[EN]

Uimhir 9 de 1944.


[EN]

ACHT GAIRM-OIDEACHAIS (LEASÚ), 1944.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA GAIRM-OIDEACHAIS, 1930 GO 1943. [20adh Márta, 1944.] ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Míniú.

1.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930), arna leasú leis an Acht Oideachais Ghairme Beatha (Leasú), 1936 (Uimh. 50 de 1936);

[EN]

cialluíonn an focal “oifig” oifig fé choiste gairm-oideachais.

[EN]

(2) Léireofar mar éinní amháin an tAcht so agus an Príomh-Acht.

[EN]

Dí-cháiliú maidir le ballraíocht, choistí gairm-oideachais.

2.—(1) Bainfidh Airteagal 12 (ach amháin fo-airteagal (9)) den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, le coistí gairm-oideachais agus a mbaill amhail mar bhaineann sé le comhairlí contaethe agus a mbaill.

[EN]

(2) Beidh duine dí-cháilithe chun é thoghadh no é cheapadh no é bheith ina bhall de choiste ghairm-oideachais má bhíonn baint aige, go pearsanta no trína pháirtnéir, le haon mhargadh no connradh arna dhéanamh leis an gcoiste sin no má bhíonn sé, go pearsanta no trína pháirtnéir, páirteach i sochar aon mhargaidh no connartha den tsaghas san no aon oibre arna dhéanamh fé údarás an choiste sin.

[EN]

(3) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) den alt so ní bheidh duine dí-cháilithe chun é thoghadh no é cheapadh no é bheith ina bhall de choiste ghairm-oideachais—

[EN]

(a) de bhíthin go bhfuair no go ndearna connradh chun go bhfuigheadh, go pearsanta no trína pháirtnéir, aon tsochair no buntáistí arna dtairgsint ag an gcoiste sin don phuiblíocht i bhfuirm oideachais leanúna agus ceárd-oideachais, no

[EN]

(b) de bhíthin leas do bheith aige, go pearsanta no trína pháirtnéir,—

[EN]

(i) in aon talamh do dhíol no do léasú, no in airgead do thabhairt ar iasacht don choiste sin, no

[EN]

(ii) in aon nuachtán inar cuireadh fógrán maidir le gnóthaí an choiste sin, no

[EN]

(iii) in aon chonnradh leis an gcoiste sin mar scaireánach in aon chuideachtain chó-stuic.

[EN]

(4) Na tagairtí atá san alt so do choiste gairm-oideachais léireofar iad mar thagairtí fholuíonn tagairtí d'fho-choiste de choiste ghairm-oideachais.

[EN]

Foiriarratas ar oideachas do thabhairt in abhair áirithe.

3.—Na comhachta atá ag an Aire fé alt 37 (a bhaineann le heasnamh ar an méid oideachais leanúna no ceárd-oideachais a bheidh ar fáil) den Phríomh-Acht beidh ortha, agus is tuigthe go raibh ortha riamh, comhacht chun a fhoiriarraidh ar choiste gairmoideachais socrú áirithe mar luaidhtear san alt san do dhéanamh chun oideachas leanúna no ceárd-oideachas do chur ar fáil in aon abhair is oiriúnach leis do luadh agus d'fhoiriarraidh agus is tuigthe an foiriarratas san do dhéanamh fé réim agus do réir an ailt sin.

[EN]

An Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht dá leasú.

4.—(1) Leasuítear leis seo Cuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo leanas do scrios:—

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1942 agus gach bliain ina dhiaidh sin     ...

6d. fén bpunt

[EN]

agus an méid seo leanas do chur isteach ina ionad—

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1942     ...

6d. fén bpunt

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1943     ...

6d. fén bpunt

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1944     ...

6d. fén bpunt

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1945 agus gach bliain ina dhiaidh sin     ...     ...

7d. fén bpunt

[EN]

(2) Leasuítear leis seo Cuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo leanas do scrios—

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1940 agus gach bliain ina dhiaidh sin     ...     ...

4d. fén bpunt.

[EN]

agus an méid seo leanas do chur isteach ina ionad—

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1940     ...

4d. fén bpunt

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1941     ...

4d. fén bpunt

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1942     ...

4d. fén bpunt

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1943     ...

4d. fén bpunt

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1944     ...

4d. fén bpunt

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1945 agus gach bliain ina dhiaidh sin     ...     ...

5d. fén bpunt

[EN]

Rann-íoc o údaráis rátúcháin chun oideachais leanúna éigeantaigh.

5.—(1) I gcás ina dtárlóidh—

[EN]

(a) i mbliain airgeadais áitiúil (dá ngairmtear an bhliain reatha sa bhfo-alt so)—

[EN]

(i) líomatáiste gairm-oideachais no aon chuid áirithe de líomatáiste ghairm-oideachais do bheith ina cheanntar lena mbaineann Cuid V den Phríomh-Acht, no

[EN]

(ii) ordú do bheith déanta, roimh an 1adh lá d'Eanar, fé alt 60 den Phríomh-Acht á dhearbhú líomatáiste gairm-oideachais no aon chuid áirithe de líomatáiste ghairm-oideachais do bheith ina cheanntar lena mbaineann an Chuid sin V, agus

[EN]

(b) an tAire do bheith ar an tuairim, tar éis dó breithniú do dhéanamh ar an scéim bhliantúil a bhainfidh leis an gcéad bhliain airgeadais áitiúil eile (dá ngairmtear an neas-bhliain sa bhfo-alt so) arna cur féna, bhráid ag an gcoiste gairm-oideachais don líomatáiste ghairmoideachais sin, nach leor an t-airgead bheidh ar chur an choiste ghairm-oideachais sin fé ailt 43 agus 53 den Phríomh-Acht chun na costais do ghlanadh féna raghaidh an coiste gairm-oideachais sin chun an Chuid sin V do chur i ngníomh i rith na neas-bhliana,

[EN]

féadfaidh an tAire, tráth nach déanaighe ná an chéad lá d'Eanar sa bhliain reatha, fógra do sheirbheáil ar an údarás rátúcháin don líomatáiste ghairm-oideachais sin á cheangal ar an údarás rátúcháin sin go n-íocfaidís i dteanta an rann-íoca áitiúil bhliantúil don neas-bhliain, leis an gcoiste gairm-oideachais sin alos na neasbhliana agus pé tráth no tráthanna luadhfar sa bhfógra, pé suim (ná raghaidh, i gcás gur contae-bhuirg an líomatáiste gairmoideachais sin no gurb é buirg Dhún Laoghaire é, thar suim is cóionann le ráta dhá phingin fén bpunt ar luach ionrátuithe an líomatáiste ghairm-oideachais sin i dtosach na bliana reatha no, in aon chás eile, thar suim is có-ionann le ráta pingne fén bpunt ar luach ionrátuithe an líomatáiste ghairm-oideachais sin i dtosach na bliana reatha) is oiriúnach leis.

[EN]

(2) I gcás fógra fé fho-alt (1) den alt so do sheirbheáil ar an údarás rátúcháin do líomatáiste ghairm-oideachais ní foláir don údarás rátúcháin sin déanamh do réir an fhógra.

[EN]

(3) I gcás fógra fé fho-alt (1) den alt so do sheirbheáil ar an údarás rátúcháin do líomatáiste ghairm-oideachais i rith bliana airgeadais áitiúla agus an líomatáiste gairm-oideachais sin no an chuid de is ceanntar lena mbaineann Cuid V den Phríomh-Acht do scur, i ndeireadh na bliana airgeadais áitiúla san, de bheith ina cheanntar lena mbaineann an Chuid sin V, is tuigthe nár seirbheáladh an fógra.

[EN]

(4) Aon tsuimeanna is iníoctha fén alt so ag an údarás rátúcháin do líomatáiste ghairm-oideachais cruinneofar iad sa tslí inarb inchruinnithe aon rann-íoc áitiúil bliantúil is iníoctha ag an údarás rátúcháin sin.

[EN]

(5) Abairtí a húsáidtear san alt so agus a húsáidtear freisin i gCuid IV den Phríomh-Acht, tá leo san alt so na bríonna atá leo fé seach sa Chuid sin IV.

[EN]

Teora aoise maidir le hoifigí.

6.—(1) Féadfaidh an tAire a dhearbhú aon aois áirithe do bheith ina teora aoise le haghaidh gach oifige no le haghaidh oifigí bhaineann le haicme, saghas, no grád áirithe no le haghaidh oifige no oifigí áirithe.

[EN]

(2) Tiocfaidh gach dearbhú déanfar fén alt so i bhfeidhm sé mhí tar éis lá a dhéanta.

[EN]

(3) I gcás dearbhú fén alt so do bheith i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh aon oifige áirithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) má bhíonn duine i seilbh na hoifige sin an lá (dá ngairmtear an dáta feidhme sa bhfo-alt so) a thiocfaidh an dearbhú san i bhfeidhm agus go mbeidh ag an duine sin ar an dáta feidhme an aois no níos mó ná an aois (dá ngairmtear an aois imeachta sa bhfo-alt so) a bheidh luaidhte sa dearbhú san mar theora aoise le haghaidh na hoifige sin, scuirfidh an duine sin de bheith i seilbh na hoifige sin, i gcás an lá feidhme do thuitim ar an 31adh lá de Lúnasa bliain ar bith, an 31adh lá de Lúnasa an bhliain sin no, in aon chás eile, an chéad 31adh lá de Lúnasa tar éis an dáta feidhme;

[EN]

(b) má thárlann, lá ar bith tar éis an dáta feidhme, aon duine bheidh i seilbh na hoifige sin do shlánú na haoise imeachta scuirfidh an duine sin de bheith i seilbh na hoifige sin, i gcás an lá san do thuitim ar an 31adh lá de Lúnasa, an lá san no, in aon chás eile, an chéad 31adh lá de Lúnasa tar éis an lae sin.

[EN]

(4) I gcás inar gá é chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 44 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), no aon achtacháin eile bhaineann le hoifigigh do choistí gairm-oideachais do chur ar aoisliúntas is tuigthe, i dtaobh éinne scuirfidh fé fho-alt (3) den alt so de bheith i seilbh oifige, é do theacht chun bheith éagcumasach ar dhualgais na hoifige sin do chólíonadh go héifeachtúil mar gheall ar shean-aois agus is tuigthe, i gcás inar gá é chun crícheanna an Local Government (Ireland) Act, 1919, é d'eirghe as an oifig sin le toiliú an Aire.

[EN]

Oifigigh d'fhionnraighe.

7.—(1) Pé uair a mheasfaidh coiste gairm-oideachais no an tAire, i dtaobh sealbhóra oifige fén gcoiste sin, go bhfuil cúis chun a chreidiúint nár chólíon an sealbhóir sin dualgais na hoifige sin go sásúil no gur mhí-iompair sé é féin maidir leis an oifig sin no go bhfuil sé neamh-oiriúnach ar shlí eile chun bheith i seilbh-na hoifige sin, féadfaidh an coiste sin no an tAire (do réir mar bheidh) an sealbhóir sin d'fhionnraighe o dhualgais na hoifige sin do chólíonadh faid a beifear ag fiosrú i dtaobh an nea-chólíonta no an mhí-iompair no na neamh-oiriúnachta san a bheidh á líomhnadh leis agus ag cinneadh i dtaobh cadé an gníomh smachta (más ann) a déanfar ina thaobh, agus déanfar an fiosrú san a luaithe is caothúil tar éis dáta na fionnraighe sin.

[EN]

(2) Aon uair fhionnróidh coiste gairm-oideachais duine fén alt so, déanfaidh an coiste sin an fhionnraighe agus fátha na fionnraighe do thuairisciú láithreach don Aire.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire fionnraighe fén alt so d'fhoirceannadh agus mairfidh gach fionnraighe den tsórt san go dtí n-a foirceannadh amhlaidh.

[EN]

(4) Pé uair a déanfar sealbhóir aon oifige áirithe fé choiste gairm-oideachais d'fhionnraighe fén alt so, bhéarfaidh suas don choiste sin láithreach na leabhair, na dintiúirí, na connartha, na cuntais, na cruthúnachta, na mapaí, na pleananna agus na scríbhní eile go léir a bheidh ina sheilbh no féna choimeád no féna urláimh agus a bhainfidh leis an oifig sin.

[EN]

(5) Ní híocfar le sealbhóir oifige fionnrófar fén alt so aon luach saothair alos na hoifige sin faid a mhairfidh a fhionnraighe agus an luach saothair do híocfaí i gcaitheamh na tréimhse fionnraighe dá mba ná fionnrófaí é déanfar, ar a fhionnraighe d'fhoirceannadh, é gheallbhruideadh i bpáirt no go hiomlán no é íoc leis no é chur de láimh ar shlí eile, fé mar ordóidh an tAire.

[EN]

(6) Scuirfidh alt 11 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926), d'éifeacht do bheith aige maidir le hoifigigh agus seirbhísigh coistí gairm-oideachais.

[EN]

An tAire do chur duine as oifig.

8.—(1) Chun crícheanna an ailt seo isiad so leanas na forais reachtúla chun sealbhóir aon oifige áirithe do chur as an oifig sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an sealbhóir sin do bheith neamh-oiriúnach don oifig sin,

[EN]

(b) an sealbhóir sin do dhiúltú d'aon ordú áirithe tugadh dó go dleathach mar shealbhóir ar an oifig sin do chólíonadh no do chur in éifeacht, no é dá mhí-iompar féin ar shlí eile san oifig sin,

[EN]

agus, san alt so, léireofar dá réir sin an abairt “forais reachtúla chun duine do chur as oifig”.

[EN]

(2) Más deimhin leis an Aire de thoradh fiosrúcháin áitiúil aon fhoras de na forais reachtúla chun duine do chur as oifig do bheith ann maidir le sealbhóir aon oifige áirithe, féadfaidh an tAire, le hordú, an sealbhóir sin do chur as an oifig sin.

[EN]

(3) Más deimhin leis an Aire gur theip ar shealbhóir aon oifige áirithe dualgais na hoifige sin do chólíonadh go sásúil agus gurb é a thuairim é bheith neamh-oiriúnach chun bheith i seilbh na hoifige sin, féadfaidh an tAire—

[EN]

(a) fógra ag cur na tuairime sin in iúl do chur leis an bpost cláruithe chun an tsealbhóra san ag príomh-oifig an choiste ghairm-oideachais féna mbeidh sé i seilbh na hoifige sin, agus

[EN]

(b) cóip den fhógra do chur leis an bpost cláruithe chun an choiste ghairm-oideachais sin lá an fhógra san do chur chun siúil,

[EN]

agus má bhíonn an tuairim chéanna ag an Aire ar cheithre lá déag do bheith caithte o dháta an fhógra agus na cóipe do chur chun siúil agus tar éis dó aon chúis (más ann) a phléidhfidh an sealbhóir sin no an coiste gairm-oideachais leis do bhreithniú féadfaidh an sealbhóir sin do chur as an oifig sin le hordú.

[EN]

(4) I gcás sealbhóir oifige do chiontú i gcionta do bheir, dar leis an Aire, é bheith neamh-oiriúnach don oifig sin, féadfaidh an tAire an sealbhóir sin do chur as an oifig sin le hordú.

[EN]

Ailt 6, 7 agus 8 den Acht so do bhaint le seanoifigigh.

9.—Ní foras chun a chointinn ná baineann ailt 6, 7 agus 8 den Acht so le hoifigeach áirithe an t-oifigeach san do bheith in oifig ar dháta an Achta so do rith.

[EN]

Alt 112 den Phríomh-Acht dá leasú.

10.—Leasuítear leis seo alt 112 (a bhaineann le costais taistil d'oifigigh) den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “eile” do chur isteach ann i ndiaidh an fhocail “oifigigh”.

[EN]

Orduithe, etc., do chúlghairm agus do leasú.

11.—Gach comhacht do bheirtear le haon alt atá sa Phríomh-Acht no san Acht so chun aon ordú no dearbhú no ordachán do dhéanamh, léireofar í mar chomhacht a fholuíonn comhacht chun aon ordú no dearbhú no ordachán déanfar fén alt san do chúlghairm no do leasú.

[EN]

Athghairm.

12.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm a mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

Gearr-theideal agus có-luadh.

13.—(1) Féadfar an tAcht Gairm-Oideachais (Leasú), 1944, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Folóidh an có-luadh, na hAchtanna Gairm-Oideachais, 1930 go 1944, an tAcht so.

[EN]

AN SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 29 de 1930

Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930.

Alt 27.

Uimh. 50 de 1936

Acht Oideachais Ghairme Beatha (Leasú), 1936.

Alt 4.