Uimhir 9 de 1930.
ACHT NA dTAILTE STÁIT (TITHE OIBRE), 1930.
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;
cialluíonn an abairt “Acht 1924” Acht na dTailte Stáit, 1924 (Uimh. 45 de 1924);
cialluíonn agus foluíonn an abairt “údarás áitiúil” bórd caomhnóirí, agus bord sláinte agus conganta puiblí no cólucht eile ar a gcuirtear mar chúram fóirithin na mbocht do riara i gcontae no i gcontae-bhuirg fé scéim chontae fén Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923); agus
foluíonn an focal “cíos” aon íocaíocht tréimhsiúil i bhfuirm chíosa.
Talamh le n-a mbaineann an tAcht so.
2.—Baineann an tAcht so le gach talamh a bhí dílsithe i mBord Rialtais Áitiúla na hÉireann, díreach roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, fé sna Poor Relief (Ireland) Acts, 1838 to 1914, no chun crícheanna na nAcht san, agus is le Saorstát Éireann anois de bhua Airtiogal 11 den Bhunreacht.
Léasanna agus ceadúnaisí ón Aire.
3.—(1) Más dó leis an Aire gurb é leas na puiblíochta aon talamh le n-a mbaineann an tAcht so do dheona d'éinne ar léas no ar ceadúnas, féadfaidh an tAire fén Acht so agus dá réir le dintiúir fé n-a shéala oifigiúil—
(a) an talamh san do dheona don duine sin ar léas ar pé téarma is dó leis an Aire is ceart agus ná raghaidh thar naoi mbliana déag is cheithre fichid, no
(b) ceadúnas do dheona don duine sin chun an talamh san d'úsáid agus do bheith ar seilbh aige ar pé téarma is dó leis an Aire is ceart agus ná raghaidh thar naoi mbliana déag is cheithre fichid.
(2) Gach léas no ceadúnas a déanfar no a deonfar fén alt so déanfar no deonfar é (maran dó leis an Aire gur cheart, ar mhaithe leis an bpuiblíocht, an léas no an ceadúnas san do dhéanamh no do dheona in aisce) fé réir íocaíocht do dhéanamh leis an Aire, i bhfuirm fhíneála no íocaíochta eile roimh ré no i bhfuirm chíosa no ar an dá shlí sin, i pé airgead is dó leis an Aire is ceart agus ar a socróidh sé leis an duine le n-a ndéanfar no dá ndeonfar an léas no an ceadúnas san.
(3) Déanfar no deonfar gach léas no ceadúnas den tsórt san roimhráite fé réir pé cumhnanta, coiníollacha agus có-aontuithe agus beidh ann pé cumhnanta, coiníollacha agus có-aontuithe (nách cinn chun an léas no an ceadúnas d'athnuachaint) is dó leis an Aire is ceart no is maith chun leasa na puiblíochta no ar aon tslí eile agus ar a socróidh sé leis an duine le n-a ndéanfar no dá ndeonfar an léas no an ceadúnas san.
(4) Aon léas no ceadúnas a déanfar no a deonfar fén alt so ní bhainfe sé le haon mhianaigh ná minearáil ná ní fholóidh sé iad.
Ráitisí i dtaobh léasanna no ceadúnaisí do leaga fé bhráid an Oireachtais.
4.—(1) Má bhíonn an tAire ar aigne léas no ceadúnas do dhéanamh no do dheona fén Acht so ar aon téarma a raghaidh thar cúig bliana leagfa sé fé bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas ina dtaisbeánfar cé leis no cé dho go bhfuiltear ar aigne an léas no an ceadúnas san do dhéanamh no do dheona, an mhaoin atáthar ar aigne a chur sa léas no sa cheadúnas san, an fhíneáil no an íocaíocht eile roimh ré (más ann di) agus an cíos (más ann do) atáthar ar aigne a éileamh ar son an léasa no an cheadúnais sin, agus na cumhnanta, na coiníollacha agus na có-aontuithe atáthar ar aigne a chur sa léas no sa cheadúnas san.
(2) Ní déanfar na ní deonfar aon léas ná ceadúnas fén Acht so ar aon téarma a raghaidh thar cúig bliana go dtí—
(a) go ndéanfaidh gach Tigh den Oireachtas, le rún, a údarú an léas no an ceadúnas san do dhéanamh no do dheona tar éis aon cheann de sna forálacha atáthar ar aigne a chur sa léas no sa cheadúnas san d'atharú no gan san d'atharú, no
(b) go mbeidh deire le pe'ca ceann de sna tréimhsí seo leanas is sia, sé sin le rá:—
(i) dhá lá déag tar éis an chéad lá a shuidhfidh ceachtar Tigh den Oireachtas tar éis an ráiteas do réir an ailt seo do bheith leagtha fé bhráid Tithe an Oireachtais, no
(ii) sé lá a shuidhfidh ceachtar Tigh den Oireachtas tar éis an ráiteas san do bheith leagtha amhlaidh fé bhráid na dTithe.
(3) Má húdaruítear le rún a rithfidh ceachtar Tigh den Oireachtas léas no ceadúnas do dhéanamh no do dheona fén Acht so fé réir aon atharú dhéanamh ar na forálacha atáthar ar aigne a chur sa léas no sa cheadúnas san, ní deonfar an léas ná an ceadúnas san ach tar éis agus fé réir an atharú san do dhéanamh ar a fhorálacha.
Léasanna agus ceadúnaisí o údaráis áitiúla.
5.—(1) Pé uair is dó leis an Aire go raghadh sé chun leasa na puiblíochta an t-údarás áitiúil do dhéanamh no do dheona léasa no ceadúnais ar thalamh le n-a mbaineann an tAcht so agus atá suidhte laistigh de líomatáiste fheidhmiúcháin an údaráis áitiúla san féadfaidh an tAire a údarú don údarás áitiúil sin an léas no an ceadúnas san do dhéanamh no do dheona agus leis sin féadfaidh an t-údarás áitiúil sin an léas no an ceadúnas san do dhéanamh no do dheona fén alt so agus dá réir.
(2) Bainfidh na forálacha so leanas le húdarás áitiúil do dhéanamh no do dheona ceadúnais fén alt so, sé sin le rá:—
(a) déarfaidh léas no ceadúnas den tsórt san gur mar ghníomhaire don Aire do dhein no do dheon an t-údarás áitiúil é;
(b) ní déanfar ná ní deonfar aon léas ná ceadúnas den tsórt san ar aon téarma a raghaidh thar cúig bliana;
(c) ní bhainfidh aon léas ná ceadúnas den tsórt san le haon mhianaigh ná minearáil ná ní fholóidh sé iad;
(d) cuirfear in áirithe i ngach léas no ceadúnas den tsórt san pé cíos le n-a n-aontóidh an tAire;
(e) beidh i ngach léas no ceadúnas den tsórt san pé cumhnanta, coiníollacha agus có-aontuithe (nách cinn chun an léas no an ceadúnas d'athnuachaint) is dó leis an Aire is ceart no is maith chun leasa na puiblíochta no ar aon tslí eile agus ar a socróidh an t-údarás áitiúil sin leis an duine le n-a ndéanfar no dá ndeonfar an léas no an ceadúnas san.
(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfa sé, a ordú cadiad na cásanna inar féidir agus cadiad na téarmaí agus na coiníollacha ar ar féidir d'údaráis áitiúla léasanna no ceadúnaisí ar théarmaí is giorra ná bliain do dhéanamh no do dheona fén alt so agus faid a bheidh na rialacháin sin i bhfeidhm tuigfear, maidir le haon léas a dhéanfaidh no le haon cheadúnas a dheonfaidh údarás áitiúil fén alt so agus dá réir agus do réir na rialachán san ar théarma is giorra ná bliain, gur údaruigh an tAire é fén alt so agus gur aontuigh an tAire leis sa mhéid gur gá do réir an ailt seo an t-aontú san d'fháil.
(4) An t-údarás áitiúil a dhéanfaidh léas no a dheonfaidh ceadúnas fén alt so glacfaid agus baileoid, mar ghníomhaire don Aire, an cíos a cuirfear in áirithe leis an léas no leis an gceadúnas san no a bheidh iníoctha fé agus mara n-íoctar an cíos san féadfid dul chun dlí ina n-ainm féin chun é bhaint amach.
Scur d'Acht 1924 d'fheidhmiú.
6.—Ar an Acht so do rith scuirfidh Acht 1924 de bhaint do bheith aige le talamh le n-a mbaineann an tAcht so.
Léasanna agus ceadúnaisí áirithe a deineadh fé Acht 1924 d'aistriú.
7.—(1) Deintear sochar gach cumhnanta, coiníll agus có-aontuithe a bheidh le cimeád no le cólíona ag an léasaí no ag an gceadúnaí agus a bheidh in aon léas no ceadúnas talmhan le n-a mbaineann an tAcht so agus do deineadh no do deonadh fé Acht 1924 roimh an Acht so do rith, deintear leis seo é do shanna don Aire agus beidh sé infheidhmthe feasta ar agra an Aire.
(2) Gach airgead a híocfar leis an Aire Airgid roimh an Acht so do rith chun úsáide an Phrímh-Chiste fé aon léas no ceadúnas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo aisíocfar leis an Aire é amach as an bPrímh-Chiste chó luath agus bheidh sé caothúil san do dhéanamh.
(3) Deintear an ceart chun aon airgead do ghlaca agus do bhaint amach a bhí dlite ach nár híocadh roimh an Acht so do rith leis an Aire Airgid chun úsáide an Phrímh-Chiste fé aon léas no ceadúnas den tsórt san roimhráite, deintear leis seo é do shanna don Aire agus beidh sé infheidhmithe feasta ar agra an Aire.
Léasanna no ceadúnaisí áirithe do dhein údaráis áitiúla do dhleathú.
8.—(1) I gcás inar dhein comhairle chontae, roimh an Acht so do rith, a thabhairt le tuisgint léas no ceadúnas a dhéanamh no a dheona, ina n-ainm féin no in ainm an Aire, ar thalamh le n-a mbaineann an tAcht so, agus atá suidhte laistigh de líomatáiste fheidhmiúcháin na comhairle sin, ar théarma ná raghaidh thar cúig bliana, ansan, fé réir na comhachta chun deire a chur leis a bronntar ar an Aire anso ina dhiaidh seo, beidh an léas no an ceadúnas san agus tuigfear go raibh sé riamh dleathach agus éifeachtach ar gach slí ach amháin ná beidh brí ná éifeacht ag aon chó-aontú a bheidh sa léas no sa cheadúnas san chun é d'athnuachaint ná ag aon deona mianach no minearál a bheidh ráite sa léas no sa cheadúnas san no a bheidh le tuisgint as.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú, aon am laistigh de shé mhí tar éis an Achta so do rith, deire do chur, o dháta an orduithe sin no o aon dáta is déanaí ná san, le haon léas no ceadúnas a dheineann an t-alt so dleathach, agus leis sin beidh deire leis an léas san no leis an gceadúnas san dá réir sin.
Có-aontú do dhaingniú.
9.—(1) An Có-aontú do Léas (dá ngairmtear an Có-aontú san alt so), fé dháta an chéad lá de Lúnasa, 1923, do deineadh idir an Aire um Rialtas Áitiúil, ar thaobh, agus Andrew A. Watt and Company, Limited, ar an taobh eile, agus tré n-ar aontuigh an tAire sin go ndeonfadh sé, agus tré n-ar aontuigh Andrew A. Watt and Company, Limited, sin go nglacfaidís léas ar an áitreabh a tuairiscítear ann mar “the premises comprising the Infirmary Buildings with the yard and private road thereunto, which premises are hereinafter called the said premises, being part of the old Letterkenny Workhouse, and are situate in the town of Letterkenny and County of Tirconnail,” ar théarma chúig mbliana fichead ón gcéad lá de Lúnasa, 1923, ar chíos bhliantúil £100, daingnítear leis seo é, agus beidh sé agus tuigfear go raibh sé riamh dleathach agus éifeachtach.
(2) Deintear leis seo údarás agus comhacht do thabhairt don Aire léas do dhéanamh ar an áitreabh is abhar don Chó-aontú do réir téarmaí an Chó-aontuithe, agus ní bhainfidh alt 4 (alt a bhaineann le ráitisí i dtaobh léasanna no ceadúnaisí do leaga fé bhráid an Oireachtais) den Acht so le déanamh an léasa san.
Airgead do gheobhfar fén Acht so do chur chun críche.
10.—Gach airgead do gheobhaidh an tAire, údarás áitiúil no comhairle chontae fén Acht so ar aon talamh déanfaidh an tAire no an t-údarás áitiúil sin no an chomhairle sin (pe'ca aca é) é do chur chun glanta aon fhiacha, fiachaisí, íocaíochtaí no costaisí is iníoctha ag an Aire no ag an údarás áitiúil sin no ag an gcomhairle sin ar an talamh san agus ar aon talamh eile a bheidh ar seilbh fén teideal céanna, agus, sa mhéid ná beidh an t-airgead san ag teastáil chun na fiacha, na fiachaisí, na híocaíochtaí agus na costaisí sin do ghlana, déanfaidh é chur mar chabhair chun íoctha na gcostas fé n-a raghfar i bhfóirithin na mbocht i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla gur ina líomatáiste feidhmiúcháin atá an talamh san suidhte.
Dualgas an údaráis áitiúla i dtaobh tailimh le n-a mbaineann an tAcht so.
11.—(1) Beidh sé de dhualgas ar údarás áitiúil gach talamh le n-a mbaineann an tAcht so agus atá suidhte laistigh de líomatáiste fheidhmiúcháin an údaráis áitiúla san do choinneáil in ordú, fé dheisiú agus i dtreo mhaith thionóntachta agus gach íocaíocht a bheidh iníoctha i dtaobh an tailimh sin do ghlana.
(2) Ní oibreoidh an t-alt so chun léasaí ná ceadúnaí fé léas no fé cheadúnas a déanfar fén Acht so do shaora o oblagáid ar bith a cuirfear air leis an léas no leis an gceadúnas san no fé.
Costaisí údarásanna áitiúla.
12.—(1) Gach costas fé n-a raghaidh údarás áitiúil (nách bord caomhnóirí) fén Acht so agus ná híocfar as airgead do gheobhfar fén Acht so íocfar é tríd an ráta dealbhais agus cruinneofar go cothrom é ar fuaid líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san.
(2) Gach costas fé n-a raghaidh bord caomhnóirí fén Acht so agus ná híocfar as airgead do gheobhfar fén Acht so íocfar é mar mhuirear ar an aontas agus cruinneofar go cothrom é ar fuaid aontas uile an bhúird chaomhnóirí sin.
Gearr-theideal.
13.—Féadfar Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1930, do ghairm den Acht so.