[EN]

Uimhir 8 de 1950.


[EN]

AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD AGUS CAOGA AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A hAON CAOGAD AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE ÁIRITHE MAIDIR LE CUNTAS SPEISIALTA CONTRAPHÁIRTEACH AN DEONTAIS MHEIRICEÁNAIGH. [31ú Márta, 1950.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

£6,611,924 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1950.

1.—Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Sé Mhilliún Sé Chéad agus Aon Mhíle Déag Naoi gCéad Fiche agus Cheithre Puint d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad agus caoga.

[EN]

£26,710,660 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1951.

2.—Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Fiche agus Sé Mhilliún Seacht gCéad agus Deich Míle Sé Chéad agus Seasca Punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle gcéad a haon caogad.

[EN]

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £33,322,584 d'fhail ar iasacht.

3.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Tríocha agus Trí Mhilliún Trí Chéad Fiche agus Dhá Mhíle Chúig Céad Ochtó agus Cheithre Puint d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.

[EN]

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint.

[EN]

(3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis a heiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidiúnais do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Príomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

[EN]

Cuntas Speisialta Contrapháirteach an Deontais Mheiriceánaigh.

4.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “an Comhaontú” an Comhaontú um Chomhar Eacnamaíochta idir Éire agus Stáit Aontaithe Mheirice dar dáta an 28ú lá de Mheitheamh, 1948;

[EN]

ciallaíonn an abairt “cúnamh deontais” an cúnamh faoi ghné deontais dá dtagartar sa Chomhaontú;

[EN]

ciallaíonn an abairt “an Rialtas Meiriceánach” Rialtas Stát Aontaithe Mheirice;

[EN]

ciallaíonn an abairt “an Cuntas Speisialta” Cuntas Speisialta Contrapháirteach an Deontais Mheiriceánaigh a bhunaigh an tAire Airgeadais roimh an Acht seo a rith i mBanc Ceannais na hÉireann de bhun Airteagail IV den Chomhaontú.

[EN]

(2) Daingnítear leis seo bunú an Chuntais Speisialta.

[EN]

(3) Íocfar isteach sa Chuntas Speisialta, in airgead reatha Éireannach, cothrom aon chúnaimh deontais a bhéarfas an Rialtas Meiriceánach.

[EN]

(4) Íocfar leis an Rialtas Meiriceánach as an gCuntas Speisialta na méideanna a cheanglas an Comhaontú a chur ar fáil don Rialtas sin as an gCuntas Speisialta.

[EN]

(5) Íocfar isteach sa Stát-Chiste as an gCuntas Speisialta na méideanna a theastós chun íoctha caiteachais ar na cuspóirí ar a gcomhaontófar ó am go ham leis an Rialtas Meiriceánach.

[EN]

(6) Ullmhófar cuntas ar an gCuntas Speisialta in aghaidh gach bliana airgeadais agus iniúchfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste é agus leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

(7) Chun críocha fo-alt (3), (4) agus (6) den alt seo beidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an gCuntas Speisialta amhail is dá mbeadh sé rite roimh an gCuntas Speisialta a bhunú agus deighleálfar dá réir sin le headarbhearta a rinneadh roimh an Acht seo a rith maidir leis an gCuntas Speisialta.

[EN]

Gearrtheideal.

5.—Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1950, a ghairm den Acht seo.