Uimhir 8 de 1951.
AN tACHT OIFIGEACH CÚIRTE, 1951.
[An tiontó oifigiúil.]
Mínithe.
Acht 1945.
an Príomh-Acht.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn an abairt “Acht 1945” an tAcht Oifigeach Cúirte, 1945 (Uimh. 25 de 1945);
ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Oifigeach Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926).
Cláraitheoir contae do thabhairt suas táillí airithe.
2.—(1) I gcás cumhachta, dualgais, údaráis, cirt agus oblagáidí fo-shirriaim chontae nó chontae-bhuirge a bheith arna n-aistriú, de bhuaidh ailt 54 den Phríomh-Acht, chun cláraitheora chontae, ansin, d'ainneoin aon ní san alt sin, déanfaidh an cláraitheoir contae sin na táillí go léir a gheobhas sé faoi aon ordú arna dhéanamh faoi alt 14 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926), a thabhairt suas don Stát-Chiste.
(2) Measfar an t-alt seo a theacht i ngníomh an lú lá de Mheán Fómhair, 1926, agus beidh éifeacht aige amhail ar an dáta sin agus ón dáta sin.
Deimhnithe stát-sheirbhíse a dheonadh do chléirigh chúirte dúiche láithreacha áirithe agus aiscí a dheonadh do chléirigh chúirte dúiche láithreacha áirithe.
3.—(1) Baineann an t-alt seo—
(a) le duine a bheas, ar dháta an Achta seo a rith, ar fostú ar feadh a chuid ama go léir mar chléireach cúirte dúiche agus nach ndearnadh i leith a phoist mar chléireach cúirte dúiche deimhniú cáilitheachta a dheonadh roimh an dáta sin,
(b) le duine a bheas, ar an dáta sin, ar fostú ar feadh coda dá am mar chléireach cúirte dúiche agus a thiocfas chun bheith ar fostú ar feadh a chuid ama go léir mar chléireach cúirte dúiche.
(2) (a) Féadfaidh Coimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, ar mholadh an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, deimhniú cáilitheachta i leith a phoist mar chléireach cúirte dúiche a dheonadh do dhuine ar bith lena mbaineann an t-alt seo.
(b) Aon deimhniú cáilitheachta a deonfar faoi mhír (a) den fho-alt seo, féadfar, le toiliú an Aire Airgeadais, a shainrá ann go bhfuil éifeacht aige ó dháta roimh dháta a dheonta agus, má bhíonn sainráite amhlaidh i ndeimhniú cáilitheachta go bhfuil éifeacht aige ó dháta roimh dháta a dheonta, measfar an duine dá ndeonfar an deimhniú a bheith arna íoc as airgead a sholáthraigh an tOireachtas do réir bhrí ailt 17 den Superannuation Act, 1859, amhail ón dáta a mbeidh sainráite sa deimhniú éifeacht a bheith aige uaidh.
(3) Duine ar bith lena mbaineann an t-alt seo agus nach ndéanfar, ar chúis ar bith, deimhniú cáilitheachta i leith a phoist mar chléireach cúirte dúiche a dheonadh dhó faoi fho-alt (2) den alt seo nó ar shlí eile roimh é d'urscaoileadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, aisce de pé méid (nach mó ná dhá oiread a thuarastail agus a shochar oifige ar feadh na bliana deiridh dá fhostaíocht) is cuí leis an Aire Airgeadais a dheonadh don duine sin ar é d'urscaoileadh.
Ionadaithe do chléirigh chúirte dúiche.
4.—(1) I gcás aon chléireach cúirte dúiche a bheith as láthair go sealadach nó a bheith faoi éagumas sealadach nó i gcás oifig chléirigh chúirte dúiche d'aon cheantar cúirte dúiche a bheith folamh, féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, ionadaí a cheapadh chun oifig an chléirigh chúirte dúiche sin a chomhlíonadh an fhaid a mhairfeas an neamhláithreacht, an t-éagumas nó an folúntas sin, agus aon duine a ceapfar amhlaidh sealbhóidh sé an oifig sin ar pé coinníollacha a chinnfeas an tAire Airgeadais ó am go ham tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.
(2) Faid a mhairfeas ceapachán ionadaí a ceapfar faoin alt seo, sealbhóidh agus feidhmeoidh sé cumhachta agus údaráis uile, agus comhlíonfaidh sé dualgais agus feidhmeanna uile, an chléirigh chúirte dúiche darb ionadaí é.
Clárlanna probháide ceantair.
5.—(1) Measfar, chun críocha ailt 9 d'Acht 1945, gur oifig a ghabhas leis an Ard-Chúirt gach clárlann phrobháide cheantair.
(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 26ú lá d'Iúil, 1926, agus beidh éifeacht aige amhail ar an dáta sin agus ón dáta sin.
Alt 12 d'Acht 1945 a leasú.
6.—(1) (a) In alt 12 d'Acht 1945, cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (4)—
“(4) I gcás ordú a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath sar a scoirfidh an duine a bheas i seilbh oifige ar dháta an Achta seo a rith mar fho-shirriam do chontae Bhaile Atha Cliath de bheith i seilbh na hoifige sin, ní chuirfidh déanamh an orduithe sin isteach ar oibriú fo-ailt (3) d'alt 23 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) ná fo-ailt (2) d'alt 9 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath) (Leasú), 1940 (Uimh. 21 de 1940), ach, nuair a bheas feidhm á tabhairt do na forála sin faoi seach ar an duine sin a scor de bheith i seilbh na hoifige sin, cuirfear an focal ‘sirriam’ in ionad an an fhocail ‘fo-shirriam’—
(a) i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (3) den alt sin 23, agus
(b) i bhfo-alt (2) den alt sin 9 san áit deiridh a bhfuil an focal ‘fo-shirriam’ ann.”
(b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an 26ú lá d'Iúil, 1945, agus beidh éifeacht aige amhail ar an dáta sin agus ón dáta sin.
(2) D'ainneoin míre (b) d'fho-alt (6) d'alt 12 d'Acht 1945, is dhá bhliain seachtód an aois chun scor de bheith i seilbh oifige sirriaim i gcás an duine a bheas i seilbh oifige sirriaim do chontaebhuirg Bhaile Atha Cliath ar dháta an Achta seo a rith.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
7.—(1) Féadfar an tAcht Oifigeach Cúirte, 1951, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Oifigeach Cúirte, 1926 go 1951, a ghairm de na hAchta Oifigeach Cúirte, 1926 go 1945, agus den Acht seo le chéile.
(3) Déanfar na hAchta Oifigeach Cúirte, 1926 go 1945, agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.