Uimhir 8 de 1925.
[EN]
ACHT UM AM SAMHRAIDH, 1925.
ACHT CHUN FORÁIL DO DHÉANAMH CHUN GO mBEIDH AN tAM I SAORSTÁT ÉIREANN CHUN TOSAIGH AR AM IARTHAIR NA hEURÓIPE AR FEADH TRÉIMHSE ÁIRITHE DEN BHLIAIN. [2adh Abrán, 1925.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]
Am do chur uair chun tosaigh ar feadh ama shamhraidh.
1.—(1) Beidh an t-am i Saorstát Éireann uair chun tosaigh ar am Iarthair na hEuróipe chun crícheanna generálta ar feadh tréimhse an ama shamhraidh.
[EN](2) In aon chás ina bhfuil tagairt do phonc ama in aon achtachán, ordú i gcomhairle, ordú, rialachán, riail, fo-dhlí, cairt, fógra no scríbhinn ar bith eile, tuigfear, ar feadh tréimhse an ama shamhraidh, fé réir a bhforáltar ina dhiaidh seo, gurb é am dá dtagartar ná an t-am fé mar a socruítear é chun crícheanna generálta leis an Acht so.
[EN](3) Ní dhéanfidh éinní san Acht so cur isteach ar úsáid ama Iarthair na hEuróipe chun crícheanna réalt-eolais, méteoraíochta, no máirnéalachta, ná cur isteach ar léiriú aon scríbhinne ina ndintar luadh no tagairt do phonc ama i dtaobh aon chríche dhíobh san.
[EN]Teoranta tréimhse ama shamhraidh.
2.—Chun críche an Achta so agus fé réir a bhforáltar ina dhiaidh seo anso isé rud é tréimhse an ama shamhraidh ná an tréimhse a thosnóidh ar a dó a chlog, am Iarthair na hEuróipe, ar maidin an chéad lae tar éis an tríú Sathairn i mí an Abráin no, más Domhnach Cásca an lá san, a thosnóidh an uair sin den chéad lá tar éis an dara Sathairn i mí an Abráin, agus a chríochnóidh, i gceachtar den dá chás san, ar a dó a chlog, am Iarthair na hEuróipe, ar maidin an chéad lae tar éis an tríú Sathairn i mí Mheán Fhomhair.
[EN]Comhacht don Aire Dlí agus Cirt chun am samhraidh d'atharú.
3.—(1) Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, aon uair a chífar do go bhfuil sé oiriúnach san a dhéanamh, a ordú, le hordú, nách í an tréimhse a ceaptar, leis an Acht so no le haon ordú a dineadh roimhe sin fén alt so, chun bheith ina tréimhse ama shamhraidh chun críche an Achta so, nách í a bheidh, go generálta no in aon bhlianta no bliain áirithe, ina tréimhse ama shamhraidh chun na críche sin agus, ina hionad san, gur tréimhse éigin eile a luadhfar san ordú san a bheidh, go generálta no sna blianta no sa bhliain áirithe sin (fé mar is gá sa chás), ina tréimhse ama shamhraidh chun críche an Achta so.
[EN](2) Aon ordú a dhéanfidh an tAire Dlí agus Cirt fén alt so ní thiocfa sé i ngníomh mara ndintar no go dtí go ndéanfar é cheadú le rún a rithfidh gach Tigh den Oireachtas, ach nuair a bheidh an t-ordú san ceaduithe amhlaidh beidh éifeacht reachtúil aige mar leasú ar an Acht so.
[EN]Míniú ar am Iarthair na hEuróipe.
4.—San Acht so cialluíonn an focal “am Iarthair na hEuróipe” meadhon-am Greenwich.
[EN]Gearr-theideal.
5.—Féadfar an tAcht um Am Samhraidh, 1925, do ghairm den Acht so.