[EN]

Uimhir 7 de 1972


[EN]

ACHT NA bPRÍOSÚN, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPRÍOSÚN, 1826 GO 1970. [25 Bealtaine, 1972] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Míniú.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

[EN]

Aistriú go coimeád míleata.

1925, Uimh. 11.

1960, Uimh, 27.

2.—(1) Leanfaidh an t-alt seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Bhealtaine, 1974.

[EN]

(2) Má tharlaíonn agus cibé uair a tharlóidh go mbeidh Dáil Éireann sásta gur chóir don alt seo scor de bheith i ngníomh féadfaidh sí, trí rún, a dhearbhú go bhfuil sí sásta mar a dúradh agus lá a cheapadh ar a scoirfidh an t-alt seo de bheith i ngníomh, agus ar an lá a cheapfar amhlaidh scoirfidh an t-alt seo de bheith i ngníomh.

[EN]

(3) Má tharlaíonn agus cibé uair a tharlóidh, le linn don alt seo a bheith i ngníomh, gur dóigh leis an Aire nach leor cóiríocht phríosúin nó foireann phríosúin chun dálaí slána réasúnacha coimeádta a chur ar fáil do na daoine go léir a bheidh an tráth sin faoi choimeád i bpríosún nó a mbeidh cóiríocht phríosúin ag teastáil dóibh nó nach leor an céanna chun na dálaí sin a chur ar fáil gan mórdhochar do na gnáthshocruithe a chothabháil i bpríosún le haghaidh cóireála athinmheachain agus leasa príosúnach féadfaidh sé, i scríbhinn—

[EN]

(a) a dheimhniú gur dóigh leis amhlaidh, agus

[EN]

(b) a ordú go n-aistreofar go coimeád míleata cibé cuid de na daoine a dúradh a shonróidh sé,

[EN]

agus air sin déanfar na daoine a shonrófar amhlaidh a aistriú go coimeád míleata agus fanfaidh siad sa choimeád sin—

[EN]

(i) i gcás daoine a bheidh ar athchur, go dtí go dtabharfar iad os comhair na cúirte ar chuici a rinneadh iad a athchur,

[EN]

(ii) i gcás daoine a bheidh curtha ar aghaidh chun trialach nó pianbhreithe, go dtí go dtabharfar iad os comhair na cúirte ar chuici a cuireadh ar aghaidh iad agus go mbeidh na himeachtaí maidir leis an triail nó leis an bpianbhreith críochnaithe, agus

[EN]

(iii) in aon chás eile, go dtí go mbeidh deireadh lena bpianbhreitheanna nó lena dtréimhsí eile coimeádta.

[EN]

(4) Má tharlaíonn agus cibé uair a tharlóidh, le linn don alt seo a bheith i ngníomh, go mbeidh duine faoi choimeád míleata de bhun an ailt seo is duine a bheidh ar athchur nó a bheidh curtha ar aghaidh chun trialach nó pianbhreithe, déanfaidh cúirt a athchuirfidh tuilleadh é faoi choimeád nó déanfaidh cúirt a chuirfidh ar aghaidh é faoi choimeád chun trialach nó pianbhreithe nó déanfaidh cúirt a chuirfidh de phianbhreith air é a choinneáil faoi choimeád i bpríosún é a chimiú faoi choimeád míleata i gcaitheamh tréimhse an athchuir, an churtha ar aghaidh nó na pianbhreithe sin.

[EN]

(5) (a) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, a ordú go n-aistreofar go príosún duine a bheidh i gcoimeád míleata de bhun an ailt seo, agus

[EN]

(b) ordóidh an tAire go n-aistreofar go príosún gach duine a bheidh i gcoimeád míleata mar a dúradh más dóigh leis nach ann a thuilleadh do na himthosca a thug iad a bheith á gcoinneáil i gcoimeád míleata,

[EN]

agus, má thugtar ordú faoin bhfo-alt seo, déanfar air sin aon duine lena mbaineann a aistriú go príosún.

[EN]

(6) I gcás ina dtabharfar ordú faoi fho-alt (3) nó (5) den alt seo, leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir ráiteas ina sonrófar gur tugadh sin mar aon le hainmneacha, cionta (nó na cionta inar cúisíodh iad) agus, i gcás inar iomchuí sin, pianbhreitheanna na ndaoine lena mbaineann.

[EN]

(7) Duine ar bith a bheidh i gcoimeád míleata de bhun an ailt seo ní leanfaidh sé de bheith á choinneáil i gcoimeád míleata ar an alt seo do scor de bheith i ngníomh.

[EN]

(8) Beidh feidhm ag Acht na bPríosún (Coistí Cuairte), 1925, maidir le háiteanna ina mbeidh daoine á gcoinneáil i gcoimeád míleata de bhun an ailt seo sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm aige maidir le príosúin, faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar tagairtí don Aire san Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí don Aire Cosanta.

[EN]

(9) Déanfaidh an tAire Cosanta rialacháin maidir leis na háiteanna agus leis an modh go ginearálta ina ndéanfar daoine a bheidh i gcoimeád míleata de bhun an ailt seo a choinneáil i gcoimeád agus beidh na rialacháin sin ar comhréir leis na rialacha a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi Achtanna na bPríosún, 1826 go 1970, do rialú cóireáil, fostú agus rialáil daoine i bpríosún.

[EN]

(10) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun cosc a chur le duine a scaoileadh amach ar bhannaí.

[EN]

(11) Déanfar gach rialachán faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

[EN]

(12) San alt seo folaíonn “priosún” Foras Naomh Pádraig (de réir brí an Achta um Dhlínse Choiriúil, 1960).

[EN]

Príosúin a shonrú.

3.—Féadfaidh an tAire ó am go ham áit nó áiteanna a shonrú le húsáid mar phríosún nó mar phríosúin agus beidh gach áit a shonrófar amhlaidh ina phríosún lena mbaineann Achtanna na bPríosún, 1826 go 1970.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4.—(1) Féadfar Acht na bPríosún, 1972, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna na bPríosún, 1826 go 1972, a ghairm d'Achtanna na bPríosún, 1826 go 1970, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad mar aon ní amháin.