe, cruithneacht Indiathach ina calóga, cruithneacht Indiathach rolluithe agus min gheineoige cruithneachtan Indiathaighe;

[EN]

foluíonn an focal “meilt” brughadh, briseadh, garbh-mheilt, calóga do dhéanamh, agus rollú.

[EN]

Náisiúnach de Shaorstát Éireann.

4.—Chun crícheanna an Achta so is náisiúnach de Shaorstát Éireann gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) duine do rugadh i Saorstát Éireann no sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é;

[EN]

(b) duine do rugadh lasmuich de Shaorstát Éireann no den líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é ach gur i Saorstát Éireann no sa líomatáiste sin do bhí gnáthchomhnaí ar a mháthair nuair do rugadh an duine sin;

[EN]

(c) duine bheidh ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann le linn an ama bhaineann leis an gcás agus a bheidh tar éis bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh cúig mblian ar a laighead as a chéile díreach roimh an am san.

[EN]

Cóluchtaí corpruithe Eireannacha

5.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “cólucht corpruithe Éireannach” cólucht corpruithe go mbeidh, le linn an ama bhaineann leis an gcás, níos mó ná leath (in ainm-luach) de sna scaireanna leis, a bheidh tugtha amach, ar únaeracht chun tairbhe ag duine bheidh, le linn an ama san, no ag beirt daoine no níos mó go mbeidh gach duine fé leith acu, le linn an ama san, ina náisiúnach de Shaorstát Éireann no ina chólucht chorpruithe go mbeidh, le linn an ama san, níos mó ná leath (in ainmluach) de sna scaireanna leis, a bheidh tugtha amach, ar únaeracht chun tairbhe ag daoine is náisiúnaigh de Shaorstát Éireann.

[EN]

(2) Chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, ach ní chun críche ar bith eile, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) má gheibheann duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann bás agus má bhíonn sé le linn a bháis ina únaer chun tairbhe ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe tuigfear, go dtí go ndeonfar probháid a uachta no litreacha riaracháin a estáit phearsanta, na scaireanna san do leanúint ar únaeracht chun tairbhe dhuine is náisiúnach de Shaorstát Éireann agus, ar an bprobháid no na litreacha riaracháin sin do dheonadh, an té is ionadaí pearsanta don náisiúnach san de thurus na huaire tuigfear, faid a bheidh sé i dteideal na scaireanna san mar ionadaí, gurb é is únaer chun tairbhe ar na scaireanna san, agus maran náisiúnach de Shaorstát Éireann é gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é; agus

[EN]

(b) má thagann duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann chun bheith gnó-bhriste no má dheineann sé socrú le n-a fhiach-éilitheoirí agus má bhí an náisiúnach san, le linn a ghnó-bhriste no a shocruithe, ina únaer chun tairbhe ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe agus má thagann a leas sna scaireanna san chun bheith dílsithe ina shannaí i ngnó-bhriseadh no in iontaobhaí ar estát an náisiúnaigh sin mar fhéicheamh go mbeidh socrú á dhéanamh aige tuigfear, faid a leanfaidh an leas san dílsithe amhlaidh, na scaireanna san do bheith ar únaeracht chun tairbhe an tsannaí no an iontaobhaí sin, agus faid a leanfaidh an leas san dílsithe amhlaidh tuigfear maran náisiúnach de Shaorstát Éireann an sannaí no an t-iontaobhaí sin gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é; agus

[EN]

(c) má bhíonn duine de thurus na huaire i dteideal an ioncuim a thagann as aon scaireanna bheidh ar seilbh ag iontaobhaí i gcólucht corpruithe tuigfear, faid a leanfaidh an duine sin de bheith i dteideal an ioncuim sin, gurb é is únaer chun tairbhe ar na scaireanna san; agus

[EN]

(d) má bhíonn gach duine fé leith de bheirt daoine no níos mó de thurus na huaire i dteideal ceana den ioncum a thagann as scaireanna i gcólucht corpruithe áirithe no as na scaireanna san agus as maoin eile bheidh ar seilbh ag iontaobhaí tuigfear maidir le gach duine fé leith acu san, faid a leanfa sé de bheith i dteideal ceana den ioncum san, gurb é an duine sin is únaer chun tairbhe ar chion có-réire de sna scaireanna san; agus

[EN]

(e) má deintear na scaireanna bheidh tugtha amach ag cólucht corpruithe d'aistriú go dtí banc, is cólucht corpruithe, mar urrús ar roimh-íoc agus má deintear an banc san do chlárú mar únaer na scaireanna san i gclár scaireánach an chóluchta chorpruithe sin, tuigfear ná hoibreoidh an t-aistriú agus an clárú san chun únaerachta na scaireanna san d'aistriú go dtí an banc san; agus

[EN]

(f) i gcás na scaireanna bheidh tugtha amach ag cólucht corpruithe is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta no i gcás na scaireanna bheidh tugtha amach ag cólucht corpruithe ag a mbeidh scaireanna i gcólucht corpruithe is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta do scur de bheith ar seilbh sa tslí luaidhtear sa bhfo-alt san, tuigfear na scaireanna san do leanúint de bheith ar seilbh do réir an fho-ailt sin go cionn tréimhse sé mí tar éis dóibh scur de bheith ar seilbh amhlaidh dáiríribh.

[EN]

Cruithneacht inmhelite.

6.—Tar éis don Aire Talmhaíochta dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála féadfaidh, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú an chaighdeáin nách foláir cruithneacht do bheith dá réir chun í d'áireamh mar chruithneachtain inmheilte agus déanfar tagairtí san Acht so do chruithneachtain inmheilte do léiriu mar thagairtí chialluíonn cruithneacht a bheidh do réir an chaighdeáin a bheidh orduithe leis na rialacháin sin.

[EN]

Meascán mine buidhe.

7.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “meascán mine buidhe” ullmhóid bheathadh a bheidh do réir na gcoinníoll so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ná beidh sa mheascán san ach min bhuidhe agus aon tsaghas no saghsanna arbhair dhúthchais;

[EN]

(b) go mbeidh in aon chruithneacht Indiathach, cruithneacht, eorna, no seagal a bheidh sa mheascán san an tora iomlán do tháinig as an gcruithneacht Indiathach, as an gcruithneacht, as an eorna no as an seagal san do mheilt;

[EN]

(c) go raibh aon arbhar dúthchais a bheidh sa mheascán san, go raibh sé, sarar meileadh é, glan a dhóthain i gcóir an mhargaidh agus go milis, folláin.

[EN]

(2) Is arbhar chun crícheanna an ailt seo gach ceann acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) cruithneacht;

[EN]

(b) eorna;

[EN]

(c) coirce;

[EN]

(d) seagal.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag an Fertilisers and Feeding Stuffs Act, 1906, maidir le meascán mine buidhe.

[EN]

Abhar beathadh cumaiscthe.

8.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “abhar beathadh cumaiscthe” aon earra le n'ithe ag ainmhithe nách meascán mine buidhe agus—

[EN]

(a) is meascán de dhá earra no níos mó gur abhar beathadh earra amháin ar a laighead acu; no

[EN]

(b) is abhar beathadh no is cógus a haithnítear i gcúrsaí tráchtála fé ainm thrádála dhílsithe no chosanta.

[EN]

(2) San alt so cialluíonn an focal “ainmhithe” capaill, múileanna, ránaí, asail, eallach, caoirigh, muca, gabhar no éanlaithe clóis.

[EN]

Ceadúnaisí fén Acht chun Déantúisí do Rialú, 1932, maidir le harbhar do mheilt agus le meascán mine buidhe agus abhair bheathadh chumaiscthe do dhéanamh.

9.—Raghaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta sara ndeinidh, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air le halt 6 den Acht chun Déantúisí do Rialú, 1932 (Uimh. 21 de 1932), ceadúnas déantóireachta nua do dheonadh, no diúltú d'é do dheonadh, chun aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aon tsaghas arbhair do mheilt;

[EN]

(b) tora aon tsaghas arbhair do meileadh do chur in oiriúint chun a dhíolta do réir bhrí an Achta san;

[EN]

(c) meascán mine buidhe do dhéanamh;

[EN]

(d) meascán mine buidhe do chur in oiriúint chun a dhíolta do réir bhrí an Achta san;

[EN]

(e) aon abhar beathadh cumaiscthe do dhéanamh;

[EN]

(f) aon abhar beathadh cumaiscthe do chur in oiriúint chun a dhíolta do réir bhrí an Achta san.

[EN]

Coiste Comhairlitheach Muilneoireachta.

10.—(1) Déanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, chó luath agus is féidir é tar éis tosach feidhme Choda II den Acht so, coiste comhairlitheach (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Coiste Comhairlitheach Muilneoireachta) do bhunú chun comhairle agus conganta do thabhairt don Aire i dtaobh éinní thiocfaidh anuas le linn forálacha na Coda san d'fheidhmiú no bhainfidh leis an bhfeidhmiú san.

[EN]

(2) Beidh ar an gCoiste Comhairlitheach Muilneoireachta an méid sin gnáth-bhall, eadhon, ionadaithe do shealbhóirí na gceadúnaisí muilneoireachta, is oiriúnach leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

[EN]

(3) Ceapfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála duine no daoine, fé mar is oiriúnach leis, a bheidh ionadathach do lucht oibre bhíonn ag gabháil do mhuilneoireacht phlúir chun bheith mar bhall no mar bhaill bhreise, i dteanta na ngnáth-bhall, den Choiste Chomhairlitheach Mhuilneoireachta.

[EN]

(4) Isé an tAire Tionnscail agus Tráchtála ainmneoidh gach ball den Choiste Chomhairlitheach Mhuilneoireachta agus fanfaidh gach ball den tsórt san ina bhall amhlaidh faid is toil leis an Aire sin é.

[EN]

(5) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála íocaíochta d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le baill den Choiste Chomhairlitheach Mhuilneoireachta in aisíoc costaisí taistil agus in íoc liúntais chothuithe.

[EN]

Ciontaí cóluchtaí corpruithe.

11.—Má cruthuítear, i dtaobh cionta fé aon alt den Acht so do rinne cólucht corpruithe, gur le toiliú no le haontú aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí no oifigigh eile don chólucht chorpruithe sin do rinneadh an cionta san no gur cuireadh in usacht é do dhéanamh tré aon fhaillí do rinne éinne acu san, tuigfear an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí no an t-oifigeach eile sin do bheith ciontach sa chionta san agus beidh sé i mbaol an dlí do chur air agus é do phionósú dá réir sin.

[EN]

Deimhnithe i dtaobh cigirí do cheapadh, agus na deimhnithe sin do thaisbeáint.

12.—(1) Bhéarfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála do gach cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála deimhniú, sa bhfuirm a bheidh orduithe ag an Aire sin, i dtaobh a cheaptha mar chigire den tsórt san agus nuair a bheidh aon chomhacht dá mbronntar air leis an Acht so á feidhmiú ag cigire den tsórt san taisbeánfaidh an deimhniú san d'éinne le n-a mbaineann má héilítear san air.

[EN]

(2) Bhéarfaidh an tAire Talmhaíochta do gach cigire don Aire Talmhaíochta deimhniú, sa bhfuirm a bheidh orduithe ag an Aire sin, i dtaobh a cheaptha mar chigire den tsórt san agus nuair a bheidh aon chomhacht dá mbronntar air leis an Acht so á feidhmiú ag cigire den tsórt san taisbeánfaidh an deimhniú san d'éinne le n-a mbaineann má héilítear san air.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní dá dtagartar san alt so mar ní bheidh orduithe ag an Aire sin, agus féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní dá dtagartar san alt so mar ní bheidh orduithe ag an Aire sin.

[EN]

Rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

13.—Gach rialachán a déanfar fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinnneadh roimhe sin fén rialachán san.

[EN]

Forálacha airgeadais.

14.—(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar costaisí ar bith fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

[EN]

(2) Déanfar gach táille do gheobhaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no an tAire Talmhaíochta fén Acht so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

CUID II.

Meilt Chruithneachtan do Stiuradh agus do Rialail.

[EN]

“An tAire” i gCuid II.

15.—Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

[EN]

Rialacháin fé Chuid II.

16.—Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

[EN]

Ciontaí fé Chuid II do chúiseamh.

17.—Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir aon chionta fé aon alt sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

[EN]

An méid ná bainfidh Cuid II leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

18.—Ní bhainfidh an Chuid seo den Acht so leis an Aire do mheilt chruithneachtan fé Chuid VIII den Acht so.

[EN]

Toirmeasc ar dhaoine neamhúdaruithe do mheilt chruithneachtan.

19.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith meilt chruithneachtan in aon mhuileann do bheith ar siúl aige i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as, maran rud é—

[EN]

(a) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas muilneoireachta san Acht so) do dheon an tAire fen gCuid seo den Acht so maidir leis an muileann san; no

[EN]

(b) go mbeidh an gnó san ar siúl i gcomharbas dhíreach do ghnó dhuine mhairbh ba shealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir leis an muileann san lá a bháis agus go mbeidh an gnó san ar siúl le linn ré an cheadúnais sin sa mhuileann san idir lá báis an duine sin agus lá deonta probháide a uachta no litreacha riaracháin a estáit phearsanta, no go mbeidh sé ar siúl le linn ré an cheadúnais sin sa mhuileann san ag ionadaí pearsanta an duine sin i gcúrsaí cuibhe riaracháin; no

[EN]

(c) go mbeidh an gnó san ar siúl sa mhuileann san, ag sannai i ngnó-bhriseadh, ag iontaobhaí d'fhéicheamh a bheidh ag déanamh socruithe, no ag glacadóir no bainisteoir a cheapfaidh cúirt, le linn ré ceadúnais mhuilneoireachta do deonadh maidir leis an muileann san agus é ag leanúint de ghnó duine ba shealbhóir ar an gceadúnas muilneoireachta san díreach sarar thosnuigh an sannaí, an t-iontaobhaí, an glacadóir no an bainisteoir sin ar an ngnó san; no

[EN]

(d) i gcás cruithneachtan dúthchais, gur sealbhóir an duine sin ar chead mhuilneoireachta, do dheon an tAire fén gCuid seo den Acht so, chun cruithneachtan dúthchais do mheilt sa mhuileann san.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(3) Má bhíonn meilt chruithneachtan i muileann ar siúl ag duine bheidh i dteideal go dleathach, de bhuadh mire (b) no míre (c) d'fho-alt (1) den alt so, an gnó san do bheith ar siúl aige sa mhuileann san, tuigfear chun crícheanna na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht so (lasmuich de sna forálacha bhaineann le ceadúnaisí muilneoireachta do cheiliúradh) gur sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir leis an muileann san an duine sin.

[EN]

Iarrataisí ar cheadúnaisí muilneoireachta.

20.—(1) Féadfaidh duine ar bith ceadúnas muilneoireachta d'iarraidh ar an Aire á údarú dho meilt chruithneachtan do bheith ar siúl aige i muileann áirithe.

[EN]

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas fén alt so ar cheadúnas muilneoireachta agus is sa tslí orduithe déanfar é agus beidh na mion-innste orduithe ann.

[EN]

(3) Gach duine iarrfaidh ceadúnas muilneoireachta fén alt so déanfa sé, ar an Aire do cheangal san air, an t-eolas go léir do thabhairt don Aire a theastóidh on Aire chun an iarratais sin do bhreithniú.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le ráiteas fíre ar bith a cuirfear in iarratas ar cheadúnas mhuilneoireachta no cuirfear chun an Aire nuair iarrfaidh eolas fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, go bhfíorófaí an ráiteas san le dearbhú reachtúil o dhuine éigin go n-eolas pearsanta ar an bhfír a bheidh sa ráiteas san.

[EN]

(5) Má theipeann ar dhuine ar bith aon eolas no aon fhíorú do thabhairt uaidh a cheanglóidh an tAire air fén alt so do thabhairt uaidh, féadfaidh an tAire, ar scór an teipthe sin agus gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so, diúltadh do ghéilleadh don iarratas gur ina thaobh do cuireadh mar cheangal amhlaidh an t-eolas no an fíorú san do thabhairt.

[EN]

Ceadúnaisí muilneoireachta do dheonadh agus coinníollacha ceadúnaisí.

21.—(1) Má hiarrtar ceadúnas muilneoireachta do réir an Achta so, féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, an ceadúnas san do dheonadh no diúltadh d'é do dheonadh fé mar is rogha leis féin.

[EN]

(2) Má hiarrtar do réir an Achta so, laistigh de ráithe tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, ceadúnas muilneoireachta maidir le muileann áirithe in ar meileadh plúr no min chruithneachtan ar bith i rith aon choda den bhliain 1931 chun a dhíolta i Saorstát Éireann, ní dhiúltóidh an tAire do ghéilleadh don iarratas san ach amháin ar na forais a luaidhtear san alt deiridh sin roimhe seo.

[EN]

(3) Maidir le gach ceadúnas muilneoireachta dheonfaidh an tAire—

[EN]

(a) is sa bhfuirm orduithe bheidh, agus

[EN]

(b) déarfaidh agus déanfaidh a údarú don té is sealbhóir de thurus na huaire ar an gceadúnas san, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, meilt chruithneachtan do bheith ar siúl aige sa mhuileann a luadhfar sa cheadúnas san, agus

[EN]

(c) deonfar é agus déarfar ann go ndeontar é fé réir an choinníll seo leanas (dá ngairmtear an coinníoll reachtúil san alt so) sé sin le rá, i gcás an cheadúnais sin do dheonadh do chólucht chorpruithe no d'aistriú go dtí cólucht corpruithe is cólucht corpruithe Éireannach ar dháta an deonta no an aistrithe sin, go leanfaidh an cólucht corpruithe sin, faid a bheidh an ceadúnas san ar seilbh aige, de bheith ina chólucht chorpruithe Éireannach, agus

[EN]

(d) fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, deonfar é agus déarfar ann go ndeontar é fé réir pé coinníollacha orduithe (más aon cheann é) is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san.

[EN]

(4) Má deintear, do réir iarratais a déanfar laistigh de ráithe tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, ceadúnas muilneoireachta, maidir le muileann áirithe in ar meileadh plúr no min chruithneachtan ar bith i rith aon choda den bhliain 1931 chun a dhíolta i Saorstát Éireann, do dheonadh do dhuine is náisiúnach de Shaorstát Éireann ar dháta deonta an cheadúnais sin no do chólucht chorpruithe is cólucht corpruithe Éireannach ar dháta deonta an cheadúnais sin, ní bheidh aon choinníollacha ach amháin an coinníoll reachtúil ag gabháil leis an gceadúnas san.

[EN]

Ráta páigh agus coinníollacha fostaíochta i muilte.

22.—(1) An págh a bheidh iníoctha le fear oibre bheidh ar fostú i muileann ceadúnaithe beidh sé do réir ráta nách lugha ná an ráta go dtuigtear go generálta do cheárd-chumainn agus d'fhostóirí gurb é is ráta bhaineann le fir oibre bhíonn ag gabháil d'obair den tsaghas chéanna i muilte ceadúnaithe den tsaghas chéanna.

[EN]

(2) Na coinníollacha fostaíochta (seachas an ráta páigh) fé n-a mbeidh fear oibre bheidh ar fostú i muileann ceadúnaithe ní lugha bheidh a mbuntáiste ná buntáiste na gcoinníollacha fostaíochta go dtuigtear go generálta do cheárd-chumainn agus d'fhostóirí gurb iad is coinníollacha fostaíochta bhaineann le fir oibre bhíonn ag gabháil d'obair den tsaghas chéanna i muilte ceadúnaithe den tsaghas chéanna.

[EN]

(3) Más rud é, in aon mhuileann ceadúnaithe, go mbeidh forálacha an ailt seo i dtaobh fir oibre ar bith bheidh ar fostú sa mhuileann san gan cólíonadh, beidh sealbhóir an cheadúnais mhuilneoireachta maidir leis an muileann san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(4) San alt so cialluíonn an abairt “muileann ceadúnaithe” muileann gur leis a bhaineann ceadúnas muilneoireachta.

[EN]

Ceadúnaisí d'aistriú.

23.—(1) Ní bheidh ceadúnas muilneoireachta ionaistrithe ach amháin ag an Aire fén alt so.

[EN]

(2) Má deintear an únaeracht chun tairbhe i meilt chruithneachtan i muileann gur leis a bhaineann ceadúnas muilneoireachta d'aistriú, pe'ca le gníomh na bpáirtithe é no le hoibriú dlí, o shealbhóir an cheadúnais sin chun duine eile, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh an duine sin a iarraidh ar an Aire do réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo an ceadúnas san d'aistriú agus ar san d'iarraidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(i) i gcás gur cólucht corpruithe Éireannach, no gur náisiúnach de Shaorstát Éireann, an duine sin. no i gcás an duine sin do theacht i dteideal an ghnótha san fé uacht no toisc gan uacht do bheith déanta, déanfaidh an tAire an ceadúnas san d'aistriú chun an duine sin; agus

[EN]

(ii) in aon chás eile, féadfaidh an tAire, fé mar is rogha leis féin, an ceadúnas san d'aistriú no diúltadh d'é d'aistriú chun an duine sin; agus

[EN]

(b) i gcás an cheadúnais sin d'aistriú amhlaidh tuigfear é d'aistriú ar dháta aistrithe an ghnótha san.

[EN]

(3) Is i scríbhinn agus sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas ar cheadúnas mhuilneoireachta d'aistriú fén alt so agus beidh na mion-innste orduithe ann.

[EN]

Ceadúnas muilneoireachta do dhul in éag.

24.—Scuirfidh ceadúnas muilneoireachta de bheith i bhfeidhm ar an gceadúnas san do cheiliúradh no ar an Aire do dhiúltadh don cheadúnas san d'aistriú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, pe'ca ní aca san is túisce thárlóidh.

[EN]

Quota agus blianta quota.

25.—Sa Chuid seo den Acht so nuair a deintear na habairtí seo leanas d'úsáid i dtaobh muilinn go bhfuil ceadúnas muilneoireachta i bhfeidhm maidir leis tá na bríonna so leanas leo fé seach, sé sin le rá:—

[EN]

cialluíonn an abairt “bliain quota” an chéad bhliain arbhair tar éis dáta deonta an cheadúnais sin no aon bhliain arbhair ina dhiaidh sin ’na mbeidh an ceadúnas san i bhfeidhm le linn aon choda dhi;

[EN]

cialluíonn an focal “quota” an méid cruithneachtan a bheidh le meilt sa mhuileann san i rith tréimhse ar bith gur ina taobh a húsáidtear an focal.

[EN]

Quota do mhuilte.

26.—(1) Pé uaír a dheonfaidh an tAire ceadúnas muilneoireachta maidir le haon mhuileann déanfaidh ordú san am gcéanna ag ceapadh an quota don mhuileann san, agus, fé réir forálacha an ailt seo, an quota ceapfar leis an ordú san isé bheidh, chun crícheanna na Coda so den Acht so, mar quota don mhuileann san in aghaidh gach bliana quota.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, sna hamanta agus fé sna coinníollacha luaidhtear ina dhiaidh seo san alt so, ordú (dá ngairmtear san alt so ordú atharuithe quota) do dhéanamh, alos muilinn cheadúnaithe ar bith, ag atharú an quota don mhuileann san agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san alos muilinn, ansan, fé réir orduithe eile atharuithe quota do dhéanamh ina dhiaidh sin, isé an quota mar do hatharuíodh leis an ordú san é a bheidh, chun crícheanna na Coda so den Acht so, mar quota don mhuileann san in aghaidh gach bliana le n-a mbaineann an t-ordú san, in ionad an quota bheidh i bhfeidhm le linn an orduithe sin do dhéanamh.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, roimh an 1adh lá d'Fheabhra i ngach bliain no in aon bhliain de sna trí bliana tosaigh de bhlianta quota do mhuileann, ordú atharuithe quota do dhéanamh ag méadú no ag laigheadú an quota don mhuileann san in aghaidh na bliana quota ina ndéanfar an t-ordú san agus in aghaidh gach bliana quota ina dhiaidh sin.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, an 1adh lá d'Fheabhra no aon lá ina dhiaidh sin i ngach bliain no in aon bhliain de sna trí bliana tosaigh de bhlianta quota do mhuileann, ordú atharuithe quota do dhéanamh ag méadú no ag laigheadú an quota don mhuileann san in aghaidh gach bliana quota ina dhiaidh sin.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire, an 1adh lá d'Fheabhra no aon lá ina dhiaidh sin sa chúigiú bliain quota do mhuileann agus, tar éis na cúigiú bliana quota, i ngach dara bliain quota no in aon dara bliain quota ina dhiaidh sin don mhuileann san, ordú atharuithe quota do dhéanamh ag méadú no ag laigheadú an quota don mhuileann san in aghaidh gach bliana quota ina dhiaidh sin.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire, roimh an 1adh lá d'Fheabhra sa chúigiú bliain quota no i ngach bliain quota no in aon bhliain quota ina dhiaidh sin do mhuileann, más deimhin leis ná dearnadh sa bhliain quota roimhe sin an quota don bhliain sin do mheilt sa mhuileann san, ordú atharuithe quota do dhéanamh ag laigheadú an quota don mhuileann san in aghaidh na bliana quota san agus gach bliana quota ina dhiaidh sin.

[EN]

(7) Nuair a bheidh ordú atharuithe quota ag laigheadú an quota do mhuileann á dhéanamh ag an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo féachfa sé don méid cruithneachtan do meileadh sa mhuileann san sa bhliain quota roimh an mbliain quota ina ndéanfar an t-ordú san.

[EN]

Quota in aghaidh roimh-thréimhse quota.

27.—Pé uair a dheonfaidh an tAire ceadúnas muilneoireachta maidir le haon mhuileann agus a thiocfaidh an ceadúnas san i bhfeidhm roimh an gcéad bhliain quota déanfaidh an tAire san am gcéanna ordú ag ceapadh an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse (dá ngairmtear an roimh-thréimhse quota sa Chuid seo den Acht so) thosnóidh ar an dáta ar a dtiocfaidh an ceadúnas san i bhfeidhm agus a chríochnóidh díreach roimh thosach na céad bhliana quota, agus an quota ceapfar amhlaidh isé bheidh, chun crícheanna na Coda so den Acht so, mar quota don mhuileann san in aghaidh na roimh-thréimhse quota.

[EN]

Oblagáid chun an quota do mheilt.

28.—(1) Gach éinne is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann áirithe déanfaidh, fé réir forálacha an ailt seo, sa roimh-thréimhse quota (más ann di) agus i ngach bliain quota an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san (pe'ca aca é) do mheilt ina phlúr sa mhuileann san.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a údarú le ceadúnas do shealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann áirithe cion áirithe luadhfar den quota don mhuileann san in aghaidh na roimh-thréimhse quota (más ann di) no in aghaidh bliana quota áirithe do mheilt ina mhin chruithneachtan, agus sa chás san tuigfear chun crícheanna an ailt seo, i dtaobh aon mhéid chruithneachtan, nách mó ná an cion san, a meilfear ina mhin chruithneachtan i rith na roimh-thréimhse quota (más ann di) no i rith na bliana san sa mhuileann san, gur meileadh san ina phlúr sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san.

[EN]

(3) Má theipeann ar éinne is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoreachta maidir le muileann áirithe oiread cruithneachtan agus is có-ionann le nócha per cent. ar a laighead den quota don mhuileann san in aghaidh na roimh-thréimhse quota (más ann di) no in aghaidh aon bhliana quota do mheilt ina phlúr sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san, ansan, mara gcuiridh an duine sin ina luighe ar an gCúirt gur cúrsaí ná raibh aon neart aige ortha fé ndeár an teip sin, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

Oblagáid chun percentáiste de chruithneachtain dúthchais do mheilt gach bliain.

29.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis tosach gach bliana arbhair, déanfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, ordú á chur mar cheangal gur cruithneacht dúthchais a bheidh i bpercentáiste ceapfar leis an ordú san den méid cruithneachtan ar fad is gá fén alt deiridh sin roimhe seo do mheilt i rith na bliana arbhair sin i ngach muileann is muileann ceadúnaithe i dtosach na bliana arbhair sin agus féadfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle sa tslí chéanna, méid an phercentáiste sin d'atharú le hordú no le horduithe eile i rith na bliana arbhair sin, agus an percentáiste ceapfar le hordú no leis an ordú deiridh a déanfar fén alt so in aon bhliain arbhair isé bheidh chun crícheanna an ailt seo mar phercentáiste náisiúnta ceaptha in aghaidh na bliana arbhair sin.

[EN]

(2) Gach éinne is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann is muileann ceadúnaithe i dtosach aon bhliana arbhair, meilfidh sa mhuileann san, fé réir forálacha an ailt seo, mar chuid den quota in aghaidh na bliana quota is có-aimsearach leis an mbliain arbhair sin, an méid sin cruithneachtan dúthchais nách lugha ná percentáiste den quota san is có-ionann leis an bpercentáiste náisiúnta ceaptha in aghaidh na bliana arbhair sin.

[EN]

(3) Féadfaidh éinne (dá ngairmtear an muilneoir geallúnach sa bhfo-alt so) is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann (dá ngairmtear an muileann geallúnach san alt so) a gheallúint thar ceann duine eile (dá ngairmtear an muilneoir freagarthach sa bhfo-alt so) is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann eile (dá ngairmtear an muileann freagarthach sa bhfo-alt so) go meilfidh sa mhuileann gheallúnach i rith aon bhliana arbhair an méid cruithneachtan dúthchais ar fad a cuirtear mar cheangal leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do mheilt sa mhuileann fhreagarthach i rith na bliana arbhair sin no cuid den chruithneachtain dúthchais sin, agus i gcás aon gheallúna den tsórt san do thabhairt beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) i gcás na geallúna san do bhaint le hiomlán na cruithneachtan dúthchais sin, beidh an muilneoir freagarthach saor ón oblagáid a cuirtear air leis an bhfo-alt san maidir leis an mbliain arbhair sin alos an mhuilinn fhreagarthaigh; agus

[EN]

(b) i gcás na geallúna san do bhaint le cuid den chruithneachtain dúthchais sin, beidh an muilneoir freagarthach saor, chó fada is théigheann an chuid sin, ón oblagáid a cuirtear air leis an bhfo-alt san maidir leis an mbliain arbhair sin alos an mhuilinn fhreagarthaigh; agus

[EN]

(c) i gcás é do theip ar an muilneoir geallúnach an gheallúint sin do chólíonadh no é do thabhairt faillí ina cólíonadh beidh an muilneoir geallúnach san ciontach i gcionta fén alt so; agus

[EN]

(d) déanfaidh an muilneoir freagarthach, laistigh de cheithre lá déag tar éis na geallúna san do bheith tugtha, eolas iomlán i dtaobh na geallúna san do chur chun an Aire, agus má theipeann ar an muilneoir freagarthach déanamh do réir na forála so beidh an muilneoir freagarthach ciontach i gcionta fén alt so.

[EN]

(4) Má theipeann ar shealbhóir cheadúnais mhuilneoireachta an oblagáid a cuirtear air le fo-alt (2) den alt so do chólíonadh no má thugann faillí ina cólíonadh beidh an sealbhóir sin ciontach i gcionta fén alt so mara saortar é ón oblagáid sin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo.

[EN]

(5) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(6) Nuair a bheidh an tAire ag ceapadh an phercentáiste náisiúnta cheaptha in aghaidh aon bhliana arbhair féachfaidh don méid cruithneachtan inmheilte meastar d'fhás fasóirí cláruithe cruithneachtan i Saorstát Éireann agus a bheidh ar fáil chun a dhíolta an bhliain arbhair sin.

[EN]

(7) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

[EN]

Níos mó ná an quota do mheilt.

30.—(1) Más rud é, in aon roimh-thréimhse quota no in aon bhliain quota do mhuileann go mbeidh ceadúnas muilneoireachta i bhfeidhm maidir leis i rith na tréimhse no na bliana san, go meilfear sa mhuileann san méid cruithneachtan thar an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san, déanfaidh sealbhóir an cheadúnais sin, ar an tréimhse no an bhliain sin do bheith caithte, suim d'íoc leis an Aire a háirmheofar do réir trí scillinge in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan a meilfear thar an quota san agus beidh an tsuim sin ina fiacha bheidh dlite ag an Aire ar an sealbhóir sin agus iníochta aige sin leis an Aire agus féadfar í do bhaint amach mar fhiacha gnáthchonnartha i gcúirt dlighinse inniúla.

[EN]

(2) Má deintear, in aon imeachta bhunóidh an tAire fén alt so chun aon tsuime do bhaint de shealbhóir cheadúnais mhuilneoireachta, deimhniú do thabhairt i láthair agus é fé shéala an Aire á dheimhniú an tsuim sin do bheith dlite ar an duine sin beidh san ina fhianais prima facie ar na fíora deimhnítear amhlaidh.

[EN]

(3) Déanfar gach airgead a bhainfidh an tAire amach fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

Cuntaisí o shealbhóirí ceadúnas muilneoireachta.

31.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na cuntaisí do bhéarfaidh sealbhóirí ceadúnas muilneoireachta uatha;

[EN]

(b) na hamannta bhéarfar na cuntaisí sin;

[EN]

(c) na fuirmeacha ina dtabharfar na cuntaisí sin.

[EN]

(2) Gach éinne ar a mbeidh ceangailte le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so cuntas ar bith do thabhairt uaidh agus ar a dteipfidh no a dhiúltóidh an cuntas san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

Breacacháin a coimeádfar i muilte ceadúnaithe.

32.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach éinne is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann na breacacháin seo leanas agus iad sa bhfuirm orduithe do choimeád no a chur fé ndeár iad do choimeád san áit cheaptha, sé sin le rá:—

[EN]

(a) maidir le cruithneachtain iomportálta do bhéarfar chun an mhuilinn sin—

[EN]

(i) breacachán i dtaobh gach caindíochta den chruithneachtain sin do ceannuíodh agus do cuireadh de láimh, agus

[EN]

(ii) breacachán i dtaobh an méid den chruithneachtain sin do meileadh sa mhuileann san ina phlúr agus ina mhin fé seach, agus

[EN]

(iii) breacachán i dtaobh gach caindíochta den phlúr agus den mhin sin fé seach do cuireadh de láimh;

[EN]

(b) maidir le cruithneachtain dúthchais do bhéarfar chun an mhuilinn sin—

[EN]

(i) breacachán i dtaobh gach caindíochta den chruithneachtain sin do ceannuíodh agus do cuireadh de láimh, agus

[EN]

(ii) breacachán i dtaobh an méid den chruithneachtain sin do meileadh sa mhuileann san ina phlúr agus ina mhin fé seach, agus

[EN]

(iii) breacachán i dtaobh gach caindíochta den phlúr agus den mhin sin fé seach do cuireadh de láimh;

[EN]

agus laistigh de cheithre huaire fichead a chluig tar éis aon cheannach, meilt, no cur-de-láimh den tsórt san do chríochnú, na mion-innste orduithe ina dtaobh san d'iontráil sna breacacháin sin.

[EN]

(2) Féadfaidh cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo d'iniúchadh aon am le linn tráthanna oifige, agus an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin go réasúnta, chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

[EN]

(3) Má thárlann d'éinne—

[EN]

(a) go dteipfidh air an breacachán san do choimeád no a chur fé ndeár é do choimeád is gá dho do réir an ailt seo a choimeád no a chur fé ndeár a choimeád; no

[EN]

(b) go dteipfidh air iontráil ar bith do chur no a chur fé ndeár í do chur, laistigh den am a socruítear leis an alt so, sa bhreacachán san, is gá dho do réir an ailt seo a chur sa bhreacachán san; no

[EN]

(c) go dteipfidh air aon bhreacachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn do thaisbeáint no a chur fé ndeár é do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála é, is gá dho do réir an ailt seo a thaisbeáint, no go gcuirfe sé cosc le haon chigire den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san; no

[EN]

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa bhreacachán san;

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(4) Chun críche an ailt seo—

[EN]

(a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

[EN]

(b) tuigfear gur hiarraidh go cuibhe ar shealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann breacachán no scríbhinn do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áit cheaptha ar éinne bhí ar fostú ag an sealbhóir sin; agus

[EN]

(c) más duine bheidh ar fostú ag sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann a dhiúltóidh no ar a dteipfidh san áit cheaptha breacachán no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é tuigfear gurb é an sealbhóir sin do dhiúltuigh no ar ar theip amhlaidh; agus

[EN]

(d) cialluíonn an abairt “an áit cheaptha” maidir le muileann—

[EN]

(i) i gcás an obair oifige bhaineann leis an muileann san do bheith ar siúl i bhfoirgint atá in aice an mhuilinn sin ach nách cuid den mhuileann san, an fhoirgint sin, agus

[EN]

(ii) in aon chás eile, an áit sa mhuileann san ina mbíonn an obair oifige sin ar siúl; agus

[EN]

(e) cialluíonn an abairt “tráthanna oifige”—

[EN]

(i) maidir le haon lá (nách Domhnach ná lá saoire bainc, ná lá saoire ná leath-lá saoire coimeádtar sa cheanntar), aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig a chlog um thráthnóna ’na mbíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áit cheaptha; agus

[EN]

(ii) maidir le haon leath-lá saoire coimeádtar sa cheanntar, aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a haon a chlog am thráthnóna ’na mbíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áit cheaptha.

[EN]

Muilte ceadúnaithe d'iniúchadh.

33.—(1) Beidh teideal ag cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála gach tráth réasúnta dul isteach in aon mhuileann ceadúnaithe, agus aon chruithneacht (pe'ca cruithneacht iomportálta no cruithneacht dúthchais í), plúr, min chruithneachtan no turscar cruithneachtan do gheobhfar san áitreabh san do scrúdú agus somplaí réasúnta den chruithneachtain, den phlúr, den mhin no den turscar san do thógaint.

[EN]

(2) Gach éinne bhacfaidh no choiscfidh aon chigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

[EN]

Ceadúnaisí muilneoireachta do cheiliúradh.

34.—(1) Féadfaidh an tAire aon uair ceadúnas muilneoireachta do cheiliúradh ar n-a iarraidh sin do shealbhóir an cheadúnais sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire aon uair gan aon iarratas den tsórt san ceadúnas muilneoireachta do deonadh alos aon mhuilinn do cheiliúradh—

[EN]

(a) más deimhin leis gur tré chalaois no tré chamthuarisc do fuarthas an ceadúnas san; no

[EN]

(b) má bítear tar éis scur de mheilt chruithneachtan sa mhuileann san; no

[EN]

(c) má bítear tar éis sealbhóra an cheadúnais sin do chiontu i gcionta fén Acht so; no

[EN]

(d) más deimhin leis aon tsárú do bheith déanta ar aon cheann de choinníollacha an cheadúnais sin.

[EN]

(3) Sara gceiliúraidh an tAire ceadúnas muilneoireachta (ar aon tslí seachas do réir iarratais chuige sin fén alt so) bhéarfa sé fógra mí ar a laighead i scríbhinn do shealbhóir an cheadúnais sin á rá go bhfuil sé chun an cheadúnais sin do cheiliúradh amhlaidh agus cadiad na fáthanna atá aige leis sin, agus pé uair do bhéarfar aon fhógra den tsórt san amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní cheiliúrfaidh an tAire an ceadúnas san go dtéighidh an fógra san in éag, agus

[EN]

(b) má dheineann an duine dá dtabharfar an fógra san aon chúis do phlé sara dtéighidh an fógra san in éag, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(i) breithneoidh an tAire an chúis sin, agus

[EN]

(ii) mara gcinnidh an tAire, de bharr an bhreithnithe sin, gan an ceadúnas san do cheiliúradh, déanfaidh, i gcás an duine sin dá iarraidh sara dtéighidh an fógra san in éag go ndéanfaí fiosrúchán i dtaobh an scéil, no féadfaidh, in aon chás eile más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár an fiosrúchán san do dhéanamh, agus

[EN]

(iii) má chuireann an tAire fé ndeár aon fhiosrúchán den tsórt san do dhéanamh ní cheiliúrfaidh an ceadúnas san go dtí go mbeidh deireadh leis an bhfiosrúchán san.

[EN]

(4) Féadfar fógra i dtaobh an Aire do bheith chun ceadúnais mhuilneoireachta do cheiliúradh do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té dá mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té dá mbeidh sé dírithe fé sheoladh an mhuilinn le n-a mbaineann an ceadúnas san.

[EN]

(5) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gurb é chialluíonn sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta ná an té ag á mbeidh teideal dleathach de thurus na huaire de bhuadh an Achta so cruithneacht do mheilt sa mhuileann le n-a mbaineann an ceadúnas muilneoireachta san.

[EN]

Scaireánaigh áirithe do thabhairt eolais uatha.

35.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith ag á bhfuil seilbh ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe le n-a mbaineann an t-alt so á cheangal ar an duine sin cuntas do chur chun an Aire, laistigh de sheasca lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil, á rá an eisean an t-únaer chun tairbhe ar na scaireanna san no nách é agus, maidir le pé cinn (más aon cheann é) de sna scaireanna san gur do dhaoine eile atáid ar seilbh aige, cad iad ainmneacha agus seolta na ndaoine eile sin, á luadh i gcás gach duine fé leith acu san cad is líon agus cad is ainm-luach do sna scaireanna atá ar seilbh do.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith ag á bhfuil seilbh ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe is cólucht ag á bhfuil seilbh ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe le n-a mbaineann an t-alt so á cheangal ar an duine sin a rá, laistigh de sheasca lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil, an eisean an t-únaer chun tairbhe ar na scaireanna atá ar seilbh aige amhlaidh no nách é agus, maidir le pé cinn (más aon cheann é) de sna scaireanna san gur do dhaoine eile atáid ar seilbh aige, cadiad ainmneacha agus seolta na ndaoine eile sin, á luadh i gcás gach duine fé leith acu san cad is líon agus cad is ainm-luach do sna scaireanna atá ar seilbh do.

[EN]

(3) Má dheineann duine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so diúltadh, no má bheireann faillí, maidir le cuntas do thabhairt do réir an fhógra san no má bheireann cuntas uaidh a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(4) Baineann an t-alt so le gach cólucht corpruithe is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta.

[EN]

(5) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té dá mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té dá mbeidh sé dírithe fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

[EN]

Ceadanna muilneoireachta (cruithneacht dúthchais).

36.—(1) Féadfaidh an tAire más oiriúnach leis é, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, cead (dá ngairmtear cead muilneoireachta (cruithneacht dúthchais) san alt so) do dheonadh d'éinne (seachas sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta) chun cruithneachtan dúthchais do mheilt i muileann áirithe.

[EN]

(2) Maidir le gach cead muilneoireachta (cruithneacht dúthchais)—

[EN]

(a) is sa bhfuirm orduithe bheidh, agus

[EN]

(b) déarfaidh agus déanfaidh a údarú don té dá ndeonfar an cead san meilt cruithneachtan dúthchais do bheith ar siúl aige sa mhuileann a luadhfar sa chead san, agus

[EN]

(c) deonfar agus déarfar ann go ndeontar é fé réir pé coinníollacha (ar a n-áirmhítear coinníollacha maidir le ceiliúradh) is dóich leis an Aire is ceart agus a chuirfe sé sa chead san.

[EN]

(3) Má theipeann ar dhuine ar bith dá ndeonfar cead muilneoireachta (cruithneacht dúthchais) na coinníollacha gur fé n-a réir do deonadh an cead san do chólíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

CUID III.

Congnamh Airgid Alos Cruithneachtan a Meilfear i Muilte Intire.

[EN]

“An tAire” i gCuid III.

37.—Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

[EN]

Muilte Intíre.

38.—Chun crícheanna na Coda so den Acht so is muileann intíre gach muileann, nách muileann atá suidhte laistigh de chúig mhíle on bpríomh-oifig phuist i gcontae-bhuirgí Bhaile Atha Cliath, Chorcaighe no Luimnigh.

[EN]

Na rátaí conganta airgid.

39.—(1) Féadfaidh an tAire Airgid, o am go ham, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire, le hordú (dá ngairmtear ordú um chongnamh airgid (ráta) sa Chuid seo den Acht so) a shocrú do réir mheáchainte, fé réir forálacha an ailt so, cadé an ráta conganta airgid a híocfar fén gCuid seo den Acht so alos cruithneachtan a meilfear in aon mhuileann áirithe intíre.

[EN]

(2) Féadfaidh ordú um chongnamh airgid (ráta) baint le níos mó ná aon mhuileann intíre amháin agus sa chás san féadfar leis an ordú san rátaí ar leith no rátaí deifriúla conganta airgid do shocrú maidir le cuid de sna muilte sin no maidir leo uile.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire, le hordú (dá ngairmtear ordú atharúcháin sa Chuid seo den Acht so) fén bhfo-alt so, aon ordú um chongnamh airgid (ráta) do cheiliúradh no do leasú.

[EN]

(4) Ní raghaidh an ráta no na rátaí conganta airgid a socrófar le hordú fén alt so thar scilling in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan a meilfear.

[EN]

(5) Déanfar gach ordú fén alt so do leagadh fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

[EN]

Congnamh airgid alos cruithneachtan a meilfear i muilte intíre.

40.—(1) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, congnamh airgid d'íoc, ar feadh pé tréimhse cheapfaidh an tAire le hordú fén bhfo-alt so, alos na cruithneachtan uile (fé réir na dteorann (más aon cheann é) a forchuirtear fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo) a meilfear i muileann intíre gur leis a bhaineann ceadúnas muilneoireachta agus ordú um chongnamh airgid (ráta) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, do réir an ráta bheidh socair don mhuileann san leis an ordú san no leis an ordú san agus é leasuithe le hordú atharúcháin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh no do leasú.

[EN]

(3) Pé uair a déanfar ordú um chongnamh airgid (ráta) maidir le muileann intíre, féadfaidh an tAire Airgid o am go ham, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire, a dhearbhú le hordú fén bhfo-alt so, i gcás an méid cruithneachtan a meilfear sa mhuileann san i mbliain arbhair do bheith níos mó ná an méid (dá ngairmtear an maximum sa bhfo-alt so) a socruítear leis an ordú san, ná híocfar aon chongnamh airgid alos aon chruithneachtan a meilfear thar an maximum sa mhuileann san in aon bhliain arbhair agus pé uair a bheidh aon ordú den tsórt san i bhfeidhm maidir le muileann intíre agus a meilfear sa mhuileann san in aon bhliain arbhair cruithneacht thar an maximum a socruítear leis an ordú san, ní híocfar aon chongnamh airgid alos aon chruithneachtan a meilfear as mhuileann san sa bhliain arbhair sin thar an maximum a socruítear leis an ordú san maidir leis an muileann san.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire, ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh no do leasú.

[EN]

(5) Déanfar gach congnamh airgid a híocfar fén gCuid seo den Acht so alos aon chruithneachtan do meileadh i muileann intíre d'íoc leis an té ba shealbhóir ar an gceadúnas muilneoireachta maidir leis an muileann san nuair do meileadh an chruithneacht san, no le hionadaí pearsanta an duine sin no (más cólucht corpruithe é) le n-a shocruitheoir agus, in aon chás, déanfar é d'íoc pé tráth agus é d'áireamh ar pé slí agus alos pé caindíochtaí cruithneachtan a hordófar.

[EN]

(6) Is ar an Aire déanfar gach éileamh ar íocaíocht chongnaimh airgid fen gCuid seo den Acht so agus isé an tAire do bhéarfaidh breith ar gach éileamh den tsórt san agus beidh breith an Aire ar aon éileamh den tsórt san ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi, ach féadfaidh an tAire í do cheiliúradh no do leasú aon uair toisc calaoise, cam-thuairisce no earráide.

[EN]

(7) Ní híocfar aon chongnamh airgid alos aon chruithneachtan a mheilfidh an tAire fé Chuid VIII den Acht so.

[EN]

(8) Déanfar gach ordú fé fho-alt (1) den alt so do leagadh fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

[EN]

Congnamh airgid a híocfar thar an gceart do bhaint amach.

41.—(1) Má gheibhtear amach aon uair go bhfuair éinne aon íocaíocht, i bhfuirm chongnaimh airgid fén gCuid seo den Acht so, agus gan teideal dleathach aige chúiche no chun coda dhi, féadfar meid na híocaíochta san no na coda san den íocaíocht san, pé méid é agus gan dochar d'aon fhreagarthacht choiriúil ina thaobh, do bhaint amach tré imeachta síbhialta, ar agra an Aire, san Ard-Chúirt, sa Chúirt Chuarda no sa Chúirt Dúithche.

[EN]

(2) In aon imeachta fén alt so beidh deimhniú i scríbhinn, fé láimh an Aire, á rá go bhfuair duine íocaíocht de mhéid áirithe i bhfuirm chongnaimh airgid fén gCuid seo den Acht so agus ná raibh an duine sin i dteideal na híocaíochta san no coda áirithe dhi, beidh san ina fhianaise prima facie ar na cúrsaí sin mar a bheid ráite sa deimhniú san.

[EN]

(3) Déanfar gach airgead a bhainfidh an tAire amach fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

Rialacháin fé Chuid III.

42.—Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, rialacháin do dhéanamh le hordú, chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe;

[EN]

(b) ag ordú na gcoinníollacha bheidh le cólíonadh, na gcó-aontuithe bheidh le déanamh, agus na fianaise bheidh le tabhairt uatha ag daoine bheidh ag éileamh congnaimh airgid no bheidh ar aigne congnamh airgid d'éileamh fén gCuid seo den Acht so chun a gcirt chun an chongnaimh airgid sin agus méid an chongnaimh airgid sin do chruthú.

[EN]

Ráitisí bréagacha maidir le congnamh airgid.

43.—(1) Má dheineann éinne, chun congnaimh airgid fén gCuid seo den Acht so d'fháil do féin no d'éinne eile, aon ráiteas no plé cúise i scríbhinn a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin agus, i gcás cóluchta chorpruithe, beidh gach stiúrthóir, bainisteoir agus rúnaí don chólucht san, mara gcruthuighe sé ná raibh fhios aige ná ná féadfadh sé a fháil amach le dúthracht réasúnta go raibh an ráiteas bréagach no mí-threorach mar adubhradh no, más stiúrthóir, bainisteoir no rúnaí cóluchta chorpruithe dhéanfaidh an ráiteas san, mara gcruthuighe sé gur i gan fhios do no gan a chead do rinneadh an ráiteas no an plé cúise, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

CUID IV.

Iomportalaithe Pluir, Driogairi, Iomportalaithe Cruithneachtan, Deighlealaithe I gCruithneachtain, Fasoiri Cruithneachtan, Muilneoiri Cruithneachtan Indiathaighe, Iomportalaithe Cruithneachtan Indiathaighe agus Deantoiri Abhar Beathadh Cumaiscthe do Chlaru agus Srianta Maidir le Gnothai Airithe do Bheith ar Siul.

[EN]

Rialacháin fé Chuid IV.

44.—(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú ag an Aire sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú ag an Aire Talmhaíochta.

[EN]

Cláir a choimeádfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus an tAire Talmhaíochta.

45.—(1) Cuirfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála fé ndeár go gcoimeádfar—

[EN]

(a) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na n-iomportálaithe plúir; agus

[EN]

(b) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na ndriogairí.

[EN]

(2) Cuirfidh an tAire Talmhaíochta fé ndeár go gcoimeádfar—

[EN]

(a) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na n-iomportálaithe cruithneachtan; agus

[EN]

(b) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain; agus

[EN]

(c) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na bhfásóirí cruithneachtan; agus

[EN]

(d) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe; agus

[EN]

(e) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe; agus

[EN]

(f) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe.

[EN]

(3) Cuirfear i ngach clár acu san na nithe ceangaltar leis an gCuid seo den Acht so do chur ann.

[EN]

(4) Déanfar tagairtí do chlár sa Chuid seo den Acht so do léiriú mar thagairtí do chlár a bheidh á choimeád fén alt so.

[EN]

An tAire ceart.

46.—Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an tAire ceart”—

[EN]

(a) maidir le clár na n-iomportálaithe plúir agus le clár na ndriogairí agus le daoine bheidh cláruithe agus le háitreabhacha bheidh iontrálta sna cláir sin, an tAire Tionnscail agus Tráchtála, agus

[EN]

(b) maidir le haon chlár eile agus le daoine bheidh cláruithe agus le háitreabhacha bheidh iontrálta sa chlár san, an tAire Talmhaíochta.

[EN]

Iarrataisí ar chlárú.

47.—(1) Einne ’na mbíonn iomportáil phlúir no mhine cruithneachtan no iomportáil phlúir agus mhine cruithneachtan ar siúl aige no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige, féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na n-iomportálaithe plúir alos aon áitreibh ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ’na mbeidh sé ar aigne é do bheith ar siúl aige.

[EN]

(2) Einne ’na mbíonn driogaireacht ar siúl aige, féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na ndriogairí alos aon áitreibh ’na bhfuil teideal aige do réir dlí an gnó san do bheith ar siúl aige ann.

[EN]

(3) Einne ’na mbíonn iomportáil chruithneachtan ar siúl aige no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige, féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan alos aon áitreibh ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ’na mbeidh sé ar aigne é do bheith ar siúl aige.

[EN]

(4) Einne ’na mbíonn ceannach cruithneachtan dúthchais chun í d'ath-dhíol ar siúl aige no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige, féadfaidh do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain alos aon áitreibh ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ’na mbeidh sé ar aigne é do bheith ar siúl aige.

[EN]

(5) Einne bheidh tar éis no ar aigne cruithneachtan do chur, féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na bhfásóirí cruithneachtan alos aon áitreibh ina mbeidh sé tar éis no ar aigne cruithneachtan do chur.

[EN]

(6) Einne (dá ngairmtear muilneoir cruithneachtan Indiathaighe san alt so) ’na mbíonn meilt chruithneachtan Indiathaighe ina min bhuidhe ar siúl aige no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige, féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe alos aon áitreibh ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ’na mbeidh sé ar aigne é do bheith ar siúl aige.

[EN]

(7) Einne ’na mbíonn iomportáil chruithneachtan Indiathaighe ar siúl aige no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige, féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe alos aon áitreibh ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ’na mbeidh sé ar aigne é do bheith ar siúl aige.

[EN]

(8) Einne ’na mbíonn déanamh abhar beathadh cumaiscthe ar siúl aige no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige, féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe alos aon áitreibh ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ’na mbeidh sé ar aigne é do bheith ar siúl aige.

[EN]

(9) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hiarrataisí fén alt so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) más mian le muilneoir cruithneachtan Indiathaighe go gclárófaí é alos dhá áitreibh no níos mó i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe, déanfaidh iarratas ar leithligh ar chlárú do chur isteach alos gach áitreibh fé leith acu san;

[EN]

(b) más mian le duine go gclárófaí é i dhá gclár no níos mó déanfaidh iarratas ar leithligh ar chlárú do chur isteach alos gach cláir fé leith acu san;

[EN]

(c) beidh gach iarratas ar chlárú i gclár áirithe bheidh á choimeád ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála, beidh sé sa bhfuirm ordóidh an tAire sin agus beidh ann na mion-innste ordóidh an tAire sin agus luadhfar ann an t-áitreabh gur ina thaobh a bheidh an t-iarratasóir á iarraidh é do chlárú sa chlár san;

[EN]

(d) beidh gach iarratas ar chlárú i gclár áirithe bheidh á choimeád ag an Aire Talmhaíochta, beidh sé sa bhfuirm ordóidh an tAire sin agus beidh ann na mion-innste ordóidh an tAire sin agus luadhfar ann an t-áitreabh gur ina thaobh a bheidh an t-iarratasóir á iarraidh é do chlárú sa chlár san.

[EN]

(10) Déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so do bhuniarratas ar chlárú do léiriú mar thagairt d'iarratas ar chlárú ar n-a dhéanamh fén alt so.

[EN]

Daoine do chlárú.

48.—(1) Ar iarratas ar chlárú i gclár áirithe fén alt deiridh sin roimhe seo agus dá réir d'fháil do cuirfidh an tAire ceart, fé réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo, sa chlár san ainm agus seoladh an iarratasóra agus mion-innste ar an áitreabh a luaidhtear san iarratas san agus gur ina thaobh a bheidh clárú á iarraidh.

[EN]

(2) Déanfar tagairtí san Acht so d'iomportálaí chláruithe phlúir, do dhriogaire chláruithe, d'iomportálaí chláruithe chruithneachtan, do dheigleálaí chláruithe i gcruithneachtain, d'fhásóir chláruithe chruithneachtan, do mhuilneoir chláruithe chruithneachtan Indiathaighe, d'iomportálaí chláruithe chruithneachtan Indiathaighe agus do dhéantóir chláruithe abhar beathadh cumaiscthe do léiriú mar thagairtí do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na n-iomportálaithe plúir, do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na ndriogairí, do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan, do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain, do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na bhfásóirí cruithneachtan, do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe, do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe, agus do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe, fé seach.

[EN]

Forais chun díúltuithe do chlárú i gcláir áirithe.

49.—(1) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, maidir le duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na n-iomportálaithe plúir, diúltú don duine sin do chlárú más dóich leis, ag féachaint don méid daoine bheidh cláruithe sa chlár san cheana féin, ná raghadh sé chun leasa na puiblíochta an duine sin do chlárú.

[EN]

(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, ní dhéanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, maidir le duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na n-iomportálaithe plúir, diúltú don duine sin do chlárú má bhí an duine sin bona fide ag iomportáil phlúir i rith aon choda den tréimhse cheaptha, mar ghníomhaire chun plúir do meileadh sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann d'iomportáil no mar dhuine ag á raibh plúr á iomportáil go díreach o aon tír eile seachas ón mBreatain Mhóir no o Thuaisceart Éireann, agus más ar dháta nách déanaí ná mí tar éis an dáta cheaptha a déanfar an t-iarratas ar chlárú.

[EN]

(3) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, féadfaidh an tAire Talmhaíochta, maidir le duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan, i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain, i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe no i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe, diúltú don duine sin do chlárú más dóich leis, ag féachaint don méid daoine bheidh cláruithe sa chlár san cheana féin ná raghadh sé chun leasa na puiblíochta an duine sin do chlárú.

[EN]

(4) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, ní dhéanfaidh an tAire Talmhaíochta, maidir le duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan no i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe alos aon áitreibh áirithe, diúltú don duine sin do chlárú más rud é—

[EN]

(a) i gcás duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan—

[EN]

(i) gur sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta alos an áitreibh sin an duine sin, no

[EN]

(ii) go raibh an duine sin bona fide ag iomportáil chruithneachtan i rith aon choda den tréimhse cheaptha, agus gur ar dháta nách déanaí ná mí tar éis an dáta cheaptha a déanfar an t-iarratas ar chlárú; agus

[EN]

(b) i gcás duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe, go raibh an duine sin bona fide ag iomportáil chruithneachtan Indiathaighe i rith aon choda den tréimhse cheaptha agus gur ar dháta nách déanaí ná mí tar éis an dtáa cheaptha a déanfar an t-iarratas ar chlárú.

[EN]

(5) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, féadfaidh an tAire Talmhaíochta, maidir le duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe alos aon áitreibh áirithe, diúltú don duine sin do chlárú más dóich leis—

[EN]

(a) ná fuil an t-áitreabh san oiriúnach agus ná fuil leorfhearas ann chun crícheanna an ghnótha le n-a mbaineann an clár san, no

[EN]

(b) ná fuil an t-áitreabh san ná an fearas atá ann i dtreo mhaith, no

[EN]

(c) ag féachaint don méid daoine bheidh cláruithe sa chlár san cheana féin, ná raghadh sé chun leasa na puiblíochta an duine sin do chlárú.

[EN]

(6) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, ní dhéanfaidh an tAire Talmhaíochta, maidir le duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe alos aon áitreibh áirithe, diúltú don duine sin do chlárú má bhí an duine sin bona fide ag meilt chruithneachtan Indiathaighe san áitreabh san i rith aon choda den tréimhse cheaptha, agus más ar dháta nách déanaí ná mí tar éis an dáta cheaptha a déanfar an t-iarratas ar chlárú.

[EN]

(7) San alt so cialluíonn an abairt “an tréimhse cheaptha” an tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Eanar, 1929, agus dar chríoch an 19adh lá de Dheireadh Fómhair, 1932, agus cialluíonn an abairt “an dáta ceaptha” dáta tosach feidhme na Coda so den Acht so.

[EN]

Clárú alos áitreibh sa mbreis.

50.—(1) Féadfaidh éinne bheidh cláruithe in aon chlár a bheidh á choimeád fén gCuid seo den Acht so a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú sa chlár san alos áitreibh sa mbreis agus ar fháil an iarratais sin don Aire cheart déanfaidh, fé réir forálacha an ailt seo, an duine sin do chlárú sa chlár san alos an áitreibh sin sa mbreis.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ceart, maidir le duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár ar bith a bheidh á choimeád aige alos áitreibh sa mbreis (nách áitreabh a bheidh i gceangal no teoranta le háitreabh go mbeidh an duine sin cláruithe ina thaobh sa chlár san cheana féin) diúltú don duine sin do chlárú ar aon cheann de sna forais ar a mbeadh sé údaruithe dho, leis an alt deiridh sin roimhe seo, diúltú don duine sin do chlárú da mba bhun-iarratas ón duine sin ar chlárú sa chlár san alos an áitreibh sin sa mbreis an t-iarratas san.

[EN]

Táillí ar iarrataisí ar chlárú agus ar chlárú bhreise i gcláir na ndeighleálaithe i gcruithneachtain agus na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe.

51.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo íocfaidh an t-iarratasóir táille phúint leis an Aire Talmhaíochta ar gach bun-iarratas ar chlárú i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain no i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe, agus má iarrann an t-iarratasóir sin é do chlárú sa chlár san alos níos mó ná aon áitreabh amháin íocfaidh táille bhreise de phúnt in aghaidh gach áitreibh de bhreis ar aon áitreabh amháin.

[EN]

(2) Chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo tuigfear iarratas ar chlárú alos áitreibh sa mbreis fén alt deiridh sin roimhe seo do bheith ina bhun-iarratas ar chlárú an iarratasóra.

[EN]

(3) Ní bheidh aon táille iníoctha fé fho-alt (1) den alt so ar bhun-iarratas ar chlárú i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe alos aon áitreibh má bhí an t-iarratasóir bona fide ag meilt chruithneachtan Indiathaighe san áitreabh san i rith aon choda den tréimhse dar thosach an ladh lá d'Eanar, 1929, agus dar chríoch an 19adh lá de Dheireadh Fómhair, 1932, agus más ar dháta nách déanaí ná mí tar éis dáta tosach feidhme na Coda so den Acht so a déanfar an t-iarratas.

[EN]

Ráiteas i dtaobh na bhforas ar a ndiúltófar do ghéilleadh d'iarratas.

52.—Sara ndiúltóidh an tAire ceart do ghéilleadh d'iarratas ar chlárú in aon chlár a bheidh á choimeád aige seirbheálfaidh tríd an bpost cláruithe ar an iarratasóir fógra á rá go bhfuil an tAire sin ar aigne diúltú do ghéilleadh don iarratas san agus ag luadh réasún an diúltuithe sin agus breithneoidh aon chúis a dhéanfaidh an t-iarratasóir do phlé leis laistigh de choicíos tar éis an fhógra san do sheirbheáil.

[EN]

Deimhnithe ar chlárú.

53.—(1) Déanfaidh an tAire ceart, ar n-a iarraidh sin air d'éinne bheidh cláruithe i gclár ar bith a bheidh á choimeád aige agus ar an duine sin d'íoc táille scillinge leis an Aire sin, deimhniú ar an gclárú san do thabhairt amach don duine sin.

[EN]

(2) Pé uair do bhéarfaidh an tAire ceart amach do dhuine bheidh cláruithe i gclár ar bith a bheidh á choimeád ag an Aire sin deimhniú ar an duine sin do bheith cláruithe amhlaidh agus a scuirfidh an duine sin de bheith cláruithe sa chlár san, ansan, an duine dar tugadh amach an deimhniú san déanfaidh laistigh de thrí lá no (i gcás an duine sin do bheith tar éis bháis) déanfaidh ionadaí pearsanta an duine sin laistigh de mhí tar éis bháis an duine sin an deimhniú san ar chlárú do sheachadadh don Aire sin.

[EN]

(3) Má thárlann do dhuine ar bith go gceangaltar air leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo deimhniú ar chlárú do sheachadadh é do theip no é do thabhairt faillí maidir leis an seachadadh san do dhéanamh do réir an fho-ailt sin, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig scillinge in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cúiseamh do dhéanamh i gcionta fén alt so maidir le deimhniú do thug an tAire sin amach fén alt so, agus féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cúiseamh do dhéanamh i gcionta fén alt so maidir le deimhniú do thug an tAire sin amach fén alt so.

[EN]

An clárú d'atharú i gcás éaga no i gcás an ghnótha d'aistriú.

54.—(1) I gcás duine ar bith d'éagadh a bheidh cláruithe i gclár ar bith a bheidh á choimeád, déanfaidh an tAire ceart, ar n-a iarraidh sin air d'ionadaí phearsanta an duine sin, ainm an ionadaí phearsanta san do chur sa chlár san in ionad ainm an duine sin.

[EN]

(2) I gcás únaerachta aon ghnótha bheidh ar siúl in áitreabh a bheidh iontrálta in aon chlár d'aistriú chun duine eile déanfaidh an tAire ceart, ar n-a iarraidh sin air don duine sin, an iontráil a bheidh ar an áitreabh san sa chlár san do scriosadh amach agus an duine sin do chlárú sa chlár san alos an áitreibh sin.

[EN]

Cuntaisí chuirfidh daoine cláruithe (seachas fásóirí cruithneachtan) isteach.

55.—(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, rialacháin do dheanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na cuntaisí bhéarfaidh iomportálaithe cláruithe plúir agus driogairí cláruithe dho;

[EN]

(b) na hamannta bhéarfar na cuntaisí sin:

[EN]

(c) na fuirmeacha ina dtabharfar na cuntaisí sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na cuntaisí bhéarfaidh iomportálaithe cláruithe cruithneachtan, deighleálaithe cláruithe i gcruithneachtain, muilneoirí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, iomportálaithe cláruithe cruithneachtan Indiathaighe agus déantóirí cláruithe abhar beathadh cumaiscthe dho;

[EN]

(b) na hamannta bhéarfar na cuntaisí sin;

[EN]

(c) na fuimeacha ina dtabharfar na cuntaisí sin.

[EN]

(3) Gach éinne ar a mbeidh ceangailte le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so cuntas ar bith do thabhairt uaidh agus ar a dteipfidh no a dhiúltóidh an cuntas san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta dhéanfaidh iomportálaí cláruithe plúir no driogaire cláruithe fén alt so do chúiseamh.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta dhéanfaidh iomportálaí cláruithe cruithneachtan, deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, no déantóir cláruithe abhar beathadh cumaiscthe fén alt so do chúiseamh.

[EN]

Cuntaisí o fhásóirí cláruithe cruithneachtan.

56.—(1) Déanfaidh gach fásóir cláruithe cruithneachtan, ar dháta nách déanaí ná an 30adh lá d'Abrán no nách déanaí ná pé dáta is luatha ná san (más aon cheann é) a bheidh orduithe ag an Aire Talmhaíochta sa bhliain 1933, agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuntas do chur chun an Aire sin ar an achar do chuir sé fé chruithneachtain ón ladh lá de Lúnasa díreach roimhe sin, agus is sa bhfuirm a bheidh orduithe ag an Aire sin a bheidh gach ráiteas den tsórt san agus beidh ann na mion-innste bheidh orduithe ag an Aire sin.

[EN]

(2) I dteanta na ráiteas is gá do réir an fho-ailt sin roimhe seo, déanfaidh gach fásóir cláruithe cruithneachtan, ar an Aire Talmhaíochta dá sheirbheáil le fógra, cuntas do chur chun an Aire sin, laistigh de dheich lá tar éis na seirbheála san, agus pé mioninnste ann a bheidh luaidhte sa bhfógra san i dtaobh aon chruithneachtan do chuir sé.

[EN]

(3) Má theipeann ar aon fhásóir cláruithe cruithneachtan déanamh do réir forálacha an ailt seo no má chuireann sé, in aon chuntas ar n-a dhéanamh fén alt so, aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an fásóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

(5) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té dá mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té dá mbeidh sé dírithe fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

[EN]

Breacacháin a coimeádfar in áitreabh cláruithe.

57.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach duine bheidh cláruithe i gclár na n-iomportálaithe plúir no i gclár na ndriogairí alos áitreibh ar bith na breacacháin seo leanas do choimeád no a chur fé ndeár iad do choimeád san áit cheaptha agus iad sa bhfuirm a bheidh orduithe ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála, sé sin le rá:—

[EN]

(a) más i gclár na n-iomportálaithe plúir a bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh an phlúir chruithneachtan agus na mine cruithneachtan go léir do tugadh chun an áitreibh sin no le n-ar deighleáladh san áitreabh san agus i dtaobh gach caindíochta den phlúr agus den mhin sin do cuireadh de láimh; no

[EN]

(b) más i gclár na ndriogairí bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh na cruithneachtan dúthchais inmheilte go léir do cheannuigh sé agus do tugadh chun an áitreibh sin agus i dtaobh gach caindíochta den chruithneachtain sin do cuireadh de láimh;

[EN]

agus, laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig tar éis na n-iomportáil, na gceannach no na gcur-de-láimh sin, na mioninnste ina dtaobh san a bheidh orduithe ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála d'iontráil no a chur fé ndeár iad d'iontráil sna breacacháin sin.

[EN]

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach duine bheidh cláruithe i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan, i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain, i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe, i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe, no i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe alos áitreibh ar bith na breacacháin seo leanas do choimeád no a chur fé ndeár iad do choimeád san áit cheaptha agus iad sa bhfuirm a bheidh orduithe ag an Aire Talmhaíochta, sé sin le rá:—

[EN]

(a) más i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan a bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh na cruithneachtan iomportálta go léir do tugadh chun an áitreibh sin no le n-ar deighleáladh san áitreabh san agus i dtaobh gach caindíochta den chruithneachtain sin do cuireadh de láimh; no

[EN]

(b) más i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain a bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh na cruithneachtan dúthchais inmheilte go léir do cheannaigh sé agus do tugadh chun an áitreibh sin no le n-ar deighleáladh san áitreabh san agus i dtaobh gach caindíochta den chruithneachtain sin do cuireadh de láimh; no

[EN]

(c) más i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh na gcruithneachtan Indiathaighe go léir agus an arbhair dhúthchais go léir do tugadh chun an áitreibh sin, i dtaobh na gcaindíocht den chruithneachtain Indiathaigh agus den arbhar dhúthchais sin do meileadh ina meascán mine buidhe san áitreabh san agus i dtaobh gach caindíochta den mheascán mhine buidhe sin do cuireadh de láimh; no

[EN]

(d) más i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh na cruithneachtan Indiathaighe go léir do tugadh chun an áitreibh sin no le n-ar deighleáladh san áitreabh san agus i dtaobh gach caindíochta den chruithneachtain Indiathaigh sin do cuireadh de láimh no

[EN]

(e) más i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh na mbun-abhar go léir do húsáideadh chun abhar beathadh cumaiscthe do dhéanamh, i dtaobh na n-abhar beathadh cumaiscthe go léir do rinneadh san aitreabh san agus i dtaobh gach caindíochta de sna habhair bheathadh san do cuireadh de láimh;

[EN]

agus, laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig tar éis aon iomportáil, ceannach, meilt, déanamh, no cur-de-láimh den tsórt san do chríochnú, na mion-innste ina dtaobh san a bheidh orduithe ag an Aire Talmhaíochta d'iontráil no a chur fé ndeár iad d'iontráil sna breacacháin sin.

[EN]

(3) Gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo, féadfaidh aon chigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála, más iomportálaí cláruithe plúir no driogaire cláruithe bheidh ag coimeád an bhreacacháin sin, no féadfaidh aon chigire don Aire Talmhaíochta, más iomportálaí cláruithe cruithneachtan, deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe no déantóir cláruithe abhar beathadh cumaiscthe bheidh ag coimeád an bhreacacháin sin, féadfaidh an breacachán san d'iniúchadh aon am le linn tráthanna oifige, agus an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin go réasúnta, chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

[EN]

(4) Má thárlann d'éinne dhlighfidh fén alt so breacachán do choimeád alos áitreibh ar bith—

[EN]

(a) go dteipfidh air an breacachán san is gá do réir an ailt seo do choimeád no a chur fé ndeár é do choimeád san áit cheaptha, no

[EN]

(b) go dteipfidh air iontráil ar bith do chur no a chur fé ndeár í do chur, laistigh den am a socruítear leis an alt so, sa bhreacachán san, is gá do réir an ailt seo do chur sa bhreacachán san, no

[EN]

(c) go dteipfidh air aon bhreacachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn do thaisbeáint no a chur fé ndeár é thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh cigire é, is gá dho do réir an ailt seo a thaisbeáint amhlaidh, no go gcuirfe sé cosc le haon chigire den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san, no

[EN]

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa breacachán san,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(5) Chun crícheanna an ailt seo—

[EN]

(a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

[EN]

(b) tuigfear gur hiarradh breacachán, is gá do réir an ailt seo do choimeád alos aon áitreibh, no aon scríbhinn eile, d'iarr cigire go réasúnta fén alt so chun féachaint arbh fhíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, tuigfear gur hiarradh go cuibhe, ar an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád, an breacachán no an scríbhinn sin do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áit cheaptha ar éinne bhí ar fostú ag an duine sin; agus

[EN]

(c) má thárlann diúltú no teip maidir le breacachán do thaisbeáint, is gá do réir an ailt seo do choimeád alos aon áitreibh, no maidir le haon scríbhinn eile do thaisbeáint, iarrfaidh cigire go réasúnta fén alt so chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, agus más san áit cheaptha thárlóidh san agus má sé duine dá dtárlóidh ná duine ar fostú ag an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán no an scríbhinn sin do thaisbeáint, tuigfear gurb é an duine deiridh sin a luaidhtear do dhiúltuigh no ar ar theip amhlaidh; agus

[EN]

(d) cialluíonn an abairt “an áit cheaptha” maidir le haon áitreabh a bheidh iontrálta i gclár na ndriogairí no i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe no i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe—

[EN]

(i) i gcás an obair oifige bhaineann leis an áitreabh san do bheith ar siúl i bhfoirgint atá in aice an áitreibh sin ach nách cuid den áitreabh san, an fhoirgint sin, agus

[EN]

(ii) in aon chás eile, an áit san áitreabh san ina mbíonn an obair oifige sin ar siúl; agus

[EN]

(e) cialluíonn an abairt “an áit cheaptha” maidir le haon áitreabh a bheidh iontrálta i gclár na n-iomportálaithe plúir, i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan, i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain no i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe—

[EN]

(i) i gcás an áitreibh sin do bheith á úsáid chun plúir, cruithneachtan no cruithneachtan Indiathaighe (pe'ca aca é) do stóráil ann—

[EN]

I. i gcás an obair oifige bhaineann leis an áitreabh san do bheith ar siúl i bhfoirgint atá in aice an áitreibh sin ach nách cuid den áitreabh san, an fhoirgint sin, agus

[EN]

II. in aon chás eile, an áit san áitreabh san ina mbíonn an obair oifige sin ar siúl, agus

[EN]

(ii) i gcás gan ach oifigí do bheith san áitreabh san, an t-áitreabh san; agus

[EN]

(f) cialluíonn an abairt “tráthanna oifige”—

[EN]

(i) maidir le haon lá (nách Domhnach ná lá saoire bainc, ná lá saoire ná leath-lá saoire coimeádtar sa cheanntar), aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig a chlog um thráthnóna ’na mbíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áit cheaptha, agus

[EN]

(ii) maidir le haon leath-lá saoire coimeádtar sa cheanntar, aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a haon a chlog um thráthnóna ’na mbíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áit cheaptha.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh más iomportálaí cláruithe plúir no driogaire cláruithe dhéanfaidh an cionta san.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh más iomportálaí cláruithe cruithneachtan, deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, no déantóir cláruithe abhar beathadh cumaiscthe dhéanfaidh an cionta san.

[EN]

Cláir do bheith i gcoimeád agus a mbeidh ionta do bheith ina fhianaise.

58.—(1) Maidir leis na cláir—

[EN]

(a) tuigfear iad do bheith sa choimeád cheart nuair a bheid i gcoimeád ag an Aire ceart no ag aon oifigeach don Aire sin go n-údarás chuige sin ón Aire sin; agus fós,

[EN]

(b) beid ionghlactha mar fhianaise gan a thuilleadh cruthúnais ar iad do thabhairt i láthair as an gcoimeád ceart.

[EN]

(2) Féadfar fianaise prima facie ar aon iontráil i gclár ar bith do thabhairt in aon imeacht dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair agus í deimhnithe mar chóip dhílis fé shéala an Aire chirt.

[EN]

(3) Beidh deimhniú fé shéala an Aire chirt á rá go bhfuil duine ar bith a luaidhtear sa deimhniú san gan bheith cláruithe in aon chlár no cláir áirithe choimeádann an tAire sin, beidh san ina fhianaise prima facie in aon imeacht dlí ar na fíora deimhnítear amhlaidh.

[EN]

(4) Féadfaidh éinne—

[EN]

(a) clár ar bith d'iniúchadh ar tháille scillinge d'íoc leis an Aire ceart;

[EN]

(b) cóip, agus í deimhnithe mar chóip dhílis sa tslí luaidhtear anso roimhe seo, d'aon iontráil i gclár ar bith d'fháil ar tháille scillinge d'íoc leis an Aire ceart;

[EN]

(c) deimhniú den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo, á rá go bhfuil éinne áirithe gan bheith cláruithe i gceann de sna cláir sin a choimeádann an tAire Tionnscail agus Tráchtála, d'fháil ar tháille scillinge d'íoc leis an Aire sin;

[EN]

(d) deimhniú den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo, á rá go bhfuil éinne áirithe gan bheith cláruithe i gceann de sna cláir sin a choimeádann an tAire Talmhaíochta, d'fháil ar tháille scillinge d'íoc leis an Aire sin.

[EN]

A mbeidh sna cláir, etc., d'fhoillsiú.

59.—(1) Féadfaidh an tAire ceart foillsiú do dhéanamh, i pé slí is oiriúnach leis—

[EN]

(a) ar gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta i gclár ar bith a bheidh á choimeád aige; agus

[EN]

(b) ar fhógra i dtaobh é do dhéanamh nea-mbríochainte no atharuithe ar chlárú éinne áirithe bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád aige.

[EN]

(2) Ní déanfar aon chuntas áirithe ná aon chuid áirithe de chuntas do bhéarfar do réir na Coda so den Acht so d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun crícheanna cúisimh fén Acht so.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire ceart o am go ham pé eolas staitistíochta (le n-a n-áirmhítear staitistíocht as cuntaisí do cuireadh chuige do réir na Coda so den Acht so), i dtaobh méid na ngnóthaí bheidh ar siúl ag daoine bheidh cláruithe in aon chlár a bheidh á choimeád aige, do bhailiú agus d'fhoillsiú is oiriúnach leis.

[EN]

(4) Chó fada agus is féidir san do réir réasúin, ní bheidh in aon eolas staitistíochta foillseofar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo mion-innste ar bith do chuirfeadh ar chumas éinne a aithint gur le duine, le gnó, no le cúram áirithe bhaineann na mioninnste sin gan cead i scríbhinn d'fháil ón duine sin no o dhílseánach an ghnótha no an chúraim sin.

[EN]

Aitreabhacha cláruithe d'iniúchadh.

60.—(1) Beidh cigire i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh a bheidh iontrálta i gclár ar bith (seachas clár na bhfásóirí cruithneachtan) no in áitreabh éinne bheidh tar éis a iarraidh go gclárófaí in aon chlár den tsórt san é alos an áitreibh sin, agus gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh ann, sé sin le rá:—

[EN]

(a) scrúdú do dhéanamh ar aon chruithneachtain (pe'ca cruithneacht iomportálta no cruithneacht dúthchais í), plúr, min chruithneachtan, cruithneacht Indiathach, min bhuidhe, arbhar dúthchais (seachas cruithneacht), turscar no criathracht cruithneachtan no arbhair eile, meascán mine buidhe, bun-abhair chun abhar beathadh cumaiscthe do dhéanamh no abhar beathadh cumaiscthe do gheobhfar san áitreabh san agus somplaí réasúnta do thógaint den chruithneachtain, den phlúr, den mhin chruithneachtan, den chruithneachtain Indiathaigh, den mhin bhuidhe, den arbhar dhúthchais (seachas cruithneacht), den turscar no den chriathracht chruithneachtan no arbhair eile sin no den mheascán mine buidhe sin, no den bhun-abhar san chun abhar beathadh cumaiscthe do dhéanamh no den abhar bheathadh chumaiscthe sin, agus

[EN]

(b) mara mbeidh an t-áitreabh san cláruithe i gclár na ndriogairí no mara mbeifear á iarraidh go gclárófaí é sa chlár san, an t-áitreabh san ar fad no aon chuid de agus an gléasra, na fearaistí agus na feistisí bheidh ann d'iniúchadh.

[EN]

(2) Beidh cigire ar bith i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh a bheidh iontrálta no go mbeifear á iarraidh go n-iontrálfaí é i gclár na bhfásóirí cruithneachtan agus an t-áitreabh san ar fad no aon chuid de no an barra cruithneachtan a bheidh ag fás no do fásadh ann no toradh an bharra san d'iniúchadh.

[EN]

(3) Gach éinne bhacfaidh no choiscfidh aon chigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

[EN]

(4) Má sé áit ina ndéanfar cionta fén alt so ná in áitreabh a bheidh iontrálta no go mbeifear á iarraidh go n-iontrálfaí é i gclár na n-iomportálaithe plúir no i gclár na ndriogairí féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir an cionta san do chúiseamh, agus má sé áit ina ndéanfar an cionta san ná in aon áitreabh a bheidh iontrálta no go mbeifear á iarraidh go n-iontrálfaí é i gclár ar bith eile féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir an cionta san do chúiseamh.

[EN]

(5) San alt so cialluíonn an abairt “cigire”—

[EN]

(a) maidir le háitreabh a bheidh iontrálta no go mbeifear á iarraidh go n-iontrálfaí é i gclár na n-iomportálaithe plúir no i gclár na ndriogairí, cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála, agus

[EN]

(b) maidir le háitreabh a bheidh iontrálta no go mbeifear á iarraidh go n-iontrálfaí é i gclár ar bith eile, cigire don Aire Talmhaíochta.

[EN]

Clárú d'atharu no do chur ar nea-mbrí.

61.—(1) Féadfaidh an tAire ceart aon uair clárú éinne i gclár ar bith a bheidh á choimeád aige d'atharú ar iarratas an duine sin no, más éinne amháin an duine sin, ar iarratas a ionadaí phearsanta no, más cólucht ionchorpruithe é, ar iarratas an tsocrathóra.

[EN]

(2) Déanfaidh an tAire ceart clárú éinne i gclár ar bith a bheidh á choimeád aige do chur ar nea-mbrí ar iarratas an duine sin no, más éinne amháin an duine sin, ar iarratas a ionadaí phearsanta no, más cólucht ionchorpruithe é, ar iarratas an tsocrathóra.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire ceart aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite, aon chlárú i gclár ar bith a bheidh á choimeád aige d'atharú in aon tslí ’na bhfeicfear do an clárú san do bheith earráideach no mí-threorach.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire ceart aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite, aon chlárú i gclár ar bith a bheidh á choimeád aige do chur ar nea-mbrí más rud é—

[EN]

(a) gur deimhin leis gur tré chalaois no tré cham-thuairisc do fuarthas an clárú; no

[EN]

(b) go mbeidh an té bheidh cláruithe sa chlár san tar éis scur den ghnó gur ina thaobh a cláruíodh é amhlaidh; no

[EN]

(c) gur thárla don té bheidh cláruithe sa chlár san, más duine amháin é, é d'fháil bháis, no, más cólucht corpruithe é, é do scur agus ná ndearnadh, laistigh de ráithe tar éis an bháis no an scuir sin, éinne eile do chlárú in ionad an duine chláruithe bheidh tar éis bháis no scurtha amhlaidh; no

[EN]

(d) gur tugadh de bhreith ar an té bheidh cláruithe sa chlár san gur duine gnó-bhriste é; no

[EN]

(e) go ndearnadh an té bheidh cláruithe sa chlár san do chiontú i gcionta fén Acht so.

[EN]

(5) Sara ndeinidh an tAire ceart atharú no nea-mbríochaint (ar aon tslí seachas do réir iarratais chuige sin fén alt so) ar chlárú duine ar bith, bhéarfa sé fógra mí ar a laighead i scríbhinn don duine sin no dá ionadaí pearsanta (más ann do) no dá shocrathóir (pe'ca aca é) á rá go bhfuil sé chun an chláruithe sin d'atharú no do chur ar nea-mbrí amhlaidh agus cadiad na fáthanna atá aige leis sin, agus pé uair do bhéarfar aon fhógra den tsórt san amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní dhéanfaidh an tAire sin an clárú san d'atharú ná do chur ar nea-mbrí go dtéighidh an fógra san in éag; agus

[EN]

(b) má dheineann an duine dá dtabharfar an fógra san aon chúis do phlé sara dtéighidh an fógra san in éag, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(i) breithneoidh an tAire sin an chúis sin, agus

[EN]

(ii) mara geinnidh an tAire sin, de bharr an bhreithnithe sin, gan an clárú san d'atharú ná do chur ar nea-mbrí, déanfaidh, i gcás an duine sin dá iarraidh sara dtéighidh an fógra san in éag go ndéanfaí fiosrúchán i dtaobh an scéil, no féadfaidh, in aon chás eile más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár an fiosrúchán san do dhéanamh, agus

[EN]

(iii) má chuireann an tAire sin fé ndeár aon fhiosrúchán den tsórt san do dhéanamh ní dhéanfaidh an clárú san d'atharú ná do chur ar nea-mbrí go dtí go mbeidh deireadh leis an bhfiosrúchán san.

[EN]

(6) Féadfar fógra i dtaobh an Aire ceart do bheith chun cláruithe do chur ar nea-mbrí no d'atharú do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té dá mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té dá mbeidh sé dírithe fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

[EN]

Toirmeasc ar cheannach cruithneachtan dúthchais chun a hath-dhíolta, ar mheilt chruithneachtan Indiathaighe, agus ar dhéanamh abhar beathadh cumaiscthe do bheith ar siúl ag daoine ná beidh cláruithe.

62.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith ceannach cruithneachtan dúthchais chun a hath-dhíolta do bheith ar siúl aige maran rud é—

[EN]

(a) gur deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain an duine sin, agus

[EN]

(b) gur in áitreabh ’na mbeidh an duine sin cláruithe ina thaobh i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain a bheidh an gnó san ar siúl.

[EN]

(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith cruithneacht Indiathach do mheilt maran rud é—

[EN]

(a) (i) gur muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe an duine sin, agus

[EN]

(ii) gur in áitreabh ’na mbeidh an duine sin cláruithe ina thaobh i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe meilfear an chruithneacht Indiathach san; no

[EN]

(b) gurb é an tAire Talmhaíochta an duine sin; no

[EN]

(c) gur fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén alt so meilfear an chruithneacht Indiathach san.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le ceadúnas, a údarú d'éinne nách muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, cruithneacht Indiathach do mheilt, in aon áitreabh a bheidh luaidhte sa cheadúnas san, gan teora maidir le ham no le méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le ham no le méid, fé mar is dóich leis an Aire sin is ceart.

[EN]

(4) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon abhar beathadh cumaiscthe do dhéanamh maran rud é—

[EN]

(a) gur déantóir cláruithe abhar beathadh cumaiscthe an duine sin; agus

[EN]

(b) go ndeintear an t-abhar beathadh cumaiscthe sin—

[EN]

(i) fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire Talmhaíochta fén alt so, agus

[EN]

(ii) in áitreabh ’na mbeidh an duine sin cláruithe ina thaobh i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, ceadúnas do dheonadh d'aon déantóir cláruithe abhar beathadh cumaiscthe á údarú dho, fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire Talmhaíochta d'fhorchur, aon abhar beathadh cumaiscthe áirithe do dhéanamh gan teora maidir le ham no le méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le ham no le méid, fé mar is dóich leis an Aire sin is ceart.

[EN]

(6) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

(8) Ní léireofar éinní san alt so mar ní dheineann deifir d'oibriú an Achta chun Déantúisí do Rialú, 1932 (Uimh. 21 de 1932).

CUID V.

Deolchairi ar Chruithneachtain Duthchais Inmheilte, agus Srian le Cruithneachtain Iomportalta do Dhiol agus le Cruithneachtain Duthchais Inmheilte d'Ath-Dhiol.

[EN]

“An tAire” i gCuid V.

63.—Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

[EN]

Rialacháin fé Chuid V.

64.—Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

[EN]

Ciontaí fé Chuid V do chúiseamh.

65.—Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir cionta fé aon alt sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

[EN]

Saosúir dhíola (cruithneacht).

66.—Chun crícheanna na Coda so den Acht so is saosúr díola (cruithneacht) gach tréimhse acu so leanas i ngach bliain arbhair, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an tréimhse dar tosach an 1adh lá de Lúnasa agus dar críoch an 15adh lá de Mhí na Nodlag sa bhliain arbhair sin;

[EN]

(b) an tréimhse dar tosach an 15adh lá d'Eanar agus dar críoch an 15adh lá d'Abrán sa bhliain arbhair sin;

[EN]

(c) an tréimhse dar tosach an 1adh lá de Bhealtaine agus dar críoch an 31adh lá d'Iúl sa bhliain arbhair sin.

[EN]

Riail-phraghas cruithneachtan dúthchais inmheilte.

67.—(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so isé bheidh, fé réir forálacha an ailt seo, mar riail-phraghas an barraille ar chruithneachtain dúthchais inmheilte in aghaidh na saosúr díola (cruithneacht) uile agus fé seach atá leagtha amach sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so ná an praghas an barraille atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal san os coinne luadh an tsaosúir dhíola (cruithneacht) san.

[EN]

(2) Déanfaidh an Ard-Chomhairle o am go ham, le hordú, a shocrú chun crícheanna na Coda so den Acht so alos gach saosúir dhíola (cruithneacht) (seachas na saosúir dhíola (cruithneacht) atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so) cad is praghas an barraille ar chruithneachtain dúthchais inmheilte agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san isé an praghas an barraille socrófar leis an ordú san a bheidh, fé réir forálacha an ailt seo agus chun crícheanna na Coda so den Acht so, mar riail-phraghas an barraille ar chruithneachtain dúthchais inmheilte alos gach saosúir dhíola (cruithneacht) le n-a mbainfidh an t-ordú san, agus i gcás aon ordú den tsórt san do bhaint le dhá shaosúr dhíola (cruithneacht) no níos mó féadfar riail-phraghsanna deifriúla do shocrú alos saosúracha deifriúla díola (cruithneacht).

[EN]

(3) Gach ordú déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo is ar dháta nách déanaí ná dhá bhliain roimh thosach an tsaosúir dhíola (cruithneacht) le n-a mbainfe sé a déanfar é.

[EN]

(4) Féadfaidh an Ard-Chomhairle aon am roimh thosach saosúir dhíola (cruithneacht) no i rith an tsaosúir sin, le hordú fén bhfo-alt so, an riail-phraghas an barraille ar chruithneachtain dúthchais inmheilte a socruítear leis na forálacha san roimhe seo den alt so no socrófar fútha, alos an tsaosúir dhíola (cruithneacht) san, do mhéadú, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san isé bheidh mar riail-phraghas an barraille ar chruithneachtain dúthchais inmheilte alos an tsaosúir dhíola (cruithneacht) le n-a mbainfidh an t-ordú san ná an riail-phraghas agus é méaduithe amhlaidh leis an ordú san.

[EN]

(5) Gach ordú a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar d'ordú nua do dhéanamh.

[EN]

Deimhnithe díola (cruithneacht dúthchais).

68.—(1) Gach deimhniú (dá ngairmtear deimhniú díola (cruithneacht dúthchais) sa Chuid seo den Acht so) is gá do réir an ailt seo d'úsáid is sa bhfuirm seo leanas a bheidh sé:—

[EN]

ACHT TORA TALMHAIOCHTA (ARBHAR), 1933.

[EN]

DEIMHNIU DIOLA (CRUITHNEACHT DUTHCHAIS).

[EN]

CUID I.

[EN]

Deimhním leis seo mar leanas:—

[EN]

(a) gur dhíolas..............................................................................

[EN]

barraillí cruithneachtan agus 20 cloch i ngach

[EN]

barraille acu le....................................................................

[EN]

..........................................................................................

[EN]

as.......................................................................................

[EN]

ar an..........................................lá de................................, agus

[EN]

(b) gur i rith na bliana arbhair atá ann anois do baineadh

[EN]

an chruithneacht san, agus gur thoradh í ar bharra

[EN]

d'fhás ..................................................................................

[EN]

ar thailte...............................................................................

[EN]

i gcontae....................................................................., agus

[EN]

(c) go raibh na tailte sin iontrálta i gclár na bhfásóirí cruithneachtan ar feadh na ráithe díreach roimh thosach na bliana arbhair sin, agus

[EN]

(d) go rabhas cláruithe sa chlár san alos an dtailte sin ar feadh na ráithe sin no gur mé is ionadaí pearsanta (no socrathóir) don duine do bhí cláruithe sa chlár san alos na dtailte sin ar feadh na ráithe sin no gur mé is sannaí na dtailte sin.

[EN]

Sighniú an Díoltóra........................................................

[EN]

Seoladh an Díoltóra.......................................................

[EN]

Dáta : an...............................lá de...........................19........

[EN]

CUID II.

[EN]

Deimhním leis seo mar leanas:—

[EN]

(a) gur cheannuíos..............................................................barraillí

[EN]

cruithneachtan dúthchais inmheilte agus 20 cloch i

[EN]

ngach barraille acu o............................................................

[EN]

as........................................................................................

[EN]

ar an...................................................................................

[EN]

agus

(b) gur seachadadh an chruithneacht san dom go cuibhe, agus

(c) gurb é praghas d'íocas ar an gcruithneachtain sin ná...........................................an barraille 20 cloch, agus

(d) gur sealbhóir mé ar cheadúnas mhuilneoireachta ar n-a dheonadh fé Chuid II den Acht a luaidhtear thuas alos an mhuilinn atá suidhte i......................no go bhfuilim i dteideal, de bhuadh míre (b) no míre (c) d'fho-alt (1)

d'alt 19 den Acht a luaidhtear thuas, mar.............................

..........................................................................................

do......................................................................................

do bhí no atá ina shealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta ar n-a dheonadh fé Chuid II den Acht san alos

an mhuilinn atá suidhte i......................................................,

meilt chruithneachtan do bheith ar siúl agam sa mhuileann san, no go bhfuilim cláruithe i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain no go bhfuilim cláruithe i gclár na ndriogairí, agus

(e) go ndearnadh no go ndéanfar an chruithneacht san do thabhairt chun an áitreibh seo leanas no deighleáil

léi san áitreabh san...............................................................

...........................................................................................

Sighniú an Cheannuitheora.............................................

Seoladh an Cheannuitheora............................................

Dáta : an...............................lá so de.....................19........”

(2) Pé uair a déanfar, i rith aon tsaosúir dhíola (cruithneacht) i mbliain arbhair, aon chruithneacht dúthchais inmheilte do baineadh i rith na bliana arbhair sin agus do fásadh in áitreabh do bhí iontrálta i gclár na bhfásóirí cruithneachtan ar feadh na ráithe díreach roimh thosach na bliana arbhair sin do dhíol le duine (dá ngairmtear an ceannuitheoir san alt so) is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta, is deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, no is driogaire cláruithe agus gurb é duine dhíolfaidh an chruithneacht san (dá ngairmtear an díoltóir san alt so) ná an duine (dá ngairmtear an duine cláruithe san alt so) do bhí cláruithe amhlaidh alos an áitreibh sin ar feadh na ráithe sin no ionadaí pearsanta no socrathóir an duine chláruithe no an sannaí ón duine cláruithe no o ionadaí pearsanta an duine chláruithe ar an áitreabh san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an díoltóir, ar é do sheachadadh na cruithneachtan san don cheannuitheoir, fuirm deimhnithe díola (cruithneacht dúthchais) do thabhairt don cheannuitheoir tar éis do na mion-innste a hiarrtar gCuid I den fhuirm sin agus a bhaineann leis an eadarghnó do chur isteach sa Chuid sin I agus an Chuid sin I do shighniú ag á bun,

(b) déanfaidh an ceannuitheoir, ar an bhfuirm sin d'fháil agus Cuid I di críochnuithe go cuibhe do réir na míre deiridh sin roimhe seo agus í sighnithe ag an díoltóir, na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(i) cuirfidh isteach i gCuid II den fhuirm sin na mion-innste a hiarrtar sa Chuid sin II agus a bhaineann leis an eadarghnó san agus sighneoidh an Chuid sin II ag á bun, agus

(ii) cuirfidh an fhuirm sin chun an Aire láithreach, agus

(iii) seachadfaidh don díoltóir cóip di fé mar a bheidh sí críochnuithe ag an díoltóir agus ag an gceannuitheoir.

(3) Má theipeann ar dhuine ar bith no má bheireann faillí maidir le déanamh do réir forálacha an ailt seo no má chuireann sé, in aon deimhniú díola (cruithneacht dhúthchais), aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

Mion-innste i dtaobh cruithneachtan dúthchais a cheannóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

69.—Pé uair a dhéanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air le Cuid VIII den Acht so, i rith aon tsaosúir dhíola (curithneacht) i mbliain arbhair, aon chruithneacht dúthchais inmheilte do cheannach do baineadh i rith na bliana san agus do fásadh in áitreabh do bhí iontrálta i gclár na bhfásóirí cruithneachtan i rith na ráithe díreach roimh thosach na bliana san, bhéarfaidh an tAire sin don Aire Talmhaíochta, chó luath agus is féidir é tar éis gach ceannaigh den tsórt san, ráiteas ina luadhfar—

[EN]

(a) ainm agus seoladh an díoltóra;

[EN]

(b) an méid barraillí cruithneachtan do ceannuíodh;

[EN]

(c) an praghas an barraille do híocadh ar an gcruithneachtain sin; agus

[EN]

(d) an t-áitreabh in ar fásadh an chruithneacht san.

[EN]

Meán-phraghas cruithneachtan dúthchais in aghaidh saosúr díola (cruithneacht) do chinneadh.

70.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach saosúir dhíola (cruithneacht) déanfaidh an tAire a chinneadh, o sna deimhnithe díola (cruithneacht dúthchais) a bhaineann leis an saosúr san agus do tugadh do fé fhorálacha na Coda so den Acht so, agus o sna ráitisí (más aon cheann é) a bhaineann leis an saosúr san agus do thug an tAire Tionnscail agus Tráchtála dho fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, cé méid an barraille do híocadh ar chruithneachtain dúthchais inmheilte do díoladh i rith an tsaosúir sin agus, chun crícheanna na Coda so den Acht so, isé an méid ar a gcinnfe sé a bheidh mar mheán-phraghas chinnte an barraille ar chruithneachtain dúthchais in aghaidh an tsaosúir sin.

[EN]

(2) Chó luath agus beifear tar éis a chinneadh fén alt so cad is meán-phraghas cinnte ar chruithneachtain dúthchais in aghaidh aon tsaosúir dhíola (cruithneacht), cuirfidh an tAire fé ndeár mion-innste ina thaobh san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.

[EN]

Deolchaire ar chruithneachtain dúthchais inmheilte.

71.—(1) Más rud é, in aon tsaosúr díola (cruithneacht) de bhliain arbhair, go mbeidh an meán-phraghas cinnte an barraille ar chruithneachtain dúthchais inmheilte in aghaidh an tsaosúir sin níos lugha ná an riail-phraghas an barraille in aghaidh an tsaosúir sin, ansan, gach duine a chruthóidh chun sástachta an Aire go ndearna sé sa tsaosúr san aon chruithneacht dúthchais inmheilte do baineadh i rith na bliana arbhair sin do dhíol le sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, le deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, le driogaire cláruithe no leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála no, más sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta é, go ndearna sé sa tsaosúr san aon chruithneacht dúthchais do baineadh i rith na bliana arbhair sin agus do fásadh in áitreabh go raibh sé cláruithe ina thaobh i gclár na bhfásóirí cruithneachtan ar feadh na ráithe roimh thosach na bliana arbhair sin do mheilt ina plúr no ina min chruithneachtan, íocfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so (agus an t-alt so d'áireamh), leis an duine sin, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, alos gach barraille den chruithneachtain sin suim (dá ngairmtear deolchaire chruithneachtan san Acht so) is có-ionann leis an deifríocht idir an meán-phraghas cinnte sin an barraille agus an riail-phraghas san an barraille.

[EN]

(2) Ní bheidh aon deolchaire chruithneachtan iníoctha alos aon chruithneachtan dúthchais inmheilte do díoladh i mbliain arbhair maran rud é—

[EN]

(a) gur in áitreabh do bhí iontrálta i gclár na bhfásóirí cruithneachtan ar feadh na ráithe díreach roimh thosach na bliana arbhair sin do fásadh an chruithneacht san; agus

[EN]

(b) gurb é do dhíol an chruithneacht san ná—

[EN]

(i) an duine do bhí cláruithe amhlaidh ar feadh na ráithe sin alos an áitreibh sin, no

[EN]

(ii) ionadaí pearsanta no socrathóir an duine sin, no

[EN]

(iii) an sannaí ón duine sin ar an áitreabh san.

[EN]

An méid minimum agus an méid maximum cruithneachtan go bhféadfar deolchaire chruithneachtan d'íoc ina dtaobh.

72.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire, o am go ham, a dhearbhú le hordú, más lugha an méid cruithneachtan dúthchais inmheilte chuirfidh duine dá láimh in aon bhliain áirithe arbhair ná an méid minimum a bheidh socair maidir leis an mbliain sin leis an ordú san, ná beidh aon deolchaire chruithneachtan iníoctha alos aon choda den chruithneachtain sin, agus pé uair a déanfar aon ordú fén bhfo-alt so maidir le bliain arbhair agus a bheidh sé i bhfeidhm, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá, más lugha an méid cruithneachtan dúthchais inmheilte chuirfidh duine dá láimh sa bhliain arbhair sin ná an méid minimum a bheidh socair leis an ordú san ní híocfar aon deolchaire chruithneachtan alos aon choda den chruithneachtain sin.

[EN]

(2) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire, o am go ham, a dhearbhú le hordú, más mó an méid cruithneachtan dúthchais inmheilte chuirfidh duine dá láimh in aon bhliain áirithe arbhair ná an méid maximum a bheidh socair leis an ordú san maidir leis an mbliain sin, ná beidh deolchaire cruithneachtan iníoctha ach alos na coda san den chruithneachtain sin nách mó ná an méid maximum san agus pé uair a déanfar aon ordú fén bhfo-alt so maidir le bliain arbhair agus a bheidh sé i bhfeidhm, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) más mó an méid cruithneachtan dúthchais inmheilte (dá ngairmtear barra na bliana sa bhfo-alt so) a chuirfidh duine dá láimh sa bhliain arbhair sin ná an méid maximum (dá ngairmtear an maximum sa bhfo-alt so) a bheidh socair leis an ordú san, ansan, i gcás deolchaire cruithneachtan do bheith iníoctha leis an duine sin, ní híocfar í ach alos na coda san de bharra na bliana nách mó ná an maximum;

[EN]

(b) más i dhá saosúr dhíola (cruithneacht) den bhliain arbhair sin a cuirfear barra na bliana de láimh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an méid de bharra na bliana ar a n-íocfar deolchaire chruithneachtan, i gcás san do bheith iníoctha leis an duine sin, agus maidir le ráta no rátaí na deolchaire sin, sé sin le rá:—

[EN]

(i) i gcás an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr den dá shaosúr dhíola (cruithneacht) san sa bhliain arbhair sin do bheith níos mó ná an maximum, íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an saosúr díola (cruithneacht) san, ar an gcuid sin den bharra san nách mó ná an maximum agus ar an gcuid sin amháin, agus ní híocfar aon deolchaire chruithneachtan ar an gcuid eile de bharra na bliana,

[EN]

(ii) i gcás an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr dhíola (cruithneacht) san do bheith có-ionann leis an maximum, íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an saosúr san, ar an méid sin agus ar an méid sin amháin agus ní híocfar aon deolchaire chruithneachtan ar an gcuid eile de bharra na bliana,

[EN]

(iii) i gcás an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr dhíola (cruithneacht) san do bheith níos lugha ná an maximum, íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an saosúr díola (cruithneacht) san, ar an méid sin, agus íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an saosúr díola (cruithneacht) eile den bhliain arbhair sin, ar an gcuid sin agus ar an gcuid sin amháin de bharra na bliana cuirfear de láimh sa tsaosúr dhíola (cruithneacht) eile sin nách mó, i dteanta an méid de bharra na bliana bheidh curtha de láimh sa chéad shaosúr dhíola (cruithneacht) san, ná an maximum;

[EN]

(c) más i dtrí saosúir dhíola (cruithneacht) na bliana arbhair sin a cuirfear barra na bliana de láimh, beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir leis an méid de bharra na bliana ar a n-íocfar deolchaire chruithneachtan, i gcás san do bheith iníoctha leis an duine sin, agus maidir le ráta no rátaí na deolchaire sin, sé sin le rá:—

[EN]

(i) i gcás an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr dhíola (cruithneacht) den bhliain arbhair sin do bheith níos mó ná an maximum, íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an gcéad shaosúr dhíola (cruithneacht) san, ar an gcuid sin den bharra san nách mó ná an maximum agus ar an gcuid sin amháin, agus ní híocfar aon deolchaire chruithneachtan ar an gcuid eile de bharra na bliana,

[EN]

(ii) i gcás an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr dhíola (cruithneacht) do bheith có-ionann leis an maximum, íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an gcéad chaosúr dhíola (cruithneacht) san, ar an méid sin agus ní híocfar aon deolchaire chruithneachtan ar an gcuid eile de bharra na bliana,

[EN]

(iii) i gcás gan an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr dhíola (cruithneacht) san, do bheith níos mó ná an maximum, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

I. íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an gcéad shaosúr dhíola (cruithneacht) san, ar an méid sin, agus

[EN]

II. íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an dara saosúr díola (cruithneacht) den bhliain arbhair sin, ar an gcuid sin de bharra na bliana cuirfear de láimh sa dara saosúr díola (cruithneacht) san nách mó, i dteanta na coda de bharra na bliana bheidh curtha de láimh sa chéad shaosúr dhíola (cruithneacht) san, ná an maximum,

[EN]

III. i gcás an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr agus sa dara saosúr díola (cruithneacht) san agus ar a mbeidh deolchaire iníoctha fé sna forálacha san roimhe seo den fho-mhír seo do bheith có-ionann leis an maximum no níos mó ná san, ní híocfar aon deolchaire chruithneachtan ar an gcuid eile de bharra na bliana,

[EN]

IV. i gcás an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr agus sa dara saosúr díola (cruithneacht) san do bheith níos lugha ná an maximum, íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an tríú saosúr díola (cruithneacht) den bhliain arbhair sin, ar an gcuid sin de bharra na bliana cuirfear de láimh sa tríú saosúr díola (cruithneacht) san nách mó, i dteanta na méideanna bheidh curtha de láimh sa chéad shaosúr agus sa dara saosúr díola (cruithneacht) san, ná an maximum.

[EN]

(3) Ní léireofar éinní san alt so mar ní choisceann orduithe maidir leis an mbliain arbhair chéanna do dhéanamh fé fho-ailt (1) agus (2) den alt so.

[EN]

(4) Gach ordú déanfar fén alt so maidir le bliain arbhair déanfar é ar dháta nách déanaí ná bliain roimh thosach na bliana arbhair sin.

[EN]

(5) San alt so déanfar an abairt “chuirfidh de láimh” do léiriú mar abairt is ionann agus an abairt “dhíolfaidh no mheilfidh ina plúr,” agus is dá réir sin a léireofar na habairtí “cuirfear de láimh” agus “bheidh curtha de láimh.”

[EN]

(6) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

[EN]

Deolchairí a híocfar thar an gceart do bhaint amach.

73.—(1) Má gheibhtear amach aon uair go bhfuair éinne aon íocaíocht i bhfuirm deolchaire fén gCuid seo den Acht so, agus gan teideal dleathach aige chúiche no chun coda dhi, féadfar méid na híocaíochta san no na coda san den íocaíocht san, pé méid é agus gan dochar d'aon fhreagarthacht choiriúil ina thaobh, do bhaint amach tré imeachta síbhialta, ar agra an Aire, san Ard-Chúirt, sa Chúirt Chuarda no sa Chúirt Dúithche.

[EN]

(2) In aon imeachta fén alt so beidh deimhniú i scríbhinn, fé láimh an Aire, á rá go bhfuair duine íocaíocht de mhéid áirithe i bhfuirm deolchaire fén gCuid seo den Acht so agus ná raibh an duine sin i dteideal na híocaíochta san no coda áirithe dhi, beidh san ina fhianaise prima facie ar na cúrsaí sin mar a bheid ráite sa deimhniú san.

[EN]

Ráitisí bréagacha maidir le deolchairí.

74.—Má dheineann éinne, chun deolchaire fén gCuid seo den Acht so d'fháil do féin no d'éinne eile, aon ráiteas no plé cúise i scríbhinn a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin agus i gcás cóluchta chorpruithe, beidh gach stiúrthóir, bainisteoir agus rúnaí don chólucht san, mara gcruthuighe sé ná raibh a fhios aige ná ná féadfadh sé a fháil amach le dúthracht réasúnta go raibh an ráiteas bréagach na mí-threorach mar adubhradh no, más stiúrthóir, bainisteoir no rúnaí cóluchta chorpruithe dhéanfaidh an ráiteas san, mara gcruthuighe sé gur i gan fhios do no gan a chead do rinneadh an ráiteas no an plé cúise, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

Srian le cruithneachtain iomportálta do dhíol.

75.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon iomportálaí cláruithe cruithneachtan aon chruithneacht iomportálta do dhíol maran rud é—

[EN]

(a) gur le hiomportálaí cláruithe eile cruithneachtan, le sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, no leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála díolfar an chruithneacht san, no

[EN]

(b) gur fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire díolfar an chruithneacht san.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is oiriúnach leis do chur le haon cheadúnas a deonfar fén alt so agus féadfaidh an ceadúnas san do cheiliúradh aon uair.

[EN]

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

Srian le cruithneachtain dúthchais inmheilte d'ath-dhíol.

76.—(1) Má díoltar aon chruithneacht dúthchais inmheilte an 1adh lá de Lúnasa, 1933, no dá éis sin agus má deintear amach deimhniú díola (cruithneacht dúthchais) i dtaobh na cruithneachtan san, ní bheidh sé dleathach do cheannuitheoir na cruithneachtan san ná d'éinne cheannóidh uaidh-sean ina dhiaidh sin í an chruithneacht san do dhíol mara ndeintear an chruithneacht san—

[EN]

(a) do dhíol le sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, le deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, le driogaire cláruithe, no leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, no

[EN]

(b) do dhíol fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire, no

[EN]

(c) do dhíol fé rialacháin agus do réir rialachán ar n-a ndéanamh fén alt so.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is oiriúnach leis do chur le haon cheadúnas a deonfar fén alt so agus féadfaidh aon cheadúnas den tsórt san do cheiliúradh aon uair.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh á údarú cruithneacht dúthchais inmheilte gur léi a bhaineann deimhniú díola (cruithneacht dúthchais) do dhíol le daoine bheidh chun na cruithneachtan san d'úsáid mar shíol agus ag ordú na gcoinníoll (ar a n-áirmhítear teoranta maidir le caindíocht) gur fútha a féadfar an chruithneacht san do dhíol no do chur de láimh.

[EN]

(4) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

CUID VI.

Srian le Cruithneachtain Indiathaigh, Min Bhuidhe agus Meascan Mine Buidhe do Dhiol.

[EN]

“An tAire” i gCuid VI.

77.—Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

[EN]

Rialacháin fé Chuid VI.

78.—Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.

[EN]

Ciontaí fé Chuid VI. do chúiseamh.

79.—Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir aon chionta fé aon alt sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

[EN]

Srian le cruithneachtain Indiathaigh do dhíol.

80.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe—

[EN]

(a) más muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe é freisin, cruithneacht Indiathach do dhíol le duine ar bith; ná

[EN]

(b) i gcás ar bith eile, cruithneacht Indiathach do dhíol le duine ar bith seachas iomportálaí cláruithe eile cruithneachtan Indiathaighe no muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe no an tAire,

[EN]

maran fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh dho ag an Aire a díolfar an chruithneacht Indiathach san agus maran le duine go mbeidh an tAire tar éis ceadúnais chun cruithneachtan Indiathaighe do cheannach do dheonadh dho a díolfar amhlaidh í.

[EN]

(2) Ní bheidh sé dleathach do mhuilneoir chláruithe chruithneachtan Indiathaighe aon chruithneacht Indiathach do dhíol ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is oiriúnach leis do chur le haon cheadúnas a deonfar fén alt so agus féadfaidh an ceadúnas san do cheiliúradh aon uair.

[EN]

(4) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

Srian le min bhuidhe do dhíol.

81.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon mhin bhuidhe do dhíol maran rud é—

[EN]

(a) go gcólíonfar na coinníollacha uile seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(i) gur mar bhia do dhaoine bheidh an mhin bhuidhe sin á díol, agus

[EN]

(ii) gur i bpacáiste bheidh ceangailte sa tslí orduithe díolfar an mhin bhuidhe sin, agus

[EN]

(iii) nách mó ná an mheáchaint orduithe de mhin bhuidhe bheidh sa phacáiste sin no, i gcás gan aon mheáchaint do bheith orduithe de thurus na huaire, nách mó ná cloch di bheidh ann, no

[EN]

(b) i gcás muilneora cláruithe cruithneachtan Indiathaighe do dhíol na mine buidhe sin ina mór-choda, gur fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire díolfar an mhin bhuidhe sin, no

[EN]

(c) gur cuid an mhin bhuidhe sin (eadhon, an tora iomlán as cruithneachtain Indiathaigh do mheilt) de mheascán mine buidhe no d'abhar beathadh cumaiscthe ina bhfuil meascán mine buidhe.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is oiriúnach leis do chur le haon cheadúnas a deonfar fén alt so agus féadfaidh an ceadúnas san do cheiliúradh aon uair.

[EN]

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

Coinníollacha bhaineann le muilneoirí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe do dhíol meascán mine buidhe.

82.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe aon mheascán mine buidhe do dhíol ná do thairiscint chun a dhíolta mara mbeidh an meascán mine buidhe sin do réir na gcoinníoll so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an coirce bheidh ann (má bhíonn ann) do bheith, i gcás gan ordú fé fho-alt (3) den alt so do bheith i bhfeidhm an uair sin, i bhfuirm éigin acu so leanas, sé sin le rá, i bhfuirm an tortha iomláin as coirce do mheilt no i bhfuirm an tortha iomláin as na heithní amháin de choirce do mheilt no, i gcás aon ordú den tsórt san do bheith i bhfeidhm an uair sin, sa bhfuirm is gá do réir an orduithe sin;

[EN]

(b) gan an méid coirce do réir mheáchainte a bheidh ann (má bhíonn ann) i bhfuirm an tortha iomláin as coirce do mheilt do bheith níos mó ná an percentáiste orduithe den mheascán mhine buidhe sin;

[EN]

(c) i gcás gan aon choirce do bheith sa mheascán mhine buidhe sin no i gcás aon choirce i bhfuirm an tortha iomláin as coirce do mheilt do bheith ann, gan a mbeidh ann do réir mheáchainte, den tora as cruithneachtain Indiathaigh do mheilt, do bheith níos mó ná an percentáiste orduithe den mheascán mhine buidhe sin;

[EN]

(d) i gcás aon choirce i bhfuirm an tortha iomláin as na heithní amháin de choirce do mheilt do bheith sa mheascán mhine buidhe sin, gan a mbeidh ann do réir mheáchainte, den tora as cruithneachtain Indiathaigh do mheilt, do bheith níos mó ná an percentáiste orduithe oiriúnach den mheascán mhine buidhe sin.

[EN]

(2) Nuair a bheidh an tAire ag déanamh rialachán i dtaobh an phercentáiste dá dtagartar i mír (d) den fho-alt deiridh sin roimhe seo mar phercentáiste orduithe, déanfaidh, tré fhéachaint don méid coirce bheidh i meascáin mhine buidhe le n-a mbaineann an mhír sin (d), na meascáin mhine buidhe sin do roinnt i pé saghsanna agus i pé méid saghsanna is dóich leis is ceart agus ordóidh percentáistí deifriúla maidir le saghsanna deifriúla agus an percentáiste a hordófar amhlaidh maidir le haon tsaghas acu san isé bheidh, chun crícheanna na míre sin (d), mar phercentáiste orduithe oiriúnach maidir le gach meascán mine buidhe den tsaghas san.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, a chur mar cheangal aon choirce bheidh i meascán mine buidhe do bheith i bhfuirm an tortha iomláin as na heithní amháin de choirce do mheilt.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú ar bith do rinne sé roimhe sin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.

[EN]

(5) Má dheineann aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe éinní contrárdha don alt so beidh an muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

Forálacha i dtaobh meascán mine buidhe do dhíol.

83.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon mheascán mine buidhe do dhíol ná do thairiscint chun a dhíolta, mara gcólíontar na coinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an meascán mine buidhe sin do bheith i bpacáiste, agus

[EN]

(b) i gcás meáchainte an mheascáin mhine buidhe do bheith céad meáchaint no níos mó, mion-innste i dtaobh an phercentáiste do réir meáchainte de gach abhar fé leith a bheidh sa mheascán san do bheith ar an bpacáiste sin sa tslí orduithe.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

Fliuchra agus snáithíní i meascán mine buidhe.

84.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe aon mheascán mine buidhe ullamhóidh sé agus ina mbeidh níos mó ná an percentáiste orduithe (más ann do) d'fhliuchra do dhíol ná do thairiscint chun a dhíolta.

[EN]

(2) Ní bheidh sé dleathach d'aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe aon mheascán mine buidhe ullamhóidh sé agus ina mbeidh níos mó ná an percentáiste orduithe (más ann do) de shnáithíní do dhíol ná do thairiscint chun a dhíolta.

[EN]

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

CUID VII.

Srian le Plur, Aran, Cruithneachtain, Min Bhuidhe agus Abhair Airithe Bheathadh d'Iomportail agus le hAbhair Airithe Bheathadh d'Easportail.

[EN]

Srian le plúr d'iomportáil.

85.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon phlúr ná min chruithneachtan d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann maran rud é—

[EN]

(a) gur iomportálaí cláruithe plúir an duine sin, agus

[EN]

(b) gur fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála a hiomportálfar an plúr no an mhin sin.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

Srian le harán, etc., d'iomportáil.

86.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon arán, builíní, brioscaí, ná ullmhóidí eile, go n-úsáidtear chun a ndéanta plúr no min do meileadh ar fad no nách mór ar fad as cruithneachtain, d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

Srian le cruithneachtain d'iomportáil.

87.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith cruithneacht d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann maran rud é—

[EN]

(a) (i) gur iomportálaí cláruithe cruithneachtan an duine sin, agus

[EN]

(ii) gur fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so ag an Aire Talmhaíochta a hiomportálfar an chruithneacht san, no

[EN]

(b) gurb é an tAire Tionnscail agus Tráchtála an duine sin, no

[EN]

(c) gur fé chead agus do réir cheada ar n-a dheonadh fén alt so ag an Aire Talmhaíochta a hiomportálfar an chruithneacht san.

[EN]

(2) Más deimhin leis an Aire Talmhaíochta gur chun í do dhíol no d'úsáid mar shíol, agus chuige sin amháin, atá aon chruithneacht ag teastáil féadfaidh, tré chead a údarú d'éinne nách iomportálaí cláruithe cruithneachtan, fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, an chruithneacht san d'iomportáil, gan teora maidir le ham no le méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le ham no le méid, fé mar is dóich leis an Aire is ceart.

[EN]

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

Srian le cruithneachtain Indiathaigh d'iomportáil.

88.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon chruithneacht Indiathach d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann maran rud é—

[EN]

(a) (i) gur iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe an duine sin, agus

[EN]

(ii) gur fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so ag an Aire Talmhaíochta a hiomportálfar an chruithneacht Indiathach san, no

[EN]

(b) gurb é an tAire Talmhaíochta an duine sin.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

Srian le coirce, féar agus tuighe d'iomportáil.

89.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon choirce, féar ná tuighe (lasmuich d'fhéar no de thuighe bheidh in úsáid mar abhar pacála agus á iomportáil i dteanta na n-earraí gur chun iad do phacáil a bheidh sé in úsáid) d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so ag an Aire Talmhaíochta.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

(4) Ní léireofar éinní san alt so mar ní dheineann dleathach aon fhéar no tuighe d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann a bheidh in úsáid mar abhar pacála agus go mbeidh toirmiscthe fé sna hAchtanna um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1932, é d'iomportáil.

[EN]

Abhair bheathadh sceidealta.

90.—(1) Is abhar beathadh sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so gach earra dá luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú fén alt so, a dhearbhú aon earra (nách abhar beathadh sceidealta cheanna féin) do bheith ina habhar beathadh sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san beidh an earra le n-a mbaineann an t-ordú san ina habhar beathadh sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

(3) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar neambrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

[EN]

Srian le habhair bheathadh sceidealta d'iomportáil.

91.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon abhar beathadh sceidealta, ná aon tsubstaint (seachas earra eiscithe) a húsáidtear chun aon abhair bheathadh sceidealta d'ullamhú, d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so ag an Aire Talmhaíochta.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

(4) Is earra eiscithe chun crícheanna an ailt seo gach earra dá luaidhtear i bhfo-mhíreanna (b) go (w), go huile, de mhír 7 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ach má dheineann an tAire ordú á dhearbhú aon earra acu san do bheith ina habhar beathadh sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so, scuirfidh an earra le n-a mbaineann an t-ordú san de bheith ina hearra eiscithe chun crícheanna an ailt seo.

[EN]

Ceadúnaisí iomportála.

92.—(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le ceadúnas, a údarú do dhuine ar bith, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, aon earra dhíobh san le n-a mbaineann an fo-alt so d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann, gan teora maidir le ham no le méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le ham no le méid, fé mar is dóich leis an Aire sin is ceart.

[EN]

Baineann an fo-alt so leis na hearraí seo leanas, eadhon:—

[EN]

(a) plúr cruithneachtan;

[EN]

(b) min chruithneachtan;

[EN]

(c) arán;

[EN]

(d) builíní;

[EN]

(e) brioscaí; agus

[EN]

(f) aon ullmhóid eile go n-úsáidtear chun a déanta plúr no min do meileadh ar fad no nách mór ar fad as cruithneachtain.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le ceadúnas, a údarú do dhuine ar bith, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, aon earra le n-a mbaineann an fo-alt so d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann, gan teora maidir le ham no le méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le ham no le méid, fé mar is dóich leis an Aire sin is ceart.

[EN]

Baineann an fo-alt so leis na hearraí seo leanas, eadhon:—

[EN]

(a) cruithneacht;

[EN]

(b) cruithneacht Indiathach;

[EN]

(c) min bhuidhe;

[EN]

(d) coirce, féar agus tuighe; agus

[EN]

(e) aon abhar beathadh sceidealta no aon tsubstaint a húsáidtear chun aon abhair bheathadh sceidealta d'ullamhú.

[EN]

(3) Aon cheadúnas a deonfar fén alt so, féadfaidh an tAire do dheon é é do cheiliúradh aon uair.

[EN]

Baint na nAchtanna Custum.

93.—Tuigfear earraí go dtoirmisctear de bhuadh na Coda so den Acht so iad d'iomportáil do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear ar Chlár na dToirmeasc agus na Srian maidir le hEarraí do Theacht Isteach, atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus na forálacha den Acht san, mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hearraí toirmisctear no sriantar d'iomportáil beidh baint acu dá réir sin.

[EN]

Srian le habhair bheathadh áirithe d'easportáil.

94.—(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, más oiriúnach leis é, am ar bith agus o am go ham, le hordú, na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) a thoirmeasc earra ar bith le n-a mbaineann an t-alt so d'easportáil ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén alt so ag an Aire Talmhaíochta, agus

[EN]

(b) aon ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so do cheiliúradh.

[EN]

(2) Pé uair a bheidh aon ordú i bhfeidhm á thoirmeasc earra ar bith le n-a mbaineann an t-alt so d'easportáil, ní bheidh sé dleathach d'éinne earra ar bith den tsórt san d'easportáil.

[EN]

(3) Féadfaidh aon oifigeach Custum agus Máil earra ar bith le n-a mbaineann an t-alt so, agus a bheidh á heasportáil no go mbeifear a d'iarraidh í d'easportáil contrárdha don alt so, do choinneáil agus do thógaint agus chuige sin féadfaidh pacáid ar bith d'oscailt ina mbeidh earra ar bith den tsórt san no ’na mbeidh amhras aige a leithéid do bheith inte, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí tógtar fén Acht san d'ordú a bheith geallbhruidthe agus do chur de láimh, bainfid le gach earra tógfar fén alt so fé is dá mba fén Acht san do tógfaí iad.

[EN]

(4) Beidh éifeacht ag an alt so fé is dá mba chuid é den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh baint dá réir sin ag an Acht san agus ag aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san, agus má deintear earraí ar bith go dtoirmisctear a n-easportáil leis an alt so d'easportáil contrárdha don alt so no iad do thabhairt go dtí aon chéibh no áit eile chun iad d'easportáil amhlaidh no iad d'iompar ar uisce chun iad d'easportáil amhlaidh, dlighfear an pionós céanna do chur ar an easportálaí no ar a ghníomhaire a dlightear do chur ar dhuine, fé alt 186 den Acht san, mar gheall ar earraí toirmiscthe d'iomportáil go nea-dhleathach.

[EN]

(5) Baineann an t-alt so leis na hearraí seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) turscar cruithneachtan;

[EN]

(b) toradh ar bith eile is féidir d'úsáid mar abhar beathadh d'ainmhithe.

CUID VIII.

An Stat do Mheilt Chruithneachtan agus Bhleathaighe.

[EN]

Mínithe maidir le Cuid VIII.

95.—Sa Chuid seo den Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “abhar muilinn phlúir” muileann gráin atá do réir na gcoinníollacha uile seo leanas, eadhon—

[EN]

(a) nách muileann é gur leis a bhaineann ceadúnas muilneoireachta de thurus na huaire, agus

[EN]

(b) nách muileann cruithneachtan Indiathaighe é, agus

[EN]

(c) gur muileann é atá, dar leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, oiriúnach chun cruithneachtan do mheilt ann;

[EN]

cialluíonn an abairt “muileann cruithneachtan Indiathaighe díomhaoin” áitreabh ná fuil iontrálta i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe ach atá, dar leis an Aire Talmhaíochta, oiriúnach chun cruithneachtan Indiathaighe do mheilt ann.

[EN]

Eolas d'fháil o únaerí abhar muilte plúir agus muilte cruithneachtan Indiathaighe díomhaoine.

96.—(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar únaer aon abhair mhuilinn phlúir á cheangal ar an únaer sin na mion-innste i dtaobh an mhuilinn sin a luaidhtear sa bhfógra san do chur chuige laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar únaer aon mhuilinn chruithneachtan Indiathaighe dhíomhaoin á cheangal ar an únaer sin na mion-innste i dtaobh an mhuilinn sin a luaidhtear sa bhfógra san do chur chuige laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil.

[EN]

(3) Má dheineann duine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so diúltadh no má bheireann faillí maidir leis na mion-innste do thabhairt uaidh a ceangaltar air leis an bhfógra san do thabhairt uaidh, no má bheireann uaidh aon mhion-innste den tsórt san a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

[EN]

(4) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té chun a mbeidh sé dírithe fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire sheirbheálfaidh aon fhógra fén alt so no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so maidir leis an bhfógra san do chúiseamh.

[EN]

Abhair mhuilte plúir agus muilte cruithneachtan Indiathaighe díomhaoine d'iniúchadh.

97.—(1) Féadfaidh cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála, ar fhógra mí ar a laighead i scríbhinn do thabhairt d'únaer abhair mhuilinn phlúir tré litir chláruithe do dhíriú chuige fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige, dul isteach ar an talamh ina bhfuil an muileann san agus an muileann san d'iniúchadh.

[EN]

(2) Féadfaidh cigire don Aire Talmhaíochta, ar fhógra mí ar a laighead i scríbhinn do thabhairt d'únaer muilinn chruithneachtan Indiathaighe dhíomhaoin tré litir chláruithe do dhíriú chuige fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige, dul isteach ar an talamh ina bhfuil an muileann san agus an muileann san d'iniúchadh.

[EN]

(3) Má chuireann éinne bac ar chigire ar bith agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so maidir le cigire don Aire sin do chúiseamh agus féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so maidir le cigire don Aire sin do chúiseamh.

[EN]

Airí do thógaint muilte chúcha.

98.—(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le toiliú an Aire Airgid, talamh ar bith ina bhfuil abhar muilinn phlúir, agus fós gach ceart slí, ceart uisce no éasáid eile a húsáidtear agus a ghabhann leis sin, do thógaint chuige go héigeanta no tré chó-aontú.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le toiliú an Aire Airgid, talamh ar bith ina bhfuil muileann cruithneachtan Indiathaighe díomhaoin, agus fós gach ceart slí, ceart uisce no éasáid eile a húsáidtear agus a ghabhann leis sin, do thógaint chuige go héigeanta no tré chó-aontú.

[EN]

(3) Déanfar, chun tailimh do thógaint fén alt so, Achtanna Clásanna na dTalmhan d'ionchorprú leis an Acht so fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní déanfar na forálacha bhaineann le talamh ná teastuíonn do dhíol agus le fáil do bheith ar an Acht speisialta ná alt 133 (a bhaineann le cáin talmhan agus ráta dealbhais) den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, d'ionchorprú leis an Acht so, agus

[EN]

(b) nuair a bheidh an tAcht so agus na hAchtanna ionchorpruithe á léiriú tuigfear gurb é an tAcht so an tAcht speisialta agus gurb é an tAire bheidh ag tógaint an tailimh sin bunuitheoir an ghnótha, agus

[EN]

(c) an banna is gá do réir ailt 85 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, is fé shéala an Aire bheidh ag tógaint an tailimh sin a bheidh sé agus is leor é gan na hurraí luaidhtear san alt san do chur leis.

[EN]

(4) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar an praghas no an cúiteamh a bheidh iníoctha ar thalamh do thógaint fén alt so agus na costaisí fé n-a raghaidh an tAire bheidh ag tógaint an tailimh sin i dtaobh na tógainte sin.

[EN]

(5) Ní déanfar talamh a bheidh fé bhlianacht thalamhcheannaigh no is abhar do chó-aontú talamh-cheannaigh no bheidh dílsithe no á dhílsiú i gCoimisiún Talmhan na hÉireann do thógaint fén alt so gan toiliú Choimisiúin Talmhan na hÉireann.

[EN]

An tAire Tionnscail agus Tráchtála do mheilt chruithneachtan.

99.—Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála meilt chruithneachtan do bheith ar siúl aige ar thalamh ar bith a thógfaidh fén alt deiridh sin roimhe seo, agus chuige sin féadfaidh gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gléasra, meaisínteacht agus fearaistí do cheannach;

[EN]

(b) cruithneacht do cheannach;

[EN]

(c) cruithneacht d'iomportáil;

[EN]

(d) tora aon chruithneachtan a meilfear in aon mhuileann ar an talamh san do dhíol;

[EN]

(e) daoine d'fhostú chun conganta do thabhairt chun gnótha na meilte sin do bheith ar siúl;

[EN]

(f) connartha do dhéanamh;

[EN]

(g) gach gníomh agus gach ní eile do dhéanamh is dóich leis is gá chun gnótha na meilte sin do bheith ar siúl mar ghnó tráchtála.

[EN]

An tAire Talmhaíochta do mheilt bhleathaighe.

100.—Féadfaidh an tAire Talmhaíochta meilt bhleathaighe do bheith ar siúl aige ar thalamh ar bith a thógfaidh fén gCuid seo den Acht so agus chuige sin féadfaidh gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gléasra, meaisínteacht agus fearaistí do cheannach;

[EN]

(b) cruithneacht Indiathach agus arbhar dúthchais do cheannach;

[EN]

(c) cruithneacht Indiathach d'iomportáil;

[EN]

(d) tora aon chruithneachtan Indiathaighe no aon tsaghsanna eile arbhair a meilfear in aon mhuileann ar an talamh san do dhíol;

[EN]

(e) daoine d'fhostú chun conganta do thabhairt chun gnótha na meilte sin do bheith ar siúl;

[EN]

(f) connartha do dhéanamh;

[EN]

(g) gach gníomh agus gach ní eile do dhéanamh is dóich leis is gá chun gnótha na meilte sin do bheith ar siúl mar ghnó tráchtála.

[EN]

Na hAirí do dhíol muilte agus gnóthaí.

101.—(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no an tAire Talmhaíochta (pe'ca aca é), le toiliú an Aire Airgid, talamh ar bith a thógfaidh fén gCuid seo den Acht so, agus fós dea-thoil agus stoc trádála agus sócmhainní eile gnótha ar bith a bheidh ar siúl aige ar an talamh san do réir na Coda so den Acht so, do dhíol ar pé praghas is dóich leis is ceart.

[EN]

(2) Déanfar aon airgead do gheobhfar de bharr díola fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

Cuntaisí agus iniúchadh.

102.—(1) Déanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no an tAire Talmhaíochta (pe'ca aca é) a chur fé ndeár go gcoimeádfar i pé fuirm le n-a n-aontóidh an tAire Airgid, maidir le gach gnó bheidh ar siúl aige fén gCuid seo den Acht so, gach cuntas is ceart agus is gnáth ar an airgead uile gheobhaidh no chaithfidh, agus le n-a n-áirmhítear cuntas caipitail, cuntas ioncuim, cuntas sochair agus dochair agus cuntas cothromuíochta.

[EN]

(2) Déanfar cuntaisí an Aire Tionnscail agus Tráchtála no an Aire Talmhaíochta (pe'ca aca é) maidir le gach gnó bheidh ar siúl aige fén gCuid seo den Acht so d'iniúchadh agus tuarasgabháil do thabhairt ina dtaobh i ndeireadh gach bliana de bhlianta cuntasaíochta an ghnótha san agus isé dhéanfaidh san ná iniúchóir a bheidh cáilithe go cuibhe agus a cheapfaidh an tAire sin go bliantúil le toiliú an Aire Airgid, agus beidh táillí an iniúchóra san agus costaisí an iniúchóra san go generálta ina gcuid de sna costaisí bhaineann leis an ngnó san do bheith ar siúl.

[EN]

(3) Ar chríochnú iniúchadh fén alt so ar chuntaisí Aire ’na mbeidh aon ghnó ar siúl aige fén gCuid seo den Acht so, cuirfidh an tAire sin fé ndeár cóip den chuntas chothromuíochta agus den chuntas sochair agus dochair mar a bheidh glactha ag an iniúchóir leo agus fós cóip de thuarasgabháil an iniúchóra do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

[EN]

Brabús agus caillteanas.

103.—(1) Déanfar gach brabús a thiocfaidh as aon ghnó do bheith ar siúl fén gCuid seo den Acht so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

(2) Déanfar gach caillteanas fé n-a raghfar de dhruim aon ghnótha do bheith ar siúl fén gCuid seo den Acht so d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Costaisí fé Chuid VIII.

104.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar de dhruim aon ghnótha do bheith ar siúl fén gCuid seo den Acht so.

Cead Sceideal.

Pionoisi Mar Gheall ar Chiontai Airithe.


CUID I.

Fíneáil ná raghaidh thar céad púnt má sé an chéad chionta é, no, má sé an dara cionta é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad go leith púnt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

CUID II.

Fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt má sé an chéad chionta é, no, má sé an dara cionta é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

CUID III.

Fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead má sé an chéad chionta é, no, má sé an dara cionta é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt.

DARA SCEIDEAL.

Riail-Phraghsanna in aghaidh Saosur Diola (Cruithneacht) sna Blianta Arbhair dar Tosach an 1adh La de Lunasa, 1933, agus an 1adh La de Lunasa, 1934.

Saosúir Dhíola (Cruithneacht).

Riail-phraghas an barraille de 20 cloch.

An saosúr dar tosach an 1adh lá de Lúnasa, 1933, agus

s. 

d.

dar críoch an I5adh lá de Mhí na Nodlag, 1933  ...

23

6

An saosúr dar tosach an I5adh lá d'Eanar, 1934, agus

dar críoch an I5adh lá d'Abrán, 1934  ...     ...

25

0

An saosúr dar tosach an 1adh lá de Bhealtaine, 1934,

agus dar críoch an 31adh lá d'Iúl, 1934  ...     ...

25

0

An saosúr dar tosach an 1adh lá de Lúnasa, 1934,

agus dar críoch an I5adh lá de Mhí na Nodlag, 1934

23

6

An saosúr dar tosach an I5adh lá d'Eanar, 1935, agus

dar críoch an I5adh lá d'Abrán, 1935     ...     ...

25

0

An saosúr dar tosach an 1adh lá de Bhealtaine, 1935,

agus dar críoch an 31adh lá d'Iúl, 1935     ...

25

0

TRIU SCEIDEAL.

Abhair Bheathadh Sceidealta.

1. Min bhuidhe.

2. Eorna.

3. Eorna bhrachta.

4. Seagal.

5. Min choirce.

6. Earraí, i bhfuirm bidh no i bhfuirm leighis le slogadh, is i gcóir capall, miúlach, ránach, asal, eallach, caorach, muc, gabhar no éanlaithe clóis, agus a haithnítear i gcúrsaí tráchtála fé ainm thrádála dhílsithe no chosanta.

7. Gach saghas bidh i gcóir capall, miúlach, ránach, asal, callach, caorach, muc, gabhar no éanlaithe clóis, ach amháin—

(a) cruithneacht, cruithneacht Indiathach, coirce, féar, tuighe, min bhuidhe, eorna, eorna bhrachta, seagal, min choirce agus na hearraí luaidhtear ag uimhir 6;

(b) síol canaigh ina ghrán;

(c) min shíl stalctha canaigh, ar a dtugtar freisin min shíl chanaigh;

(d) síol lín ina ghrán, ar a dtugtar freisin síol ruis ina ghrán;

(e) síol stalctha ruis, cúibeanna síl ruis, caora síl ruis, calóga síl ruis, agus min shíl stalctha ruis;

(f) cnóite talmhan;

(g) cnóite stalctha talmhan, cúibeanna cnó talmhan, caora cnó talmhan, calóga cnó talmhan, agus min chnó stalctha talmhan;

(h) cnóite cócó;

(i) copra;

(j) cnóite stalctha cócó, cúibeanna cnó cócó, caora cnó cócó, calóga cnó cócó, agus min chnó stalctha cócó;

(k) eithneacha pailme;

(l) eithneacha stalctha pailme ar a dtugtar freisin cnóite stalctha pailme, caora eithne pailme, calóga eithne pailme, agus min eithne pailme;

(m) pónairí soya ina ngrán;

(n) pónairí stalctha soya, cúibeanna pónaire soya, caora pónaire soya, calóga pónaire soya, agus min phónairí stalctha soya;

(o) pónairí (nách cinn úra) ina ngrán ar a n-áirmhítear pónairí lócaiste;

(p) piseanna (nách cinn úra) ina ngrán;

(q) min éisc, agus calóga mine éisc;

(r) min feola;

(s) min feola agus cnámh;

(t) min fola;

(u) min alfalfa;

(v) ola ae truisc;

(w) salann.