Uimhir 8 de 1988
ACHT NA SEAMLAS, 1988
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | Neamhfheidhm forálacha áirithe maidir le seamlais agus cnioglanna. |
6. |
Seamlais
7. | |
8. | |
9. | |
10. | |
11. | |
12. | |
13. | |
14. | |
15. | |
16. | Achomharc i gcoinne ceadúnas seamlais a dhiúltú nó a chúlghairm. |
17. | |
18. | |
19. | |
20. |
Cnioglanna
21. | |
22. | Toirmeasc ar tháirgí cnioglainne a dhíol lena gcaitheamh ag an duine. |
23. | |
24. | |
25. | |
26. | |
27. | |
28. | |
29. | |
30. | |
31. | Achomharc i gcoinne ceadúnas cnioglainne a dhiúltú nó a chúlghairm. |
32. | |
33. | |
34. |
Rialú Tréidliachta agus Sláinteachas
Táillí
44. | Táillí is iníoctha maidir le hainmhithe a mharaítear i seamlas. |
45. | |
46. |
Achtanna Áirithe a Leasú
47. | |
48. | |
49. | |
50. | |
51. | |
52. |
Ilghnéitheach
53. | |
54. | |
55. | |
56. | |
57. | |
58. | |
59. | |
60. | |
61. | Rialacháin i ndáil le háitribh a úsáidtear mar sheamlais nó mar chnioglanna. |
62. | |
63. | |
64. | Dualgas údaráis áitiúil i ndáil leis an Acht agus le Rialacháin. |
65. | |
66. | |
67. | Neamhfheidhm an Achta Sláinte, 1947 agus na Rialachán Sláinteachais Bhídh, 1950. |
Na hAchtanna a Aisghairtear.
Pionóis a Mhéadú — An tAcht um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935.
Pionóis a Mhéadú — An tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930.
Pionóis a Mhéadú — An tAcht Muc agus Bagúin, 1935.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 go 1938 | |
Cork Improvement Act, 1852 | 15 & 16 Vict. c. cxliii |
Cork Improvement Act, 1868 | 31 & 32 Vict. c. xxxiii |
Dalkey Township Act, 1867 | 30 & 31 Vict. c. cxxxiv |
Dublin Cattle Market Act, 1862 | 25 & 26 Vict. c. clv |
Dublin Corporation Act, 1890 | 53 & 54 Vict. c. ccxlvi |
Dublin General Markets Act, 1861 | 24 & 25 Vict. c. ccxxxviii |
Dublin Improvement Act, 1849 | 12 & 13 Vict. c. 97 |
Dublin Improvement Acts Amendment Act, 1864 | 27 & 28 Vict. c. cccv |
Kilkenny Markets Act, 1861 | 24 & 25 Vict. c. xlix |
Limerick Improvement Act, 1853 | 16 & 17 Vict. c. cxciv |
Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964 | |
Markets and Fairs Clauses Act, 1847 | 10 & 11 Vict. c. 14 |
Na hAchta Bainne agus Déirithe, 1935 agus 1956 | |
Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 | 14 & 15 Vict. c. 93 |
Na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1961 | |
Protection of Animals Act, 1911 | 1 & 2 Geo. 5 c. 27 |
Public Health (Ireland) Act, 1878 | 41 & 42 Vict. c. 52 |
Public Health Acts Amendment Act, 1890 | 53 & 54 Vict. c. 59 |
Public Health (Ireland) Act, 1911 | 1 & 2 Geo. 5 c. 12 |
Public Offices Fees Act, 1879 | 42 & 43 Vict. c. 58 |
Sligo Borough Improvement Act, 1869 | 32 & 33 Vict. c. cxlvii |
Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851 | 14 & 15 Vict. c. 92 |
Town Police Clauses Act, 1847 | 10 & 11 Vict. c. 89 |
Towns Improvement Clauses Act, 1847 | 10 & 11 Vict. c. 34 |
Towns Improvement (Ireland) Act, 1854 | 17 & 18 Vict. c. 103 |
Uimhir 8 de 1988
ACHT NA SEAMLAS, 1988
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal, tosach feidhme, forléiriú agus comhlua.
1.—(1) Féadfar Acht na Seamlas, 1988, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo nó aon fhoráil shonraithe den Acht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire, le hordú.
(3) Déanfar an tAcht um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935, agus alt 47 den Acht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Ainmhithe a Mharú, 1935, agus 1988, a ghairm díobh le chéile.
(4) Déanfar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 go 1938, agus ailt 43 agus 48 den Acht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Toradh Talmhaíochta (Feoil Úr), 1930 go 1988, a ghairm díobh le chéile.
(5) Déanfar na hAchta Bainne agus Déirithe, 1935 agus 1956, agus alt 49 den Acht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Bainne agus Déirithe, 1935 go 1988, a ghairm díobh le chéile.
(6) Déanfar na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1961, agus ailt 43 agus 50 den Acht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1988, a ghairm díobh le chéile.
(7) Déanfar an tAcht um Ghalair Bhólachta (Tobhaigh), 1979, agus alt 51 den Acht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Ghalair Bhólachta (Tobhaigh), 1979 agus 1988, a ghairm díobh le chéile.
(8) Déanfar an tAcht um an gCóras Beostoic agus Feola, 1979, agus alt 52 den Acht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um an gCóras Beostoic agus Feola, 1979 agus 1988, a ghairm díobh le chéile.
Léiriú
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “seamlas” aon áitreabh a úsáidtear chun ainmhithe a mharú nó i ndáil lena marú ar ainmhithe iad a bhfuil a gcuid feola le caitheamh ag an duine agus folaíonn sé broitheach ach ní fholaíonn sé áit atá suite ar fheirm, seachas áit dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, a úsáidtear ó am go ham chun muc a mharú nó chun ainmhí a mharú a gortaíodh trí thimpiste agus ar gá é a mharú ionas nach mbeidh sé ag fulaingt agus más rud é—
(a) go gcothaíonn áititheoir na feirme an mhuc sin nó an t-ainmhí gortaithe sin ar an bhfeirm sin chun críocha feirmeoireachta, agus
(b) nach bhfuil feoil na muice sin ná an ainmhí ghortaithe sin le caitheamh ach amháin ag na daoine a chónaíonn ar an bhfeirm sin:
Ar choinníoll, chun críocha an Achta seo, gur ar an duine arbh é an cruthú sin a leas, a bheidh sé a chruthú—
(i) gur comhlíonadh na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) agus (b) den mhíniú seo, nó
(ii) gur ainmhí a gortaíodh trí thimpiste aon ainmhí (seachas muc) a maraíodh;
ciallaíonn “ceadúnas seamlais” ceadúnas arna eisiúint faoi alt 9 den Acht seo;
ciallaíonn “ainmhí” eallach, caoirigh, muca, gabhair, capaill agus gach each-ainmhí eile;
tá le “táille chuí” an bhrí a shanntar dó le halt 10 den Acht seo;
ciallaíonn “oifigeach údaraithe” oifigeach don Aire nó oifigeach d'údarás áitiúil arna cheapadh chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo;
ciallaíonn “conablach” corp iomlán ainmhí mharaithe tar éis an méid seo a leanas a dhéanamh—
(a) an fhuil a bhaint as agus é a dhí-inniú, agus
(b) na baill a bhaint de ag an gcarpas agus ag an tarsas, agus
(c) an ceann, an t-eireaball agus an t-úth a bhaint de,
agus, i gcás eallaigh, caorach, gabhar, capall agus gach each-ainmhí eile, tar éis feannadh;
ciallaíonn “marc sláinte” an marc a chuirtear de bhun alt 40 den Acht seo;
ciallaíonn “cnioglann” aon áitreabh a úsáidtear chun ainmhithe nó codanna d'ainmhithe nach bhfuil le caitheamh ag an duine a bhailiú, a sheachadadh, a sholáthar, a mharú, a stóráil, a fheannadh nó a ghearradh suas agus aon áitreabh a úsáidtear i ndáil leis an gcéanna agus folóidh “cnioglann” aon áitreabh a úsáidtear—
(a) mar chniog-chlós, nó
(b) chun ainmhithe marbha, nó codanna d'ainmhithe marbha, a ghearradh suas le díol mar bheatha do mhadraí nó do pheataí, nó
(c) mar chonchróite mar a dtugtar ainmhithe marbha nó codanna díobh mar bheatha do chúnna, nó
(d) mar iosta bailithe d'ainmhithe marbha, nó
(e) chun seithí a bhaint d'ainmhithe,
ach ní fholóidh sé áitreabh a úsáidtear go heisiach mar ghléasra feola
agus min chnáimhe nó mar ghléasra gléleáite nó mar ghléasra feola agus min chnáimhe agus mar ghléasra gléleáite araon, ná áitreabh atá cláraithe faoi na hOrduithe um Ghalair Ainmhithe (Braicheas a Thabhairt mar Bheatha agus a Úsáid), 1985 agus 1987;
ciallaíonn “ceadúnas cnioglainne” ceadúnas arna eisiúint faoi alt 24 den Acht seo;
ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas seamlais nó ceadúnas cnioglainne, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;
ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle chontae nó bardas contaebhuirge;
ciallaíonn “feoil” aon chuid d'ainmhí lena n-áirítear fuil, a úsáidtear, nó is féidir a úsáid, mar bhia le caitheamh ag an duine;
ciallaíonn “Aire” an tAire Talmhaíochta agus Bia;
ciallaíonn “scairteach” gach cuid d'ainmhí maraithe, seachas an conablach;
folaíonn “áitreabh” talamh, bíodh déanmhais ar an talamh nó ná bíodh;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le Rialacháin agus forléireofar “forordaigh” dá réir sin;
tá le “údarás sláintíochta” an bhrí atá sonraithe in alt 37 den Acht seo;
folaíonn “díol” tairiscint (lena n-áirítear tairiscint saor in aisce), taisealbhadh nó coimeád le haghaidh díola, tairiscint a iarraidh chun ceannaithe, nó dáileadh ar luach saothair agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;
ciallaíonn “Rialacháin um scrúdú tréidliachta” Rialacháin faoi alt 39 den Acht seo;
ciallaíonn “cigire tréidliachta” duine is tréidlia agus a gceapfaidh an tAire nó údarás áitiúil é chun bheith ina chigire tréidliachta chun críocha an Achta seo;
ciallaíonn “tréidlia” aon duine atá cáilithe go dleathach chun tréidliacht a chleachtadh sa Stát;
ciallaíonn “ionathar” scairteach ó na cuasa tóracsacha, abdómanacha agus peilbheacha (lena n-áirítear an traicé agus an t-éasafagas).
(2) Chun críocha an Achta seo, measfar gur seamlas aon áit a úsáidtear chun ainmhithe a mharú agus atá suite ar fheirm a ghabhann le hóstlann, teach aíochta, scoil, ospidéal, teach banaltrais nó foras eile.
(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, leasú a dhéanamh, chun gach ceann nó chun aon cheann de chríocha an Achta seo—
(a) ar an míniú ar “ainmhí”, chun cibé ainmhí nó éanlaith eile a mheasfaidh sé is gá, a thabhairt faoi fheidhm an Achta seo nó faoi aon fhoráil dá chuid, nó
(b) ar an míniú ar “ainmhí”, chun cibé ainmhí nó éanlaith a mheasfaidh sé is gá, a eisiamh ó fheidhm an Achta seo nó ó aon fhoráil dá chuid, nó
(c) ar an míniú ar “seamlas” nó ar “cnioglann”, chun cibé áitreabh eile a mheasfaidh sé is gá, a thabhairt faoi fheidhm an Achta seo nó faoi aon fhoráil dá chuid, nó
(d) ar an míniú ar “seamlas” nó ar “cnioglann” chun cibé cineál áitribh a mheasfaidh sé is gá, a eisiamh ó fheidhm an Achta seo nó ó aon fhoráil dá chuid.
(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a bheidh déanta faoin alt seo (lena n-aírítear an fo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.
Aisghairm.
3.—(1) Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún sa Chuid sin den Sceideal sin.
(2) Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún sa Chuid sin den Sceideal sin.
(3) Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún sa Chuid sin den Sceideal sin.
Neamhfheidhm an Achta.
4.—Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le háitreabh—
(a) atá ceadúnaithe faoi na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1961, nó
(b) atá cláraithe faoi na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 go 1938, agus atá á áitiú de thuras na huaire ag duine a bhfuil ceadúnas ar seilbh aige faoi na hAchtanna sin.
Neamhfheidhm forálacha áirithe maidir le seamlais agus cnioglanna.
5.—Ní bheidh feidhm maidir le seamlas ná cnioglann lena mbaineann an tAcht seo ag na forálacha seo a leanas—
(a) alt 50 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854,
(b) ailt 16, 27 agus 28 den Dublin General Markets Act, 1861,
(c) alt 16 den Dublin Cattle Market Act, 1862,
(d) alt 144 den Cork Improvement Act, 1868,
(e) ailt 124 (4) agus (5) den Sligo Borough Improvement Act, 1869,
(f) ailt 128 go 131 den Public Health (Ireland) Act, 1878, agus
(g) alt 104 den Dublin Corporation Act, 1890.
Caiteachais.
6.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
CUID II
Seamlais
Léiriú (Cuid II).
7.—Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an clár” an clár ceadúnas seamlais a bhunófar de bhun alt 12 den Acht seo.
Toirmeasc ar áitreabh a úsáid mar sheamlas.
8.—(1) Ní dhéanfaidh áititheoir aon áitribh an t-áitreabh sin a úsáid, ná ní cheadóidh sé an t-áitreabh sin a úsáid, mar sheamlas mura sealbhóir é ar cheadúnas (dá ngairtear “ceadúnas seamlais” san Acht seo) maidir leis an áitreabh sin.
(2) Ní bhainfidh duine nach áititheoir áitribh úsáid as an áitreabh sin mar sheamlas mura sealbhóir ar cheadúnas seamlais maidir leis an áitreabh sin áititheoir an áitribh.
(3) Beidh aon duine a sháróidh forálacha an ailt seo ciontach i gcion.
Ceadúnas seamlais.
9.—(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo agus na Rialachán a dhéanfar faoi, is é an tAire a dheonóidh ceadúnas seamlais agus fanfaidh an ceadúnas i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse nach faide ná 12 mhí a shocróidh an tAire.
(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo agus na Rialachán a dhéanfar faoi, déanfaidh an tAire ceadúnas seamlais a bheidh arna dheonú de bhun fho-alt (1) den alt seo a athnuachan go ceann cibé tréimhse nach faide ná 12 mhí a shocróidh sé.
(3) Féadfaidh an tAire, le Rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil, a fheidhmeanna i ndáil le ceadúnais seamlais a aistriú chuig an údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme atá an seamlas lena mbaineann suite.
(4) D'ainneoin ghinearáltacht fho-alt (3) den alt seo, féadfar le Rialacháin faoin bhfo-alt sin socrú a dhéanamh le haghaidh gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas—
(a) forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le feidhmeanna a aistriú chuig údaráis áitiúla éagsúla nó chuig aicmí éagsúla údarás áitiúil;
(b) aon fheidhm, a aistríodh roimhe sin le Rialacháin faoin bhfo-alt sin chuig údarás áitiúil, a tharraingt siar ón údarás áitiúil sin aon uair a mheasann an tAire gur gá déanamh amhlaidh;
(c) gach táille i ndáil le ceadúnais seamlais a bhaineann le haon seamlas ina limistéar feidhme a íoc le húdarás áitiúil a n-aistrítear feidhm chuige.
(5) Aon uair a bheartóidh an tAire Rialacháin a dhéanamh de bhun fho-alt (3) den alt seo, ní dhéanfar na Rialacháin go dtí go mbeidh dréacht de na Rialacháin leagtha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
Iarratas ar cheadúnas seamlais.
10.—(1) Is i cibé foirm a chinnfidh an tAire a bheidh gach iarratas ar cheadúnas seamlais a dheonú nó a athnuachan agus beidh an táille chuí ag gabháil leis.
(2) Is le haon áitreabh amháin a bhainfidh gach iarratas ar cheadúnas seamlais a dheonú nó a athnuachan.
(3) I gcás go ndéanfar iarratas de bhun an ailt seo ar cheadúnas seamlais a dheonú nó a athnuachan, cuirfidh an tAire faoi deara, sula mbreithneoidh sé an t-iarratas, go ndéanfar an t-áitreabh lena mbaineann an t-iarratas a iniúchadh ag oifigeach údaraithe don Aire.
(4) Ní bhreithneoidh an tAire iarratas ar cheadúnas seamlais a dheonú nó a athnuachan mura mbeidh an táille chuí ag gabháil leis an iarratas.
(5) I gcás go gcinnfidh an tAire, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar iarratas ar cheadúnas seamlais a dheonú nó a athnuachan, gur chóir an t-iarratas a dhiúltú, déanfar an táille chuí a íocadh maidir leis an iarratas a aisíoc leis an iarratasóir.
(6) Féadfaidh an tAire le Rialacháin méid na táille cuí a athrú.
(7) San Acht seo ciallaíonn “an táille chuí” táille a chinnfear faoi threoir líon na n-ainmhithe a maraíodh sa seamlas lena mbaineann an t-iarratas i rith na bliana féilire díreach roimh dháta an iarratais ar an tslí seo a leanas—
(a) má lú ná 500 an líon ainmhithe a maraíodh sa seamlas sin an bhliain sin, táille £10;
(b) má ba 500 nó ní ba mhó ach má ba lú ná 1,000 an líon ainmhithe a maraíodh sa seamlas sin an bhliain sin, táille £50;
(c) in aon chás eile, táille £100.
Ceadúnas seamlais a dheonú nó a athnuachan.
11.—(1) Déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme atá seamlas suite, más deimhin leis—
(a) gur duine cuí ceart an t-iarratasóir chun ceadúnas seamlais a shealbhú, agus
(b) maidir leis an seamlas lena mbaineann, gur chomhlíon an t-iarratasóir forálacha—
(i) an Achta um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935, agus
(ii) an Achta seo agus na Rialachán a dhéanfar faoi,
ceadúnas seamlais a dheonú nó, de réir mar a bheidh, a athnuachan.
(2) Féadfar coinníoll a bheith i gceadúnas seamlais lena gcuirfear teorainn leis an aicme ainmhithe nó leis an líon ainmhithe is féidir a mharú sa seamlas lena mbaineann an ceadúnas nó i cibé cuid den seamlas sin a shonrófar.
(3) Féadfaidh an tAire uimhir shainiúil nó litir shainiúil, nó uimhir agus litir shainiúil, a shannadh do gach seamlas a ndeonaítear ceadúnas ina leith faoin Acht seo.
Clár ceadúnas seamlais.
12.—(1) Déanfaidh an tAire clár ceadúnas seamlais a bhunú agus a chothabháil (dá ngairtear “an clár” sa Chuid seo den Acht seo) de gach ceadúnas a dheonaigh sé faoin gCuid seo den Acht seo.
(2) Taifeadfar sa chlár—
(a) ainm agus seoladh iomlán shealbhóir an cheadúnais, agus tuairisc iomlán air,
(b) tuairisc chruinn ar shuíomh an tseamlais lena mbaineann an ceadúnas, ar theorainneacha an tseamlais agus ar a mhéid,
(c) dáta eisiúna an cheadúnais agus an dáta a rachaidh sé in éag,
(d) cibé sonraí eile i dtaobh an cheadúnais nó an tseamlais lena mbaineann sé, nó ina leith, a ordóidh an tAire ó am go ham.
(3) Aon uair a athrófar nó a chúlghairfear ceadúnas seamlais, taifeadfar sa chlár cibé sonraí i dtaobh an athraithe nó na cúlghairme, de réir mar a bheidh, a ordóidh an tAire ó am go ham.
(4) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith faoi láimh oifigigh don Aire, is oifigeach a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire, á rá nach bhfuil seamlas a shonraítear sa deimhniú taifeadta sa chlár, beidh sé, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ina fhianaise ar na nithe a dheimhnitear amhlaidh, agus ní gá síniú an oifigigh sin a chruthú, ná a chruthú gurbh oifigeach den sórt sin é ná go raibh sé údaraithe amhlaidh iarbhír.
Ceadúnas seamlais a bheith do-aistrithe.
13.—(1) Ní aistreoidh sealbhóir ar cheadúnas seamlais an ceadúnas chuig aon duine eile agus beidh aon aistriú airbheartaithe den sórt sin ar neamhní agus gan éifeacht.
(2) I gcás go bhfaighidh sealbhóir ar cheadúnas seamlais bás, leanfaidh an ceadúnas de lánfheidhm agus de lánéifeacht a bheith leis chun leas ionadaí pearsanta shealbhóir an cheadúnais, nó de réir mar a bheidh, chun leas a chéile nó aon chomhalta eile dá theaghlach go ceann tréimhse ceithre mhí, nó ar feadh na tréimhse de théarma an cheadúnais nach mbeidh caite an tráth sin, cibé acu is faide, tar éis bhás shealbhóir an cheadúnais agus ansin rachaidh sé in éag.
Ceadúnas seamlais a dhiúltú.
14.—(1) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, nuair is cuí leis déanamh amhlaidh, diúltú d'iarratas ar cheadúnas seamlais a dheonú nó a athnuachan.
(2) Aon uair is cuí leis an Aire diúltú d'iarratas ar cheadúnas seamlais a dheonú nó a athnuachan déanfaidh sé trí fhógra 21 lá ar a laghad a thabhairt i scríbhinn, scéala a chur chuig an iarratasóir go bhfuil rún aige diúltú don iarratas agus cad iad na cúiseanna atá leis sin.
(3) Aon uair a chinnfidh an tAire ar dhiúltú d'iarratas ar cheadúnas seamlais a dheonú nó a athnuachan, déanfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn, scéala a chur chuig an iarratasóir—
(a) maidir lena chinneadh agus na cúiseanna atá leis, agus
(b) maidir leis an teorainn ama ar laistigh di, agus leis an modh ar dá réir, is féidir, de bhun alt 16 den Acht seo, achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin, agus
(c) más rud é, ar an dáta a ndéanfar an t-iarratas sin, go mbeidh an t-áitreabh lena mbaineann an t-iarratas á úsáid mar sheamlas, cibé acu a fhéadfar leanúint den áitreabh sin a úsáid amhlaidh, de réir fhorálacha an Achta seo, nó nach bhféadfar.
Cumhacht an Aire chun ceadúnas seamlais a chúlghairm.
15.—(1) Féadfaidh an tAire, aon tráth, ceadúnas seamlais a chúlghairm más deimhin leis—
(a) gur trí chalaois nó trí mhífhaisnéis a thabhairt (ar shlí chalaoiseach nó neamhurchóideach), a fuarthas an ceadúnas, nó
(b) gur sáraíodh aon fhoráil den Acht seo nó d'aon Rialachán a rinneadh faoi (cibé acu trí ghníomh nó trí neamhghníomh), nó
(c) nár chomhlíon sealbhóir ceadúnais ceanglais fógra a seirbheáladh faoi alt 18 den Acht seo, laistigh de thréimhse réasúnach.
(2) Sula gcúlghairfidh sé ceadúnas seamlais de bhun an ailt seo, déanfaidh an tAire, trí fhógra 21 lá ar a laghad a thabhairt i scríbhinn, scéala a chur chuig sealbhóir an cheadúnais go bhfuil rún aige an ceadúnas a chúlghairm agus cad iad na cúiseanna atá leis sin.
(3) Aon uair a chinnfidh an tAire ar cheadúnas seamlais a chúlghairm de bhun an ailt seo, déanfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn, scéala a chur chuig sealbhóir an cheadúnais—
(a) maidir lena chinneadh agus na cúiseanna atá leis, agus
(b) maidir leis an teorainn ama ar laistigh di, agus leis an modh ar dá réir, is féidir, de bhun alt 16 den Acht seo, achomharc a dhéanamh i gcoinne na cúlghairme sin, agus
(c) a rá cibé acu a fhéadfar leanúint den áitreabh lena mbaineann a úsáid mar sheamlas, de réir fhorálacha an Achta seo, nó nach bhféadfar.
Achomharc i gcoinne ceadúnas seamlais a dhiúltú nó a chúlghairm.
16.—(1) Aon uair a dhiúltóidh an tAire ceadúnas seamlais a dheonú nó a athnuachan, nó a dhéanfaidh sé ceadúnas seamlais a chúlghairm, féadfaidh an t-iarratasóir ar cheadúnas den sórt sin nó sealbhóir an cheadúnais sin, laistigh de 21 lá tar éis an dáta ar seirbheáladh an fógra i dtaobh an diúltaithe nó na cúlghairme, de réir mar a bheidh, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcoinne an diúltaithe nó na cúlghairme sin.
(2) Aon uair a dhiúltóidh an tAire ceadúnas seamlais a dheonú nó a athnuachan nó a dhéanfaidh sé ceadúnas seamlais a chúlghairm maidir le háitreabh a bhí, an tráth a ndearna an tAire a chinneadh, á úsáid go dleathach mar sheamlas, féadfar, más deimhin leis an Aire nach bhfuil sláinte an phobail i mbaol, leanúint den áitreabh a úsáid mar sheamlas—
(a) go dtí go mbeidh an tréimhse chun achomharc a dhéanamh caite, nó
(b) má dhéantar achomharc, go dtí cibé am a luafar an t-achomharc den chéad uair sa Chúirt Chuarda,
agus ina dhiaidh sin ní fhéadfar an t-áitreabh a úsáid amhlaidh ach amháin le cead na Cúirte Cuarda.
(3) Aon uair a leanfar d'áitreabh a úsáid mar sheamlas, de réir fho-alt (2) den alt seo, d'ainneoin gur diúltaíodh nó gur cúlghaireadh ceadúnas seamlas i ndáil leis an áitreabh sin, leanfaidh forálacha na nAchtanna agus na Rialachán seo thíos d'fheidhm a bheith acu maidir leis an áitreabh sin amhail is dá mba sheamlas ceadúnaithe an t-áitreabh sin—
(a) an tAcht seo agus na Rialacháin a dhéanfar faoi,
(c) an tAcht um Ghalair Bhólachta (Tobhaigh), 1979, agus
(4) Ar achomharc faoin alt seo a éisteacht, déanfaidh an Chúirt Chuarda cibé ní is cóir agus is cuí léi ag féachaint d'fhorálacha an Achta seo agus na Rialachán a dhéanfar faoi agus féadfaidh sí—
(a) an t-achomharc a dhíbhe, fara nó d'éagmais costas, nó
(b) an t-achomharc a cheadú, fara costas, agus a ordú don Aire an ceadúnas a dheonú nó a athnuachan, nó an chúlghairm a chur ar ceal,
agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh ón gCúirt Chuarda ar achomharc faoin alt seo ach amháin go mbeidh, le cead na Cúirte sin, ábhar achomhairc ann chun na Cúirte Uachtaraí ar phonc dlí.
(5) Ar achomharc faoin alt seo a éisteacht is ar an duine a bheidh ag déanamh an achomhairc a bheidh sé a shuíomh gur comhlíonadh forálacha an Achta seo i ndáil le deonú, athnuachan nó leanúint i bhfeidhm an cheadúnais.
Cead a bhaineann le seamlas.
17.—(1) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, i gcás go mbeidh imthosca faoi leith i gceist, i dtuairim an Aire, agus gur réasúnach leis déanamh amhlaidh, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme atá seamlas suite, in ionad ceadúnas seamlais a dheonú i ndáil le haon áitreabh, cead a dheonú do dhuine an t-áitreabh a oibriú mar sheamlas go ceann cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa chead agus féadfaidh an tAire cibé coinníollacha a fheictear dó is gá, a chur i gceangal leis an gcead sin.
(2) Tar éis dul in éag don tréimhse a bheidh sonraithe i gcead a dheonófar faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, má mheasann sé gur réasúnach déanamh amhlaidh, an cead a athnuachan go ceann cibé tréimhse breise a bheidh sonraithe sa chead athnuaite.
(3) Aon chead a dheonófar nó a athnuafar faoin alt seo beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna leis, ar feadh a thréimhse bailíochta, atá le ceadúnas seamlais faoin Acht seo, agus na forálacha de chuid an Achta seo (seachas alt 16 den Acht seo) a bhaineann le ceadúnais seamlais, beidh feidhm acu maidir le cead a dheonófar faoin Alt seo.
(4) Ní dhéanfaidh an tAire cead a dheonú nó a athnuachan faoin alt seo mura mbeidh an táille chuí íoctha i dtosach ag an iarratasóir leis an Aire ionann is dá mba cheadúnas seamlais an cead.
(5) Ní dheonófar cead faoin alt seo i leith áitribh mura rud é, maidir leis an áitreabh—
(a) gur mar sheamlas a tógadh é nó gur oiriúnaíodh é lena úsáid, nó gur úsáideadh é, mar sheamlas tráth thosach feidhme an ailt seo nó roimhe, agus
(b) gur féidir, faoi cheann tréimhse réasúnaí, é a atógáil nó a athrú sa chaoi go gcomhlíonfaidh sé ar gach slí ceanglais an Achta seo agus na Rialachán a dhéanfar faoi.
(6) Scoirfidh an t-alt seo d'éifeacht a bheith leis tar éis cúig bliana a bheith caite ó thráth a thosach feidhme.
Seamlas a fhionraí.
18.—(1) Aon uair is dóigh le hoifigeach údaraithe, i ndáil le seamlas, go bhfuil gar-chontúirt mhór ann—
(a) do shláinte an phobail ag éirí as an gcaoi a ndéantar an seamlas sin a bhainistí nó a chothabháil, nó
(b) gur dócha gur thrúig breoiteachta tromaí é feoil atá sa seamlas sin, agus a bheartaítear a dhíol lena caitheamh ag an duine, a chaitheamh, nó
(c) i gcás feola atá sa seamlas sin agus a bheartaítear a dhíol lena caitheamh ag an duine, go bhfuil sí, nó go dtiocfadh go mbeadh sí, neamhoiriúnach lena caitheamh ag an duine de bhua neamhchomhlíonadh fhorálacha an Achta seo nó Rialachán a dhéanfar faoi,
féadfaidh an t-oifigeach údaraithe fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar shealbhóir an cheadúnais seamlais i ndáil leis an seamlas sin nó ar an duine a fheictear dó a bheith, de thuras na huaire, i bhfeighil an tseamlais sin, ar fógra é a cheanglóidh—
(i) an seamlas sin, nó cuid de, a dhúnadh láithreach, nó
(ii) scor láithreach d'ainmhithe a mharú nó d'fheoil a ullmhú sa seamlas sin,
agus féadfar a shonrú san fhógra cé na bearta ba chóir a ghlacadh nó cé na nithe ba chóir a dhéanamh sula n-athosclófar an seamlas sin nó cuid de, de réir mar a bheidh, nó sula n-atosófar ar ainmhithe a mharú nó ar fheoil a ullmhú sa seamlas sin.
(2) Déanfaidh duine a seirbheálfar fógra air faoi fho-alt (1) den alt seo téarmaí an fhógra a chomhlíonadh láithreach.
(3) Beidh aon duine nach gcomhlíonfaidh téarmaí fógra faoi fho-alt (1) den alt seo ciontach i gcion.
(4) Féadfaidh oifigeach údaraithe fógra a sheirbheáil sé faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm tráth ar bith.
(5) Ní fhorléireofar seirbheáil fógra faoi fho-alt (1) den alt seo mar ní a dhéanann difear in aon slí d'aon imeachtaí ina líomhnaítear gur sáraíodh aon fhoráil den Acht seo nó de Rialacháin faoi, cibé acu a thionscnaítear na himeachtaí sin roimh an bhfógra a sheirbheáil nó ina dhiaidh.
(6) Aon duine arb éagóir leis fógra faoi fho-alt (1) den alt seo féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche i gcoinne an fhógra.
(7) Ar achomharc a éisteacht faoi fho-alt (6) den alt seo, féadfaidh an Chúirt Dúiche, más cuí léi é, an fógra a chealú nó a dhaingniú agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh na Cúirte Dúiche ar an éisteacht sin ach amháin go mbeidh, le cead na Cúirte sin, ábhar achomhairc ann chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí.
Cumhacht ag údarás áitiúil seamlais phoiblí a chur ar fáil.
19.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil, más mian leis é, seamlais phoiblí a chur ar fáil agus, má chuireann údarás áitiúil aon seamlas poiblí den sórt sin ar fáil, ní chuirfear tús le hoibríochtaí sa seamlas sin mura mbeidh agus go dtí go mbeidh ceadúnas seamlais faighte i dtosach i ndáil leis.
(2) Más rud é, tráth thosach feidhme an Achta seo, go mbeidh comhairle chontae, bardas contaebhuirge nó bardas buirge eile, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile ag ligean broithí phoiblí, a chuir siad ar fáil de bhun alt 105 den Public Health (Ireland) Act, 1878 ar léas nó ar cíos chuig duine nó chuig comhlacht daoine, ní chuirfidh aon ní a bheidh sa léas, nó, de réir mar a bheidh, sa chomhaontú cíosa áirithe aon fhoráil den Acht seo ó bhail ar aon slí ná ní bheidh tosaíocht ag aon ní den sórt sin ar aon fhoráil den sórt sin.
Rialacháin a bhaineann le seamlais.
20.—(1) Féadfaidh an tAire Rialacháin a dhéanamh, i ndáil le seamlais, maidir le haon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas—
(a) glacadh ainmhithe agus an modh ina ndéantar iad a bhailiú, a locadh agus scíth a thabhairt dóibh sula maraítear iad, agus an modh a sriantar iad lena marú;
(b) ní agus díghalrú feithiclí a úsáidtear i ndáil le hainmhithe a iompar chuig seamlais;
(c) na hamanna a bhféadfar marú a dhéanamh;
(d) an modh chun ainmhithe a mharú agus a dhí-inniú agus cóiriú, glanadh, crochadh, fuarú, folúsfhilleadh, stóráil, gearradh suas, próiseáil, meá agus lódáil feola;
(e) ainmhithe, conablaigh, scairteach agus ionathar a choinneáil, a shonrú agus a thíolacadh faoi chomhair iniúchadh ag cigire tréidliachta;
(f) sláinteachas (lena n-áirítear sláinteachas oibríochtúil) agus cothabháil áitreabh agus trealaimh agus sláinteachas agus sláinte na foirne;
(g) scairteach, seithí agus fuíolltáirgí a stóráil agus a dhiúscairt.
(2) Aon duine a sháróidh forálacha Rialachán a dhéanfar faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.
CUID III
Cnioglanna
Léiriú (Cuid III).
21.—Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an clár” an clár ceadúnas cnioglainne a bhunófar de bhun alt 27 den Acht seo.
Toirmeasc ar tháirgí cnioglainne a dhíol lena gcaitheamh ag an duine.
22.—(1) Ní dhéanfaidh duine aon chuid d'ainmhí, nó aon fheoil nó táirge eile a fuarthas go hiomlán nó go páirteach ó ainmhí, a maraíodh nó a gearradh suas i gcnioglann nó a seachadadh ar chnioglann nó a tháinig aisti i dtosach, a dhíol, a thairiscint le díol, a thaisealbhadh le díol nó a bheith aige le díol nó le hullmhú chun díola, lena caitheamh ag an duine.
(2) Beidh aon duine a sháróidh forálacha an ailt seo ciontach i gcion.
Toirmeasc ar áitreabh a úsáid mar chnioglann.
23.—(1) Ní dhéanfaidh áititheoir aon áitribh an t-áitreabh sin a úsáid, ná ní cheadóidh sé an t-áitreabh sin a úsáid, mar chnioglann mura sealbhóir é ar cheadúnas (dá ngairtear “ceadúnas cnioglainne” san Acht seo) maidir leis an áitreabh sin.
(2) Ní bhainfidh duine nach áititheoir áitribh úsáid as an áitreabh sin mar chnioglann mura sealbhóir ar cheadúnas cnioglainne maidir leis an áitreabh sin áititheoir an áitribh.
(3) Beidh aon duine a sháróidh forálacha an ailt seo ciontach i gcion.
Ceadúnas cnioglainne.
24.—(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo agus na Rialachán a dhéanfar faoi, is é an tAire a dheonóidh ceadúnas cnioglainne agus fanfaidh an ceadúnas i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse nach faide ná 12 mhí a shocróidh an tAire.
(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo agus na Rialachán a dhéanfar faoi, déanfaidh an tAire ceadúnas cnioglainne a bheidh arna dheonú de bhun fho-alt (1) den alt seo a athnuachan go ceann cibé tréimhse nach faide ná 12 mhí a shocróidh sé.
(3) Féadfaidh an tAire, le Rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil, a fheidhmeanna i ndáil le ceadúnais chnioglainne a aistriú chuig an údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme atá an chnioglann lena mbaineann suite.
(4) D'ainneoin ghinearáltacht fho-alt (3) den alt seo, féadfar le Rialacháin faoin bhfo-alt sin socrú a dhéanamh le haghaidh gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas—
(a) forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le feidhmeanna a aistriú chuig údaráis áitiúla éagsúla nó chuig aicmí éagsúla údarás áitiúil;
(b) aon fheidhm, a aistríodh roimhe sin le Rialacháin faoin bhfo-alt sin chuig údarás áitiúil, a tharraingt siar ón údarás áitiúil sin aon uair a mheasann an tAire gur gá déanamh amhlaidh;
(c) gach táille i ndáil le ceadúnais chnioglainne a bhaineann le haon chnioglann ina limistéar feidhme a íoc le húdarás áitiúil a n-áistrítear feidhm chuige.
(5) Aon uair a bheartóidh an tAire Rialacháin a dhéanamh de bhun fho-alt (3) den alt seo, ní dhéanfar na Rialacháin go dtí go mbeidh dréacht de na Rialacháin leagtha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
Iarratas ar cheadúnas cnioglainne.
25.—(1) Is i cibé foirm a chinnfidh an tAire a bheidh gach iarratas ar cheadúnas cnioglainne a dheonú nó a athnuachan agus beidh táille £10 ag gabháil leis.
(2) Is le haon áitreabh amháin a bhainfidh gach iarratas ar cheadúnas cnioglainne a dheonú nó a athnuachan.
(3) I gcás go ndéanfar iarratas de bhun an ailt seo ar cheadúnas cnioglainne a dheonú nó a athnuachan, cuirfidh an tAire faoi deara, sula mbreithneoidh sé an t-iarratas, go ndéanfar an t-áitreabh lena mbaineann an t-iarratas a iniúchadh ag oifigeach údaraithe don Aire.
(4) Ní bhreithneoidh an tAire iarratas ar cheadúnas cnioglainne a dheonú nó a athnuachan mura mbeidh an táille a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ag gabháil leis an iarratas.
(5) I gcás go gcinnfidh an tAire, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar iarratas ar cheadúnas cnioglainne a dheonú nó a athnuachan, gur chóir an t-iarratas a dhiúltú, déanfar an táille a íocadh maidir leis an iarratas a aisíoc leis an iarratasóir.
(6) Féadfaidh an tAire le Rialacháin méid na táille a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a athrú.
Ceadúnas cnioglainne a dheonú nó a athnuachan.
26.—Déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme atá cnioglann suite, más deimhin leis—
(a) gur duine cuí ceart an t-iarratasóir chun ceadúnas cnioglainne a shealbhú, agus
(b) maidir leis an gcnioglann lena mbaineann, gur chomhlíon an t-iarratasóir forálacha—
(i) an Achta um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935, agus
(ii) an Achta seo agus na Rialachán a dhéanfar faoi,
ceadúnas cnioglainne a dheonú nó, de réir mar a bheidh, a athnuachan.
Clár ceadúnas cnioglainne.
27.—(1) Déanfaidh an tAire clár ceadúnas cnioglainne a bhunú agus a chothabháil (dá ngairtear “an clár” sa Chuid seo den Acht seo) de gach ceadúnas a dheonaigh sé faoin gCuid seo den Acht seo.
(2) Taifeadfar sa chlár—
(a) ainm agus seoladh iomlán shealbhóir an cheadúnais agus tuairisc iomlán air,
(b) tuairisc chruinn ar shuíomh na cnioglainne lena mbaineann an ceadúnas, ar theorainneacha na cnioglainne agus ar a méid,
(c) dáta eisiúna an cheadúnais agus an dáta a rachaidh sé in éag,
(d) cibé sonraí eile i dtaobh an cheadúnais nó na cnioglainne lena mbaineann sé, nó ina leith, a ordóidh an tAire ó am go ham.
(3) Aon uair a athrófar nó a chúlghairfear ceadúnas cnioglainne, taifeadfar sa chlár cibé sonraí i dtaobh an athraithe nó na cúlghairme, de réir mar a bheidh, a ordóidh an tAire ó am go ham.
(4) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith faoi láimh oifigigh don Aire, is oifigeach a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire, á rá nach bhfuil cnioglann a shonraítear sa deimhniú taifeadta sa chlár, beidh sé, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ina fhianaise ar na nithe a dheimhnítear amhlaidh, agus ní gá síniú an oifigigh sin a chruthú ná a chruthú gurbh oifigeach den sórt sin é ná go raibh sé údaraithe amhlaidh iarbhír.
Ceadúnas cnioglainne a bheith do-aistrithe.
28.—(1) Ní aistreoidh sealbhóir ar cheadúnas cnioglainne an ceadúnas chuig aon duine eile agus beidh aon aistriú airbheartaithe den sórt sin ar neamhní agus gan éifeacht.
(2) I gcás go bhfaighidh sealbhóir ar cheadúnas cnioglainne bás, leanfaidh an ceadúnas de lánfheidhm agus de lánéifeacht a bheith leis chun leas ionadaí pearsanta shealbhóir an cheadúnais, nó de réir mar a bheidh, chun leas a chéile nó aon chomhalta eile dá theaghlach go ceann tréimhse ceithre mhí, nó ar feadh na tréimhse de théarma an cheadúnais nach mbeidh caite an tráth sin, cibé acu is faide, tar éis bhás shealbhóir an cheadúnais agus ansin rachaidh sé in éag.
Ceadúnas cnioglainne a dhiúltú.
29.—(1) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, nuair is cuí leis déanamh amhlaidh, diúltú d'iarratas ar cheadúnas cnioglainne a dheonú nó a athnuachan.
(2) Aon uair is cuí leis an Aire diúltú d'iarratas ar cheadúnas cnioglainne a dheonú nó a athnuachan déanfaidh sé, trí fhógra 21 lá ar a laghad a thabhairt i scríbhinn, scéala a chur chuig an iarratasóir go bhfuil rún aige diúltú don iarratas agus cad iad na cúiseanna atá leis sin.
(3) Aon uair a chinnfidh an tAire ar dhiúltú d'iarratas ar cheadúnas cnioglainne a dheonú nó a athnuachan, déanfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn, scéala a chur chuig an iarratasóir—
(a) maidir lena chinneadh agus na cúiseanna atá leis, agus
(b) maidir leis an teorainn ama ar laistigh di, agus leis an modh ar dá réir, is féidir, de bhun alt 31 den Acht seo, achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin, agus
(c) más rud é, ar an dáta a ndéanfar an t-iarratas sin, go mbeidh an t-áitreabh lena mbaineann an t-iarratas á úsáid mar chnioglann, cibé acu a fhéadfar leanúint den áitreabh sin a úsáid amhlaidh, de réir fhorálacha an Achta seo, nó nach bhféadfar.
Cumhacht an Aire chun ceadúnas cnioglainne a chúlghairm.
30.—(1) Féadfaidh an tAire, aon tráth, ceadúnas cnioglainne a chúlghairm más deimhin leis—
(a) gur trí chalaois nó trí mhífhaisnéis a thabhairt (ar shlí chalaoiseach nó neamhurchóideach) a fuarthas an ceadúnas, nó
(b) gur sáraíodh aon fhoráil den Acht seo nó d'aon Rialachán a rinneadh faoi (cibé acu trí ghníomh nó trí neamhghníomh), nó
(c) nár chomhlíon sealbhóir ceadúnais ceanglais fógra a seir bheáladh faoi alt 33 den Acht seo, laistigh de thréimhse réasúnach.
(2) Sula gcúlghairfidh sé ceadúnas cnioglainne de bhun an ailt seo, déanfaidh an tAire, trí fhógra 21 lá ar a laghad a thabhairt i scríbhinn, scéala a chur chuig sealbhóir an cheadúnais go bhfuil rún aige an ceadúnas a chúlghairm agus cad iad na cúiseanna atá leis sin.
(3) Aon uair a chinnfidh an tAire ar cheadúnas cnioglainne a chúlghairm de bhun an ailt seo, déanfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn, scéala a chur chuig sealbhóir an cheadúnais—
(a) maidir lena chinneadh agus na cúiseanna atá leis, agus
(b) maidir leis an teorainn ama ar laistigh di, agus leis an modh ar dá réir, is féidir, de bhun alt 31 den Acht seo, achomharc a dhéanamh i gcoinne na cúlghairme sin, agus
(c) á rá cibé acu a fhéadfar leanúint den áitreabh lena mbaineann a úsáid mar chnioglann, de réir fhorálacha an Achta seo, nó nach bhféadfar.
Achomharc i gcoinne ceadúnas cnioglainne a dhiúltú nó a chúlghairm.
31.—(1) Aon uair a dhiúltóidh an tAire ceadúnas cnioglainne a dheonú nó a athnuachan, nó a dhéanfaidh sé ceadúnas cnioglainne a chúlghairm, féadfaidh an t-iarratasóir ar cheadúnas den sórt sin nó sealbhóir an cheadúnais sin, laistigh de 21 lá tar éis an dáta ar seirbheáladh an fógra i dtaobh an diúltaithe nó na cúlghairme, de réir mar a bheidh, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcoinne an diúltaithe nó na cúlghairme sin.
(2) Aon uair a dhiúltóidh an tAire ceadúnas cnioglainne a dheonú nó a athnuachan nó a dhéanfaidh sé ceadúnas cnioglainne a chúlghairm maidir le háitreabh a bhí, an tráth a ndearna an tAire a chinneadh, á úsáid go dleathach mar chnioglann, féadfar, más deimhin leis an Aire nach bhfuil sláinte an phobail i mbaol, leanúint den áitreabh a úsáid mar chnioglann—
(a) go dtí go mbeidh an tréimhse chun achomharc a dhéanamh caite, nó
(b) má dhéantar achomharc, go dtí cibé am a luafar an t-achomharc den chéad uair sa Chúirt Chuarda,
agus ina dhiaidh sin ní fhéadfar an t-áitreabh a úsáid amhlaidh ach amháin le cead na Cúirte Cuarda.
(3) Aon uair a leanfar d'áitreabh a úsáid mar chnioglann de réir fho-alt (2) den alt seo, d'ainneoin gur diúltaíodh nó gur cúlghaireadh ceadúnas cnioglainne i ndáil leis an áitreabh sin, leanfaidh forálacha na nAchtanna agus na Rialachán seo thíos d'fheidhm a bheith acu maidir leis an áitreabh sin amhail is da mba chnioglann cheadúnaithe an t-áitreabh sin—
(a) an tAcht seo agus na Rialacháin a dhéanfar faoi, agus
(4) Ar achomharc faoin alt seo a éisteacht, déanfaidh an Chúirt Chuarda cibé ní is cóir agus is cuí léi ag féachaint d'fhorálacha an Achta seo agus na Rialachán a dhéanfar faoi agus féadfaidh sí—
(a) an t-achomharc a dhíbhe, fara nó d'éagmais costas, nó
(b) an t-achomharc a cheadú, fara costas, agus a ordú don Aire an ceadúnas a dheonú nó a athnuachan, nó an chúlghairm a chur ar ceal,
agus is cinneadh críochnaitheach an cinneadh ón gCúirt Chuarda ar achomharc faoin alt seo ach amháin go mbeidh, le cead na Cúirte sin, ábhar achomhairc ann chun na Cúirte Uachtaraí ar phonc dlí.
(5) Ar achomharc faoin alt seo a éisteacht is ar an duine a bheidh ag déanamh an achomhairc a bheidh sé a shuíomh gur comhlíonadh forálacha an Achta seo i ndáil le deonú, athnuachan nó leanúint i bhfeidhm an cheadúnais.
Cead a bhaineann le cnioglann.
32.—(1) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, i gcás go mbeidh imthosca faoi leith i gceist, i dtuairim an Aire, agus gur réasúnach leis déanamh amhlaidh, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme atá cnioglann suite, in ionad ceadúnas cnioglainne a dheonú i ndáil le haon áitreabh, cead a dheonú do dhuine an t-áitreabh a oibriú mar chnioglann go ceann cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa chead agus féadfaidh an tAire cibé coinníollacha a fheictear dó is gá, a chur i gceangal leis an gcead sin.
(2) Tar éis dul in éag don tréimhse a bheidh sonraithe i gcead a dheonófar faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, má mheasann sé gur réasúnach déanamh amhlaidh, an cead a athnuachan go ceann cibé tréimhse breise a bheidh sonraithe sa chead athnuaite.
(3) Aon chead a dheonófar nó a athnuafar faoin alt seo beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna leis, ar feadh a thréimhse bailíochta, atá le ceadúnas cnioglainne faoin Acht seo, agus na forálacha de chuid an Achta seo (seachas alt 31 den Acht seo) a bhaineann le ceadúnais chnioglainne, beidh feidhm acu maidir le cead a dheonófar faoin alt seo.
(4) Ní dhéanfaidh an tAire cead a dheonú nó a athnuachan faoin alt seo mura mbeidh táille den mhéid a shonraítear in alt 25 den Acht seo íoctha i dtosach ag an iarratasóir leis an Aire ionann is dá mba cheadúnas cnioglainne an cead.
(5) Ní dheonófar cead faoin alt seo i leith áitribh mura rud é, maidir leis an áitreabh—
(a) gur mar chnioglann a tógadh é nó gur oiriúnaíodh é lena úsáid, nó gur úsáideadh é, mar chnioglann tráth thosach feidhme an ailt seo nó roimhe, agus
(b) gur féidir, faoi cheann tréimhse réasúnaí, é a atógáil nó a athrú sa chaoi go gcomhlíonfaidh sé ar gach slí ceanglais an Achta seo agus na Rialachán a dhéanfar faoi.
(6) Scoirfidh an t-alt seo d'éifeacht a bheith leis tar éis cúig bliana a bheith caite ó thráth a thosach feidhme.
Cnioglann a fhionraí.
33.—(1) Aon uair is dóigh le hoifigeach údaraithe, i ndáil le cnioglann, go bhfuil gar-chontúirt mhór ann do shláinte an phobail nó do shláinte ainmhithe, nó do shláinte an phobail agus do shláinte ainmhithe, ag éirí as an gcaoi a ndéantar an chnioglann sin a bhainistí nó a chothabháil, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar shealbhóir an cheadúnais cnioglainne i ndáil leis an gcnioglann sin nó ar an duine a fheictear dó a bheith, de thuras na huaire, i bhfeighil na cnioglainne sin á cheangal an chnioglann sin a dhúnadh láithreach.
(2) Féadfar a shonrú, i bhfógra a sheirbheálfar faoi fho-alt (1) den alt seo, cé na bearta ba chóir a ghlacadh nó cé na nithe ba chóir a dhéanamh sula bhféadfar leanúint den chnioglann, ar seirbheáladh an fógra ina leith, a oibriú mar chnioglann.
(3) Féadfar freisin le fógra arna sheirbheáil faoi fho-alt (1) den alt seo a ordú do shealbhóir an cheadúnais cnioglainne, nó d'aon duine eile a seirbheálfar fógra den sórt sin air, fógra i dtaobh dhúnadh na cnioglainne a chur ar taispeáint go feiceálach ag an mbealach isteach chun an áitribh sin agus i cibé áiteanna eile, más ann, a bheidh sonraithe san fhógra.
(4) Déanfaidh duine a seirbheálfar fógra air faoi fho-alt (1) den alt seo téarmaí an fhógra a chomhlíonadh láithreach.
(5) Beidh aon duine nach gcomhlíonfaidh téarmaí fógra faoi fho-alt (1) den alt seo ciontach i gcion.
(6) Féadfaidh oifigeach údaraithe fógra a sheirbheáil sé faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm tráth ar bith.
(7) Ní fhorléireofar seirbheáil fógra faoi fho-alt (1) den alt seo mar ní a dhéanann difear in aon slí d'aon imeachtaí ina líomhnaítear gur sáraíodh aon fhoráil den Acht seo nó de Rialacháin faoi, cibé acu a thioscnaítear na himeachtaí sin roimh an bhfógra a sheirbheáil nó ina dhiaidh.
(8) Aon duine arb éagóir leis fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche i gcoinne an fhógra.
(9) Ar achomharc a éisteacht faoi fho-alt (8) den alt seo, féadfaidh an Chúirt Dúiche, más cuí léi é, an fógra a chealú nó a dhaingniú agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh na Cúirte Dúiche ar an éisteacht sin ach amháin go mbeidh, le cead na Cúirte sin, ábhar achomhairc ann chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí.
Rialacháin a bhaineann le cnioglanna.
34.—(1) Féadfaidh an tAire Rialacháin a dhéanamh, i ndáil le cnioglanna, maidir le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas—
(a) sláinteachas oibríochtúil na foirne agus áitreabh agus trealamh (lena n-áirítear cóir iompair) a choimeád i riocht sábháilte agus sláintíoch;
(b) bainisteoireacht agus cothabháil chuí a dhéanamh ar áitribh agus ar threalamh (lena n-áirítear socruithe cuí a bheith ann maidir le hainmhithe marbha agus codanna d'ainmhithe marbha a stóráil agus a dhiúscairt);
(c) rialáil agus rialú ar dhíol táirgí cnioglann nach táirgí iad a bheidh le caitheamh ag an duine (lena n-áirítear teimhliú na dtáirgí sin);
(d) taifid a choinneáil i ndáil le hainmhithe ar déileáladh leo sa chnioglann nó ar dhéileáil an chnioglann leo (lena n-áirítear a dtionscnamh agus a ndiúscairt);
(e) cnioglanna do dhéanamh fógraíochta agus iad do chur fógrán amach faoi ainmhithe a cheannach, a dhíol, a bhailiú, a sheachadadh, a sholáthar, a mharú, a stóráil, a fheannadh nó a ghearadh suas.
(2) Aon duine a sháróidh forálacha Rialachán a dhéanfar faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.
CUID IV
Rialú Tréidliachta agus Sláinteachas
Cigirí tréidliachta a cheapadh.
35.—(1) (a) Ceapfaidh gach údarás áitiúil cigire tréidliachta lánaimseartha amháin nó níos mó chun na feidhmeanna a thugtar do chigire tréidliachta faoin Acht seo a chomhlíonadh.
(b) An chéad chigire tréidliachta a cheapfaidh údarás áitiúil de bhun mhír (a) den fho-alt seo, ceapfar é laistigh de thréimhse sé mhí tar éis thosach feidhme an ailt seo.
(2) De bhreis ar an gceapachán dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, ceapfaidh gach údarás áitiúil cibé cigirí tréidliachta eile agus cibé líon díobh is dóigh leis is gá.
(3) Féadfaidh údarás áitiúil cibé oifigigh agus seirbhísigh eile agus cibé líon díobh is dóigh leis is gá, a cheapadh chun cabhrú le haon chigire tréidliachta a bheidh ceaptha aige lena dhualgais a chomhlíonadh.
(4) Beidh feidhm, faoi réir na modhnuithe seo a leanas, ag forálacha alt 59 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955, maidir le cigire tréidliachta lánaimseartha a cheapadh de bhun an ailt seo—
(a) ní dhéanfaidh údarás áitiúil an comhaontú dá dtagraítear san alt sin 59 mura mbeidh toiliú an Aire faighte i dtosach, agus
(b) ní dhéanfaidh níos mó ná dhá údarás áitiúla ar bith an comhaontú sin.
(5) Údarás áitiúil ar mian leis, chun críocha an Achta seo, comhaontú a dhéanamh de bhun alt 59 (arna mhodhnú le fo-alt (4) den alt seo) den Acht Rialtais Áitiúil, 1955, déanfaidh sé cibé faisnéis i ndáil leis an gcomhaontú beartaithe a iarrfaidh an tAire a chur faoi bhráid an Aire agus mura dtugann an t-údarás áitiúil lena mbaineann aon fhaisnéis a iarrtar amhlaidh ní bhreitheoidh an tAire an iarraidh ar a thoiliú a thabhairt leis an gcomhaontú beartaithe sin.
(6) Má fheictear don Aire nach bhfuil na dualgais agus na feidhmeanna a thugtar d'údarás áitiúil leis an Acht seo agus le Rialacháin a dhéanfar faoi á gcomhlíonadh ag an údarás áitiúil, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil lena mbaineann, a ordú go scoirfidh aon chomhaontú a bheidh déanta, chun críocha an Achta seo, de bhun alt 59 (arna mhodhnú le fo-alt (4) den alt seo) den Acht Rialtais Áitiúil, 1955, d'éifeacht a bheith leis.
Cigirí tréidliachta a shannadh agus cumhachtaí agus dualgais na gcigirí sin.
36.—(1) Sannfaidh údarás áitiúil cigire tréidliachta amháin nó níos mó do gach seamlas ina limistéar feidhme chun na dualgais a chuirtear ar chigire tréidliachta leis an Acht seo a chomhlíonadh ach féadfaidh sé aon chigire tréidliachta áirithe a shannadh do dhá sheamlas nó níos mó.
(2) Beidh cigire tréidliachta i láthair ag gach seamlas dá sanntar é ag cibé tráthanna a chinnfidh an t-údarás áitiúil tar éis dul i gcomhairle le sealbhóir an cheadúnais, agus déanfaidh sé scrúdú san áit sin de réir an Achta seo agus na Rialachán a dhéanfar faoi, ar an hainmhithe, ar na conablaigh, ar an bhfeoil, ar an scairteach agus ar an ionathar go léir a gheobhaidh sé ansin agus ar an mbail sláinteachais agus cothabhála atá ar an seamlas sin.
(3) Déanfaidh údarás áitiúil cibé socruithe is dóigh leis is gá agus is réasúnach chun gach cnioglann ina limistéar feidhme a iniúchadh.
(4) Féadfaidh cigire tréidliachta scrúdú a dhéanamh ar aon ainmhí, nó ar chuid d'aon ainmhí, nó ar chonablach, feoil, scairteach nó ionathar aon ainmhí, a gheobhaidh sé i seamlas nó i gcnioglann agus cibé tástálacha a dhéanamh ar an gcéanna is dóigh leis is gá, agus féadfaidh sé—
(a) samplaí den ainmhí nó de chuid den ainmhí nó de chonablach, d'fheoil, de scairteach nó d'ionathar aon ainmhí a gheobhaidh sé san áit sin, nó
(b) samplaí d'aon ábhair a úsáidtear sa seamlas nó sa chnioglann,
a thógáil agus a thabhairt leis, gan aon íocaíocht a dhéanamh.
(5) Féadfaidh cigire tréidliachta gach tráth réasúnach dul isteach in aon seamlas nó cnioglann agus iniúchadh a dhéanamh ar an gcéanna chun a chumhachtaí agus a dhualgais faoin Acht seo agus faoi na Rialacháin a dhéanfar faoi a fheidhmiú.
(6) Aon duine a choiscfidh cigire tréidliachta nó a chuirfidh moill mhíréasúnach air i bhféidhmiú a chumhachtaí agus a dhualgas faoin Acht seo agus faoi na Rialacháin a dhéanfar faoi, beidh sé ciontach i gcion.
Forálacha i ndáil le daoine áirithe a cheaptar chun bheith ina gcigirí tréidliachta.
37.—(1) Baineann an t-alt seo le duine a shealbhaíonn oifig mar oifigeach tréidliachta faoi údarás sláintíochta agus a gceapann an t-údarás áitiúil, ar ina limistéar feidhme atá an t-údarás sláintíochta suite, é chun bheith ina chigire tréidliachta.
(2) Baineann na forálacha seo a leanas le duine a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis:
(a) maidir leis an gceapachán dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, ní mheasfar gur cur as oifig nó cealú oifige é chun críche aon scéime nó achtacháin a bhaineann le haoisliúntas;
(b) a luaithe a cheapfar aon duine amhlaidh déanfar gach ceart agus gach dliteanas de chuid an údaráis sláintíochta ina leith a aistriú chuig an údarás áitiúil agus a dhílsiú dó;
(c) a luaithe a cheapfar aon duine amhlaidh beidh gach ceart agus gach dliteanas dá chuid i leith an údaráis sláintíochta ina cheart agus ina dhliteanas dá chuid i leith an údaráis áitiúil.
(3) San Acht seo ciallaíonn “údarás sláintíochta” an t-údarás sláintíochta, faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964, don limistéar a n-úsáidtear an abairt ina leith.
Forálacha a bhaineann le feidhmeanna údaráis sláintíochta a aistrítear leis an Acht seo.
38.—(1) Gach feidhm agus gach dualgas de chuid údaráis sláintíochta agus gach taifead agus gach clár a chothabhálann sé, a bhaineann le haon ní a fheidhmeoidh nó, de réir mar a bheidh, a chothabhálfaidh, údarás áitiúil amhail ar agus ó thosach feidhme an Achta seo, aistrítear iad leis seo chuig an údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme atá an t-údarás sláintíochta suite.
(2) I gcás, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, go mbeidh aon imeachtaí dlí ar páirtí iontu údarás sláintíochta ar feitheamh agus go mbeidh baint ag na himeachtaí le haon fheidhm de chuid an údaráis sláintíochta a aistrítear leis an alt seo chuig údarás áitiúil, cuirfear ainm an údaráis áitiúil lena mbaineann in ionad ainm an údaráis sláintíochta sna himeachtaí agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal de bhíthin an ionadaithe sin.
(3) Aon ní a thosalgh údarás sláintíochta, nó a tosaíodh faoina údarás, roimh thosach feidhme an ailt seo féadfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann, a mhéid a bhaineann an ní sin le feidhmeanna a aistrítear chuig údarás áitiúil leis an alt seo, leanúint leis nó é a chríochnú ar an tosach feidhme sin nó dá éis.
(4) Déanfar tagairt in aon achtachán d'oifigeach tréidliachta arna cheapadh ag údarás sláintíochta a fhorléiriú, a mhéid a bhaineann an tagairt sin le haon fheidhm a aistrítear leis an alt seo, mar thagairt do chigire tréidliachta a cheaptar faoin Acht seo.
Rialacháin um scrúdú tréidliachta.
39.—(1) Féadfaidh an tAire Rialacháin a dhéanamh (dá ngairtear Rialacháin um scrúdú tréidliachta san Acht seo) chun a shuíomh an bhfuil feoil oiriúnach lena caitheamh ag an duine.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfar socrú a dhéanamh le Rialacháin faoin alt seo maidir le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas—
(a) an scrúdú ante-mortem ag cigire tréidliachta ar ainmhithe atá le marú;
(b) na forais (lena n-áirítear na galair, drochbhail na n-ainmhithe nó iarmhair a bheith i láthair iontu) a thugann ar chigire tréidliachta a dheimhniú nach bhfuil ainmhithe oiriúnach le marú;
(c) an scrúdú post-mortem ag cigire tréidliachta ar chonablaigh agus ar scairteach ainmhithe maraithe (lena n-áirítear an fhuil agus an t-ionathar);
(d) na forais (lena n-áirítear na galair, drochbhail na n-ainmhithe nó iarmhair nó truaillitheoirí a bheith i láthair) a thugann ar chigire tréidliachta a dhearbhú nach bhfuil feoil aon ainmhí oiriúnach lena caitheamh ag an duine;
(e) na forais (lena n-áirítear na galair, drochbhail na n-ainmhithe nó iarmhair nó truaillitheoirí a bheith i láthair) a thugann go bhféadfar feoil aon ainmhí a choinneáil le haghaidh scrúdú breise;
(f) marcáil (lena n-áirítear dínádúrú agus teimhliú), stóráil agus scriosadh nó diúscairt a dhéanamh ar aon fheoil a chinnfidh cigire tréidliachta a bheith neamhoiriúnach lena caitheamh ag an duine, agus cigire tréidliachta do thabhairt ordachán maidir le haon fheoil neamhoiriúnach den sórt sin a scriosadh nó a dhiúscairt;
(g) na modhanna tástála, na caighdeáin agus na ceanglais a bheidh i gceist chun a chinneadh an bhfuil feoil oiriúnach lena caitheamh ag an duine;
(h) aon ní eile a bhaineann le feoil a bheith oiriúnach lena caitheamh ag an duine agus a mheasfaidh an tAire is gá.
(3) Féadfar socrú a dhéanamh le Rialacháin um scrúdú tréidliachta go mbeidh, faoi réir cibé modhnuithe a bheidh sonraithe iontu, feidhm ag forálacha na Rialachán maidir le haon ainmhí, seachas ainmhí lena mbaineann an tAcht seo, nó le haon éanlaith chlóis a fhaigheann cigire tréidliachta i seamlas, nó lena gconablach, lena bhfeoil nó lena scairteach.
(4) Aon duine a sháróidh forálacha Rialachán a dhéanfar faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.
An marc sláinte.
40.—(1) Féadfaidh an tAire a fhorordú—
(a) cén marc sláinte a chuirfidh cigire tréidliachta ar fheoil, agus
(b) cén chaoi le sonrú nó le lipéadú a dhéanamh ar fheoil a chuirtear amach as seamlais i bpacáistí.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar socrú a dhéanamh i Rialacháin faoin alt seo le haghaidh gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a) an fhoirm, an dearadh agus na hábhair a úsáidfear i ngléas stampála chun marc sláinte a chur ar fheoil;
(b) an tsubstaint mharcála a bheidh le húsáid sa mharc sláinte;
(c) an modh leis an marc sláinte a chur ar fheoil;
(d) na háiteanna ar an bhfeoil ar a gcuirfear an marc sláinte;
(e) na daoine a fhéadfaidh an marc sláinte a chur ar fheoil.
(3) Aon duine—
(a) is duine, seachas duine a bheidh sonraithe i Rialacháin a dhéanfar de bhun an ailt seo, a chuirfidh marc sláinte ar fheoil, nó
(b) a chuirfidh marc sláinte, a athróidh é nó a scriosfaidh é le hintinn mheabhlaireachta, nó
(c) is duine, seachas oifigeach údaraithe nó duine dá mbeidh treoir dhleathach tugtha ag oifigeach údaraithe den sórt sin, a chealóidh, a allmhaireoidh, a dhéanfaidh, a ordóidh, a cheannóidh, a shealbhóidh nó a úsáidfidh gléas stampála chun marc sláinte a chur ar fheoil, nó
(d) a dhéanfaidh, gan údarás cuí, macasamhail de ghléas stampála chun marc sláinte a chur ar fheoil nó a bhrionnóidh nó a dhíolfaidh an céanna amhlaidh,
beidh an duine sin ciontach i gcion.
(4) Aon duine a sháróidh forálacha Rialachán a dhéanfar faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.
Marc sláinte a chur ar fheoil.
41.—(1) Déanfaidh cigire tréidliachta, nó cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar, i gcás na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2) a bheith comhlíonta, an marc sláinte a chur, ar cibé slí a bheidh forordaithe, ar fheoil gach ainmhí a mharaítear i seamlas agus a thugtar dó chun an marc sláinte a chur uirthi.
(2) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1):
(a) gur scrúdaigh cigire tréidliachta an t-ainmhí sular maraíodh é agus gur cinneadh go raibh sé oiriúnach le marú;
(b) gur maraíodh an t-ainmhí ar an tslí fhorordaithe;
(c) gur scrúdaigh cigire tréidliachta feoil an ainmhí sin agus gur chinn sé go raibh an fheoil sin oiriúnach lena caitheamh ag an duine; agus
(d) go raibh an fheoil glan, úr, cóirithe i gceart agus bail inmhargaithe uirthi an tráth a cuireadh an marc sláinte uirthi.
Srian le feoil a dhíol, a sholáthar, etc.
42.—(1) Ní dhíolfaidh ná ní sholáthróidh duine feoil lena caitheamh ag an duine nó lena cur i mbia atá le caitheamh ag an duine, mura mbeidh marc sláinte ar an bhfeoil sin de réir fhorálacha—
(a) alt 41 den Acht seo, nó
(b) Rialachán arna ndéanamh faoi na hAchtanna Toradh Talmhaíochta (Féoil Ur), 1930 go 1988, nó
(c) Rialachán arna ndéanamh faoi na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1988, nó
(d) Threoir Uimh. 64/433/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh, 1964 (arna leasú)1, nó Threoir Uimh. 72/462/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig, 1972 (arna leasú)2, nó Threoir Uimh. 77/99/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig, 1976 (arna leasú)3.
(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ní bheidh feoil atá le caitheamh ag daoine ina sheilbh ag duine mura mbeidh marc sláinte ar an bhfeoil de réir fhorálacha—
(a) alt 41 den Acht seo, nó
(b) Rialachán arna ndéanamh faoi na hAchtanna Toradh Talmhaíochta (Feoil Úr), 1930 go 1988 nó
(c) Rialachán arna ndéanamh faoi na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1988, nó
(d) Threoir Uimh. 64/433/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1964 (arna leasú), nó Threoir Uimh. 72/462/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig, 1972 (arna leasú), nó Threoir Uimh. 77/99/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig, 1976 (arna leasú).
(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo—
(a) maidir le feoil atá i seamlas agus a bhfuiltear ag fanacht le marc sláinte a chur uirthi de réir an Achta seo;
(b) maidir le feoil ó ainmhí a maraíodh in áit ar fheirm a úsáidtear chun—
(i) muc atá á cothú ar fheirm den sórt sin ag an áititheoir chun críocha feirmeoireachta, nó
(ii) ainmhí atá á chothú amhlaidh agus a gortaíodh trí thimpiste agus ar gá é a mharú ionas nach mbeidh sé ag fulaingt,
a mharú ó am go ham, i gcás nach mbeidh feoil na muice nó an ainmhí ghortaithe sin le caitheamh ach amháin ag na daoine a chónaíonn ar an bhfeirm sin;
(c) maidir le feoil a bhféadfaidh an duine a bhfuarthas ina sheilbh í a shuíomh gur de mheon macánta a fuair sé í agus nárbh eol dó gur ghá marc sláinte a bheith uirthi.
(4) I gcás go ndéantar feoil a dhíol, a sholáthar, a shealbhú, a thaisealbhadh nó a choinneáil lena díol, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur lena caitheamh ag an duine a dhéantar an fheoil a dhíol, a sholáthar, a shealbhú, a thaisealbhadh nó a choinneáil lena díol, de réir mar a bheidh.
(5) Beidh aon duine a sháróidh forálacha an ailt seo ciontach i gcion.
(6) Is cosaint in ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo a shuíomh go ndearnadh an fheoil is ábhar don ionchúiseamh a ghearradh as conablach a raibh marc sláinte air.
Leathnú ar chumhachtaí scrúdaitheora tréidliachta de réir na brí atá le scrúdóir tréidliaghachta san Acht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930, agus san Acht Muc agus Bagúin, 1935.
43.—(1) Le linn do scrúdaitheoir tréidliachta (de réir na brí atá le scrúdóir tréidliaghachta san Acht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930) cinneadh a dhéanamh cibé atá nó nach bhfuil conablach nó scairteach aon ainmhí a thabharfar dó de bhun an Achta sin lena scrúdú, neamhoiriúnach lena chaitheamh ag an duine, tabharfaidh sé aird ar fhorálacha Rialachán um scrúdú tréidliachta agus is de réir fhorálacha Rialachán um scrúdú tréidliachta a chinnfear cibé atá nó nach bhfuil aon chonablach nó aon scairteach den sórt sin, de réir mar a bheidh, neamhoiriúnach lena chaitheamh ag an duine agus forléireofar an tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 sin a dúradh, agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.
(2) Le linn do scrúdaitheoir tréidliachta (de réir na brí atá le scrúdóir tréidliaghachta san Acht Muc agus Bagúin, 1935) cinneadh a dhéanamh cibé atá nó nach bhfuil aon chonablach nó aon bhagún nó aon scairteach, a gheofar ar aon áitreabh ceadúnaithe (de réir bhrí an Achta sin), neamhoiriúnach lena chaitheamh ag an duine, tabharfaidh sé aird ar fhorálacha Rialachán um scrúdú tréidliachta agus is de réir fhorálacha Rialachán um scrúdú tréidliachta a chinnfear cibé atá nó nach bhfuil aon chonablach nó aon bhagún nó aon scairteach den sórt sin, de réir mar a bheidh, neamhoiriúnach lena chaitheamh ag an duine agus forléireofar an tAcht Muc agus Bagúin, 1935, sin a dúradh, agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.
CUID V
Táillí
Táillí is iníoctha maidir le hainmhithe a mharaítear i seamlas.
44.—(1) Muirearóidh údarás áitiúil táille de réir fhorálacha an ailt seo, agus íocfar an táille sin leis an údarás, maidir le gach ainmhí a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a mharaítear i seamlas atá suite laistigh dá limistéar feidhme.
(2) Beidh táille faoin alt seo iníoctha maidir leis na hainmhithe agus de réir an ráta a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
I gcás eallaigh, suim £3.25 an ceann I gcás muc, suim £0.75 an ceann I gcás caorach, suim £0.55 an ceann |
(3) Féadfaidh an tAire, le Rialacháin, an Tábla a ghabhann le fo-alt (2) a athrú trí cibé ainmhithe is dóigh leis is gá, a chur leis na hainmhithe a shonraítear ann nó a bhaint as nó trí tháille a shocrú nó tríd an táille a shonraítear ann a athrú, maidir le haon ainmhí.
(4) Aon uair a bheartóidh an tAire Rialacháin a dhéanamh de bhun fho-alt (3) den alt seo, ní dhéanfar na Rialacháin go dtí go mbeidh dréacht de na Rialacháin leagtha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus go mbeidh rún ag céadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
Táillí a íoc.
45.—(1) Beidh táille is iníoctha de bhun alt 44 den Acht seo iníoctha ag sealbhóir an cheadúnais maidir leis an seamlas lena mbaineann sé de réir an ailt seo.
(2) Dlífear gach táille de bhun alt 44 den Acht seo a íoc nuair a mharaítear ainmhí i seamlas.
(3) Déanfaidh sealbhóir an cheadúnais maidir leis an seamlas lena mbaineann, laistigh de thréimhse 28 lá tar éis an lae deiridh de mhí, méid iomlán na dtáillí a tháinig chun bheith iníoctha le linn na míosa sin a chur chuig an údarás áitiúil.
(4) Beidh aon duine a sháróidh forálacha an ailt seo ciontach i gcion.
Táillí a ghnóthu.
46.—Féadfaidh údarás áitiúil táillí a bheidh dlite dó a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
CUID VI
Achtanna Áirithe a Leasú
Leasú ar an Acht um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935.
47.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935—
(a) tríd an míniú ar “údarás sláintíochta” in alt 2 (1) a scriosadh;
(b) trí “údarás áitiúil, de réir bhrí Acht na Seamlas, 1988”, a chur in ionad “údarás sláintíochta”, gach áit a bhfuil na focail sin,
(c) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 3:
“3. Beidh feidhm agus éifeacht leis an Acht seo i ngach contae agus i ngach contaebhuirg.”,
agus
(d) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 30:
“Fíneálacha a mhéadú | 30A. (1) Féadfaidh an tAire, le Rialacháin, méid uasta fíneála a shonraítear in aon alt den Acht seo a athrú. (2) Aon uair a bheartóidh an tAire Rialacháin a dhéanamh de bhun fho-alt (1) den alt seo, ní dhéanfar na Rialacháin go dtí go mbeidh dréacht de na Rialacháin leagtha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.”. |
(2) I gcás duine a chiontú i gcion dá bhforáiltear pionós in aon alt den Acht um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935, a shonraítear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, dlífear an pionós a shonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a chur air in ionad an phionóis dá bhforáiltear in aon alt den sórt sin agus a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin, agus forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis dá réir sin.
Leasú ar an Acht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930.
48.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930—
(a) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 9:
“9. (1) Déanfaidh an duine a bheidh ag déanamh iarratais ar áitreabh a chlárú in aon chlár a choimeádtar de bhun na Coda seo den Acht seo táille £500 a íoc leis an Aire agus beidh íoc na táille sin ina choinníoll a bheidh le comhlíonadh sula mbreithneoidh an tAire an t-iarratas.
(2) Féadfaidh an tAire, le Rialacháin, méid na táille a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a athrú.”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 11 (3):
“(3) (a) Déanfaidh gach duine a bheidh ag déanamh iarratais ar chlárú mar cheadúnaí cláraithe faoin alt seo táille £10 a íoc leis an Aire agus beidh íoc na táille sin ina choinníoll a bheidh le comhlíonadh sula mbreithneoidh an tAire an t-iarratas.
(b) Féadfaidh an tAire, le Rialacháin, méid na táille a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo a athrú.”, agus
(c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 51:
“Fíneálacha a mhéadú. | 51A.—(1) Féadfaidh an tAire, le Rialacháin, méid uasta fíneála a shonraítear in aon alt den Acht seo a athrú. (2) Aon uair a bheartóidh an tAire Rialacháin a dhéanamh de bhun fho-alt (1) den alt seo, ní dhéanfar na Rialacháin go dtí go mbeidh dréacht de na Rialacháin leagtha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.”. |
(2) I gcás duine a chiontú i gcion dá bhforáiltear pionós in aon alt den Acht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930, a shonraítear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, dlífear an pionós a shonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a chur air in ionad an phionóis dá bhforáiltear in aon alt den sórt sin agus a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin, agus forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis dá réir sin.
Leasú ar na hAchtanna Bainne agus Déirithe, 1935 agus 1956.
49.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht Bainne agus Déirithe, 1935—
(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “údarás sláintíochta” in alt 6:
“ciallaíonn ‘údarás áitiúil’ comhairle chontae nó bardas contaebhuirge agus ciallaíonn údarás áitiúil, i ndáil le ceantar sláintíochta, an t-údarás áitiúil don limistéar ina bhfuil an ceantar sláintíochta sin;”,
(b) trí “údarás áitiúil” a chur in ionad “údarás sláintíochta”, gach áit a bhfuil na focail sin.
(2) Leasaítear leis seo an tAcht Bainne agus Déirithe (Leasú), 1956, trí “údarás áitiúil” a chur in ionad “údarás sláintíochta” gach áit a bhfuil na focail sin.
Leasú ar na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1961.
50.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht Muc agus Bagúin, 1935—
(a) tríd an míniú ar “údarás sláintíochta áitiúil” in alt 2 a scriosadh,
(b) trí “údarás áitiúil de réir bhrí Acht na Seamlas, 1988,” a chur in ionad “údarás sláintíochta áitiúil” agus “údaráis sláintíochta áitiúla”, gach áit a bhfuil na focail sin,
(c) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 25:
“25. (1) Déanfaidh gach iarratasóir ar cheadúnas táille £500 a íoc leis an Aire maidir le gach iarratas, agus beidh íoc na táille sin ina choinníoll a bheidh le comhlíonadh sula mbreithneoidh an tAire an t-iarratas sin.
(2) Aon uair a dhiúltóidh an tAire iarratas ar cheadúnas, féadfaidh sé, más cuí leis é, an táille a íocadh faoin alt seo maidir leis an iarratas a aisíoc leis an iarrátasóir.
(3) Féadfaidh an tAire, le Rialacháin, méid na táille a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a athrú.”, agus
(d) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 4:
“Fíneálacha a mhéadú. | 4A. (1) Féadfaidh an tAire, le Rialacháin, méid uasta fíneála a shonraítear in aon alt den Acht seo a athrú. (2) Aon uair a bheartóidh an tAire Rialacháin a dhéanamh de bhun fho-alt (1) den alt seo, ní dhéanfar na Rialacháin go dtí go mbeidh dréacht de na Rialacháin leagtha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.”. |
(2) I gcás duine a chiontú i gcion dá bhforáiltear pionós in aon alt den Acht Muc agus Bagúin, 1935, a shonraítear i gcolún (2) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, dlífear an pionós a shonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a chur air in ionad an phionóis dá bhforáiltear in aon alt den sórt sin agus a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin agus forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis dá réir sin.
(3) Leasaítear leis seo alt 10 (2) den Acht Muc agus Bagúin, 1937, trí “dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air” a chur in ionad “ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air”.
Leasú ar an Acht um Ghalair Bhólachta (Tobhaigh), 1979.
51.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Ghalair Bhólachta (Tobhaigh), 1979—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad alt 2 (4) (b):
“(b) aon seamlas atá ceadúnaithe faoi Acht na Seamlas, 1988,”,
(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad alt 4 (4) (c):
“(c) i gcás nach ar an modh a thuairiscítear i mír (b) den fho-alt seo a maraíodh aon ainmhí den sórt sin agus gur i seamlas atá ceadúnaithe faoi Acht na Seamlas, 1988, a maraíodh é, an duine ba shealbhóir, tráth an ainmhí a mharú, ar an gceadúnas seamlais i leith an tseamlais sin a eisíodh faoin Acht sin.”, agus
(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad alt 12 (3) (d):
“(d) aon duine is sealbhóir, de thuras na huaire, ar cheadúnas seamlais faoi Acht na Seamlas, 1988.”.
(2) Forléireofar an tAcht um Ghalair Bhólachta (Tobhaigh), 1979, agus beidh éifeacht leis, amhail is dá bhfolódh tagairtí san Acht sin do sheamlas atá ceadúnaithe faoi Acht na Seamlas, 1988, tagairt d'áitreabh a ghníomhaíonn mar sheamlas faoi chead a dheonaigh an tAire faoi alt 17 den Acht sin.
Leasú ar an Acht um an gCóras Beostoic agus Feola, 1979.
52.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht um an gCóras Beostoic agus Feola, 1979—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad alt 28 (5) (b):
“(b) aon seamlas atá ceadúnaithe faoi Acht na Seamlas, 1988,”,
agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad alt 29 (4) (c):
“(c) i gcás beostoic a maraíodh i seamlas atá ceadúnaithe faoi Acht na Seamlas, 1988, an duine ba shealbhóir, tráth an bheostoic a mharú, ar an gceadúnas seamlais i leith an tseamlais sin a eisíodh faoin Acht sin.”.
(2) Forléireofar an tAcht um an gCóras Beostoic agus Feola, 1979 agus beidh éifeacht leis amhail is dá bhfolódh tagairtí san Acht sin do sheamlas atá ceadúnaithe faoi Acht na Seamlas, 1988, tagairt d'áitreabh a ghníomhaíonn mar sheamlas faoi chead a dheonaigh an tAire faoi alt 17 den Acht sin.
CUID VII
Ilghnéitheach
Oifigigh údaraithe.
53.—(1) Féadfaidh an tAire cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh a mheasfaidh sé is gá chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.
(2) Féadfaidh údarás áitiúil cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh a mheasfaidh sé is gá chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.
(3) Gach duine a bheidh ceaptha le bheith ina oifigeach údaraithe de bhun an ailt seo tabharfar deimhniú a cheaptha dó agus déanfaidh sé, le linn dó bheith ag feidhmiú cumhachta faoin Acht seo, má iarrann aon duine dá ndéanann sé difear air é, an deimhniú sin a thabhairt ar aird lena iniúchadh ag an duine sin dá ndéantar difear.
Cumhachtaí oifigigh údaraithe agus an Gharda Síochána.
54.—(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe nó comhalta den Gharda Síochána—
(a) dul isteach, le forneart más gá, in aon áitreabh atá á úsáid mar sheamlas nó mar chnioglann, nó a bhfuil drochamhras réasúnach air go bhfuil sé á úsáid amhlaidh, agus iniúchadh a dhéanamh ar an seamlas nó ar an gcnioglann sin;
(b) dul isteach, le forneart más gá, in aon fheithicil nó coimeádán atá á úsáid i ndáil le seamlas nó le cnioglann nó a bhfuil drochamhras réasúnach air go bhfuil sé á úsáid amhlaidh agus iniúchadh a dhéanamh ar an bhfeithicil nó ar an gcoimeádán sin;
(c) a iarraidh go dtabharfar ar aird aon taifid a choimeádtar san áitreabh, san fheithicil nó sa choimeádán sin agus a bhaineann le hainmhithe, le táillí nó le gnó seamlais nó cnioglainne, de réir mar a bheidh, nó iad a chuardach agus a iniúchadh;
(d) cóipeanna a dhéanamh d'aon taifid, nó aon taifid a thabhairt chun siúil, a fhaightear ar an áitreabh, ar an bhfeithicil nó ar an gcoimeádán sin lena scrúdú nó chun críocha aon imeachtaí faoin Acht seo.
(2) Na cumhachtaí a thugtar d'oifigeach údaraithe le halt 18 nó 33 den Acht seo, ní fhéadfaidh aon duine iad a fheidhmiú ach amháin duine a bheidh údaraithe ina ionstraim cheapacháin chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú.
(3) Déanfaidh sealbhóir ar cheadúnas seamlais nó, de réir mar a bheidh, ar cheadúnas cnioglainne nó aon duine a bheidh fostaithe ag an sealbhóir sin, ar oifigeach údaraithe nó comhalta den Gharda Síochána, de réir mar a bheidh, á iarraidh sin air, na taifid go léir a choimeádtar ar an áitreabh a thabhairt ar aird agus ceadóidh sé don oifigeach údaraithe nó don chomhalta den Gharda Síochána na taifid sin a iniúchadh, cóip a dhéanamh díobh nó, de réir mar a bheidh, iad a thabhairt leis.
(4) Déanfaidh an duine a bheidh i bhfeighil aon fheithicle nó coimeádáin atá á úsáid i ndáil le seamlas nó le cnioglann, nó a bhfuil drochamhras réasúnach ar oifigeach údaraithe nó ar chomhalta den Gharda Síochána go bhfuil sé á úsáid amhlaidh, ar an oifigeach údaraithe nó an comhalta den Gharda Síochána, de réir mar a bheidh, á iarraidh sin air, na taifid go léir a choimeádtar ar an bhfeithicil nó inti nó ar an gcoimeádán nó ann a thabhairt ar aird agus ceadóidh sé don oifigeach údaraithe nó don chomhalta den Gharda Síochána na taifid sin a iniúchadh, cóip a dhéanamh díobh nó, de réir mar a bheidh, iad a thabhairt leis.
(5) Féadfaidh oifigeach údaraithe nó comhalta den Gharda Síochána, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo, aon fheoil atá le caitheamh ag an duine a urghabháil, a choinneáil agus a thabhairt leis ar feoil í a gheobhaidh sé i seamlas, i gcnioglann, i bhfeithicil nó i gcoimeádán agus—
(a) nach bhfuil marc sláinte uirthi, nó
(b) ar marc sláinte neamhcheadaithe atá uirthi, nó
(c) a bhfuil sé marcáilte uirthi cheana féin go bhfuil sí míoiriúnach lena caitheamh ag an duine, nó
(d) atá mí-oiriúnach ar shlí eile, nó a bhfuil drochamhras réasúnach air í bheith mí-oiriúnach ar shlí eile, lena caitheamh ag an duine.
(6) Aon uair a dhéanfaidh oifigeach údaraithe nó comhalta den Gharda Síochána aon fheoil a urghabháil, a choinneáil nó a thabhairt leis de bhun fho-alt (5) den alt seo, cuirfidh sé faoi deara go ndéanfaidh cigire tréidliachta scrúdú ar an bhfeoil agus má dhearbhaíonn an cigire tréidliachta go bhfuil an fheoil sin mí-oiriúnach lena caitheamh ag an duine, déanfar an fheoil a mharcáil agus a scriosadh nó í a dhiúscairt ar shlí eile de réir fhorálacha Rialachán um scrúdú tréidliachta.
(7) Féadfaidh oifigeach údaraithe nó comhalta den Gharda Síochána dul isteach in aon áitreabh, seachas seamlas nó cnioglann, a bhfuil, nó a bhfuil drochamhras réasúnach air go bhfuil, feoil á coinneáil ann le díol lena caitheamh ag an duine agus féadfaidh sé cibé feoil a gheobhaidh sé san áitreabh sin a urghabháil, a choinneáil agus a thabhairt leis ar feoil í—
(a) nach bhfuil marc sláinte uirthi, nó
(b) ar marc sláinte neamhcheadaithe atá uirthi, nó
(c) a bhfuil sé marcáilte uirthi cheana féin go bhfuil sí míoiriúnach lena caitheamh ag an duine, nó
(d) atá mí-oiriúnach ar shlí eile, nó a bhfuil drochamhras réasúnach air í bheith mí-oirúnach ar shlí eile, lena caitheamh ag an duine.
(8) Aon uair a dhéanfaidh oifigeach údaraithe nó comhalta den Gharda Síochána aon fheoil a urghabháil, a choinneáil nó a thabhairt leis de bhun fho-alt (7) den alt seo, cuirfidh sé faoi deara go ndéanfaidh cigire tréidliachta scrúdú ar an bhfeoil agus má dhearbhaíonn an cigire tréidliachta go bhfuil an fheoil sin mí-oiriúnach lena caitheamh ag an duine, déanfar an fheoil a mharcáil agus a scriosadh nó í a dhiúscairt ar shlí eile de réir fhorálacha Rialachán um scrúdú tréidliachta.
(9) Aon duine a chuirfidh bac nó moill mhíréasúnach ar oifigeach údaraithe nó ar chomhalta den Gharda Síochána i bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoin Acht seo nó a mhainneoidh iniúchadh áitribh, feithicle nó coimeádáin ag oifigeach údaraithe nó ag comhalta den Gharda Síochána a urasú, beidh an duine sin ciontach i gcion.
Oifigeach a bheidh freagrach i gcás comhlachta daoine.
55.—(1) Beidh an rúnaí nó an t-oifigeach eile a ghníomhaíonn de thuras na huaire mar rúnaí ar aon chomhlacht daoine (seachas údarás áitiúil) freagrach, i dteannta an chomhlachta, sna gníomhartha sin ar fad a dhéanamh a cheanglaítear ar an gcomhlacht a dhéanamh faoi aon fhoráil d'fhorálacha an Achta seo nó d'fhorálacha Rialachán faoin Acht seo.
(2) Féadfaidh gach oifigeach den sórt sin a dúradh suim a choimeád ó am go ham as aon airgead a thiocfaidh isteach ina lámha ar suim í is leor chun táillí a bheidh dlite den chomhlacht faoin Acht seo a íoc agus slánófar é i leith gach íocaíochta den sórt sin a dhéanfar de bhun an ailt seo.
Pionóis.
56.—(1) Maidir le duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo—
(a) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó
(b) dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(2) I gcás comhlacht corpraithe nó duine a airbheartaíonn gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine do dhéanamh ciona faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh é le haon fhaillí ar thaobh, aon duine a bhí, nuair a rinneadh an cion, ina stiúrthóir, nó ina chomhalta de choiste bainisteoireachta nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta lena mbaineann nó arbh é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta é nó arbh oifigeach eile don chomhlacht é, measfar freisin go ndearna an duine sin an cion agus féadfar imeachtaí a thionscnamh ina éadan agus é a phionósú dá réir sin.
(3) Féadfaidh an tAire le Rialacháin méid uasta fíneála a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a athrú.
(4) I gcás go mbeartóidh an tAire Rialacháin a dhéanamh de bhun fho-alt (3) den alt seo, ní dhéanfar na Rialacháin go dtí go mbeidh dréacht de na Rialacháin leagtha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
Cionta a ionchúiseamh.
57.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil nó an tAire imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a ionchúiseamh.
(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de bhliain amháin ó dháta an chiona.
Forálacha a bhaineann le hionchúisimh.
58.—(1) Más rud é, in ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin Acht seo, go n-éilíonn duine go bhfuil ceadúnas ar marthain i ndáil leis an áitreabh is ábhar don ionchúiseamh sin, is ar an duine a bheidh ag dhéanamh an éilimh a bheidh sé a shuíomh go bhfuil an ceadúnas ar marthain agus go bhfuil sé bailí.
(2) In ionchúiseamh mar gheall ar aon chion faoin Acht seo, toimhdeofar go dtí go gcruthófar a mhalairt gur seamlas nó gur cnioglann, de réir mar is gá sna himthosca, aon áitreabh ina bhfaightear conablaigh nó codanna de chonablaigh nó scairteach nó ionathar de chuid aon ainmhí nó ainmhithe marbha nó codanna d'ainmhithe marbha, nó trealamh nó gléasanna le haghaidh marú nó cóiriú.
Oibleagáid ar shealbhóir ceadúnais taifid a choinneáil.
59.—(1) Déanfaidh an sealbhóir ar aon cheadúnas faoin Acht seo, de réir cibé orduithe a thabharfaidh an tAire nó an t-údarás áitiúil, taifid iomlána agus mionsonraithe a choinneáil i dtaobh na n-ainmhithe go léir a mharaítear nó a láimhsítear san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas.
(2) Na taifid go léir a cheanglaítear a choinneáil de bhun fho-alt (1) den alt seo coimeádfar iad ar feadh na tréimhse trí bliana tar éis an taifead a dhéanamh, agus in aon chás inar eisigh sealbhóir an cheadúnais an taifead chuig aon duine eile agus gur choinnigh sé cóip de é féin déanfar an chóip sin a choimeád ar feadh na tréimhse trí bliana sin.
(3) D'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, ní gá do shealbhóir ar cheadúnas taifead a choimeád—
(a) má chinn an tAire nach bhfuil taifid den sórt sin ag teastáil, nó
(b) má tá na taifid sin diúscartha de bhun alt 305 d'Acht na gCuideachtaí, 1963.
(4) Aon duine a sháróidh forálacha an ailt seo beidh sé ciontach i gcion.
Tuarisceáin ó údarás áitiúil.
60.—(1) Déanfaidh gach údarás áitiúil, a luaithe is féidir, cibé tuairisceáin a thabhairt don Aire maidir le cibé ní a theastóidh ón Aire de bhun an ailt seo.
(2) Gach tuairisceán a thabharfar don Aire de bhun an ailt seo tabharfar é i cibé foirm agus ag cibé tráthanna a chinnfidh an tAire.
(3) Féadfaidh an tAire a cheangal ar údarás áitiúil tuairisceán a thabhairt, i ndáil le gach seamlas agus le gach cnioglann a bheidh suite i limistéar feidhme an údaráis áitiúil, maidir le gach ceann nó le haon cheann de na nithe seo a leanas—
(a) an líon maruithe (lena n-áirítear na haicmí ainmhithe a maraíodh) a rinneadh ag gach seamlas díobh sin i rith cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa cheanglas;
(b) an líon ainmhithe a diúltaíodh le haghaidh marú, agus an méid feola (más aon mhéid é) a dícheadaíodh mar fheoil a bhí mí-oiriúnach lena caitheamh ag an duine ag gach seamlas den sórt sin i rith na tréimhse sin lena n-áirítear cén chaoi ar scriosadh nó ar diúscraíodh an fheoil sin;
(c) an líon iniúchtaí tréidliachta a rinneadh ag gach cnioglann den sórt sin i rith cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa cheanglas;
(d) an líon ainmhithe dár bhain timpiste nó an líon ainmhithe marbha (lena n-áirítear an aicme ainmhithe lena mbaineann agus, más eol, an chúis a bhí leis an timpiste nó leis an mbás) ag gach cnioglann den sórt sin i rith na tréimhse sin;
(e) an modh ar diúscraíodh ainmhithe dár bhain timpiste nó ainmhithe marbha, nó codanna díobh, ó gach cnioglann den sórt sin i rith na tréimhse sin;
(f) cibé faisnéis i dtaobh oibriú gach seamlais agus cnioglainne den sórt sin a mheasfaidh an tAire is gá;
(g) cibé tuairisceáin eile i ndáil le hoibriú an Achta seo agus i ndáil leis an bhfoireann a fhostaítear in oibriú an Achta seo, a mheasfaidh an tAire is gá.
Rialacháin i ndáil le háitribh a úsáidtear mar sheamlais nó mar chnioglanna.
61.—(1) Maidir le háitribh a úsáidtear, nó atá le húsáid, mar sheamlais nó cnioglanna, féadfaidh an tAire le Rialacháin ceanglais a shonrú i ndáil lena suíomh, lena leagan amach, lena gcóiríocht agus lena bhfoirgniú, agus i ndáil le soláthar uisce agus saoráidí sláintíochta agus le trealamh agus fearais dóibh.
(2) Féadfaidh Rialacháin faoin alt seo forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le haicmí éagsúla ainmhithe nó i ndáil le haicmí éagsúla áitreabh nó i ndáil le háitribh a úsáidtear le haghaidh críoch éagsúil.
(3) Féadfaidh Rialacháin faoin alt seo forálacha a dhéanamh maidir le heisceachtaí ó na Rialacháin nó le modhnuithe orthu i ndáil le háitribh a foirgníodh nó a oiriúnaíodh lena n-úsáid, nó a úsáideadh, mar sheamlas nó mar chnioglann, de réir mar a bheidh, roimh an dáta a dtiocfaidh na Rialacháin i ngníomh.
Scor fodhlíthe.
62.—(1) Aon fhodhlíthe a rinne comhairle chontae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile faoi aon Acht, scoirfidh cibé codanna díobh a bhaineann le hoibriú seamlais nó cnioglainne, nó le hiniúchadh feola, d'éifeacht a bheith leo ar an lá nó na laethanta, de réir mar a bheidh, ar a dtiocfaidh rialacháin chomhréireacha i ngníomh faoi alt 20, 34, 39, 40 nó 61 den Acht seo.
(2) Aon fhodhlíthe a rinne comhairle chontae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile faoi aon Acht, scoirfidh cibé codanna díobh a bhaineann le hiompar feola d'éifeacht a bheith leo ar cibé lá a cheapfaidh an tAire, le hordú.
(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a dhéanfar faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.
Rialacháin.
63.—(1) Féadfaidh an tAire Rialacháin a dhéanamh chun aon ábhar a fhorordú dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar forordaithe nó mar ábhar atá le forordú nó i ndáil le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar do Rialacháin.
(2) Gach ordú agus Rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, seachas Rialachán a dhéanfar faoi alt 9 (3), 24 (3), 44 (3) nó 56 (3) den Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an Rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an Rialacháin, beidh an t-ordú nó an Rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin Rialachán.
(3) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iar mhartacha is dóigh leis an Aire is gá chun críche an rialacháin sin a bheith i ngach Rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo.
Dualgas údaráis áitiúil i ndáil leis an Acht agus le Rialacháin.
64.—(1) Déanfaidh údarás áitiúil de réir aon ordacháin a thabharfaidh an tAire ó am go ham i ndáil le feidhmiú a chumhachtaí nó comhlíonadh a dhualgas ag an údarás áitiúil faoin Acht seo agus faoi na Rialacháin a dhéanfaidh an tAire de bhun an Achta seo.
(2) Déanfaidh údarás áitiúil forálacha Rialacháin a dhéanfaidh an tAire de bhun an Achta seo a chur in iúl do cibé daoine ag cibé tráth agus i cibé foirm a ordóidh an tAire ó am go ham.
Fógraí a sheirbheáil.
65.—Aon fhógra a cheanglaítear nó a údaraítear a thabhairt do dhuine leis an Acht seo, díreofar an fógra chuig an duine sin agus féadfar é a thabhairt dó ar aon cheann de na slite seo a leanas:
(a) trína sheachadadh air,
(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil cónaí air de ghnáth nó ag a sheoladh gnó,
(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil cónaí air de ghnáth nó ag a sheoladh gnó.
Táillí a dhiúscairt.
66.—(1) Déanfar na táillí go léir a gheobhaidh an tAire faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe an Státchiste ar cibé modh a ordóidh an tAire Airgeadais.
(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, i ndáil le haon táillí is iníoctha faoin Acht seo.
Neamhfheidhm an Achta Sláinte, 1947 agus na Rialachán Sláinteachais Bhídh, 1950.
67.—Ní bheidh feidhm ag Cuid V den Acht Sláinte, 1947 (arna leasú) ná ag na Rialacháin Sláinteachais Bhídh, 1950 (I.R. Uimh. 205 de 1950) (arna leasú) maidir le háitreabh a cheadúnófar faoin Acht seo.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Na hAchtacháin a Aisghairtear
Cuid I
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
10 & 11 Vict. c. 14 | Markets and Fairs Clauses Act, 1847 | Ailt 17; 19. |
10 & 11 Vict. c. 34 | Towns Improvement Clauses Act, 1847 | Ailt 125; 126; 127; 128 (a mhéid a bhaineann sé le ceadúnú agus clárú broithithe agus cniog-chlós); 129; 130; 134. |
10 & 11 Vict. c. 89 | Town Police Clauses Act, 1847 | In alt 28 na focail “Every person who slaughters or dresses any cattle, or any part thereof, except in the case of any cattle over-driven which may have met with any accident, and which for the public safety or other reasonable cause ought to be killed on the spot:”. |
12 & 13 Vict. c. 97 | Dublin Improvement Act, 1849 | Ailt 86; 89; Sceideal (D.) (a mhéid a bhaineann sé le muirir broithithe). |
14 & 15 Vict. c. 92 | Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851 | Mír 4 d'alt 10. |
17 & 18 Vict. c. 103 | Towns Improvement (Ireland) Act, 1854 | Alt 47; In alt 72 na focail “Every person who slaughters or dresses any cattle, or any part thereof, except in the case of any cattle over-driven which may have met with any accident, and which for the public safety or other reasonable cause ought to be killed on the spot, shall be liable to a fine not exceeding ten shillings:”. |
24 & 25 Vict. c. ccxxxviii | Dublin General Markets Act, 1861 | Ailt 36; 42; Sceideal (E.). |
24 & 25 Vict. c. xlix | Kilkenny Markets Act, 1861 | Ailt 29; 34; Sceideal (E.). |
25 & 26 Vict. c. clv | Dublin Cattle Market Act, 1862 | Ailt 32; 36; Sceideal (C.). |
27 & 28 Vict. c. cccv | Dublin Improvement Acts Amendment Act, 1864 | Ailt 12; 14; 15; 16. |
30 & 31 Vict. c. cxxxiv | Dalkey Township Act, 1867 | Alt 32; Sceideal F. |
32 & 33 Vict. c.cxlvii | Sligo Borough Improvement Act, 1869 | Alt 124 (3); (Cuid V.) den Cheathrú Sceideal. |
41 & 42 Vict. c. 52 | Public Health (Ireland) Act, 1878 | Ailt 105 (seachas na focail “Any urban authority may make bye laws for the decent and seemly conveyance of meat through the public thoroughfares”.); 106. |
53 & 54 Vict. c. 59 | Public Health Acts Amendment Act, 1890 | Ailt 29 go 31. |
53 & 54 Vict. c.ccxlvi | Dublin Corporation Act, 1890 | Alt 88; an Tríú Sceideal. |
Ailt 4 agus 10 (a mhéid a bhaineann siad le ceadúnú agus clárú broithithe agus cniogchlós); alt 15 (4) | ||
Ailt 28 (5) (c); 29 (4) (a). | ||
Ailt 2 (4) (c); 4 (4) (a); 12 (3) (c). |
Cuid II
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
10 & 11 Vict. c. 14 | Markets and Fairs Clauses Act, 1847 | Ailt 15; 20; in alt 42, na focail “For inspection of the slaughterhouses, and for keeping the same in a cleanly and proper state, and for removing filth and refuse at least once in every twenty-four hours, and for requiring that they be provided with a sufficient supply of water, and preventing the exercise of cruelty therein:” agus “For preventing the sale or exposure for sale of unwholesome provisions in the market or fair:”. |
10 & 11 Vict. c. 34 | Towns Improvement Clauses Act, 1847 | Ailt 128; 131. |
12 & 13 Vict. c. 97 | Dublin Improvement Act, 1849 | Ailt 76; 77. |
14 & 15 Vict. c. 92 | Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851 | Mír 2 d'alt 7. |
15 & 16 Vict. c. cxliii | Cork Improvement Act, 1852 | Ailt 109; 110. |
16 & 17 Vict. c. cxciv | Limerick Improvement Act, 1853 | Alt 70. |
27 & 28 Vict. c. cccv | Dublin Improvement Acts Amendment Act, 1864 | Ailt 13; 17; 18. |
53 & 54 Vict. c.ccxlvi | Dublin Corporation Act, 1890 | Alt 65. |
1 & 2 Geo. 5 c. 12 | Public Health (Ireland) Act, 1911 | An tAcht uile. |
1 & 2 Geo. 5 c. 27 | Protection of Animals Act, 1911 | Alt 5; An Chéad Sceideal. |
Alt 4 (a mhéid a bhaineann sé le hiniúchadh feola); alt 10. |
Cuid III
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
41 & 42 Vict. c. 52 | Public Health (Ireland) Act, 1878 | Alt 105. |
53 & 54 Vict. c. ccxlvi | Dublin Corporation Act, 1890 | Alt 64. |
Alt 4. |
AN DARA SCEIDEAL
Pionóis a Mhéadú
Uimh. Thag. | Na hailt den Acht um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935 | Pionós | Pionós Méadaithe |
(1) | (2) | (3) | (4) |
1. | 9 (3) | fíneáil nach mó ná £5 | fíneáil nach mó ná £500. |
2. | 12 (2), 13 (2), 20 (3) | fíneáil nach mó ná £10 | fíneáil nach mó ná £500. |
3. | 14 (2), 15 (3) | i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná £10 agus, i gcás an dara cion nó aon chion dá éis sin, fíneáil nach mó ná £25 | fíneáil nach mó ná £500 |
4. | 19 (2), 28 (3) (d) | i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná £10, agus, i gcás an dara cion nó aon chion dá éis sin, fíneáil nach mó ná £25 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí | fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí. |
5. | 29 (2) | fíneáil nach mó ná £5 maille le fíneáil bhreise nach mó ná £1 i leith gach lae a leantar den mhainneachtain nó den fhaillí sin | fíneáil nach mó ná £500. |
6. | 30 | fíneáil nach mó ná £50 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí | fíneáil nach mó ná £500, nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí. |
AN TRÍÚ SCEIDEAL
Pionóis a Mhéadú
Uimh. Thag. | Na hailt den Acht Tóra Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 | Pionós | Pionós Méadaithe |
(1) | (2) | (3) | (4) |
1. | 18 (2) | i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná £10 agus, i gcás an dara cion nó aon chion dá éis sin, fíneáil nach mó ná £20 | fíneáil nach mó ná £500, i gcás an chéad chiona, agus fíneáil nach mó ná £1,000 i gcás an dara cion nó aon chion dá éis sin. |
2. | 19 (5), 24 (2), 43 (4) | fíneáil nach mó ná £20 | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
3. | 22 (5) | fíneáil nach mó ná £5 | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
4. | 22 (9) | fíneáil nach mó ná £20 agus fíneáil bhreise nach mó ná £5 i leith gach lae a leantar den mhainneachtain | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
5. | 37 (3) | i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná £20 agus i gcás an dara cion nó aon chion dá éis sin, fíneáil nach mó ná £50 | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
6. | 40 (9), 44 (5) | i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná £20, agus, i gcás an dara cion nó aon chion dá éis sin, fíneáil nach mó ná £50 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
7. | 45 (3) | i gcás an chéad chiona, pionós nach mó ná £5, agus, i gcás an dara cion nó aon chion dá éis sin, pionós nach mó ná £10 | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
8. | 48 (4) | fíneáil nach mó ná £25 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
AN CEATHRÚ SCEIDEAL
Pionóis a Mhéadú
Uimh. Thag. | Na hAilt den Acht, Muc agus Bagúin, 1935 | Pionós | Pionós |
(1) | (2) | (3) | (4) |
1. | 32 (2) | i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná £10, agus i gcás an dara cion nó aon chion dá éis sin, fíneáil nach mó ná £25 | i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná £500, agus i gcás an dara cion nó aon chion dá éis sin, fíneáil nach mó ná £1,000. |
2. | 33 (3), 38 (2), 64 (2) | fíneáil nach mó ná £20 | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin. agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
3. | 36 (5) | fíneáil nach mó ná £5 | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
4. | 36 (9) | fíneáil nach mó ná £20 maille le fíneáil bhreise, nach mó ná £5 i leith gach lae a leantar den chion | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
5. | 40 (3) | fíneáil nach mó ná £5 agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná £5 i leith gach lae a leantar den chion | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
6. | 58 (2) | i gcás an chéad chiona faoin alt seo, fíneáil nach mó ná £20 nó, i gcás an dara cion nó aon chion dá éis sin faoin alt seo, fíneáil nach mó ná £50 nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
7. | 65 (3) | fíneáil nach mó ná £100 | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
8. | 66 (4) | i gcás an chéad chiona faoin alt seo, fíneáil nach mó ná £20, agus i gcás an dara cion nó aon chion dá éis sin faoin alt seo, fíneáil nach mó ná £50 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
9. | 68 (3) | i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná £5 agus, i gcás an dara cion nó aon chion dá éis sin, fíneáil nach mó ná £10 | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
10. | 70 (2) | fíneáil nach mó ná £50 | i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná £500, agus, i gcás an dara cion nó aon chion dá éis sin, fíneáil nach mó ná £1,000. |
11. | 71 (3) | fíneáil nach mó ná £25 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí | ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide na trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |