Uimhir 8 de 1965.
ACHT BAINISTÍ CHATHAIR CHORCAÍ (LEASÚ), 1965
[An tiontú oifigiúil.]
[29 Meitheamh, 1965.]
Lion comhaltaí Chomhairle chontae-bhuirg Chorcaí.
1.—Beidh ar Chomhairle chontae-bhuirg Chorcaí, an chéad ghnáthlá scortha comhaltaí di tar éis an tAcht seo a rith agus i ndiaidh an lae sin, aon chomhalta is tríocha agus dá réir sin toghfar an líon sin comhaltaí i ngach toghchán comhaltaí don Chomhairle sin a bheidh ann tar éis an tAcht seo a rith.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar Acht Bainistí Chathair Chorcaí (Leasú), 1965, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1965, a ghairm d'Achta Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 go 1955, agus den Acht seo le chéile.