Uimhir 9 de 1953.
AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1953.
[An tiontó oifigiúil.]
£7,159,235 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dár críoch an 31ú Márta, 1953.
1.—Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Seacht Milliún Céad agus Naoi Míle Caogad Dhá Chéad agus Cúig Puint Tríochad d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dár críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad a trí caogad.
£34,185,410 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dár críoch an 31ú Márta, 1954.
2.—Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Ceithre Mhilliún Tríochad Céad agus Cúig Mhíle Ochtód Ceithre Chéad agus Deich bPuint d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dár críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad a ceathair caogad.
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £41,344,645 d'fháil ar iasacht.
3.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán na Aon Mhilliún Ceathrachad Trí Chéad agus Ceithre Mhíle Ceathrachad Sé Chéad agus Cúig Puint Cheathrachad d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.
(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoin raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint.
(3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis a heiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidiúnais do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.
Gearrtheideal.
4.—Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1953, a ghairm den Acht seo.