[EN]

Uimhir 9 de 1958.


[EN]

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH FORÁLA, LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, CHUN DEIREADH A CHUR LE hAMHRAIS MAIDIR LE FEIDHM AILT 23 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1941, ARNA LEASÚ LE hALT 24 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1955, AGUS LEIS AN ORDÚ RIALTAIS ÁITIÚIL (TORAINN AOISE OIFIGEACH), 1957, AGUS MAIDIR LE DAOINE ÁIRITHE DO SCOR DE BHEITH I SEILBH OIFIGE AGUS CHUN ACHTACHÁIN ÁIRITHE D'ATHGHAIRM. [22 Aibreán, 1958.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “alt na tórann aoise” alt 23 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941), arna leasú le halt 24 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 (Uimh. 9 de 1955);

[EN]

ciallaíonn “ordú na tórann aoise” an tOrdú Rialtais Áitiúil (Tórainn Aoise Oifigeach), 1957 (I. R. Uimh. 140 de 1957);

[EN]

ciallaíonn “na hoifigí iomchuí”—

[EN]

(a) oifig Bhainisteora Chathrach agus Bhaile-Chléirigh Chorcaighe;

[EN]

(b) oifig Bhainisteora Chathrach agus Bhaile-Chléirigh Bhaile Atha Cliath;

[EN]

(c) oifig Bhainisteora Chathrach agus Bhaile-Chléirigh Luimnigh;

[EN]

(d) oifig Bhainisteora Chathrach agus Bhaile-Chléirigh Phortláirge;

[EN]

(e) oifig chontae-bhainisteora do chontae faoin Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940).

[EN]

Deireadh a chur le hamhrais.

2.—(1) D'fhonn deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo mar leanas:

[EN]

(a) baineann alt na tórann aoise agus, i gcaitheamh na tréimhse a thosnaigh an lá a rinneadh an t-ordú tórann aoise agus a chríochnaigh ar dháta an Achta seo a rith, bhain sé leis na hoifigí iomchuí agus le sealbhóirí na n-oifigí sin,

[EN]

(b) baineann ordú na tórann aoise agus, i gcaitheamh na tréimhse a thosnaigh an lá a tháinig an t-ordú sin i bhfeidhm agus a chríochnaigh ar dháta an Achta seo a rith, bhain sé leis na hoifigí iomchuí agus le sealbhóirí na n-oifigí sin, agus

[EN]

(c) maidir leis na sealbhóirí a bhí, an lá a thaínig ordú na tórann aoise i bhfeidhm, i seilbh na n-oifigí iomchuí—

[EN]

(i) i gcás sealbhóra a bhí, an lá sin, níos sine ná cúig bliana seascad d'aois, scoir sé d'oifig a shealbhú an lá sin, agus

[EN]

(ii) in aon chás eile, má shroicheann an sealbhóir cúig bliana seascad d'aois, scoirfidh sé d'oifig a shealbhú an lá a shroichfeas sé an aois sin.

[EN]

(2) Nuair a beifear ag cur fo-mhíre (ii) de mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo i mbaint le sealbhóir oifige tráth a bheas ordú na tórann aoise arna leasú maidir leis an oifig sin nó arna chúlghairm go hiomlán nó maidir leis an oifig sin, déanfar an tagairt sa bhfo-mhír sin do chúig bliana seascad d'aois d'fhorléiriú mar thagairt d'aon aois a bheas arna foráil an tráth sin mar thórainn aoise don oifig sin le hordú faoi alt na tórann aoise.

[EN]

Athghairm.

3.—(1) Athghairmtear leis seo na fo-ailt seo a leanas:—

[EN]

(a) fo-alt (4) d'alt 10 d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 (Uimh. 1 de 1929),

[EN]

(b) fo-alt (4) d'alt 53 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930),

[EN]

(c) fo-alt (3) d'alt 14 d'Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 (Uimh. 35 de 1934),

[EN]

(d) fo-alt (3) d'alt 13 d'Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 (Uimh. 25 de 1939), agus

[EN]

(e) fo-alt (1) d'alt 5 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940).

[EN]

(2) Measfar go dtáinig fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá a rinneadh ordú na tórann aoise.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

4.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil, 1958, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1958, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1955, agus den Acht seo le chéile.