Uimhir 9 de 1966.
ACHT NA bPAITINNÍ (LEASÚ), 1966
[An tiontú oifigiúil.]
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na bPaitinní, 1964.
1.—Déantar leis seo an Dara Sceideal (ina bhfuil forálacha idirlinne) a ghabhann le hAcht na bPaitinní, 1964, a leasú tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 4:
“4A. I gcás ina ndearnadh, maidir le paitinn, sonraíocht iomlán a ghlacadh roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 55 d'Acht 1927 d'fheidhm a bheith aige maidir le caingean mar gheall ar an bpaitinn a shárú, d'ainneoin an t-alt sin a aisghairm leis an Acht seo.”
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar Acht na bPaitinní (Leasú), 1966, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna na bPaitinní, 1964 agus 1966, a ghairm d'Acht na bPaitinní, 1964, agus den Acht seo le chéile.