[EN]

Uimhir 7 de 1953.


[EN]

AN tACHT ÁRACHAIS, 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA RÁTHAÍOCHTA A THABHAIRT MAIDIR LE hÁRACHÚ FIONTAR I nDÁIL LE TRÁDÁIL EACHTRANNACH AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE GNÓ ÁRACHAIS A SHEOLADH. [24ú Márta, 1953.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht Arachais, 1936 (Uimh. 45 de 1936) ;

[EN]

folaíonn “rathaíocht” conradh chun slánaíocht a thabhairt, go hiomlán nó go páirteach, in aghaidh caillteanais d'aon tsórt ;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála ;

[EN]

(2) Forléireofar an tAcht seo agus Acht 1936 mar aon ní amháin.

[EN]

Ráthaíochta onnmhuiriúcháin,

2.—(1) Chun onnmhuiriú earraí a spreagadh, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comhshocraíochta a dhéanamh chun go dtabharfar do dhaoine, nó ar mhaithe le daoine, a bhfuil gnó nó gairm ar siúl acu sa Stát, ráthaíochta i ndáil le honnmhuiriú, monarú, cóireáil nó imdháil earraí, i ndáil le seirbhísí a thabhairt nó i ndáil le haon ní eile is dóigh leis an Aire ba chabhair chun na críche sin.

[EN]

(2) Féadfar comhaontuithe le cuideachtana árachais, chun ráthaíochta ó na cuideachtana sin d'athárachú, d'áireamh i gcomhshocraíochta faoin alt seo.

[EN]

(3) Ní mó ná dhá mhilliún punt iomlán an dliteanais a bheas ar an Aire aon tráth i leith príomhshuimeanna maidir le comhshocraíochta faoin alt seo.

[EN]

(4) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus aisíocfar leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas, aon tsuim a bheas ag teastáil faoi chomhair dliteanais faoina ndeachaigh an tAire faoin alt seo.

[EN]

(5) Chun airgead a sholáthar le haghaidh aon airleacain faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus, chun an iasacht sin d'fháil, féadfaidh sé urrúis a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheobhas sé ar iasacht amhlaidh.

[EN]

(6) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin alt seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na n-urrús sin d'eisiúint.

[EN]

(7) Baileofar agus glacfar i pé slí a threorós an tAire Airgeadais, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste do réir mar threorós an tAire Airgeadais, an t-airgead go léir a gheobhas an tAire de bhun comhshocraíocht faoin alt seo.

[EN]

Cuntais agus tuairisceáin.

3.—(1) Bhéarfaidh an tAire go n-ullamhófar, i pé foirm a threorós an tAire Airgeadais, cuntas ar na fáltais agus ar an gcaiteachas do gach bliain airgeadais i leith comhshocraíocht faoi alt 2 den Acht seo agus iniúchfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste na cuntais agus leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

(2) Bhéarfaidh an tAire go n-ullamhófar, go leath-bhliantúil, tuairisceán a thaispeánfas iomlán dliteanas an Aire i leith comhshocraíocht faoi alt 2 den Acht seo a rinneadh i rith na sé mhí roimhe sin agus leagfar an tuairisceán faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

Ceadúnais árachais a dheonadh do chuideachtana coigríche faoi chomharshocraíochta.

4.—(1) D'ainneoin aon ní in aon fhoráil d'Acht 1936—

[EN]

(a) ní bheidh cosc ar an Aire géilleadh d'iarratas ó chuideachta choigríche ar cheadúnas árachais chun gnó árachais tóiteáin, tionóisce nó feithicle inneall-ghluaiste a sheoladh de dhroim amháin nach raibh gnó á sheoladh sa Stát ná áit ghnótha sa Stát ag an gcuideachta ar dháta a sonraítear sa bhforáil sin más dóigh leis an Aire, in aon chás áirithe, dá ndeontaí ceadúnas do chuideachta choigríche, go n-éascódh sin deonadh comhar-bhuntáistí do chuideachta Éireannach sa tír ar faoina dlí atá an chuideachta choigríche corpraithe ;

[EN]

(b) beidh méid na héarlaise a bheas le taisceadh ag cuideachta choigríche faoi alt 22 d'Acht 1936 comhionann leis an éarlais is gá do chuideachta Éireannach a thaisceadh sa tír sin, i gcás inar mó an méid sin ná an éarlais a sonraítear san alt sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil le ceadúnas lena mbaineann an t-alt seo agus féadfaidh sé an ceadúnas a chúlghairm más dóigh leis nach bhfuil aon choinníoll acu sin á chomhlíonadh.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 16 d'Acht 1936 maidir le hiarratas ar cheadúnas lena mbaineann an t-alt seo.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

5.—(1) Féadfar an tAcht Arachais, 1953, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Arachais, 1909 go 1953, a ghairm de na hAchta Arachais, 1909 go 1938, agus den Acht seo le chéile.