[EN]

Uimhir 8.


[EN]

ACHT NA gCÁNACH DÚBALTA (FAOISEAMH), 1923.


ACHT CHUN A ÚDARÚ GO nDÉANFAR RÉITEACH LE RIALTAS NA BREATAINE MÓIRE CHUN FAOISEAMH Ó CHÁIN DHÚBALTA DO DHEONA IN AON CHÁS INA bhFUIL MUIREAR AG DUL DO CHÁIN I SAORSTÁT ÉIREANN AGUS DO CHÁIN CHÓ-RÉIRE BHRIOTÁINEACH I dTAOBH AN AON ABHAIR AMHÁIN. [28adh Márta, 1923.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :— [EN]

Féadfaidh an Árd-Chomhairle socrú sealadach do dhéanamh chun faoisimh.

1.—In aon chás fé aon dlí a bheidh i bhfeidhm ó am go ham sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann go mbeidh aon cháin iníoctha de thuras na huaire i dtaobh fuilingidhe mhuirir go mbeidh cáin cho-réire iníoctha 'na thaobh i Saorstát Éireann beidh sé dleathach d'Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann socrú sealadach do dhéanamh leis an Rialtas Briotáineach agus más gá san an socrú sar do dhéanamh le toil Rialtais Thuaiscirt na hÉireann chun faoiseamh do dheona i gcásanna 'na mbeidh muirear ag dul don Cháin i Saorstát Éireann agus don Cháin Bhriotáineach i dtaobh an aon abhair amháin.

[EN]

Féadfaidh an Seanascal socrú sealadach do dhaingniú

2.—Beidh sé dleathach do Sheanascal Shaorstáit Éireann daingniú do dhéanamh ar aon tsocrú sealadach den tsórt atá luaidhte san alt deireannach le hordú a déanfar ar chomhairle na hArd-Chomhairle, agus ansan beidh éifeacht ag an socrú sealadach san ó dháta an orduithe san no ó aon dáta is déanaí ná san agus a luadhfar san ordú san, ach é do bheith do réir coiníollacha an Achta so, fé is dá n-achtuítí san Acht so é.

[EN]

Buaine gach orduithe a déanfar fén Acht so.

3.—Aon ordú a dhéanfaidh Seanascal Shaorstáit Éireann fén Acht so ní bheidh éifeacht aige de bhua an Achta so ach amháin i gcás go mbeidh agus an fhaid a bheidh ag an socrú a daingneofar leis an ordú san feidhm dlí sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann (do réir mar bheidh) sa mhéid go mbainfidh sé leis an bhfaoiseamh ón gCáin Bhriotáineach a bheidh le deona.

[EN]

Leagfar na hOrduithe fé bhráid Dháil Éireann

4.—Gach Ordú a dhéanfaidh Seanascal Shaorstáit Éireann fén Acht so leagfar é láithreach fé bhráid Dháil Éireann, agus má dhineann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche is túisce 'na suidhfe sí tar éis an t-ordú san do leaga fé n-a bráid rún do rith á éileamh go n-athghairmfear an t-ordú san, déanfar an t-ordú san d'athghairm agus do chur ar ceal dá réir, ach ní dhéanfaidh san dochar d'éifeacht éinní a dineadh roimhis sin fén ordú san.

[EN]

Boga aí an oblagáid shicréideachta.

5.—An oblagáid shicréideachta a horduítear le haon achtachán maidir le haon cháin le n-a mbainfidh ordú a dhéanfaidh Seanascal Shaorstáit Éireann fén Acht so ní choiscfe sí eolas do thabhairt d'aon oifigeach údaruithe den Rialtas Briotáineach ar pé dátáin a bheidh riachtanach chun a chumasú go dtabharfar faoiseamh go cuibhe do réir na socruithe a daingneofar leis an ordú san.

[EN]

Gearr-Theideal.

6.—Féadfar Acht na gCánach Dúbalta (Faoiseamh), 1923, do ghairm den Acht so.