[EN]

Uimhir 9 de 1948.


[EN]

AN tACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1948.


ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1936. [30ú Meitheamh, 1948.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 (Uimh. 37 de 1936).

[EN]

Alt 18 (1) den Phríomh-Acht a leasú.

2.—(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 18 den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirtí an méid seo a leanas in ionad an Tríú Sceidil a ghabhas leis an Acht sin:—

[EN]

“AN TRIU SCEIDEAL.

[EN]

Rialacha chun an Méid de Phinsin Seirbhíse a Cuirfear ar Fionraí a Ríomh.

[EN]

1. Faoi réir forál Rialach 2 den Sceideal seo, is mar leanas a bheas an méid ina gcuirfear íoc pinsin seirbhíse ar fionraí faoi alt 18 den Acht seo, i gcás an duine a bheas ag fáil an phinsin sin a bheith ag fáil aon luach saothair, pinsin (seachas pinsean créachta nó pinsean míchumais) nó liúntais is iníoctha as airgead poiblí:—

[EN]

Má bhíonn méid bliantúil an luach saothair, an phinsin nó an liúntais is iníoctha as airgead poiblí—

A.

Gan bheith thar £250

Nil.

B.

Thar

£250

ach gan bheith thar

£300

10%

C.

,,

£300

,,     ,,     ,,     ,,

£350

15%

D.

,,

£350

,,     ,,     ,,     ,,

£400

20%

E.

,,

£400

,,     ,,     ,,     ,,

£450

25%

F.

,,

£450

,,     ,,     ,,     ,,

£500

30%

G.

,,

£500

,,     ,,     ,,     ,,

£550

40%

H.

,,

£550

,,     ,,     ,,     ,,

£600

50%

I.

,,

£600

,,     ,,     ,,     ,,

£700

60%

J.

,,

£700

,,     ,,     ,,     ,,

£800

70%

K.

,,

£800

,,     ,,     ,,     ,,

£900

80%

L.

,,

£900

,,     ,,     ,,     ,,

£1,000

90%

M.

,,

£1,000

100%

[EN]

2. I gcás iomlán an mhéid is iníoctha le duine ar bith as airgead poiblí agus an méid is iníoctha leis an duine sin i leith pinsin seirbhíse laistigh de na teoranta a sonraítear ag B, C, D, E, F, G, H, I, J, K, L nó M de Riail 1 den Sceideal seo a bheith níos lú, faoi théarmaí na Rialach sin, ná an méid a gheobhadh an duine sin i gcás an méid is iníoctha leis as airgead poiblí a bheith comh-mhéid le maximum na teorann díreach roimhe sin, ansin, agus i ngach cás den tsórt sin déanfar an méid a cuirfear ar fionraí dá phinsean seirbhíse a laghdú i dtreo nach mbeidh iomlán an mhéid is iníoctha leis as airgead poiblí agus a phinsin seirbhíse níos lú ná an t-iomlán a gheobhadh sé dá mbeadh an méid is iníoctha as airgead poiblí comhmhéid le maximum na teorann díreach roimhe sin.”

[EN]

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1945, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

3.—(1) Féadfar an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1948, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 agus 1948, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.