Uimhir 7 de 1967
AN tACHT CÁNACH IONCAIM (LEASÚ), 1967
[An tiontú oifigiúil.]
AGUS DE BHRÍ go bhfuil sa Bhille sin forálacha darb uimhreacha ailt 480 (2) (3) agus 483 a dhéanann foráil chun na coimisinéirí d'eisiúint barántas chun croícha speisialta na nAchtanna Cánach Ioncaim chun cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a ghnóthú i gcás ina mainnítear nó a ndiúltaítear an cháin sin a íoc:
AGUS DE BHRÍ gur mian nach mbeadh éifeacht ag na forálacha sin:
ACHTAÍTEAR DA BHRI SIN AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
Ailt 480 (2) (3) agus 483 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a aisghairm.
1.—Má thagann an Bille dá dtagraítear sa Réamhrá chun bheith ina dhlí mar an Acht Cánach Ioncaim, 1967, beidh ailt 480 (2) (3) agus 483 den Acht arna n-aisghairm láithreach.
Gearrtheideal.
2.—Féadfar an tAcht Cánach Ioncaim (Leasú), 1967, a ghairm den Acht seo.