[EN]

Uimhir 9 de 1939.


[EN]

ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (LEASÚ), 1939.


ACHT CHUN FO-AILT (3) D'ALT 12 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1927, DO LEASÚ. [29adh Márta, 1939.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Fo-alt (3) d'alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927, do leasú.

1.—Athghairmtear leis seo alt 2 den Acht Rialtais Áitiúla (Leasú), 1934 (Uimh. 5 de 1934), agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfar agus go ndeintear leis seo fo-alt (3) d'alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927), do leasú amhail ar an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1938, agus ón lá san amach tré sna figiúirí “1939” do chur in ionad na bhfigiúirí “1930” i ndeireadh an fho-ailt sin.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

2.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Leasú), 1939, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1939, do ghairm de sna hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 go 1936, agus den Acht so le chéile.