Uimhir 7 de 1960.
AN tACHT UM FHORBAIRT PHEITRILIAIM AGUS MIANRAÍ EILE, 1960.
[An tiontú oifigiúil.]
CUID I.
Réamhráiteach.
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960, a ghairm den Acht seo.
CUID II.
Peitriliam.
Caibidil I.
Léiriú (Cuid II).
Mínithe (Cuid II).
2.—(1) San Acht seo—
tá le “fochearta” an bhrí a thugtar dó le halt 3 den Acht seo;
ciallaíonn “an Bord” an Bord Mianadóireachta a bunaíodh le halt 33 den Acht Forbairte Minearál, 1940 (Uimh. 31 de 1940);
tá le “ceadúnas taiscéalaíochta” an bhrí a thugtar dó le halt 8 den Acht seo;
folaíonn “talamh” imeall trá agus talamh faoi uisce;
ciallaíonn “Coimisiún na Talún” Coimisiún Talún na hÉireann;
ciallaíonn “blianacht talamh-cheannaigh” blianacht talamhcheannaigh is iníoctha le Coimisiún na Talún faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;
ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a rith;
folaíonn “peitriliam” aon ola mhianrúil nó hiodracarbón gaolmhar agus gás nádúrtha agus hiodracarbóin eile i bhfoirm leachta nó gáis agus a ndíorthaigh nó a substaintí comhábhartha agus atá ina riocht nádúrtha i sraitheanna (lena n-áirítear, gan teorainn, driogáit, comhdhlútháit, gásailín ceann-chásála agus na substaintí eile a tháirgtear de ghnáth ó thoibreacha ola agus gáis) agus folaíonn sé aon substaint mhianrúil eile atá in ola agus i ngás nádúrtha agus a thugtar chun uachtair leo sa ghnáthphróis astarraingthe, ach ní fholaíonn sé gual agus sceallaí bithiúmanacha agus fosuithe sreathnaithe eile as ar féidir ola a dhriogadh;
tá le “léas peitriliam” an bhrí a thugtar dó le halt 13 den Acht seo;
tá le “ceadúnas lorgaireachta peitriliaim” an bhrí a thugtar dó le halt 9 den Acht seo;
ciallaíonn “tobar peitriliaim” tolladh nó tochailt eile i bhforscreamh na talún chun peitriliam a astarraingt;
ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin;
ciallaíonn “rialacháin” rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin gCuid seo;
folaíonn “cíos” aon íocaíocht tréimhsiúil i bhfoirm chíosa;
tá le “ceadúnas limistéir fhorcoimeádta” an bhrí a thugtar dó le halt 19 den Acht seo;
ciallaíonn “ríchíos” cíos arna ríomh de réir chainníochta nó phraghais nó luacha an pheitriliaim a gheofar;
ciallaíonn “peitriliam Stáit” peitriliam a raibh an dílseánacht ann dílsithe sa Stát díreach roimh an dáta feidhme;
nuair a úsáidtear an focal “uachtar” maidir le talamh, folaíonn sé aon fhoirgnimh, oibreacha, nó ní atá tógtha, déanta nó ag fás ar an talamh sin;
nuair a úsáidtear “oibriú” maidir le peitriliam, folaíonn sé peitriliam a bhaint agus a lorg, tolladh le haghaidh peitriliaim agus peitriliam a fháil, a ardú, a thógáil, a thabhairt chun siúil, a stóráil agus a chóireáil, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;
tá le “ordú tógála saoráidí oibre” an bhrí a thugtar dó le halt 23 den Acht seo;
tá le “cead saoráidí oibre” an bhrí a thugtar dó le halt 26 den Acht seo;
tá le “cead saoráidí oibre (talamh Stáit)” an bhrí a thugtar dó le halt 27 den Acht seo.
(2) Sa Chuid seo, déanfar, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, tagairtí don cheadúnaí faoi cheadúnas arna dheonú faoin gCuid seo a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do sheiceadóirí, riarthóirí agus sannaithe an cheadúnaí.
“Fochearta”.
3.—Is fochearta na cearta seo a leanas chun críocha na Coda seo, agus, sa Chuid seo, forléireofar an abairt “fochearta” dá réir sin, is é sin le rá—
(a) ceart chun an t-uachtar a ísliú, lena n-áirítear ceart chun sraitheanna forluiteacha nó sraitheanna tadhlacha suas go dtí an t-uachtar agus an t-uachtar féin a ísliú;
(b) ceart aer-shlí, slí seafta, nó cead slí ar an uachtar nó faoi thalamh, nó ceart eile chun peitriliam nó inneallra a shroicheadh nó a iompar nó toibreacha peitriliaim a aerú nó a shilt nó a oibriú;
(c) ceart chun aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—
(i) bóithre agus iarnróid a dhéanamh, a oibriú agus a chothabháil chun dul isteach ar thalamh ar bith a shonraítear i léas peitriliaim agus teacht amach as,
(ii) cibé bóithre agus iarnróid a dhéanamh, a chothabháil agus a oibriú ar aon talamh den sórt sin a mbeidh gá leo chun taiscéalaíocht, lorgaireacht, oibriú, druileáil agus forbairt a dhéanamh ar pheitriliam faoin talamh sin, agus chun dul isteach go dtí aon tobar peitriliaim, agus peitriliam a iompar ó aon tobar peitriliaim,
(iii) talamh a úsáid agus a áitiú chun gach críche nó aon chríche de na críocha adúradh agus aon chearta i dtalamh nó uisce nó thar thalamh nó uisce a fheidhmiú;
(d) ceart chun píplínte a leagan agus stáisiúin chaidéalúcháin agus stórála, racaí luchtúcháin, críochfoirt agus saoráidí eile a dhéanamh chun peitriliam a iompar;
(e) ceart chun uachtar talún a úsáid agus a áitiú chun taiscumair agus linnte socraithe a thochailt, píopaí a leagan, saoráidí a dhéanamh chun peitriliam a chaidéalú, a stóráil, a tháirgeadh nó fotháirgí a mhonarú, nó le haghaidh oibreacha eile, nó le haghaidh teaghas do dhaoine a bheidh ar fostú i ndáil le peitriliam a oibriú nó i ndáil le haon oibreacha mar adúradh;
(f) ceart chun soláthar d'uisce nó de shubstaintí eile maidir le hoibriú peitriliaim, lena n-áirítear ceart chun toibreacha a thochailt nó a dhruileáil;
(g) ceart chun uisce nó ábhar leachtach eile a gheofar ó thoibreacha peitriliaim nó ó aon oibreacha fotháirgí a dhiúscairt ar shlí faoi leith;
(h) ceart chun dramhtháirgí a gheofar i ndáil le hoibriú peitriliaim a dhiúscairt ar shlí faoi leith;
(i) ceart chun aon abhainn nó uisce-chúrsa, lena n-áirítear uisce-chúrsa saorga, a dhambáil nó a chlaonadh;
(j) ceart chun séaracha, mórphíopaí uisce agus píopaí a chlaonadh;
(k) ceart chun bóthar poiblí, sráid nó slí phoiblí, nó slí phríobháideach, a chlaonadh agus droichead eile ar láithreán eile a chur in ionad droichid láithrigh;
(l) ceart chun iarnród nó trambhealach a chlaonadh;
(m) ceartchun foirgnimh a scartáil a chuireann isteach ar pheitriliam a oibriú mar is ceart.
Caibidil II.
Dílseánacht pheitriliaim a dhílsiú san Aire.
Peitriliam Stáit a dhílsiú san Aire.
4.—Ar an dáta feidhme, dílseoidh an peitriliam Stáit uile san Aire agus ina chomharbaí.
Peitriliam eile a dhílsiú san Aire.
5.—(1) Ar an dáta feidhme, dílseoidh an dílseánacht sa pheitriliam uile nach peitriliam Stáit san Aire agus ina chomharbaí.
(2) Beidh cúiteamh iníoctha ag an Aire maidir leis an bpeitriliam uile a dhílsítear san Aire agus ina chomharbaí le fo-alt (1) den alt seo, agus beidh feidhm ag forálacha Chaibidil VI den Chuid seo maidir leis an gcúiteamh sin.
Caibidil III.
Taiscéalaíocht agus forbairt pheitriliaim.
Srianta le peitriliam a chuardach agus a fháil.
6.—(1) Ní dhéanfaidh aon duine seachas an tAire peitriliam a chuardach in aon limistéar sa Stát muran rud é—
(a) gurb é an ceadúnaí é faoi cheadúnas taiscéalaíochta, ceadúnas lorgaireachta peitriliaim nó ceadúnas limistéir fhorcoimeádta a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bhaineann leis an limistéar sin, nó
(b) gurb é an léasaí é faoi léas peitriliaim nach bhfuil as feidhm agus a bhaineann leis an limistéar sin.
(2) Ní bhfaighidh aon duine, seachas an tAire, peitriliam a fuarthas in aon limistéar sa Stát ná ní ardóidh sé ná ní thógfaidh sé ná ní thabharfaidh sé chun siúil é murab é an léasaí é faoi léas peitriliaim nach bhfuil as feidhm agus a bhaineann leis an limistéar sin.
(3) Gach duine a sháróidh fo-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, maraon le fíneáil bhreise, i gcás ciona leanúnaigh, nach mó ná céad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, nó, más rogha leis an gCúirt é, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
(4) I gcúiteamh i gcion faoin alt seo, maidir le deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach don Aire agus a bheith ag deimhniú ní amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas—
(a) nach raibh an duine a bheidh á chúiseamh ina shealbhóir, lá sonraithe, ar cheadúnas taiscéalaíochta a bhí i bhfeidhm an uair sin agus a bhain le limistéar sonraithe,
(b) nach raibh an duine a bheidh á chúiseamh ina shealbhóir, lá sonraithe, ar cheadúnas lorgaireachta peitriliaim a bhí i bhfeidhm an uair sin agus a bhain le limistéar sonraithe,
(c) nach raibh an duine a bheidh á chúiseamh ina shealbhóir, lá sonraithe, ar cheadúnas limistéir fhorcoimeádta a bhí i bhfeidhm an uair sin agus a bhain le limistéar sonraithe,
(d) nach raibh an duine a bheidh á chúiseamh ina léasaí, lá sonraithe, faoi léas peitriliaim nach raibh as feidhm an uair sin agus a bhain le limistéar sonraithe,
beidh sé, gan cruthú ar shíniú an duine a n-airbheartófar gurb é a shínigh an deimhniú sin ná gurbh oifigeach don Aire é, ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, ar cibé ábhair acu sin a n-airbheartófar iad a bheith deimhnithe sa deimhniú sin agus leis.
Gealltanas go ndeonófar ceadúnais thaiscéalaíochta agus ceadúnais lorgaireachta peitriliaim.
7.—(1) Féadfaidh an tAire gealltanas a thabhairt d'aon duine go ndeonóidh sé dó ceadúnas taiscéalaíochta nó ceadúnas lorgaireachta peitriliaim nó an dá cheadúnas sin.
(2) I gcás ina dtabharfaidh an tAire gealltanas faoin alt seo beidh sé dleathach aige an gealltanas a chomhlíonadh.
Ceadúnais thaisceálaíochta.
8.—(1) Féadfaidh an tAire cibé ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas taiscéalaíochta sa Chuid seo) a údaraítear leis an alt seo a dheonú do dhuine ar bith.
(2) Deonófar gach ceadúnas taiscéalaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus i leith cibé limistéar is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé sa cheadúnas sin.
(3) Nuair a dheonófar an ceadúnas taiscéalaíochta, déanfaidh an ceadúnaí cibé comaoin ina leith a íoc leis an Aire a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
(4) Déarfaidh gach ceadúnas taiscéalaíochta go ndílsíonn sé, agus oibreoidh sé ar mhodh go mbeidh ar dílsiú, sa cheadúnaí an t-aoncheart chun peitriliam a chuardach sa limistéar lena mbainfidh an ceadúnas.
(5) (a) Ní thabharfaidh ceadúnas taiscéalaíochta aon cheart don cheadúnaí dul isteach ar thalamh.
(b) Ní fhorléireofar mír (a) den fho-alt seo mar ní a thoirmisceann ar an gceadúnaí faoi cheadúnas taiscéalaíochta dul isteach ar thalamh le toiliú úinéir uachtar na talún sin.
(6) Beidh i ngach ceadúnas taiscéalaíochta clásal slánaíochta trína slánóidh an ceadúnaí an tAire i gcoinne aon éilimh a éireoidh as an gceadúnaí d'fheidhmiú a cheart faoin gceadúnas.
(7) San alt seo ciallaíonn “peitriliam a chuardach” an ceadúnaí faoi cheadúnas taiscéalaíochta do dhéanamh na nithe sin uile is gá nó is inmhianaithe dar leis chun saghas, méad nó luach an pheitriliaim sa limistéar lena mbaineann an ceadúnas a dhéanamh amach agus, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht na cumhachta roimhe seo, folaíonn sé taiscéalaíocht a dhéanamh ag lorg peitriliaim trí scrúdú geolaíoch, geofisiciúil, geoceimiciúil agus logeolaíochtúil a dhéanamh, tolladh a dhéanamh, poill a thochailt, uisce a chur as sean-oibreacha agus cainníochtaí réasúnacha peitriliaim agus mianraí eile a thógáil agus a thabhairt chun siúil le haghaidh anailíse, tástála, trialach nó turgnaimh.
Ceadúnais lorgaireachta peitriliaim.
9.—(1) Féadfaidh an tAire, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas lorgaireachta peitriliaim sa Chuid seo) a dheonú do dhuine ar bith i leith peitriliaim faoi thalamh ar bith.
(2) Ní dheonóidh an tAire ceadúnas lorgaireachta peitriliaim i leith peitriliaim faoi thalamh ar bith mura rud é go mbeidh sé, lá agus fiche ar a laghad sul a ndeonóidh sé é,—
(a) tar éis fógra a fhoilsiú, i nuachtán amháin nó níos mó a léitear sa cheantar, á rá go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh, agus
(b) tar éis léarscáil ag taispeáint teorainneacha na talún sin a thaisceadh in oifig na Suirbhéarachta Geolaíochta, Baile Atha Cliath, agus in áit amháin nó níos mó sa cheantar.
(3) Déanfar gach ceadúnas lorgaireachta peitriliaim a dheonú ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an Aire agus a shonróidh sé sa cheadúnas sin.
(4) Nuair a dheonófar ceadúnas lorgaireachta peitriliaim, déanfaidh an ceadúnaí cibé comaoin ina leith a íoc leis an Aire a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
(5) Déarfaidh gach ceadúnas lorgaireachta peitriliaim go ndílsíonn sé, agus oibreoidh sé ar mhodh go mbeidh ar dílsiú, sa cheadúnaí, ar feadh cibé tréimhse a shonrófar sa cheadúnas, údarás chun dul isteach ar an talamh a shonrófar sa cheadúnas agus na nithe sin uile a dhéanamh is gá nó is inmhianaithe dar leis an gceadúnaí chun saghas, méad nó luach an pheitriliaim faoin talamh sin a dhéanamh amach agus, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht na cumhachta roimhe seo, chun na críche réamhráite scrúdú geolaíoch, geofisiciúil, geoceimiciúil agus logeolaíochtúil a dhéanamh, agus tolladh a dhéanamh, poill a thochailt, uisce a chur as sean-oibreacha agus cainníochtaí réasúnacha peitriliaim agus mianraí eile a thógáil agus a thabhairt chun siúil le haghaidh anailíse, tástála, trialach nó turgnaimh.
(6) Beidh i ngach ceadúnas lorgaireachta peitriliaim clásal slánaíochta trína slánóidh an ceadúnaí an tAire i gcoinne aon éilimh nó iarratais ar bith maidir leis an talamh is ábhar don cheadúnas nó a éireoidh ar aon slí as an gceadúnaí d'fheidhmiú na gceart a thugtar dó leis an gceadúnas.
(7) Beidh i ngach ceadúnas lorgaireachta peitriliaim clásal á cheangal ar an gceadúnaí na cearta a thugtar dó leis an gceadúnas a fheidhmiú ar mhodh nach gcuirfidh isteach gan gá ar thaitneamhachtaí an limistéir lena mbainfidh an ceadúnas.
(8) (a) Ní thabharfaidh ceadúnas lorgaireachta peitriliaim ceart don cheadúnaí aon pheitriliam a gheofar faoin talamh a bheidh sonraithe sa cheadúnas a dhíol ná a dhiúscairt ar shlí eile.
(b) Ní fhorléireofar aon ní i mír (a) den fho-alt seo mar ní a choisceann ar an gceadúnaí faoi cheadúnas lorgaireachta peitriliaim cainníochtaí réasúnacha peitriliaim a thógáil agus a thabhairt chun siúil chun críocha anailíse, tástála, trialach nó turgnaimh.
Gealltanas ón Aire go ndeonóidh sé léas peitriliaim.
10.—(1) Féadfaidh an tAire gealltanas a thabhairt go ndeonóidh sé léas peitriliaim ag a mbeidh éifeacht ó cibé dáta a shonrófar sa léas peitriliaim.
(2) Gach gealltanas den saghas a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo is i cibé foirm a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a bheidh sé agus féadfar na téarmaí agus na coinníollacha (más ann) ar a ndeonófar an léas peitriliaim is ábhar don ghealltanas a shonrú ann.
(3) Cibé uair a thabharfaidh an tAire gealltanas léas peitriliaim a dheonú faoin alt seo, is dleathach don Aire an gealltanas a chomhlíonadh de réir téarmaí an chéanna.
Ceart an Aire chun taiscéalaíocht agus lorgaireacht a dhéanamh le haghaidh peitriliaim.
11.—(1) I gcás nach mbeidh ceadúnas taiscéalaíochta láithreach, ceadúnas lorgaireachta peitriliaim, ceadúnas limistéir fhorcoimeádta nó léas peitriliaim ann maidir le haon limistéar—
(a) féadfaidh an tAire na cumhachtaí uile a fheidhmiú maidir leis an limistéar sin dob infheidhmithe aige dá mba shealbhóir ar cheadúnas taiscéalaíochta é maidir leis an limistéar sin,
(b) féadfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, na cumhachtaí uile a fheidhmiú maidir leis an limistéar sin dob infheidhmithe aige dá mba shealbhóir ar cheadúnas lorgaireachta peitriliaim é maidir leis an limistéar sin.
(2) Ní fheidhmeoidh an tAire na cumhachtaí a thugtar dó le mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo maidir le haon limistéar mura rud é go mbeidh sé, lá is fiche ar a laghad roimhe sin,—
(a) tar éis fógra a fhoilsiú, i nuachtán amháin nó níos mó a léitear sa cheantar, á rá go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh, agus
(b) tar éis léarscáil ag taispeáint teorainneacha an limistéir sin a thaisceadh in oifig na Suirbhéireachta Geolaíochta, Baile Atha Cliath, agus in áit amháin nó níos mó sa cheantar.
Cúiteamh i ndamáiste nó i núis dár chúis an ceadúnaí faoi cheadúnas lorgaireachta peitriliaim nó an tAire d'fheidhmiú cumhachtaí faoi alt 11 (1) (b).
12.—Aon uair a dhéanfar, go díreach nó go neamhdhíreach, damáiste d'uachtar talún nó do thaiscí mianrúla nó do sholáthair uisce, nó núis—
(a) tríd an gceadúnaí faoi cheadúnas lorgaireachta peitriliaim d'fheidhmiú a cheart faoin gceadúnas, nó
(b) tríd an Aire d'fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Acht seo,
dlífidh an ceadúnaí nó an tAire (de réir mar a bheidh) cúiteamh a íoc sa damáiste nó sa núis sin, agus beidh feidhm ag forálacha Chabidil VII den Chuid seo maidir leis an gcúiteamh sin.
Léasanna peitriliaim.
13.—(1) Más é tuairim an Aire gurb é leas an phobail é go ndeonófaí peitriliam faoi thalamh sonraithe ar mhodh léasa d'aon duine, féadfaidh an tAire an peitriliam sin a fhorléasadh chun an duine sin ar mhodh léasa (dá ngairtear léas peitriliaim sa Chuid seo) ar feadh cibé téarma is cuí leis an Aire.
(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach léas peitriliaim—
(a) cuirfear de choinníoll sa léas sin go n-íocfar leis an Aire cibé airgead ar mhodh fíneála nó réamhíocaíochta nó ar mhodh cíosa (lena n-áirítear ríchíos) nó ar aon mhodh nó ar gach a modh acu sin is cuí leis an Aire le haontú an Aire Airgeadais, agus ar a gcomhaontóidh an tAire leis an léasaí;
(b) beidh sa léas sin cibé cúnaint, coinníollacha, agus fochomhaontuithe (más ann) ó thaobh an Aire nó an léasaí is cuí nó is inmhianaithe leis an Aire ar mhaithe le leas an phobail agus ar a gcomhaontóidh sé leis an léasaí;
(c) féadfaidh clásal a bheith sa léas sin á fhoráil gur féidir athnuachan nó athnuachaintí comhleanúnacha a dhéanamh air go neamhchoinníollach nó faoi réir cibé coinníollacha a luafar sa léas sin;
(d) beidh an tAire Airgeadais ina pháirtí sa léas sin.
Ceart an Aire chun peitriliam a oibriú agus a dhiúscairt.
14.—(1) Is dleathach don Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, tráth ar bith, faoi réir téarmaí aon cheadúnais nó léasa arna dheonú faoin gCuid seo, peitriliam a oibriú in aon limistéar nó limistéir agus peitriliam a gheofar de bharr an oibrithe sin a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile.
(2) Sula dtosóidh sé ar pheitriliam a oibriú i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo, déanfaidh an tAire—
(a) an limistéar nó na limistéir (nach lú ná dhá mhíle cearnach agus nach mó ná cúig mhíle cearnach achar gach limistéir acu) a shonrú a mbeartaíonn sé na cumhachtaí sin a fheidhmiú ann nó iontu,
(b) fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil ag insint cá bhfuil an limistéar nó na limistéir sin agus an t-achar atá ann nó iontu.
(3) Féadfaidh an tAire a údarú i scríbhinn do dhuine ar bith na cumhachtaí a thugtar don Aire leis an alt seo a fheidhmiú ar son agus thar ceann an Aire agus measfar chun críocha na Coda seo gurb é gníomh an Aire aon ghníomh a dhéanfaidh an duine sin de bhun an údaráis sin.
(4) I gcás ina ndéanfaidh an tAire peitriliam a dhíol nó a dhiúscairt faoin alt seo, déanfar toradh an díola nó an diúscartha sin a íoc isteach sa Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.
Cearta ag an léasaí faoi léas peitriliaim, nó ag an Aire agus é ag feidhmiú cumhachtaí faoi alt 14, dul isteach ar thalamh agus é a úsáid.
15.—(1) Féadfaidh an léasaí faoi léas peitriliaim dul isteach ar an talamh a bheidh sonraithe sa léas agus an talamh sin a úsáid i cibé slí is gá le réasún chun peitriliam a oibriú nó chun aon chríche a bhainfidh leis sin.
(2) Ag feidhmiú na gcumhachtaí dó a thugtar dó le halt 14 den Acht seo féadfaidh an tAire dul isteach ar aon talamh sa limistéar ar infheidhmithe na cumhachtaí sin ina leith agus an talamh sin a úsáid i cibé slí is gá le réasún chun peitriliam a oibriú nó chun aon chríche a bhainfidh leis sin.
Cúiteamh i ndamáiste nó i núis dar chúis an léasai faoi léas peitriliaim nó an tAire d'oibriú peitriliaim nó d'fheidhmiú ceart a thugtar le halt 15.
16.—Aon uair a dhéanfar damáiste, go díreach nó go neamhdhíreach, d'uachtar talún nó do thaiscí mianrúla nó do sholáthair uisce nó núis—
(a) trí pheitriliam a oibriú nó trí aon ní a dhéanamh a bhaineann le peitriliam a oibriú, nó
(b) tríd an gceart chun dul isteach ar thalamh agus an talamh a úsáid a thugtar le halt 15 den Acht seo a fheidhmiú,
dlífidh an duine a rinne an damáiste nó an núis sin, cibé acu gurb é an léasaí faoi léas peitriliaim é nó an tAire, cúiteamh a íoc sa damáiste sin nó sa núis sin, agus beidh feidhm ag forálacha Chaibidil VII den Chuid seo maidir leis an gcúiteamh sin.
Léasaithe faoi léasanna peitriliaim do thabhairt eolais uathu.
17.—(1) Déanfaidh gach léasaí faoi léas peitriliaim—
(a) a luaithe is féidir tar éis peitriliam a thabhairt chun uachtair den chéad uair ag aon tollapholl—é sin a chur in iúl don Aire;
(b) cibé eolas a cheanglóidh an tAire air am ar bith a thabhairt maidir leis an bpeitriliam a forléasadh leis an léas sin nó maidir le hoibriú an pheitriliaim sin a thabhairt don Aire laistigh d'ocht lá is fiche tar éis an tAire á iarraidh sin air.
(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh léasaithe léasanna peitriliaim do thabhairt eolais maidir leis an bpeitriliam nó le hoibriú an pheitriliaim a forléasadh leis na léasanna sin agus féadfar a cheangal leis na rialacháin sin an t-eolas sin a thabhairt i dteannta an eolais a cheanglaítear a thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo agus gan dochar dó.
(3) Aon duine a gceanglaítear air leis an alt seo nó le haon rialachán faoi aon eolas a thabhairt don Aire—
(a) agus a mhainneoidh nó a dhiúltóidh an t-eolas sin a thabhairt, nó
(b) a thabharfaidh go feasach aon eolas den sórt sin a bheidh bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, nó
(c) a mhainneoidh ar shlí eile déanamh de réir fhorálacha an ailt seo nó forálacha aon rialacháin faoi,
beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo, agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion sin.
Tollaphoill, seaftaí nó asraonta tréigthe a chlúdach,
18.—(1) (a) I gcás ina mbeifear tar éis oibríochtaí i ndáil le peitriliam atá nó a bhí ar siúl ag duine ar bith atá nó a bhí ina cheadúnaí faoi cheadúnas faoin gCuid seo nó ina léasaí faoi léas peitriliaim a thréigean nó ina mbeifear tar éis scor díobh agus go ndealraíonn sé don Aire aon seafta tollaphoill nó asraon a úsáideadh maidir leis na hoibríochtaí sin a bheith ar staid gur dóigh dó a bheith ina chúis tionóisce, féadfaidh an tAire fógra a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an duine sin á cheangal ar an duine sin a chur faoi deara, laistigh d'am sonraithe, uachtar nó oscailt an tseafta thollaphoill nó an asraoin sin a chlúdach nó fál a chur air chun nach dtarlóidh tionóiscí.
(b) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi mhír (a) den fho-alt seo agus nach ndéanfaidh an duine ar a seirbheálfar an fógra (dá ngairtear an mainnitheoir san fho-alt seo) de réir an fhógra, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—
(i) féadfaidh an tAire cibé beart a dhéanamh a cheangail an fógra ar an mainnitheoir a dhéanamh,
(ii) féadfaidh an tAire, chun na cumhachtaí a thugtar le fo-mhír (i) den mhír seo a fheidhmiú, dul isteach ar aon talamh,
(iii) aon chaiteachas faoina rachaidh an tAire ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar le fo-mhír (i) den mhír seo, féadfaidh an tAire é a ghnóthú ón mainnitheoir mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla,
(iv) má tharlaíonn damáiste d'uachtar talún nó do thaiscí mianrúla nó do sholáthair uisce, go díreach nó go neamhdhíreach, mar gheall ar fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar le fo-mhír (i) nó (ii) den mhír seo—
(I) dlífidh an tAire cúiteamh a íoc sa damáiste sin, agus beidh feidhm ag forálacha Chaibidil VII den Chuid seo maidir leis an gcúiteamh sin,
(II) i gcás ina n-íocfaidh an tAire cúiteamh faoi chlásal (I) den fho-mhír seo, ansin, muran de dheasca a fhaillí a tharla an damáiste ar ina leith is iníoctha an cúiteamh, beidh teideal ag an Aire suim is comhionann le méad an chúitimh sin a ghnóthú ón mainnitheoir mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla,
(v) i gcás ina mbeidh teideal ag an Aire faoi fho-mhír (iii) nó (iv) den mhír seo chun aon suim a ghnóthú ón mainnitheoir, is fianaise prima facie ar mhéad na suime sin deimhniú, arna shéalú le séala oifigiúil an Aire, ag deimhniú méad na suime sin.
(2) Féadfaidh an tAire a údarú i scríbhinn do dhuine ar bith na cumhachtaí a thugtar don Aire le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú ar son agus thar ceann an Aire, agus, aon uair a údaróidh an tAire amhlaidh d'aon duine, féadfaidh an duine sin (dá ngairtear gníomhaire don Aire san alt seo) na cumhachtaí sin a fheidhmiú in ainm agus ar son agus thar ceann an Aire.
(3) Má bhacann nó má choisceann duine ar bith gníomhaire don Aire a bheidh ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don gníomhaire sin de bhua na bhforálacha roimhe seo den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.
(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo aon duine a dhíolmhadh ó aon dliteanas faoi aon Acht eile nó ar shlí eile.
Ceadúnais limistéir fhorcoimeádta.
19.—(1) Aon tráth tar éis léas peitriliaim a dheonú, féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas limistéir fhorcoimeádta sa Chuid seo) a údaraítear leis an alt seo a dheonú don léasaí i leith limistéir shonraithe timpeall na talún lena mbainfidh an léas.
(2) Deonófar gach ceadúnas limistéir fhorcoimeádta ar cibé téarmaí (lena n-áirítear cíos a fhorcoimeád) agus coinníollacha is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé sa cheadúnas sin.
(3) Déarfaidh gach ceadúnas limistéir fhorcoimeádta go ndílsíonn sé, agus oibreoidh sé ar mhodh go mbeidh ar dílsiú, sa cheadúnaí na cearta céanna maidir leis an limistéar a bheidh sonraithe ann agus dob infheidhmithe aige dá mba shealbhóir ar cheadúnas taiscéalaíochta é maidir leis an limistéar sin.
(4) An fad a bheidh ceadúnas limistéir fhorcoimeádta i bhfeidhm, ní dhéanfaidh an tAire, ach amháin le toiliú an cheadúnaí faoin gceadúnas sin, ceadúnas taiscéalaíochta, ceadúnas lorgaireachta peitriliaim ná léas peitriliaim a dheonú d'aon duine eile maidir leis an limistéar lena mbainfidh an ceadúnas limistéir fhorcoimeádta.
Leas léasaí faoi léas peitriliaim a shannadh.
20.—Féadfaidh an léasaí faoi léas peitriliaim leas an léasaí faoin léas peitriliaim sin a shannadh do dhuine eile le toiliú an Aire.
Ceadúnais faoi Chuid II a aistriú, agus cearta faoi cheadúnais a fheidhmiú ar bhás ceadúnaithe.
21.—(1) San alt seo ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas—
(a) is ceadúnas taiscéalaíochta,
(b) is ceadúnas lorgaireachta peitriliaim, nó
(c) is ceadúnas limistéir fhorcoimeádta.
(2) Féadfaidh an ceadúnaí faoi cheadúnas an ceadúnas a aistriú chun duine eile le toiliú an Aire.
(3) I gcás gur pearsa an ceadúnaí faoi cheadúnas agus go n-éagfaidh sé, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas d'ainneoin aon ní atá in alt 6 den Acht seo—
(a) féadfar na cearta a thugtar leis an gceadúnas a fheidhmiú go dtí go dtarlóidh cibé ní acu seo a leanas is túisce a tharlóidh, is é sin,
(i) deonú probháide an uachta nó litreacha riaracháin eastáit phearsanta an cheadúnaí,
(ii) éag an cheadúnais,
(iii) sé mhí a bheith caite ó bhás an cheadúnaí;
(b) má dhéanann ionadaí pearsanta an cheadúnaí iarratas chun an Aire tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag ó bhás an cheadúnaí ag iarraidh cead chun an ceadúnas a aistriú agus an ceadúnas i bhfeidhm an tráth sin—
(i) féadfaidh an tAire géilleadh don iarratas nó diúltú dó,
(ii) má dhiúltaíonn an tAire don iarratas, beidh deireadh leis an gceadúnas ar an diúltú sin.
Ceadúnais faoi Chuid II a chúlghairm.
22.—(1) San alt seo ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas—
(a) is ceadúnas taiscéalaíochta,
(b) is ceadúnas lorgaireachta peitriliaim, nó
(c) is ceadúnas limistéir fhorcoimeádta.
(2) Féadfaidh an tAire ceadúnas a chúlghairm más deimhin leis gur sáraíodh aon cheann de na coinníollacha a bhí ag gabháil leis.
(3) Beidh deireadh le ceadúnas, más pearsa an ceadúnaí faoi, ar fhéimheacht na pearsan sin nó, más comhlacht corpraithe an ceadúnaí faoi, ar an gcomhlacht a dhíscaoileadh.
(4) Ar cheadúnas faoin alt seo a chúlghairm nó ar dheireadh a bheith leis—
(a) na cearta agus na cumhachtaí is infheidhmithe ag an gceadúnaí scoirfidh siad agus beidh deireadh leo ach sin gan dochar d'aon oibleagáid nó dliteanas a fhorchuirtear ar an gceadúnaí leis an gCuid seo nó leis an gceadúnas;
(b) i gcás inar íoc an ceadúnaí aon chomaoin as an gceadúnas a dheonú, ní bheidh teideal aige chun go ndéanfaí an chomaoin sin nó aon chuid di a aisíoc leis.
Caibidil IV.
Saoráidí Oibre.
An tAire do thógáil talún agus focheart go héigeanta.
23.—(1) Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá é, chun peitriliam a shaothrú go héifeachtúil nó go háisiúil, aon talamh nó aon fhocheart a thógáil, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, le hordú (dá ngairtear ordú tógála saoráidí oibre sa Chuid seo) an talamh sin nó an focheart sin a thógáil go héigeanta, go buan nó go sealadach.
(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le gach ordú tógála saoráidí oibre—
(a) i gcás ina mbeidh foráil san ordú le haghaidh talamh a thógáil, sonróidh sé achar agus suíomh na talún sin agus cineál agus ré an leasa sa talamh sin atá dílsithe san Aire leis an ordú;
(b) i gcás ina mbeidh foráil san ordú le haghaidh focheart a thógáil, sonróidh sé cad é an sórt ceart é, suíomh aon mhaoine dá ndéanfaidh feidhmiú an chirt sin difir, agus cineál agus ré an leasa sa cheart sin atá dílsithe san Aire leis an ordú;
(c) féadfaidh gach foráil eile, forlíontach nó fo-ghabhálach, a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a bheith san ordú;
(d) féadfaidh foráil a bheith san ordú á cheangal go dtabharfaidh na daoine uile a mbeidh cur i ngníomh an ordaithe curtha de chúram orthu aird chuí, nuair a bheidh an t-ordú á chur in éifeacht, ar thaitneamhachtaí na háite ina bhfuil an talamh a thógtar leis an ordú nó inar infheidhmithe an focheart a thógtar leis an ordú;
(e) déarfaidh an t-ordú go ndílsíonn sé, agus oibreoidh sé ar mhodh go mbeidh ar dílsiú, san Aire an talamh nó an focheart a fuarthas leis ar feadh cibé tréimhse agus ar cibé modh a shonrófar san ordú.
Fógra maidir le horduithe tógála saoráidí oibre.
24.—(1) Aon uair a bheartóidh an tAire ordú tógála saoráidí oibre a dhéanamh déanfaidh sé de réir cibé ceann de na forálacha seo a leanas is iomchuí, is é sin le rá:—
(a) i gcás ina mbeartóidh an tAire aon talamh a thógáil leis an ordú sin, déanfaidh sé, dhá mhí nó, má bhíonn teach cónaithe áitithe ar an talamh sin, ceithre mhí, ar a laghad sula ndéanfaidh sé an t-ordú sin, fógra á rá go bhfuil ar intinn aige an t-ordú sin a dhéanamh a sheirbheáil ar gach duine ar dóigh leis leas a bheith aige sa talamh sin agus fógra den sórt céanna i dtaobh sin a bheith ar intinn aige a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh sin;
(b) i gcás ina mbeartóidh an tAire focheart a thógáil leis an ordú sin, déanfaidh sé, dhá mhí ar a laghad sula ndéanfaidh sé an t-ordú sin, fógra á rá go bhfuil ar intinn aige an t-ordú sin a dhéanamh a sheirbheáil ar gach duine ar dóigh leis leas a bheith aige i maoin ar bith dá ndéanfadh feidhmiú an chirt sin difir agus fógra den sórt céanna i dtaobh sin a bheith ar intinn aige a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a léitear sa cheantar ina bhfuil an mhaoin sin.
(2) Gach fógra a cheanglaítear le fo-alt (1) den alt seo a sheirbheáil nó a fhoilsiú—
(a) má bhaineann an fógra sin le talamh a thógáil, luafar ann suíomh agus achar na talún sin cruinn go leor chun go bhféadfar an talamh sin a aithint go réidh agus luafar freisin ann cineál agus ré an leasa a bheartaítear a thógáil sa talamh sin, nó
(b) má bhaineann an fógra sin le focheart a thógáil, luafar cad é an cineál cirt é, an talamh nó an mhaoin eile a mbeartaítear an ceart sin a thógáil ina leith, agus an tréimhse ar ar a feadh a bheartaítear an ceart sin a thógáil.
(3) Aon fhógra a cheanglaítear leis an alt seo a sheirbheáil ar dhuine ar bith, féadfar é a sheirbheáil leis an bpost cláraithe agus, má sheirbheáiltear amhlaidh é, féadfar é a sheoladh go dtí an duine sin san áit chónaithe is déanaí is eol a bheith aige.
Cúiteamh i leith saoráidí oibre.
25.—(1) Dlífidh an tAire cúiteamh a íoc i leith talamh nó focheart a thógfaidh sé faoi ordú tógála saoráidí oibre agus beidh feidhm ag forálacha Chaibidil VII den Chuid seo maidir leis an gcúiteamh sin.
(2) Féadfar gach éileamh ar chúiteamh is iníoctha faoin alt seo i leith aon talamh nó focheart a thógfaidh an tAire faoi ordú tógála saoráidí oibre a dhéanamh tráth ar bith laistigh de shé mhí, nó cibé tréimhse is faide ná sin nach faide ná dhá mhí dhéag ar fad, a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe tar éis dáta an ordaithe, agus ní thabharfar aird ar aon éileamh den sórt sin mura ndéanfar é laistigh den tréimhse sin.
Ceadanna saoráidí oibre.
26.—(1) Féadfaidh an tAire, ar léas peitriliaim a dheonú nó tráth ar bith i rith an téarma a dheonófar leis an léas, cead (dá ngairtear cead saoráidí oibre sa Chuid seo) chun aon talamh nó aon fhocheart a úsáid a fuarthas trí ordú tógála saoráidí oibre a dheonú don léasaí.
(2) Déanfar gach cead saoráidí oibre a dheonú ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
(3) Beidh de choinníoll ag gabháil le deonú cead saoráidí oibre go n-aisíocfaidh an duine dá ndeonófar é leis an Aire na costais faoina ndeachaigh an tAire ag tógáil na talún nó an fhochirt lena mbainfidh an cead agus an cúiteamh is iníoctha ag an Aire i leith na tógála sin.
Cead saoráidí oibre maidir le talamh Stáit.
27.—(1) San alt seo tá le “talamh Stáit” an bhrí chéanna atá leis san Acht Maoine Stáit, 1954 (Uimh. 25 de 1954).
(2) Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá, chun peitriliam lena mbainfidh léas peitriliaim a shaothrú go héifeachtúil nó go háisiúil, go ndeonófaí don léasaí an ceart chun aon talamh Stáit a úsáid, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cead (dá ngairtear cead saoráidí oibre (talamh Stáit) san Acht seo) a dheonú don léasaí chun an talamh sin a úsáid.
(3) Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá, chun peitriliam lena mbainfidh léas peitriliaim a shaothrú go héifeachtúil nó go háisiúil, go ndeonófaí don léasaí aon fhocheart maidir le talamh Stáit, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cead (dá ngairtear freisin san Acht seo cead saoráidí oibre (talamh Stáit)) a dheonú don léasaí chun an focheart sin a fheidhmiú.
(4) Déanfar gach cead saoráidí oibre (talamh Stáit) a dheonú ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
(5) Déanfaidh duine dá ndeonófar cead saoráidí oibre (talamh Stáit) cibé suim a chinnfidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, a íoc leis an Aire i gcomaoin an deonaithe sin.
Cúiteamh i ndamáiste nó núis a tharla de bharr cearta faoi chead saoráidí oibre nó cead saoráidí oibre (talamh Stáit) a fheidhmiú.
28.—(1) Aon uair a dhéanfar, go díreach nó go neamhdhíreach, damáiste d'uachtar talún nó do thaiscí mianrúla nó do sholáthair uisce, nó núis, de bharr sealbhóir cead saoráidí oibre nó cead saoráidí oibre (talamh Stáit) d'fheidhmiú na gceart a thugtar leis an gcead, dlífidh an sealbhóir sin cúiteamh a íoc sa damáiste nó sa núis sin, agus beidh feidhm ag forálacha Chaibidil VII den Chuid seo maidir leis an gcúiteamh sin.
(2) Is leis an Aire a íocfar cúiteamh is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo ag sealbhóir cead saoráidí oibre (talamh Stáit).
Caibidil V.
Imeachtaí os comhair an Bhoird agus cumhachtaí an Bhoird faoi Chuid II.
Léiriú (Caibidil V, Chuid II).
29.—Sa Chaibidil seo forléireofar tagairtí don Bhord mar thagairtí don Bhord ag feidhmiú na bhfeidhmeanna a shanntar dó leis an gCuid seo.
Rialacháin um imeachtaí os comhair an Bhoird.
30.—Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—
(a) na tráthanna agus na háiteanna a suífidh an Bord;
(b) na daoine dá dtabharfar, agus na tráthanna agus an modh a dtabharfar, fógra i dtaobh suíonna an Bhoird;
(c) an pobal a ligean isteach go dtí suíonna an Bhoird nó a choinneáil amach ó shuíonna an Bhoird;
(d) cibé nithe eile i dtaobh chleachtadh agus nós imeachta an Bhoird is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirstineach chun go stiúrófaí gnó an Bhoird i gceart.
Cumhachtaí an Bhoird.
31.—(1) Beidh ag an mBord na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí sin uile chun iallach a chur ar fhinnéithe freastal agus iad a scrúdú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo d'aon chomhalta den Bhord finné a chur faoi mhionn) nó ar shlí eile agus chun a chur faoi deara go dtabharfar ar aird doiciméid atá dílsithe san Ard-Chúirt nó i mbreitheamh den Chúirt sin i leith trialach caingin, agus beidh toghairm arna síniú ag comhalta amháin nó níos mó den Bhord comhionann, agus ar aon-éifeacht, le próis fhoirmiúil arna heisiúint ag an Ard-Chúirt chun iallach a chur ar fhinnéithe freastal nó a chur faoi deara doiciméid a thabhairt ar aird, cibé acu é.
(2) Más rud é—
(a) ar aon duine a thoghairm go cuí mar fhinné os comhair an Bhoird, nach bhfreastalóidh an duine sin, nó
(b) má dhiúltaíonn aon duine agus é i láthair mar fhinné mionn a ghlacadh a cheanglóidh an Bord go dlíthiúil a ghlacadh, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheidh ina chumhacht nó faoina urláimh agus a cheanglóidh an Bord go dlíthiúil air a thabhairt ar aird, nó freagra a thabhairt ar aon cheist a bhféadfaidh an Bord a cheangal go dlíthiúil í a fhreagairt, nó
(c) go ndéanfaidh aon duine rud ar bith a bheadh, dá mba Chúirt Bhreithiúnais é an Bord agus cumhacht aige chun daoine a chimiú mar gheall ar dhíspeagadh Cúirte, ina dhíspeagadh ar an gCúirt sin,
féadfaidh an Bord cion an duine sin a dheimhniú faoina lámha don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Chúirt sin, tar éis cibé fiosrú a dhéanamh is cuí léi an duine sin a phionósú, nó beart a dhéanamh chun go bpionósófar é, díreach mar dhéanfaí dá mbeadh sé ciontach i ndíspeagadh ar an gCúirt sin.
(3) Beidh teideal ag finné os comhair an Bhoird chun na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh aige dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.
An Bord nó oifigigh don Bhord do dhul isteach ar thalamh.
32.—(1) Féadfaidh aon chomhalta den Bhord agus aon duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an mBord dul, chun aon chríche a bhainfidh le comhlíonadh na bhfeidhmeanna a fhorchuirtear leis an gCuid seo ar an mBord, isteach ar aon talamh agus cibé fiosrú a dhéanamh ansin is dóigh leis an mBord is gá chun na críche sin adúradh.
(2) Má dhéanann duine ar bith aon chomhalta den Bhord nó aon duine a bheidh údaraithe ag an mBord a bhac nó a chosc agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don chomhalta nó do na daoine sin leis an alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair féadfar fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.
Caibidil VI.
Forálacha maidir le cúiteamh is iníoctha faoi alt 5.
Léiriú (Caibidil VI, Cuid II).
33.—(1) Sa Chaibidil seo—
ciallaíonn “limistéar ceaptha”, maidir le tobar peitriliaim, an talamh i gciorcal timpeall ar an tobar peitriliaim sin agus ga ceathrú míle aige agus lárphointe a shocrófar ar an modh forordaithe;
ciallaíonn “cúiteamh” cúiteamh is iníoctha faoi alt 5 den Acht seo;
ciallaíonn “limistéar cúitimh”, maidir le tobar peitriliaim, an oiread den limistéar ceaptha maidir leis an tobar peitriliaim sin arb é atá ann talamh a bhfuil mianraí díreach faoi a raibh, díreach roimh an dáta feidhme, eastát iontu dílsithe in aon duine seachas Aire Stáit;
ciallaíonn “peitriliam” peitriliam a bhfuil an mhaoin ann dílsithe san Aire le halt 5 den Acht seo.
(2) Chun críocha na Caibidle seo, measfar, maidir le léasaí faoi léas a deonaíodh faoi alt 11 d'Acht na Mianach agus na Minearál, 1931, nó faoi léas a deonaíodh, roimh an dáta feidhme, faoi alt 36 den Acht Forbairte Minearál, 1940, nach raibh sé i dteideal, díreach roimh an dáta feidhme, chun eastáit sna mianraí lena mbaineann an léas.
Ní bheidh cúiteamh iníoctha i leith peitriliaim mura dtabharfar agus go dtí go dtabharfar go huachtar é agus go n-úsáidfear nó go ndíolfar é.
34.—Ní bheidh cúiteamh iníoctha i leith peitriliaim mura dtabharfar agus go dtí go dtabharfar go huachtar é agus go n-úsáidfear nó go ndíolfar é.
Daoine a bhfuil teideal acu chun cúiteamh a fháil.
35.—I gcás ina dtabharfar peitriliam go huachtar ag tobar peitriliaim agus go n-úsáidfidh nó go ndíolfaidh an léasaí faoi léas peitriliaim, nó an tAire i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 14 den Acht seo, é, measfar go dtáinig ceart chun cúitimh i leith an pheitriliaim sin chun bheith dílsithe, ar an dáta feidhme, sna daoine (seachas Aire Stáit) ag á raibh, díreach roimh an dáta feidhme, teideal chun aon eastáit in aon mhianraí (d'eisiamh eastáit i mianraí nach raibh peitriliam ar áireamh orthu) díreach faoin limistéar ceaptha maidir leis an tobar peitriliaim sin.
An ghné faoina dtabharfar cúiteamh agus méad cúitimh.
36.—(1) Is faoi ghné ríchíosa a bheidh cúiteamh i leith peitriliaim.
(2) Is é an méad iomlán cúitimh i leith peitriliam a thabharfar go huachtar ag tobar peitriliaim laistigh den limistéar a bheidh sonraithe i léas peitriliaim agus a úsáidfear nó a dhíolfar an cothrom sin de thrian an ríchíosa a bheidh ar forcoimeád leis an léas sin maidir leis an tobar peitriliaim sin a bheidh ar comhréir leis an gcothrom idir an limistéar cúitimh maidir leis an tobar peitriliaim sin agus an limistéar i gciorcal ga ceathrú míle.
(3) Is é an méad iomlán cúitimh i leith peitriliam a thabharfar go huachtar ag tobar peitriliaim laistigh de limistéar a bheidh sonraithe faoi fho-alt (2) d'alt 14 den Acht seo agus a úsáidfear nó a dhíolfar an cothrom de thrian an ríchíosa dob iníoctha maidir leis an tobar peitriliaim sin dá mbaineadh léas peitriliaim leis an bpeitriliam sa limistéar a bheidh sonraithe amhlaidh ag forcoimeád ríchíos seacht go leith faoin gcéad de luach forordaithe an pheitriliaim (gan peitriliam a áireamh a úsáidfidh an tAire ag cuardach nó ag oibriú peitriliaim sa limistéar) a bheidh ar comhréir leis an gcothrom idir an limistéar cúitimh maidir leis an tobar peitriliaim sin agus an limistéar i gciorcal ga ceathrú míle.
Eilithe ar chúiteamh agus an tAire do dhéileáil le héilithe.
37.—An chéad uair a thabharfar peitriliam go huachtar ag tobar peitriliaim agus a úsáidfidh nó a dhíolfaidh an léasaí faoi léas peitriliaim é nó an tAire agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 14 den Acht seo é, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—
(a) foilseoidh an tAire fógra i dtaobh an ní sin i nuachtán amháin nó níos mó a léitear sa cheantar ina bhfuil an limistéar ceaptha maidir leis an tobar peitriliaim sin; agus taiscfidh sé in oifig na Suirbhéireachta Geolaíochta, Baile Átha Cliath, agus i cibé áiteanna eile is cuí leis an Aire, léarscáil ag taispeáint teorainneacha an limistéir cheaptha sin;
(b) taispeánfaidh an fógra go bhféadfaidh aon duine a éilíonn, ag féachaint d'fhorálacha alt 35 den Acht seo, go bhfuil teideal aige chun cúitimh i leith an pheitriliaim sin, a éileamh ar an gcúiteamh sin a chur faoi bhráid an Aire;
(c) ní thabharfar aird ar aon éileamh ar chúiteamh i leith an pheitriliaim mura ndéanfar é tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta a foilsíodh na fógraí sin nó, más ar dhátaí éagsúla a foilsíodh iad, dáta an fhoilsithe dheiridh:
(d) a luaithe is féidir tar éis deireadh na tréimhse atá sonraithe i mír (c) den fho-alt seo, cuirfidh an tAire gach éileamh ar chúiteamh den sórt sin faoi bhráid an Bhoird.
An Bord do dhámhadh cúitimh.
38.—(1) I gcás ina gcuirfear éilithe ar chúiteamh faoi bhráid an Bhoird faoi alt 37 den Acht seo, déanfaidh an Bord breithniú ar na héilithe sin agus cuirfidh siad a gcinneadh i ndámhachtain—
(a) ina sonrófar méad an ríchíosa arb é, ag féachaint d'alt 36 den Acht seo, an cúiteamh iomlán é,
(b) ina sonrófar ainm gach éilitheora ar chinn siad teideal a bheith aige chun an chúitimh,
(c) má chinneann an Bord teideal a bheith ag beirt éilitheoirí nó níos mó chun an ríchíos a íoc leo, cionroinnfidh an dámhachtain an ríchíos idir na héilitheoirí a mbeidh an teideal sin acu.
(2) Gach dámhachtain a dhéanfaidh an Bord faoi fho-alt (1) den alt seo—
(a) síneoidh comhaltaí uile an Bhoird í,
(b) beidh sí ina fianaise dhochloíte ar na nithe uile a n-airbheartófar iad a bheith deimhnithe inti.
(3) (a) Nuair a bheidh ríchíos is iníoctha mar chúiteamh i leith peitriliaim a tugadh go huachtar ag tobar peitriliaim áirithe á chionroinnt acu faoi mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo féadfaidh an Bord, amhail idir na daoine a bheidh i dteideal cúitimh, aird a thabhairt ar mhéid choibhneasta limistéir theidiliúcháin (laistigh den limistéar cúitimh maidir leis an to bar peitriliaim sin) gach duine acu.
(b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, measfar gurb é limistéar teidiliúcháin dhuine an limistéar díreach os cionn na mianraí ina raibh, díreach roimh an dáta feidhme, eastát aige féin nó ag an duine trína mbeidh sé ag éileamh.
Ceart éisteachta nuair a bheidh an Bord ag cinneadh éilithe ar chúiteamh faoi alt 5.
39.—Nuair a bheidh an Bord ag cinneadh éilithe ar chúiteamh a chuirfear faoi bhráid an Bhoird faoi alt 37 den Acht seo, beidh teideal ag na daoine seo a leanas láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird, trí abhcóide nó aturnae nó i bpearsain—
(a) an tAire,
(b) gach éilitheoir.
Caibidil VII.
Forálacha maidir le cúiteamh is iníoctha faoi ailt 12, 16, 18, 25 agus 28.
“Cúiteamh” (Caibidil VII, Cuid II).
40.—Sa Chaibidil seo ciallaíonn “cúiteamh” cúiteamh is iníoctha faoi alt 12, 16, 18, 25 nó 28 den Acht seo.
Méad cúitimh a chinneadh.
41.—(1) Mura dtagtar ar chomhaontú, cinnfidh an Bord méad cúitimh de réir fhorálacha na Caibidle seo.
(2) I gcás ina mbeidh cúiteamh iníoctha ag an Aire, ní dhéanfaidh an tAire aon chomhaontú ag socrú a mhéid gan toiliú an Aire Airgeadais.
Iarratais ar chúiteamh.
42.—(1) I gcás inar iníoctha cúiteamh, féadfaidh na daoine seo a leanas, eadhon—
(a) an tAire,
(b) más i leith talún atá faoi bhlianacht talamh-cheannaigh is iníoctha an cúiteamh, Coimisiún na Talún,
(c) aon duine a éilíonn go bhfuil teideal aige chun cúitimh den sórt sin
a iarraidh ar an mBord méad an chúitimh sin a chinneadh.
(2) Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, beidh feidhm maidir le cinneadh méid chúitimh ag forálacha an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.
Cúiteamh ar a n-aontófar maidir le talamh atá faoi bhlianacht talamhcheannaigh.
43.—I gcás ina socrófar trí chomhaontú méad an chúitimh is iníoctha i leith talún, agus an talamh ar iníoctha an cúiteamh sin ina leith a bheith faoi bhlianacht talamh-cheannaigh, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:—
(a) beidh Coimisiún na Talún ina bpáirtí sa chomhaontú sin;
(b) déanfaidh Coimisiún na Talún an cúiteamh sin nó an méad sin de is iníoctha le Coimisiún na Talún faoin gcomhaontú sin a úsáid, nuair a gheobhaidh siad é, de réir na bhforálacha seo a leanas, is é sin le rá:—
(i) i gcás ina mbeidh an bhlianacht sin i riaráiste agus nach mó an méad is iníoctha amhlaidh le Coimisiún na Talún (dá ngairtear an méad sin sa mhír seo) ná an riaráiste sin, chun nó mar chabhair chun an riaráiste sin a ghlanadh,
(ii) i gcás ina mbeidh an bhlianacht sin i riaráiste agus gur mó an méad sin ná an riaráiste sin—
(I) déanfar an oiread sin den mhéad sin agus is comhionann leis an riaráiste sin a úsáid chun an riaráiste sin a ghlanadh, agus
(II) úsáidfear iarmhéad an mhéid sin chun nó mar chabhair chun an bhlianacht sin a fhuascailt,
(iii) i gcás nach mbeidh an bhlianacht sin i riaráiste, chun nó mar chabhair chun an bhlianacht sin a fhuascailt;
(c) muran páirtí sa chomhaontú sin Coimisiún na Talún, ní oibreoidh íoc an mhéid chúitimh a shocrófar leis an gcomhaontú sin mar urscaoileadh maith don duine a íocfaidh an céanna ar a dhliteanas an cúiteamh sin a íoc.
Táillí ar iarratas ar chúiteamh.
44.—Aon uair a dhéanfaidh duine, seachas an tAire nó Coimisiún na Talún, iarratas chun an Bhoird á iarraidh air cúiteamh a chinneadh, íocfaidh an duine sin leis an mBord, maidir leis na hiarratais sin, cibé táille a fhorordóidh an tAire le haontú an Aire Airgeadais.
Ceart éisteachta le linn éisteacht os comhair an Bhoird.
45.—Nuair a bheidh aon iarratas ar chúiteamh á éisteacht, beidh teideal ag na daoine seo a leanas láithriú, éisteacht a fháil, agus fianaise a thabhairt os comhair an Bhoird trí abhcóide nó aturnae nó i bpearsain, is é sin le rá:—
(a) an tAire;
(b) aon duine a éilíonn go bhfuil teideal aige chun an chúitimh sin;
(c) aon duine a éilíonn go bhfuil eastát nó leas aige sa talamh, sna taiscí mianrúla nó sna soláthair uisce a mbeifear ag éileamh an chúitimh sin ina leith;
(d) i gcás ina mbeifear ag éileamh cúitimh i leith talún agus an talamh sin faoi bhlianacht talamh-cheannaigh, Coimisiún na Talún;
(e) aon duine a dhlíonn, faoi fhorálacha na Coda seo, an cúiteamh sin a íoc.
Dámhadh cúitimh.
46.—(1) Déanfaidh an Bord fiosrú i dtaobh gach iarratais faoin gCaibidil seo agus, tar éis an fhiosraithe sin, déanfaidh sé a dhámhachtain maidir leis.
(2) Beidh i ngach dámhachtain (dá ngairtear dámhachtain sa Chaibidil seo) a dhéanfaidh an Bord na nithe seo a leanas—
(a) ráiteas ag insint an sórt cúitimh a bheidh le n-íoc (má bhíonn) agus a mhéid;
(b) ainm an duine ag á mbeidh an íocaíocht le déanamh;
(c) ainm an duine lena mbeidh an íocaíocht le déanamh;
(d) más le beirt daoine nó níos mó a bheidh an íocaíocht le déanamh, cionroinnt an méid sin ar na daoine sin;
(e) má mheasúnaítear an cúiteamh, nó aon chuid de, i leith aon talún atá faoi bhlianacht talamh-cheannaigh de thuras na huaire, na nithe a cheanglaítear leis an gcéad alt ina dhiaidh seo a chur sa dámhachtain sin.
(3) Síneoidh comhaltaí uile an Bhoird gach dámhachtain.
(4) Beidh gach dámhachtain ina fianaise dhochloíte ar na nithe uile a airbheartófar a bheith deimhnithe inti.
(5) Aon suim a ordófar le dámhachtain a bheith iníoctha ag aon duine le duine eile beidh sí ina fiach is iníoctha ag an duine céadluaite sin leis an duine eile sin agus beidh sí inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí.
(6) Aon deimhniú, a airbheartóidh a bheith deimhnithe ag Rúnaí an Bhoird, ina mbeidh na nithe seo a leanas ráite, is é sin le rá:—
(a) go ndearna an Bord dámhachtain,
(b) an sórt agus an méad cúitimh is iníoctha faoin dámhachtain sin,
(c) an duine lenar iníoctha an cúitimh sin,
(d) an duine ag ar iníoctha an cúiteamh sin,
glacfar leis i ngach imeacht dlí mar fhianaise prima facie ar na nithe a bheidh deimhnithe amhlaidh gan cruthúnas ar shíniú an duine a n-airbheartaítear gurb é a dheimhnigh an deimhniú sin ná gurbh é Rúnaí an Bhoird é.
Dámhadh cúitimh maidir le talamh faoi bhlianacht talamhcheannaigh.
47.—(1) (a) I gcás ina measúnóidh an Bord cúiteamh i leith talún atá, as féin gan talamh eile ina theannta, faoi bhlianacht talamh-cheannaigh, féadfaidh Coimisiún na Talún, más oiriúnach leo, a iarraidh ar an mBord—
(i) má bhíonn méad an chúitimh sin comhionann le, nó níos lú ná, praghas fuascailte na blianachta sin agus riaráiste (más ann) na blianachta sin—a ordú lena dhámhachtain go n-íocfar le Coimisiún na Talún iomlán an chúitimh nó cibé cuid den chúiteamh a iarrfaidh Coimisiún na Talún, nó
(ii) más mó méad an chúitimh sin ná praghas fuascailte na blianachta sin agus riaráiste (más ann) na blianachta sin—a ordú lena dhámhachtain go n-íocfar le Coimisiún na Talún an oiread sin den chúiteamh, nach mó ná méad an phraghais fuascailte agus an riaráiste sin (más ann), a iarrfaidh Coimisiún na Talún,
agus déanfaidh an Bord de réir an iarratais sin.
(b) I gcás ina ndéanfaidh aon dámhachtain maidir le talamh atá, as féin gan talamh eile ina theannta, faoi bhlianacht talamh-cheannaigh a fhoráil, faoi mhír (a) den fho-alt seo, go n-íocfar aon airgead le Coimisiún na Talún, déanfaidh Coimisiún na Talún an t-airgead sin, nuair a gheofar é, a úsáid de réir na bhforálacha seo a leanas, is é sin le rá—
(i) má bhíonn an bhlianacht sin i riaráiste agus nach mó méad an airgid sin ná an riaráiste sin—chun nó mar chabhair chun an riaráiste sin a ghlanadh.
(ii) má bhíonn an bhlianacht sin i riaráiste agus gur mó méad an airgid sin ná an riaráiste sin—
(I) déanfar an oiread den airgead sin agus is comhionann leis an riaráiste sin a úsáid chun an riaráiste sin a ghlanadh, agus
(II) úsáidfear iarmhéad an airgid sin chun nó mar chabhair chun an bhlianacht sin a fhuascailt,
(iii) mura mbeidh an bhlianacht sin i riaráiste— chun nó mar chabhair chun an bhlianacht sin a fhuascailt.
(2) (a) I gcás ina measúnóidh an Bord cúiteamh i leith talún (dá ngairtear an talamh lena mbaineann sa mhír seo) atá, i dteannta talún eile, faoi bhlianacht talamhcheannaigh agus ina gcionroinnfidh Coimisiún na Talún an bhlianacht idir an talamh lena mbaineann agus an talamh eile, féadfaidh Coimisiún na Talún, más oiriúnach leo, a iarraidh ar an mBord—
(i) má bhíonn méad an chúitimh sin comhionann le, nó níos lú ná, praghas fuascailte na blianachta sin a bheidh cionroinnte ar an talamh lena mbaineann agus riaráiste (más ann) na blianachta sin—a ordú lena dhámhachtain go n-íocfar le Coimisiún na Talún iomlán an chúitimh nó cibé cuid den chúiteamh a iarrfaidh Coimisiún na Talún, nó
(ii) más mó méad an chúitimh sin ná an praghas fuascailte sin agus riaráiste (más ann) na blianachta sin—a ordú lena dhámhachtain go n-íocfar le Coimisiún na Talún an oiread sin den chúiteamh, nach mó ná méad an phraghais fuascailte agus riaráiste sin (más ann) na blianachta sin, a iarrfaidh Coimisiún na Talún,
agus déanfaidh an Bord de réir an iarratais sin.
(b) I gcás ina ndéanfaidh dámhachtain maidir le talamh (dá ngairtear an talamh lena mbaineann sa mhír seo) atá, i dteannta talún eile, faoi bhlianacht talamhcheannaigh a fhoráil go n-íocfar aon airgead le Coimisiún na Talún faoi mhír (a) den fho-alt seo, déanfaidh Coimisiún na Talún an t-airgead sin, nuair a gheofar é, a úsáid mar leanas—
(i) má bhíonn an bhlianacht sin i riaráiste agus nach mó méad an airgid sin ná an riaráiste sin—chun nó mar chabhair chun an riaráiste sin a ghlanadh,
(ii) má bhíonn an bhlianacht sin i riaráiste agus gur mó méad an airgid sin ná an riaráiste sin—
(I) déanfar an oiread den airgead sin agus is comhionann leis an riaráiste sin a úsáid chun an riaráiste sin a ghlanadh, agus
(II) úsáidfear iarmhéad an airgid sin chun nó mar chabhair chun an oiread den bhlianacht sin agus a bheidh cionroinnte ar an talamh lena mbaineann a fhuascailt,
(iii) mura mbeidh an bhlianacht sin i riaráiste— chun nó mar chabhair chun an oiread den bhlianacht sin agus a bheidh cionroinnte ar an talamh lena mbaineann a fhuascailt.
An foras chun cúiteamh i leith fochearta is iníoctha faoi alt 25 a mheasúnú.
48.—I gcás inar iníoctha cúiteamh faoi alt 25 den Acht seo i leith fochearta a thógfaidh an tAire faoi ordú tógála saoráidí oibre, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun méad an chúitimh sin a chinneadh—
(a) measúnóidh an Bord an cúiteamh sin ar fhoras an ní a bheadh cothrom agus réasúnach mar chomaoin i gcás margadh idir deontóir toiliúil agus deontaí toiliúil,
(b) chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, tabharfaidh an Bord aird ar na coinníollacha faoinar sealbhaíodh na fochearta sin sular tógadh amhlaidh iad agus freisin ar na coinníollacha ar ar tógadh amhlaidh iad agus an tréimhse ar ina haghaidh a tógadh amhlaidh iad.
Caibidil VIII.
Forálacha a ghabhann le Caibidlí VI agus VII.
Cinneadh an Bhoird ar cheisteanna fíorais a bheith críochnaitheach.
49.—Beidh cinneadh an Bhoird ar aon cheist fíorais a éireoidh i gcúrsa imeachtaí faoi Chaibidil VI nó VII den Chuid seo críochnaitheach, dochloíte, neamhinachomhairc, agus beidh cinnte den sórt sin ina gceangal ar na páirtithe uile sna himeachtaí sin agus ar a n-ionpháirtithe ionann agus dá mba bhreithiúnas in personam é.
Cásanna a shonrú ar cheisteanna dlí.
50.—(1) Féadfaidh an Bord, más oiriúnach leis, uaidh féin nó ar iarratas aon pháirtí in imeachtaí faoi Chaibidil VI nó VII den Chuid seo, agus ag aon chéim de na himeachtaí sin, aon cheist dlí a éireoidh i gcúrsa na n-imeachtaí sin a tharchur mar chás sonraithe chun an Ard-Chúirt dá cinneadh agus féadfaidh an Bord fógairt a dhámhachtana a chur ar atráth nó go ndéanfar an cinneadh sin.
(2) In ionad cás a shonrú i gcúrsa imeachtaí faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord, má bhaineann ceist dlí leis an gcás, a dhámhachtain nó aon chuid di a shonrú i bhfoirm cáis speisialta chun an Ard-Chúirt dá cinneadh.
(3) Aon pháirtí in imeachtaí os comhair an Bhoird lenar éagóir an Bord do dhiúltú cás a shonrú ar cheist dlí faoin alt seo féadfaidh sé, sula ndéanfaidh an Bord a dhámhachtain nó dá éis sin, ordú a iarraidh ar mhodh achomair ar an Ard-Chúirt á ordú don Bhord cás a shonrú chun an Ard-Chúirt dá chinneadh i dtaobh na ceiste sin, agus, ar an iarratas sin a bheith déanta, féadfaidh an Ard-Chúirt an t-ordú sin a dhéanamh, agus, má dhéanann, déanfaidh an Bord de réir théarmaí an ordaithe, d'ainneoin a dhámhachtain a bheith déanta cheana féin ag an mBord.
(4) Is de réir mar is rogha leis an Ard-Chúirt a bheidh na costais a bhainfidh nó a ghabhfaidh le haon ní a tharchur chun na cúirte sin faoin alt seo.
Costais a dhámhadh.
51.—(1) Is de réir mar is rogha leis an mBord a bheidh costais na bpáirtithe in aon imeachtaí faoi Chaibidil VI nó VII den Chuid seo, agus féadfaidh an Bord, lena dhámhachtain, a ordú cé leis, agus cad é modh, a n-íocfar, agus cé a íocfaidh, na costais sin nó aon chuid díobh.
(2) Féadfaidh an Bord, le toiliú na bpáirtithe lena mbainfidh, méad na gcostas a ordófar a íoc a shocrú nó mura dtoilí siad amhlaidh féadfaidh an Bord na costais a tharchur chun Máistir Fómhais lena bhfómhas.
(3) I gcás ina n-ordóidh an Bord d'iarratasóir ar chúiteamh faoin gCuid seo costais nó cuid de chostais an duine ag á mbeidh an cúiteamh sin iníoctha a íoc féadfaidh an duine sin méad na gcostas sin a bhaint as méad an chúitimh sin.
(4) Chun críocha an ailt seo folaíonn costais aon táillí, éilithe agus caiteachais a bhaineann leis an dámhachtain.
Caibidil IX.
Ilghnéitheach agus Ginearálta.
Foralacha maidir le hoibríochtaí peitriliaim.
52.—(1) (a) Féadfaidh foráil i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas a bheith i rialacháin—
(i) suíomh agus spásáil toibreacha peitriliaim,
(ii) beartanna slándála maidir le hoibríochtaí peitriliaim,
(iii) srianta le peitriliam a thabhairt as tollaphoill a tosaíodh nó a críochnaíodh níos gaire do theorainneacha talún a mbaineann léas peitriliaim leis an bpeitriliaim faoi ná an fad slí a bheidh sonraithe sna rialacháin,
(iv) caomhnú peitriliaim,
(v) srianta le huisce agus dramhtháirgí a dhiúscairt,
(vi) tollaphoill tréigthe a dhúnadh,
(vii) peitriliam a thomhas,
(viii) cibé nithe eile i dtaobh oibríochtaí peitriliaim a measfaidh an tAire gur gá nó gur fóirstineach foráil a dhéanamh ina dtaobh.
(b) Má dhéanann aon duine (arb é an ceadúnaí é faoi cheadúnas a deonaíodh faoin gCuid seo nó an léasaí faoi léas peitriliaim) aon rialachán faoin bhfo-alt seo a shárú (trí ghníomh nó neamhghníomh) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.
(2) (a) Más dealraitheach don Aire oibríocht pheitriliaim a bheith á seoladh i slí (trí ghníomh nó neamhghníomh) gur cúis é le cailliúint, truailliú, meath nó mí-úsáid táirgí peitriliaim nó mianraí eile, rud nach dtarlódh de ghnáth dá seoltaí an oibríocht de réir dheachleachtais olaréimse, ansin, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an duine a bheidh ag seoladh na hoibríochta á cheangal air cibé beart leighis a dhéanamh, laistigh de thréimhse shonraithe, nach ligfidh don chaillteanas, don truailliú, don mheath nó don mhí-úsáid sin tarlú.
(b) Más dealraitheach don Aire oibríocht pheitriliaim a bheith á seoladh i slí (trí ghníomh nó neamhghníomh) gur cúis é, nó gur dóigh dó a bheith ina chúis, le damáiste gan riachtanas, ansin, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an duine a bheidh ag seoladh na hoibríochta á cheangal air cibé beart leighis a dhéanamh, laistigh de thréimhse shonraithe, nach ligfidh don damáiste sin tarlú.
(c) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo agus nach ndéanfaidh an duine ar a seirbheálfar an fógra (dá ngairtear an mainnitheoir sa mhír seo) de réir an fhógra, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—
(i) beidh an mainnitheoir ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo,
(ii) féadfaidh an tAire (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh imeachtaí tionscnaithe i gcoinne an mhainnitheora faoi fho-mhír (i) den mhír seo) cibé beart leighis a dhéanamh a cheangail an fógra ar an mainnitheoir a dhéanamh agus féadfaidh sé aon chaiteachas faoin ndeachaigh sé á dhéanamh sin a ghnóthú ón mainnitheoir mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(d) I gcás ina mbeidh an tAire i dteideal, faoi fho-mhír (ii) de mhír (c) den fho-alt seo, aon chaiteachas a ghnóthú, beidh deimhniú a bheidh séalaithe le séala oifigiúil an Aire agus a dheimhneoidh méad an chaiteachais sin ina fhianaise prima facie ar mhéad an chaiteachais sin.
(3) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo dlífear ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná céad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.
(4) Nuair is í an tsraith chéanna fíoras a chomhdhéanfaidh cion faoi fho-alt (1) agus fo-alt (2) den alt seo agus go gcúiseofar an ciontóir sa dá chion, is i leith cion amháin de na cionta a dhlífear an ciontóir a phionósú.
Ríchíosanna ar pheitriliam a gheofar faoi Acht na Mianach agus na Minearál, 1931, agus faoin Acht Forbairte Minearál, 1940.
53.—I gcás—
(a) ina mbeifear tar éis ríchíos a shocrú, trí dhámhachtain faoi Acht na Mianach agus na Minearál, 1931, nó trí chomhaontú faoin Acht sin, mar chúiteamh i bpeitriliam a fuarthas faoin Acht sin, nó
(b) ina mbeifear tar éis ríchíos a shocrú, trí dhámhachtain faoin Acht Forbairte Minearál, 1940, nó trí chomhaontú faoin Acht sin, mar chúiteamh i bpeitriliam a fuarthas faoin Acht sin,
ansin, maidir leis an méad sin den pheitriliam sin a thabharfar, má thugtar aon pheitriliam, go huachtar ag tobar peitriliaim, sa limistéar ceaptha maidir leis an tobar peitriliaim sin (mar mhínítear le fo-alt (1) d'alt 33 den Acht seo), is é ráta an ríchíosa sin ráta a mbeidh an chomhréir chéanna idir é agus an ráta a socraíodh leis an dámhachtain nó an comhaontú iomchuí agus a bheidh idir an chuid den limistéar lena mbainfidh an dámhachtain nó an comhaontú iomchuí agus a bheidh laistigh den limistéar ceaptha sin agus an limistéar ceaptha sin agus ní hé an ráta a bheidh socair tríd an dámhachtain nó an comhaontú iomchuí.
Ní oidhreachtán inrátaithe an ceart chun druileála le haghaidh peitriliaim nó peitriliam a thabhairt chun bealaigh.
54.—(1) San alt seo, ciallaíonn “ola-linn” taiscumar nádúrtha faoi thalamh a bhfuil, nó ar dealraitheach go bhfuil, ann tiomsú peitriliam atá scartha, nó ar dealraitheach é a bheith scartha, ó aon taiscumar nó tiomsú eile den sórt sin sa déanmhas geolaíoch ginearálta.
(2) Chun críocha na nAchtanna Luachála, measfar nach oidhreachtán inrátaithe maidir le hola-linn áirithe ceart chun druileáil le haghaidh peitriliaim agus peitriliam a thabhairt chun bealaigh go dtí go mbeidh fiche bliain caite ón dáta a chéadtógadh peitriliam as an ola-linn sin.
Iocaíochtaí le léasaithe faoi léasanna peitriliaim.
55.—Más mó an méad iomlán a íocfaidh léasaí faoi léas peitriliaim mar léasaí den sórt sin i leith cíos, ríchíos, cáin ioncaim, forcháin, cáin bhrabús corporáide agus rátaí in aghaidh aon tréimhse áirithe ná cibé méad a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, íocaíocht is comhionann leis an mbreis a íoc leis an léasaí as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Tabharfar fógra don Aire i dtaobh seaftaí nó tollaphoill a tholladh.
56.—(1) I gcás ina mbeartóidh duine, d'fhonn peitriliam a fháil, seafta nó tollapholl a tholladh a bheidh beartaithe dul thar fiche troigh síos faoin uachtar, déanfaidh sé, sula dtosóidh sé ar an tolladh sin, fógra ceithre lá dhéag, nó cibé fógra is giorra ná sin a cheadóidh an tAire, a thabhairt don Aire go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh.
(2) Gach duine a thollfaidh, d'fhonn cuardach a dhéanamh le haghaidh peitriliaim nó peitriliam a fháil, seafta nó tollapholl a bheidh beartaithe dul thar fiche troigh síos faoin uachtar, coimeád faidh sé iris ina thaobh agus coimeádfaidh sé, ar feadh cibé tréimhse (nach faide ná trí mhí) a ordóidh an tAire, cibé samplaí a fuarthas de na sraitheanna trína ndeachthas i gcúrsa an tollta, ina gcroíáin nó ina mblúirí.
(3) Gach duine a choimeádfaidh iris de bhun fo-alt (2) den alt seo i dtaobh seafta nó tollaphoill, déanfaidh sé, má iarann an tAire air é, cóip den iris agus léarscáil suímh a thabhairt don Aire, agus tabharfaidh an tAire an léarscáil suímh sin ar ais.
(4) Beidh teideal ag cigire gach tráth réasúnach gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá:—
(a) beidh saor-chead isteach aige go dtí aon seafta, tollapholl nó croíán mar a dúradh;
(b) irisí i dtaobh na seaftaí nó na dtollapholl sin a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh;
(c) gach sampla a gheofar agus a choinneofar amhlaidh a scrúdú;
(d) eisiomláirí ionadaitheacha d'aon samplaí nó croíáin den sórt sin a thógáil.
(5) Má thugann aon duine a bheidh ag tolladh aon tseafta nó tollaphoill mar a dúradh fógra i scríbhinn don Aire á iarraidh air rún a dhéanamh d'aon eolas i dtaobh an tseafta nó an tollaphoill sin a thug an duine sin don Aire, ní nochtfaidh an tAire, i rith na tréimhse cúig bliana tar éis an t-eolas a thabhairt, an t-eolas sin d'aon duine (nach oifigeach don Aire) ach le toiliú an duine a thug an t-eolas.
(6) Más rud é, maidir le haon duine a thollfaidh seafta nó tollapholl—
(a) go mainneoidh sé déanamh de réir na n-oibleagáidí a fhorchuirtear leis an alt seo, nó
(b) go mbacfaidh nó go gcoiscfidh sé cigire agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an alt seo,
beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.
(7) San alt seo ciallaíonn an focal “cigire” duine arna cheapadh i scríbhinn (cibé acu go ginearálta é nó le haghaidh ócáide áirithe) ag an Aire chun bheith ina chigire chun críocha an ailt seo.
Tuarascála leath-bhliantúla a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
57.—A luaithe is féidir é tar éis gach 30ú lá de Mheitheamh agus gach 31ú lá de Nollaig, cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tuarascáil leath-bhliantúil a thaispeánfaidh, maidir leis an tréimhse sé mhí dar críoch an 30ú lá sin de Mheitheamh nó an 31ú lá sin de Nollaig, gach ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—
(a) sonraí na léas peitriliaim, na gceadúnas agus na gcead saoráidí oibre uile a rinne sé nó a dheonaigh sé faoin gCuid seo agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire;
(b) méad iomlán an airgid uile a bheidh bailithe ag an Aire, cibé acu ar mhodh fíneála é nó íocaíocht chnapshuime nó ar mhodh cíosa, de bhun nó de bhua aon léasa, ceadúnais nó ceada den sórt sin;
(c) aon ní eile a bhainfidh le peitriliam nó le forbairt agus le hoibriú peitriliaim agus is cuí leis an Aire a chur sa tuarascáil sin.
Diúscairt airgid a gheofar mar chomaoin.
58.—An t-airgead uile a gheobhaidh an tAire (cibé acu mar fhíneáil nó cnapshuim é, nó mar chíos nó íocaíocht tréimhsiúil eile) mar chomaoin i leith aon díola, léasa, ceadúnais nó ceada a rinne sé nó a dheonaigh sé faoin gCuid seo nó mar chúiteamh faoi alt 28 den Acht seo, déanfar, an uair a gheofar agus de réir mar a gheofar é, é a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.
Táillí a bhailiú agus a dhiúscairt.
59.—(1) Na táillí uile is iníoctha faoin gCuid seo leis an Aire nó leis an mBord, baileofar agus tógfar iad i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste iad mar a ordóidh an tAire Airgeadais.
(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices (Fees) Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin gCuid seo.
Rialacháin maidir le hiarratais ar cheadúnais faoi Chuid II, táillíina leith, agus méad agus cruth na limistéar a ndeonófar na ceadúnais sin ina leith.
60.—Féadfaidh forálacha i dtaobh aon ní nó gach ní acu seo a leanas a bheith i rialacháin—
(a) an modh ar a bhféadfar, agus na daoine a fhéadfaidh, iarratais ar cheadúnais faoin gCuid seo a dhéanamh,
(b) na táillí a bheidh le n-íoc ar aon cheann de na hiarratais sin,
(c) na coinníollacha nach mór d'iarratasóirí na gceadúnas sin a chomhlíonadh,
(d) gach iarratasóir a iarrfaidh aon cheann de na ceadúnais sin do thabhairt fianaise ar a charachtar, a sheasamh i gcúrsaí airgeadais agus a cháilíochtaí teicniúla agus é do thabhairt urrúis go gcomhlíonfaidh sé a oibleagáidí faoin gceadúnas,
(e) méid agus cruth na limistéar a bhféadfar na ceadúnais sin a dheonú ina leith.
Forálacha ginearálta maidir le rialacháin.
61.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—
(a) chun aon chríche dá bhforáiltear rialacháin le haon cheann d'fhorálacha na Coda seo, agus
(b) chun aon ní nó rud a fhorordú dá dtagraítear sa Chuid seo mar ní nó rud atá forordaithe.
(2) I gcás ina mbeartóidh an tAire aon rialachán a dhéanamh faoin gCuid seo, ansin sula ndéana sé é,—
(a) cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar dréacht den rialachán beartaithe,
(b) foilseoidh sé fógra i nuachtán amháin nó níos mó a léitear sa Stát á rá—
(i) gur ullmhaíodh dréacht den rialachán beartaithe agus go bhféadfar é a scrúdú in oifig an Aire i mBaile Atha Cliath tráthanna sonraithe,
(ii) an fhoráil den Acht seo ar fúithi a bheartófar an rialachán beartaithe a dhéanamh,
(iii) go mbreithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an rialachán beartaithe a dhéanfar chuige tráth nach déanaí ná cibé dáta is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san fhógra.
(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin gCuid seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin rún ag neamhniú an rialacháin sin a rith laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagan faoina bhráid, beidh an rialachán sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailiocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.
Ionchúiseamh i leith cionta.
62.—Féadfaidh an tAire ionchúiseamh a dhéanamh i leith aon chiona faoi aon alt atá sa Chuid seo.
Costais.
63.—Na costais faoina rachaidh an tAire ag riaradh na Coda seo íocfar iad, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
An Petroleum Production Act, 1918, a aisghairm.
1918, c. 52.
64.—Aisghairtear leis seo an Petroleum (Production) Act, 1918.
Sábháil do chumhachtaí agus do dhualgais na gCoimisinéirí Ioncaim faoi na hachtacháin a bhaineann le custaim agus mál.
65.—Beidh forálacha na Coda seo den Acht seo gan dochar do chumhachtaí agus dualgais na gCoimisinéirí Ioncaim faoi aon achtachán a bheidh i bhfeidhm, cibé acu is roimh an Acht seo nó ina dhiaidh sin a ritheadh é, maidir le hioncam custam agus máil a bhainistí, a bhailiú nó a chosaint.
Fiacha a bheidh dlite don Stát a bhaint as cúiteamh.
66.—I gcás ina ndéanfar méad aon chúitimh is iníoctha ag an Aire faoin Acht seo le haon duine a chinneadh trí dhámhachtain, agus go mbeidh fiach dlite den duine sin d'aon Aire Stáit nó don Phríomh-Chiste, féadfaidh an tAire méad an fhéich a bhaint as an gcúiteamh sin, agus féadfaidh sé a ordú go ndéanfar an méad a asbhainfear amhlaidh (de réir mar is gá) a íoc leis an Aire Stáit iomchuí nó a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.
CUID III.
Leasú ar an Acht Forbairte Minearál, 1940.
Léiriú (Cuid III).
67.—(1) Sa Chuid seo—
tá le “cead saoráidí mianadóireachta” an bhrí a thugtar dó le halt 75 den Acht seo;
tá le “cead saoráidí mianadóireachta (talamh Stáit)” an bhrí a thugtar dó le halt 76 den Acht seo;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;
tá le “peitriliam” an bhrí a thugtar dó le halt 2 den Acht seo;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Forbairte Minearál, 1940.
(2) Forléireofar an Chuid seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.
Comhlua an Phríomh-Achta agus Coda III.
68.—Féadfar na hAchtanna Forbartha Mianraí, 1940 agus 1960, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Chuid seo le chéile.
Forálacha an Phríomh-Achta do scor, faoi réir eisceachtaí áirithe, d'fheidhm a bheith acu maidir le peitriliam.
69.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, scoirfidh forálacha an Phríomh-Achta d'fheidhm a bheith acu maidir le peitriliam.
(2) D'ainneoin fo-alt (1) den alt seo, leanfaidh alt 42 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 81 den Acht seo, agus forálacha eile an Phríomh-Achta (lena n-áirítear forálacha maidir le cúiteamh) a bhaineann le sriantachtaí a fhorchur ar oibriú mianraí faoi thalamh ar a bhfuil foirgneamh tógtha nó a mbeartaítear foirgneamh a thógáil air d'fheidhm a bheith acu maidir le hoibriú peitriliaim faoi aon talamh den sórt sin.
Forálacha i dtaobh ceadúnas lorgaireachta agus léasanna mianadóireachta Stáit a deonaíodh faoin bPríomh-Acht agus léasanna a deonaíodh faoi alt 11 d'Acht na Mianach agus na Minearál, 1931, maidir le peitriliam.
70.—(1) Aon cheadúnas lorgaireachta a deonaíodh faoi alt 7 den Phríomh-Acht agus aon léas mianadóireachta Stáit a rinneadh faoi alt 26 den Phríomh-Acht measfar nár thug siad aon chearta maidir le peitriliam muran é an lú lá d'Eanáir, 1959, nó dá éis sin a eisíodh an ceadúnas nó a rinneadh an léas agus é sainráite ann gur bhain sé le peitriliam.
(2) Aon léas a deonaíodh faoi alt 11 d'Acht na Mianach agus na Minearál, 1931, measfar nár thug sé aon chearta maidir le peitriliam.
Cumhacht ag an Aire mianraí Stáit a dhíol.
71.—Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, mianraí Stáit a dhíol.
Alt 6 den Phríomh-Acht a leasú.
72.—Cuirfear isteach in alt 6 den Phríomh-Acht an mhír nua seo a leanas—
“(aa) ceart chun sraitheanna forluiteacha nó tadhlacha agus uachtar a thabhairt chun siúil go sealadach nó go buan chun mianadóireacht béal-oscailte a dhéanamh;”.
Alt 7 den Phríomh-Acht a leasú.
73.—(1) Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht sna slite seo a leanas—
(a) i bhfo-alt (1), cuirfear “faoi réir fho-alt (2) den alt seo” in ionad “ach an fógra do thabhairt is gá do réir an ailt seo”,
(b) cuirfear an fo-alt nua seo a leanas in ionad fo-ailt (2) agus (3)—
“(2) Ní fheidhmeoidh an tAire, maidir le haon talamh, an ceart a thugtar dó le mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo ná an chumhacht a thugtar dó le mír (b) den fho-alt sin, muran rud é, lá agus fiche ar a laghad sula bhfeidhmeoidh sé an ceart nó an chumhacht sin, de réir mar a bheidh,—
(a) go mbeidh fógra foilsithe aige i nuachtán amháin nó níos mó a léitear sa cheantar á rá go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh, agus
(b) go mbeidh léarscáil ag taispeáint teorainneacha na talún sin taiscthe aige in Oifig na Suirbhéireachta Geolaíochta, Baile Atha Cliath, agus in áit amháin nó níos mó sa cheantar.”
(2) Féadfar ceadúnas lorgaireachta a dheonófar faoi alt 7 den Phríomh-Acht a dheonú maidir le gach mianra nó maidir le mianraí sonraithe.
Alt 10 (1) den Phríomh-Acht a leasú.
74.—Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 10 den Phríomh-Acht sna slite seo a leanas—
(a) cuirfear “nó do thaiscí mianrúla nó do sholáthair uisce, nó núis” isteach i ndiaidh “tailimh”,
(b) cuirfear isteach “nó sa núis” i ndiaidh “damáiste” sa tríú áit ina bhfuil an focal deiridh sin.
Ceada saoráidí mianadóireachta.
75.—(1) Féadfaidh an tAire, ar léas mianadóireachta Stáit a dheonú nó tráth ar bith i rith an téarma a dheonófar leis an léas, cead (dá ngairtear cead saoráidí mianadóireachta sa Chuid seo) a dheonú don léasaí aon talamh nó focheart a úsáid a fuair an tAire faoi ordú tógála saoráidí mianadóireachta a rinneadh faoi alt 19 den Phríomh-Acht.
(2) Deonófar gach cead saoráidí mianadóireachta ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
(3) Beidh de choinníoll ag gabháil le cead saoráidí mianadóireachta a dheonú go n-aisíocfaidh an duine dá ndeonófar é leis an Aire an costas faoina ndeachaigh an tAire ag tógáil na talún nó an fhochirt lena mbainfidh an cead agus an cúiteamh is iníoctha ag an Aire i leith na tógála sin.
Cead saoráidí mianadóireachta maidir le talamh Stáit.
76.—(1) San alt seo tá le “talamh Stáit” an bhrí chéanna atá leis san Acht Maoine Stáit, 1954 (Uimh. 25 de 1954).
(2) Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá, chun mianraí lena mbaineann léas mianadóireachta Stáit a shaothrú go héifeachtúil nó go háisiúil, go ndeonófaí don léasaí an ceart chun aon talamh Stáit a úsáid, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cead (dá ngairtear cead saoráidí mianadóireachta (talamh Stáit) san Acht seo) a dheonú don léasaí chun an talamh sin a úsáid.
(3) Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá, chun mianraí lena mbaineann léas mianadóireachta Stáit a oibriú go héifeachtúil nó go háisiúil, go ndeonófaí don léasaí aon fhocheart maidir le talamh Stáit, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cead (dá ngairtear cead saoráidí mianadóireachta (talamh Stáit) freisin san Acht seo) a dheonú don léasaí chun an focheart sin a fheidhmiú.
(4) Déanfar gach cead mianadóireachta (talamh Stáit) a dheonú ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
(5) Déanfaidh duine dá ndeonófar cead saoráidí mianadóireachta (talamh Stáit) cibé suim a chinnfidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, a íoc leis an Aire i gcomaoin an deonaithe sin.
Cúiteamh i ndamáiste nó núis de bharr duine d'fheidhmiú ceart faoi chead saoráidí mianadóireachta nó cead saoráidí mianadóireachta (talamh Stáit).
77.—(1) Aon uair a dhéanfar, go díreach nó go neamhdhíreach, damáiste d'uachtar aon talún nó do thaiscí mianrúla nó do sholáthair uisce, nó núis, de bharr sealbhóir cead saoráidí mianadóireachta nó cead saoráidí mianadóireachta (talamh Stáit) d'fheidhmiú na gceart a thugtar leis an gcead, dlífidh an sealbhóir sin cúiteamh a íoc sa damáiste nó sa núis sin, agus beidh feidhm ag forálacha Chuid VII den Phríomh-Acht maidir leis an gcúiteamh sin.
(2) Is leis an Aire a íocfar cúiteamh is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo ag sealbhóir cead saoráidí mianadóireachta (talamh Stáit).
Diúscairt airgid a gheobhaidh an tAire faoi alt 75, 76 nó 77.
78.—An t-airgead uile a gheobhaidh an tAire faoi alt 75, 76 nó 77 den Acht seo déanfar, an uair a gheofar agus de réir mar a gheofar é, é a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.
Alt 25 (1) den Phríomh-Acht a leasú.
79.—Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 25 den Phríomh-Acht sna slite seo a leanas—
(a) cuirfear isteach “nó do thaiscí mianrúla nó do sholáthair uisce, nó núis” i ndiaidh “tailimh”,
(b) cuirfear isteach “nó sa núis” i ndiaidh “damáiste” sa tríú áit ina bhfuil an focal deiridh sin.
Alt 31 (3) den Phríomh-Acht a leasú.
80.—Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 31 den Phríomh-Acht sna slite seo a leanas—
(a) cuirfear isteach “nó do thaiscí mianrúla nó do sholáthair uisce, nó núis” i ndiaidh “tailimh” an chéad áit ina bhfuil an focal deiridh sin,
(b) cuirfear isteach “nó na núise” i ndiaidh “damáiste” sa dara áit ina bhfuil an focal deiridh sin agus “nó i núis” i ndiaidh na bhfocal “i ndamáiste”.
Alt 42 den Phríomh-Acht a leasú.
81.—(1) Chun críocha fho-alt (1) d'alt 42 den Phríomh-Acht, aon duine ag á bhfuil ceart chun píplínte a leagan chun peitriliam a iompar thar aon talamh nó faoi measfar gur duine é ag a bhfuil leas sa talamh sin.
(2) I bhfo-alt (5) d'alt 42 den Phríomh-Acht, forléireofar an focal “oibre” mar fhocal a fholaíonn píplíne chun peitriliam a iompar.
Alt 47 (3) den Phríomh-Acht a leasú.
82.—I bhfo-alt (3) d'alt 47 den Phríomh-Acht, cuirfear na focail “nó ceart chun sraitheanna forluiteacha nó tadhlacha agus uachtar a thabhairt chun siúil go sealadach nó go buan chun mianadóireacht bhéal-oscailte a dhéanamh” isteach i ndiaidh na bhfocal “an t-uachtar san d'ísliú”.
Alt 64 den Phríomh-Acht a leasú.
83.—In alt 64 den Phríomh-Acht, cuirfear “i dteideal, trí abhcóide nó aturnae nó i bpearsain,” isteach in ionad “agus ní bheidh aon duine eile i dteideal”.
Alt 66 den Phríomh-Acht a leasú.
84.—Cuirfear an t-alt seo a leanas isteach sa Phríomh-Acht in ionad ailt 66—
“66.—(1) (a) I gcás ina measúnóidh an Bord cúiteamh i leith talún atá, as féin gan talamh eile ina theannta, faoi bhlianacht talamh-cheannaigh, féadfaidh Coimisiún na Talún, más oiriúnach leo, a iarraidh ar an mBord—
(i) má bhíonn méad an chúitimh sin comhionann le, nó níos lú ná, praghas fuascailte na blianachta sin agus riaráiste (más ann) na blianachta sin—a ordú lena dhámhachtain go n-íocfar le Coimisiún na Talún iomlán an chúitimh nó cibé cuid den chúiteamh a iarrfaidh Coimisiún na Talún, nó
(ii) más mó méad an chúitimh sin ná praghas fuascailte na blianachta sin agus riaráiste (más ann) na blianachta sin—a ordú lena dhámhachtain go n-íocfar le Coimisiún na Talún an oiread sin den chúiteamh, nach mó ná méad an phraghais fuascailte agus an riaráiste sin (más ann), a iarrfaidh Coimisiún na Talún,
agus déanfaidh an Bord de réir an iarratais sin.
(b) I gcás ina ndéanfaidh aon dámhachtain maidir le talamh atá, as féin gan talamh eile ina theannta, faoi bhlianacht talamh-cheannaigh a fhoráil, faoi mhír (a) den fho-alt seo, go n-íocfar aon airgead le Coimisiún na Talún, déanfaidh Coimisiún na Talún an t-airgead sin, nuair a gheofar é, a úsáid de réir na bhforálacha seo a leanas, is é sin le rá—
(i) má bhíonn an bhlianacht sin i riaráiste agus nach mó méad an airgid sin ná an riaráiste sin—chun nó mar chabhair chun an riaráiste sin a ghlanadh,
(ii) má bhíonn an bhlianacht sin i riaráiste agus gur mó méad an airgid sin ná an riaráiste sin—
(I) déanfar an oiread den airgead sin agus is comhionann leis an riaráiste sin a úsáid chun an riaráiste sin a ghlanadh, agus
(II) úsáidfear iarmhéad an airgid sin chun nó mar chabhair chun an bhlianacht sin a fhuascailt,
(iii) mura mbeidh an bhlianacht sin i riaráiste— chun nó mar chabhair chun an bhlianacht sin a fhuascailt.
(2) (a) I gcás ina measúnóidh an Bord cúiteamh i leith talún (dá ngairtear an talamh lena mbaineann sa mhír seo) atá, i dteannta talún eile, faoi bhlianacht talamhcheannaigh agus ina gcionroinnfidh Coimisiún na Talún an bhlianacht idir an talamh lena mbaineann agus an talamh eile, féadfaidh Coimisiún na Talún, más oiriúnach leo, a iarraidh ar an mBord—
(i) má bhíonn méad an chúitimh sin comhionann le, nó níos lú ná, praghas fuascailte na blianachta sin a bheidh cionroinnte ar an talamh lena mbaineann agus riaráiste (más ann) na blianachta sin—a ordú lena dhámhachtain go n-íocfar le Coimisiún na Talún iomlán an chúitimh nó cibé cuid den chúiteamh a iarrfaidh Coimisiún na Talún, nó
(ii) más mó méad an chúitimh sin ná an praghas fuascailte sin agus riaráiste (más ann) na blianachta sin—a ordú lena dhámhachtain go n-íocfar le Coimisiún na Talún an oiread sin den chúiteamh, nach mó ná méad an phraghais fuascailte agus riaráiste sin (más ann) na blianachta sin, a iarrfaidh Coimisiún na Talún,
agus déanfaidh an Bord de réir an iarratais sin.
(b) I gcás ina ndéanfaidh dámhachtain maidir le talamh (dá ngairtear an talamh lena mbaineann sa mhír seo) atá, i dteannta talún eile, faoi bhlianacht talamhcheannaigh a fhoráil go n-íocfar aon airgead le Coimisiún na Talún faoi mhír (a) den fho-alt seo, déanfaidh Coimisiún na Talún an t-airgead sin, nuair a gheofar é, a úsáid mar leanas—
(i) má bhíonn an bhlianacht sin i riaráiste agus nach mó méad an airgid sin ná an riaráiste sin—chun nó mar chabhair chun an riaráiste sin a ghlanadh,
(ii) má bhíonn an bhlianacht sin i riaráiste agus gur mó méad an airgid sin ná an riaráiste sin—
(I) déanfar an oiread den airgead sin agus is comhionann leis an riaráiste sin a úsáid chun an riaráiste sin a ghlanadh, agus
(II) úsáidfear iarmhéad an airgid sin chun nó mar chabhair chun an oiread den bhlianacht sin agus a bheidh cionroinnte ar an talamh lena mbaineann a fhuascailt,
(iii) mura mbeidh an bhlianacht sin i riaráiste—chun nó mar chabhair chun an oiread den bhlianacht sin agus a bheidh cionroinnte ar an talamh lena mbaineann a ghlanadh.”
Alt 71 (4) den Phríomh-Acht a aisghairm.
85.—Aisghairtear leis seo fo-alt (4) d'alt 71 den Phríomh-Acht.
Alt 72 den Phríomh-Acht a leasú.
86.—In alt 72 den Phríomh-Acht scriosfar na focail “go neosfar don Aire sara n-íoctar an cúiteamh san”.
Alt 73 den Phríomh-Acht a leasú.
87.—Leasaítear leis seo alt 73 den Phríomh-Acht sna slite seo a leanas—
(a) trí “agus féadfaidh an Bord, in aon chás áirithe, costas abhcóide do dhí-lomháil” a scrios as fo-alt (1),
(b) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2)—
“(2) Féadfaidh an Bord, le toiliú na bpáirtithe lena mbainfidh, méad na gcostas a ordófar a íoc a shocrú nó, mura dtoilí siad amhlaidh, féadfaidh an Bord na costais a tharchur chun Máistir Fómhais lena bhfómhas.”
Alt 75 den Phríomh-Acht a leasú.
88.—Déanfar an fo-alt nua seo a leanas a chur isteach in alt 75 den Phríomh-Acht—
“(2A) Gach duine a choimeádfaidh iris de bhun fo-alt (2) den alt seo i dtaobh seafta nó tollaphoill déanfaidh sé, má iarrann an tAire air é, cóip den iris agus den léarscáil suímh a thabhairt don Aire, agus tabharfaidh an tAire an léarscáil suímh sin ar ais.”