Uimhir 8 de 1975
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (SOCHAR PÁ-CHOIBHNEASA), 1975
[An tiontú oifigiúil]
[31 Bealtaine, 1975]
“An Príomh-Acht”.
1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973.
Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.
2.—Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) In aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta ní bheidh duine i dteideal sochair phá-choibhneasa i leith aon lae éagumais chun oibre tar éis an dá chéad tríocha is seachtú lá éagumais chun oibre sa tréimhse sin ná i leith aon lae dífhostaíochta tar éis an dá chéad tríocha is seachtú lá dífhostaíochta sa tréimhse sin.”, agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974):
“(4) Nuair a bheifear á ríomh chun críocha an Achta seo an raibh duine éagumasach chun oibre ar feadh uimhir shonraithe laethanta nó dífhostaithe ar feadh uimhir shonraithe laethanta i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta, ní chuirfear i gcuntas—
(a) aon lá éagumais chun oibre sa tréimhse sin nár íocadh sochar míchumais, liúntas máithreachais ná sochar díobhála ina leith leis an duine, cé is moite de lá lena mbaineann alt 15 (2) d'Acht 1952, ná
(b) aon lá dífhostaíochta sa tréimhse sin nár íocadh sochar dífhostaíochta ina leith leis an duine sin, cé is moite de lá lena mbaineann an t-alt sin 15 (2).”.
Ráta sochair pháchoibhneasa.
3.—Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 4 den Phríomh-Acht:
“4. Is é an ráta seachtainiúil sochair phá-choibhneasa is iníoctha le duine in aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta méid is comhionann—
(a) i leith aon choda den tréimhse sin suas go dtí an céad caoga is naoú lá éagumais chun oibre agus an lá sin a áireamh, nó i leith aon choda den tréimhse sin suas go dtí an céad caoga is naoú lá dífhostaíochta agus an lá sin a áireamh, le daichead faoin gcéad, agus
(b) i leith aon choda den tréimhse sin ar an gcéad is seascadú lá éagumais chun oibre agus ón lá sin amach, nó i leith aon choda den tréimhse sin ar an gcéad is seascadú lá dífhostaíochta agus ón lá sin amach, le tríocha faoin gcéad,
den chuid sin (más aon chuid í) dá thuillimh ináirimh sheachtainiúla in aghaidh na bliana cánach ioncaim iomchuí a théann thar £14 ach nach dtéann thar an teorainn sin a bheidh forordaithe de thuras na huaire, faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe chun méid iomlán an tsochair is iníoctha faoi na hAchtanna leis an duine i leith aon seachtaine a shrianadh faoi threoir na dtuilleamh sin.”.
Foráil idirlinne.
4.—(1) D'ainneoin forálacha fho-alt (2) d'alt 3 den Phríomh-Acht ach faoi réir forálacha fho-alt (1) den alt sin, i gcás ina bhfuair duine, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaigh roimh thosach feidhme an Achta seo, sochar pá-choibhneasa roimh an tosach feidhme sin agus go raibh 159 lá ar a laghad éagumais chun oibre aige, beidh sé i dteideal sochair phá-choibhneasa i leith gach lá, suas go dtí 78 lá ar a mhéid, éagumais chun oibre a tharla tar éis an tosach feidhme sin ach roimh an trí chéad is séú lá dhéag éagumais chun oibre sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin.
(2) D'ainneoin forálacha fho-alt (2) d'alt 3 den Phríomh-Acht ach faoi réir forálacha fho-alt (1) den alt sin, i gcás ina bhfuair duine, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaigh roimh thosach feidhme an Achta seo, sochar pá-choibhneasa roimh an tosach feidhme sin agus go raibh 159 lá ar a laghad dífhostaíochta aige, beidh sé i dteideal sochair phá-choibhneasa i leith gach lá, suas go dtí 78 lá ar a mhéid, dífhostaíochta a tharla tar éis an tosach feidhme sin ach roimh an trí chéad is séú lá dhéag dífhostaíochta sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin.
Cumhacht ré sochair pháchoibhneasa a fhadú.
5.—(1) Féadfaidh an tAire, aon uair is cuí leis, le toiliú an Aire Airgeadais, le hordú—
(a) aon uimhir laethanta nach mó ná 78 lá a chur leis an uimhir laethanta éagumais chun oibre agus leis an uimhir laethanta dífhostaíochta a bhfuil duine i dteideal sochair phá-choibhneasa ina leith; agus
(b) an ráta seachtainiúil a shonrú ar dá réir a bheidh sochar páchoibhneasa iníoctha i leith na laethanta a bhfuil sé iníoctha ina leith de bhua an ordaithe:
Ar choinníoll, áfach, nach mbeidh in aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta teideal ag duine de bhua ordú faoin alt seo chun sochair phá-choibhneasa i leith aon lae éagumais chun oibre tar éis an trí chéad is cúigiú lá dhéag éagumais chun oibre sa tréimhse sin ná i leith aon lae dífhostaíochta tar éis an trí chéad is cúigiú lá dhéag dífhostaíochta sa tréimhse sin.
(2) Leagfar ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.
6.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1975, a ghairm den Acht seo agus forléireofar é féin agus na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1975, mar aon ní amháin.
(2) Aireofar an tAcht seo sa chomhlua “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1975”.
(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.