[EN]

Uimhir 9 de 1967


[EN]

AN tACHT UM CHEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE, 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM CHEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE, 1947.

[9 Bealtaine, 1967.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1961, Uimh. 39.

1963, Uimh. 33.

1947, Uimh. 10.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an Cuntasóir” an Cuntasóir atá ag gabháil leis an Ard-Chúirt de bhua alt 55 (1) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961;

[EN]

ciallaíonn “banc” banc ar dleathach de thuras na huaire d'iontaobhaí (mura dtoirmisctear go sainráite air) cistí iontaobhais a infheistiú ann trína gcur i gcuntas taisce úsmhar;

[EN]

folaíonn “cliant” (mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt) duine a bhfuil aísíoc éarlaise dlite dó;

[EN]

ciallaíonn “cuntas cliaint” cuntas reatha nó cuntas taisce in ainm ceantálaí nó gníomhaire tithe a bhfuil an focal “clianta” ina theideal agus a choimeádtar i mbanc i mbrainse sa Stát;

[EN]

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir an mhínithe atá in Acht na gCuideachtaí, 1963;

[EN]

ciallaíonn “an Sannaí Oifigiúil” an duine arb é an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht é de thuras na huaire;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947.

[EN]

(2) Forléireofar tagairtí san Acht seo do cheantálaithe mar thagairtí nach dtagraíonn ach amháin do dhaoine ar a bhfuil ceangal a bheith ceadúnaithe mar cheantálaithe faoin bPríomh-Acht agus forléireofar tagairtí san Acht seo do ghníomhaire tithe mar thagairtí nach dtagraíonn ach amháin do dhaoine ar a bhfuil ceangal a bheith ceadúnaithe mar ghníomhairí tithe faoin bPríomh-Acht.

[EN]

(3) Déanfar na tagairtí san Acht seo do chuntas (is cuntas i mbanc) a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí a fholaíonn tagairt d'admháil éarlaise.

[EN]

(4) Na tagairtí san Acht seo d'airgead do chliant folaíonn siad (mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt) tagairtí d'éarlais a íocadh le ceantálaí nó gníomhaire tithe mar gheallchoimeádaí nó a íocadh leis ar shlí eile i ndáil le maoin a cheannach nó a ligean ar cíos i gcás nach bhfuil ceart chun an airgid tar éis aistriú chun cliaint.

[EN]

(5) Ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar an tAcht seo mar Acht nach mbaineann ach le hidirbhirt ag ceantálaí nó gníomhaire tithe ina cháil mar cheantálaí nó gníomhaire tithe.

[EN]

Méadú ar an éarlais san Ard-Chúirt.

2.—D'ainneoin alt 14 (a) den Phríomh-Acht, cúig mhíle punt a bheidh san éarlais a choimeádfar san Ard-Chúirt faoin Acht sin in aghaidh aon tréimhse a thosóidh an 6ú lá d'Iúil, 1967, nó aon lá dá éis sin, a bhfuil ceadúnas ceantálaí nó ceadúnas gníomhaire tithe i bhfeidhm ina haghaidh, agus forléireofar dá réir sin na tagairtí do dhá mhíle punt in alt 14 (d) (ii) agus in alt 15 (3) (b) den Phríomh-Acht.

[EN]

Cinéal amháin éarlaise a chur in ionad cineáil eile.

3.—(1) D'ainneoin alt 16 den Phríomh-Acht, féadfaidh aon duine a mbeidh éarlais taiscthe in airgead aige san Ard-Chúirt faoin Acht sin, urscaoileadh na héarlaise a fháil ar choinníoll go mbeidh sé tar éis urrúis údaraithe den luach is gá a thaisceadh nó banna ráthaíochta a thaisceadh a bheidh iarghabhálach a mhéid is gá chun freastal d'aon éileamh cuí a bhféadfaí airgead a íoc ina leith amach as an éarlais urscaoilte.

[EN]

(2) D'ainneoin alt 16 den Phríomh-Acht, féadfaidh aon duine a bheidh tar éis éarlais a thaisceadh san Ard-Chúirt faoin Acht sin trí urrúis údaraithe a thaisceadh, urscaoileadh na héarlaise a fháil ar choinníoll go mbeidh sé tar éis éarlais in airgead agus an oiread is gá ann a thaisceadh nó banna ráthaíochta a thaisceadh a bheidh iarghabhálach a mhéid is gá chun freastal d'aon éileamh cuí a bhféadfaí airgead a íoc ina leith amach as an éarlais urscaoilte.

[EN]

(3) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “banna ráthaíochta” banna ráthaíochta den sórt a luaitear in alt 14 (d) (ii) don Phríomh-Acht;

[EN]

ciallaíonn “urrúis údaraithe” urrúis atá údaraithe le rialacha cúirte chun airgead atá faoi urlámhas na hArd-Cúirte a infheistiú iontu;

[EN]

ciallaíonn “luach is gá” an luach is gá de réir alt 14 den Phríomh-Acht nó alt 2 den Acht seo, de réir mar is iomchuí.

[EN]

Cuntais a choimeád agus a shlánchoimeád.

4.—(1) Coimeádfaidh ceantálaí nó gníomhaire tithe gach tráth, scríofa suas cuí, cibé cuntais is gá chun a dhéileála le hairgead, agus sonraí agus eolas i dtaobh airgead, a fuair sé nó atá ina sheilbh ar son, nó a d'íoc sé thar ceann, gach cliaint nó a d'íoc sé le gach cliant.

[EN]

(2) Déanfar cuntas a choimeádfaidh ceantálaí nó gníomhaire tithe faoin alt seo a shlánchoimeád go ceann sé bliana ar a laghad ó dháta an taifid deiridh ann nó ó dháta na déileála deiridh le hairgead cliaint a cheanglaítear leis an Acht seo a thaifeadadh sa chuntas sin, cibé dáta acu is déanaí.

[EN]

Cuntais chliaint a choimeád.

5.—(1) (a) Osclóidh agus coimeádfaidh gach ceantálaí agus gach gníomhaire tithe cuntas cliaint agus féadfaidh sé, más oiriúnach leis, níos mó ná cuntas cliaint amháin a oscailt agus a choimeád.

[EN]

(b) Déanfaidh ceantálaí nó gníomhaire tithe a choimeádann níos mó ná cuntas cliaint amháin na cuntais sin go léir a choimeád sa bhanc céanna mura gceadóidh an Chúirt Dúiche a mhalairt ar chúiseanna speisialta.

[EN]

(2) Nuair a gheobhaidh ceantálaí nó gníomhaire tithe airgead do chliant, íocfaidh sé é, gan mhoill neamhriachtanach, isteach i gcuntas cliaint mura rud é—

[EN]

(a) gur ina airgead tirm a gheofar é agus go n-íocfar, gan mhoill neamhriachtanach, ina airgead tirm é leis an gcliant;

[EN]

(b) gur trí sheic nó trí ionstraim shoshannta a bheidh formhuinithe chun an chliaint agus a sheachadfar, gan mhoill neamhriachtanach, dó, a gheofar é;

[EN]

(c) go n-íocfar é, gan mhoill neamhriachtanach, isteach i gcuntas baincéireachta ar leithligh in ainm an chliaint nó dhuine éigin (nach ceantálaí ná gníomhaire tithe ná comhpháirtí, fostaí ná gníomhaire don cheantálaí nó don ghníomhaire tithe) a ainmneoidh an cliant nó isteach i gcomhchuntas baincéireachta in ainmneacha an cheantálaí nó an ghníomhaire tithe agus an chliaint; nó

[EN]

(d) go n-infheisteoidh sé é ar iarratas i scríbhinn ón gcliant agus chun sochair don chliant, i slí inar dleathach de thuras na huaire d'iontaobhaí (mura dtoirmisctear go sainráite air) cistí iontaobhais a infheistiú iontu.

[EN]

(3) Má theachtann nó má fhaigheann ceantálaí nó gníomhaire tithe seic nó dréacht a bhfuil airgead ann do chliant, deánfaidh sé, más indéanta sin, an tseic nó an dréacht a chionroinnt agus an chuid is ionann agus an t-airgead don chliant a íoc isteach sa chuntas cliaint iomchuí ionann is dá mbeadh sé tar éis seic ar leithligh ar an méid sin a fháil agus, mura indéanta an chionroinnt sin, íocfaidh sé an tseic nó an dréacht go hiomlán isteach sa chuntas cliaint agus, i gcás ina mbeidh sé tar éis an tseic nó an dréacht a íoc go hiomlán isteach sa chuntas cliaint, féadfaidh sé an t-airgead nach airgead do chliant a tharraingt amach as.

[EN]

(4) Ní dhéanfar aon íocaíocht seachas airgead do chliant a íoc isteach i gcuntas cliaint ach amháin cibé íocaíocht a údarófar a dhéanamh faoi fho-alt (3) nó is gá chun an cuntas a oscailt nó a chothabháil nó chun aon suim a chur ar ais ann a tarraingíodh as de dhearmad nó de thionóisc.

[EN]

(5) Ní tharraingeoidh ceantálaí nó gníomhaire tithe airgead as cuntas cliaint mura rud é—

[EN]

(a) go mbeidh sé ag teastáil go cuí chun íocaíocht a dhéanamh le cliant nó thar ceann chliant a bhfuil a chuid airgid sa chuntas sin, nó

[EN]

(b) go mbeidh sé ag teastáil go cuí chun nó mar chabhair chun táillí nó coimisiún a íoc a bheidh dlite don cheantálaí nó don ghníomhaire tithe de chliant a bhfuil a chuid airgid sa chuntas sin, nó chun nó mar chabhair chun caiteachais a chúiteamh a thabhaigh an ceantálaí nó an gníomhaire tithe i ndáil le gnó a chliaint nó airgead a chúiteamh a d'íoc an ceantálaí nó an gníomhaire tithe as a chistí féin le cliant (sna himthoscaí a shonraítear i bhfo-alt (10) nó ar shlí eile chun a urasú an cliant a íoc go sciobtha), nó gur aistarraingt é a údaraítear le fo-alt (3).

[EN]

(6) Déanfar aistarraingt faoi fho-alt (5) (b)—

[EN]

(i) trí sheic arna tarraingt i bhfabhar an cheantálaí nó an ghníomhaire tithe, nó

[EN]

(ii) trí aistriú chun cuntais bainc (nach cuntas cliaint) in ainm an cheantálaí nó an ghníomhaire tithe.

[EN]

(7) I gcás ina dtarraingeoidh ceantálaí nó gníomhaire tithe airgead as cuntas cliaint—

[EN]

(a) mura trí sheic a bheidh tarraingte i bhfabhar an chliaint a dhéanfar an aistarraingt, formhuineoidh an ceantálaí nó an gníomhaire tithe ar an tseic, ar an duillín aistarraingte nó ar an dréacht-fhoirm fhoréilimh na focail “Táillí i leith” nó na focail “Eisíoc i leith” nó (más le tríú pairtí a bheifear ag íoc) na focail “Thar ceann” nó (in aon chás) cibé focail eile a mhíneoidh cad é sórt aistarraingt í), agus ainm an chliaint ina dhiaidh sin i ngach cás;

[EN]

(b) déanfaidh sé an tseic nó an dréacht, nuair a chuirfidh an banc ar ais í, a shlánchoimeád an fad a cheanglaítear le halt 4 an cuntas comhréire a shlánchoimeád.

[EN]

(8) (a) Ní rachaidh an t-airgead a aistarraingeofar as cuntas cliaint ar son nó thar ceann cliaint thar an méid iomlán airgid a bheidh ar teachtadh de thuras na huaire sa chuntas sin ar cuntas an chliaint sin.

[EN]

 (b) Aon airgead a tharraingeofar as cuntas cliaint chun nó mar chabhair chun airgead a chúiteamh a d'íoc an ceantálaí nó an gníomhaire tithe as a chistí féin le cliant ní rachaidh sé thar an méid a íocadh leis an gceantálaí nó an gníomhaire tithe i leith an idirbhirt chomhréire thar ceann an chliaint sin agus a bheidh ar fáil go cuí sa chuntas cliaint chun críocha cúitimh den sórt sin.

[EN]

(9) (a) Más dealraitheach don Aire Dlí agus Cirt nach leor forálacha an ailt seo chun cosc a chur le faillí agus calaois ag láimhsiú airgid do chliant nó nach dóthanach iad ar shlí eile chun leasanna cliant a chosaint agus gurb é leas an phobail forálacha eile (a chuirfear in ionad nó i dteannta na bhforálacha láithreacha nó aon cheann acu) do rialú airgead a íoc isteach i gcuntais chliaint agus a aistarraingt as cuntais chliaint, féadfaidh sé rialacháin a dhéanamh ina mbeidh na forálacha eile sin.

[EN]

(b) Féadfaidh rialacháin faoi mhír (a) a fhoráil go ndéanfaidh ceantálaí nó gníomhaire tithe, sna himthoscaí a shonraítear sna rialacháin, is imthoscaí ina gceanglaítear ar an gceantálaí nó ar an ngníomhaire tithe leis an alt seo nó faoi, airgead a íoc isteach i gcuntas cliaint—

[EN]

(i) an t-airgead a íoc isteach i gcuntas cliaint úsmhar agus an t-ús a íoc leis an gcliant nó le duine eile ar leis an t-airgead, nó

[EN]

(ii) an tsuim is comhionann leis an ús a bheadh tuillte, dá n-íocfaí an t-airgead isteach i gcuntas den sórt sin, a íoc leis an gcliant nó le duine eile ar leis an t-airgead.

[EN]

(c) Ní thiocfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo i ngníomh go mbeidh tréimhse nach lú ná mí caite ón dáta ar a ndearnadh iad.

[EN]

(d) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

(10) Chun críocha fho-ailt (1) go (4) folaíonn tagairtí d'airgead do chliant tagairtí d'airgead a íocadh le ceantálaí nó gníomhaire tithe, arb eárd é iomlán nó cuid de phraghas ceannaigh maoine a dhíol sé do chliant nó de chíos nó sochar eile i leith maoin a lig sé do chliant nó is íocaíocht atá ceaptha ar shlí eile do chliant i gcás ina mbeidh an ceantálaí nó an gníomhaire tithe, in oirichill an t-airgead sin a fháil, tar éis an cliant a íoc cheana féin as a chistí féin.

[EN]

Tosaíocht ag éilithe ar airgead cliant.

6.—I gcás ina mbeidh cuntas cliaint á choimeád ag ceantálaí nó ag gníomhaire tithe ní bheidh aon chúlárach ná ceart ag an Stát ná ag aon duine, ná ní bhfaighidh cúlárach ná ceart, i gcoinne airgead a bheidh chun creidiúna an chuntais sin i leith éilimh nó cirt i gcoinne an cheantálaí nó an ghníomhaire tithe go dtí go mbeidh éilithe cuí uile a chliant i gcoinne an airgid sin lánsásaithe.

[EN]

Suimeanna chun creidiúna cuntas cliaint áirithe a dhílsiú don Sannaí Oifigiúil.

7.—(1) (a) I gcás ina mbreithneofar ina fhéimheach ceantálaí nó gníomhaire tithe nó i gcás ina ndéanfaidh sé, agus é ina fheichiúnaí comhshocraíochta, a eastát a dhílsiú don Sannaí Oifigiúil le réadú agus le dáileadh ar a chreidiúnaithe, ansin, d'ainneoin aon ní in alt 6 nó in aon achtachán eile, gach suim a bheidh chun creidiúna gach cuntais chliaint a bheidh á choimeád ag an gceantálaí nó ag an ngníomhaire tithe sin dílseoidh sí don Sannaí Oifigiúil.

[EN]

(b) I gcás ina gcomhadóidh ceantálaí nó gníomhaire tithe achainí ar chomhshocraíocht ach nach ndílseoidh sé a eastát don Sannaí Oifigiúil, féadfaidh na creidiúnaithe is cliaint, nó cuid díobh (nach lá na trí chúigiú de líon agus de luach díobh sin a bhfuil, mar chliaint, suas le £20 fiacha cruthaithe acu) ordú a iarraidh ar bhreitheamh den Ard-Chúirt a fheidhmíonn, de thuras na huaire, dlínse in abhair féimheachta á ordú an tsuim a bheidh chun creidiúna do gach cuntas cliaint a bheidh á choimeád ag an gceantálaí nó ag an ngníomhaire tithe a dhílsiú don Sannaí Oifigiúil, agus féadfaidh an breitheamh, más rud é gur cuí leis sin a dhéanamh agus go dtoileoidh an Sannaí Oifigiúil, ordú den sórt sin a dhéanamh a mbeidh éifeacht dá réir sin aige.

[EN]

(2) Ar dhílsiú faoi fho-alt (1) (cibé acu de bhua mhír (a) de nó de bhua ordú faoi mhír (b) de) don Sannaí Oifigiúil—

[EN]

(a) dílseoidh dó cearta creidiúnaithe i gcoinne na héarlaise a bheidh á cothabháil san Ard-Chúirt agus ní dhéanfar aon ordú ina dhiaidh sin faoi alt 11 (3) (b) maidir leis an éarlais;

[EN]

(b) cuirfidh sé an dílsiú in iúl don Chuntasóir;

[EN]

(c) d'ainneoin go mb'fhéidir gur faoi alt 11 (4) a rinneadh ordú i leith aon chuntas cliaint den sórt sin, beidh cuideachta baincéireachta i dteideal an tsuim a bheidh chun creidiúna don chuntas sin a íoc leis agus íocfaidh an tsuim sin leis ar é á éileamh;

[EN]

(d) rachaidh sé i mbun an chuntais chliaint nó na gcuntas cliaint a riaradh chun tairbhe do na cliaint agus bainfidh dlí na féimheachta (lena n-áirítear an tAcht seo) leis an riaradh sin.

[EN]

(3) Measfar chun gach críche gur gnó atá sannta d'Oifig an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht agus gurb inti a dhéantar riaradh faoi fho-alt (2) ar chuntas cliaint ag an Sannaí Oifigiúil.

[EN]

Forálacha a bhaineann le cuntais chliaint i gcás féimheachta.

1887, c. 57.

8.—(1) I gcás—

[EN]

(a) ceantálaí nó gníomhaire tithe a bhreithiúnú ina fhéimheach, do chomhadú achainí ar chomhshocraíocht, d'fhorghníomhú gníomhais chomhshocraíochta (de réir bhrí alt 4 den Deeds of Arrangement Act, 1887) nó d'fháil bháis dócmhainneach, nó

[EN]

(b) cuideachta atá ceadúnaithe mar cheantálaí nó gníomhaire tithe a bheith dócmhainneach agus á foirceannadh,

[EN]

féadfaidh an Sannaí Oifigiúil (i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 7), an leachtaitheoir (i gcás cuideachta dóchmhainní) nó aon pháirtí leasmhar (in aon chás eile) iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte trí fhoriarratas ar ordú faoi fho-alt (2).

[EN]

(2) (a) Féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas a dhéanamh chuici faoi fho-alt (1), ordú a dhéanamh á ordú go ndéanfaidh an Cuntasóir—

[EN]

(i) na costais, na táillí agus na caiteachais a thabhaigh an Sannaí Oifigiúil nó is iníoctha leis i ndáil leis an gcuntas cliaint nó (de réir mar is iomchuí) cibé costais agus caiteachais i ndáil le cuntas cliaint an leachtaithóra nó dhuine leasmhair eile a cheadóidh an chúirt, agus

[EN]

(ii) méid aon easnaimh ar chuntas cliaint,

[EN]

a íoc nó a shlánú, a mhéid a ligfidh an t-airgead a bheidh ar fáil é, as an éarlais a bheidh á cothabháil san Ard-Chúirt faoin bPríomh-Acht, nó, i gcás inar banna ráthaíochta an éarlais, as airgead a chuirfidh an chuideachta árachais lena mbainfidh ar fáil ar scór an bhanna; agus, chun a chumasú don Chuntasóir déanamh de réir an ordacháin sin, féadfaidh an t-ordú nó ordú breise a ordú, i gcás inar urrúis an éarlais sin, go ndíolfaidh an Cuntasóir na hurrúis sin (nó an méid díobh is gá) agus, i gcás inar banna ráthaíochta an éarlais agus go mbeidh fógra i dtaobh an iarratais seirbheáilte ar an gcuideachta árachais lena mbainfidh, go n-íocfaidh an chuideachta árachais méid an bhanna (nó an méid de is gá): ar choinníoll, áfach, go mbeidh éifeacht ag an ordú sin faoi réir forálacha aon ordú a rinneadh roimhe sin maidir leis an éarlais faoi alt 11 (3) (b) mura n-ordóidh an Ard-Chúirt a mhalairt.

[EN]

(b) I gcás ina mbeidh easnamh ar níos mó ná cuntas cliaint amháin, féadfar an méid a bheidh ar fáil ón éarlais chun na heasnaimh a shlánú a íoc anonn faoi mhír (a) gan chionroinnt idir na cuntais chliaint.

[EN]

(c) Féadfaidh an Ard-Chúirt, nuair a bheidh ordú á dhéanamh aici faoin bhfo-alt seo á ordú urrúis a dhíol, a ordú san ordú céanna go ndíolfar na hurrúis go léir den sórt sin a bheidh á gcothabháil mar éarlais san Ard-Chúirt ag an gceantálaí nó ag an ngníomhaire tithe agus go n-aistreofar chun an tSannaí Oifigiúil, chun tairbhe na ngnáthchreidiúnaithe, aon bharrachas a bheidh ann tar éis aon chostais, táillí agus caiteachais a íoc agus aon easnamh ar chuntas cliaint a shlánú.

[EN]

(d) Bainfidh forálacha alt 15 (3) den Phríomh-Acht le hordú faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) (i) ceantálaí nó gníomhaire tithe a bhreithniú ina fhéimheach, do chomhadú achainí ar chomhshocraíocht, d'fhorghníomhú gníomhais chomhshocraíochta (de réir bhrí alt 4 den Deeds of Arrangement Act, 1887) nó d'fháil bháis dócmhainneach, nó

[EN]

(ii) cuideachta atá ceadúnaithe mar cheantalaí nó gníomhaire tithe a bheith dócmhainneach agus á foirceannadh,

[EN]

agus

[EN]

(b) go bhfuil, d'ainneoin an tsuim a íocadh anonn faoi fho-alt (2) a bheith curtha san áireamh, easnamh ar an gcuntas cliaint nó ar na cuntais chliaint,

[EN]

ansin, d'ainneoin aon rial dlí dá mhalairt, an tsuim a bheidh chun creidiúna don chuntas cliaint sin nó, i gcás dhá chuntas cliaint nó níos mó a bheith á gcoimeád ag an gceantálaí nó ag an ngníomhaire tithe, iomlán na suimeanna a bheidh chun creidiúna do na cuntais sin, beidh an tsuim sin nó an t-iomlán sin (tar éis an tsuim a íocadh faoi fho-alt (2) a chur san áireamh) inroinnte go comhréireach idir cliaint an cheantálaí nó an ghníomhaire tithe de réir na suimeanna faoi seach a fuair an ceantálaí nó an gníomhaire tithe i gcúrsa a ghnó thar ceann a chliant agus a bheidh fós dlite de dóibh.

[EN]

(4) Aon duine, seachas an Sannaí Oifigiúil, a bheidh i dteideal agus a bheartóidh iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) chun na hArd-Chúirte féadfaidh sé sula ndéanfaidh sé an t-iarratas sin agus trí fhoriarratas ex parte iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú do thoirmeasc aon airgead a íoc amach as an éarlais nó, i gcás inar banna ráthaíochta an éarlais, as airgead a chuirfidh an chuideachta árachais lena mbainfidh ar fáil ar scór an bhanna, go dtí go n-éistfear an t-iarratas faoi fho-alt (1), agus féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi, ordú a thabhairt dá réir sin.

[EN]

(5) Chun críocha an ailt seo, i gcás ina mbeidh aisíoc éarlaise dlite, measfar go bhfuair an ceantálaí nó an gníomhaire tithe an méid a bheidh dlite i gcúrsa a ghnó thar ceann an duine a thaisc an éarlais: ar choiníoll, áfach, nach n-oibreoidh an t-alt seo ar shlí a bhainfidh den duine sin aon cheart chun a cheangal go gcríochnófaí go cuí an conradh díolacháin nó an conradh ligin.

[EN]

Lian agus cearta eile a shlánchoimeád.

9.—Ní oibreoidh aon ní san Acht seo ar shlí a bhainfidh de cheantálaí ná de ghníomhaire tithe aon chúlárach ná ceart (ar mhodh liain, fritháirimh, frithéilimh, muirir nó eile) i gcoinne airgead a bheidh chun creidiúna cuntais chliaint.

[EN]

Forálacha maidir le cuideachtaí baincéireachta.

10.—(1) Ní thabhóidh cuideachta baincéireachta, i ndáil le haon idirbheart ar chuntas ceantálaí nó gníomhaire tithe a bheidh á choimeád leo féin nó le cuideachta baincéireachta eile, dliteanas ná ní bheidh siad faoi aon oibleagáid fiafraí a dhéanamh ná ní mheasfar eolas a bheith acu ar cheart chun airgead a íocadh leis an gcuntas nó a creidiúnaíodh dó nach dtabhóidís, nach mbeidís faoi nó nach measfaí a bheadh acu i gcás cuntas a bheadh á choimeád ag duine ag a mbeadh teideal iomlán chun an airgid a íocadh leis nó a creidiúnaíodh dó.

[EN]

(2) Ní scaoilfidh aon ní i bhfo-alt (1) cuideachta baincéireachta ó aon dliteanas nó oibleagáid a bheadh orthu ar leith ón Acht seo.

[EN]

(3) D'ainneoin fho-alt (1), aon chuideachta baincéireachta a choimeádann cuntas ceantálaí nó gníomhaire tithe ar airgead cliant ní bheidh acu ná ní bhfaighidh siad, maidir le dliteanas an cheantálaí nó an ghníomhaire tithe don chuideachta baincéireachta, nach dliteanas i ndáil leis an gcuntas sin, aon chúlárach ná ceart (ar mhodh liain, fritháirimh, frithéilimh, muirir nó eile) i gcoinne airgead a bheidh chun creidiúna don chuntas sin.

[EN]

(4) Ní bhainfidh aon ní i bhfo-alt (3) de chuideachta baincéireachta aon cheart a bheidh ann ar dháta tosach feidhme an ailt seo maidir le hairgead a taisceadh roimhe sin leis an gcuideachta baincéireachta sin.

[EN]

Imeachtaí maidir le héarlaisí agus cuntais bhaincéireachta.

11.—(1) I gcás ina mbeidh duine (dá ngairtear an gearánaí san alt seo)—

[EN]

(a) tar éis breithiúnas, ordú nó foraithne a fháil in aon imeachtaí, nó

[EN]

(b) tar éis imeachtaí a thionscnamh,

[EN]

i gcoinne aon duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) go ndéanfar (nó, i gcás imeachtaí a tionscnaíodh lena dtéann éileamh ar) airgead a íoc d'urscaoileadh dliteanas a tabhaíodh nó a líomhnaítear a tabhaíodh ag an gcosantóir mar cheantálaí nó gníomhaire tithe maidir le hairgead a fháil nó a íoc nó slánchoimeád maoine, féadfaidh an gearánaí nó aon chliant don chosantóir, trí fhoriarratas ex parte, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú faoi fho-alt (3).

[EN]

(2) (a) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoi fho-alt (1) beidh sé, ar chláraitheoir nó cléireach (de réir mar a bheidh) na cúirte ina bhfuarthas an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne a luaitear san fho-alt sin nó inar tionscnaíodh na himeachtaí a luaitear sa fho-alt sin a shásamh go mbeartaíonn sé an t-iarratas a dhéanamh, i dteideal deimhniú faoi láimh an chláraitheora nó an chléirigh go bhfuil breithiúnas, ordú nó foraithne mar a dúradh faighte nó go bhfuil imeachtaí mar a dúradh tionscanta, de réir mar a bheidh, a fháil i gcoinne an chosantóra.

[EN]

(b) Beidh deimhniú faoi mhír (a) ina fhianaise ar na fíorais a bheidh ráite ann.

[EN]

(3) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fho-alt (1), beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, eadhon:

[EN]

(a) in aon chás, féadfaidh an Chúirt le hordú a ordú nach ndéanfar an éarlais a bheidh á cothabháil sa Chúirt faoin bPríomh-Acht a urscaoileadh i gcaitheamh cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt;

[EN]

(b) i gcás an t-iarratas a dhéanamh ag gearánaí a mbeidh breithiúnas, ordú nó foraithne faighte aige agus go measann an Chúirt tar éis cibé fiosrú is cuí léi—

[EN]

(i) nach dócha go ndéanfar éilithe eile i gcoinne na héarlaise i leith suimeanna a bheidh dlite den chosantóir an tráth sin, nó

[EN]

(ii) dá ndéanfaí éilithe den sórt sin, gur leor an éarlais chun freastal dóibh go hiomlán,

[EN]

féadfaidh an Chúirt le hordú a ordú go ndéanfar an tsuim a bheidh sonraithe sa bhreithiúnas, san ordú nó san fhoraithne (de réir mar a bheidh), i dteannta nó d'éagmais costais an iarratais, a íoc leis an ngearánaí as an éarlais nó, más banna ráthaíochta an éarlais agus go mbeifear tar éis fógra i dtaobh na n-imeachtaí nó i dtaobh é a bheith beartaithe na himeachtaí a thionscnamh a sheirbheáil roimh an éisteacht ar an gcuideachta árachais lena mbainfidh, a íoc leis an gCuntasóir thar ceann an ghearánaí.

[EN]

(4) I gcás ina mbeifear tar éis ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3) (a) féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh freisin á ordú—

[EN]

(a) nach ndéanfaidh aon chuideachta baincéireachta, ach amháin ar cibé coinníollacha nó i cibé imthosca a shonrófar san ordú, aon íocaíocht as aon chuntas baincéireachta in ainm an chosantóra, nó

[EN]

(b) nach ndéanfaidh cuideachta baincéireachta shonraithe, ach amháin ar cibé coinníollacha nó i cibé imthosca a shonrófar san ordú, aon íocaíocht as aon chuntas baincéireachta ná as cuntas baincéireachta sonraithe ná as aon sórt cuntas a bheidh á choimeád ag an gcuideachta sin in ainm an chosantóra.

[EN]

(5) I gcás—

[EN]

(a) ordú a bheith déanta faoi fho-alt (3) (a) ar iarratas ó ghearánaí a fuair breithiúnas, ordú nó foraithne, nó

[EN]

(b) ordú a bheith déanta faoi fho-alt (4),

[EN]

measfar, chun críocha dhlí na féimheachta, gníomh féimheachta a bheith déanta aige ar dháta an t-ordú a dhéanamh nó, más cuideachta an cosantóir, measfar, chun críocha an dlí a bhaineann le cuideachtaí, é a bheith neamhábalta ar a fhiacha a íoc.

[EN]

(6) (a) I dteannta nó in ionad ordaithe faoi fho-alt (4), ansin, d'ainneoin aon ní i ndlí na féimheachta nó sa dlí a bhaineann le cuideachtaí, féadfaidh an Chúirt, uaithi féin agus tar éis cibé fógra is dóigh léi a bheith réasúnach a thabhairt don chosantóir agus d'aon duine ar dóigh léi gur réasúnach fógra a thabhairt dó, é a bhreithúinú ina fhéimheach le hordú nó, más cuideachta an cosantóir, ordú a dhéanamh chun í a fhoirceannadh agus an Sannaí Oifigiúil a cheapadh mar leachtaithóir.

[EN]

(b) I gcás ina gceapfar an Sannaí Oifigiúil mar leachtaithóir faoi mhír (a)—

[EN]

(i) ní bhainfidh forálacha ailt 228 (a) agus 228 (d) d'Acht na gCuideachtaí, 1963, leis,

[EN]

(ii) d'ainneoin aon ní in alt 6 nó in aon achtachán eile, dílseoidh gach suim dó a bheidh chun creidiúna gach cuntais chliaint a bheidh á choiméad ag an gcuideachta agus beidh feidhm ag forálacha alt 7 (2) ionann is dá mba faoi alt 7 (1) don dílsiú,

[EN]

(iii) measfar chun gach críche gur gnó atá sannta d'Oifig an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht agus gurb inti a fheidhmítear a chumhachtaí agus a chomhlíontar a dhualgais mar leachtaitheoir (lena n-áirítear cuntas cliaint a riaradh).

[EN]

(7) I gcás ina mbreithneofar cosantóir ina fhéimheach faoin alt seo, beidh feidhm ag dlí na féimheachta (lena n-áirítear an tAcht seo) ionann is dá mba ar achainí féimheachta faoin dlí sin a breithníodh an cosantóir ina fhéimheach agus ionann is dá ndéanfaí tagairt don ordú breithnithe a dhéanamh faoin alt seo a chur in ionad aon tagartha sa dlí sin d'achainí féimheachta a thíolacadh nó a chomhadú.

[EN]

(8) Más rud é, i gcás inar cuideachta an cosantóir, go ndéanfar ordú foirceannaidh faoin alt seo, beidh feidhm ag an dlí a bhaineann le cuideachtaí (lena n-áirítear an tAcht seo) ionann is dá mba ar achainí foirceannaidh faoin dlí sin a rinneadh an t-ordú agus ionann is dá ndéanfaí tagairt don ordú foirceannaidh a dhéanamh faoin alt seo a chur in ionad aon tagartha san alt sin don achainí foirceannaidh a thíolacadh.

[EN]

(9) Féadfaidh an Ard-Chúirt ordú faoi fho-alt (3) (a), nó faoi fho-alt (4) a chúlghairm nó a athrú.

[EN]

(10) Féadfar an t-iomlán nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht i ndlísheomra.

[EN]

(11) Féadfaidh Rialacha na nUaschúirteanna foráil a dhéanamh chun dlí na féimheachta, an dlí a bhaineann le cuideachtaí agus aon nós imeachta a oiriúnú a mhéid is gá chun an t-alt seo a oibriú.

[EN]

(12) Déanfar an tagairt in alt 15 (3) den Phríomh-Acht d'ordú faoin alt sin a fhorléiriú mar thagairt d'ordú faoi fho-alt (3) (b) den alt seo.

[EN]

(13) Aisghairtear leis seo ailt 15 (1) agus 15 (2) den Phríomh-Acht.

[EN]

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

1963, Uimh. 33.

12.—Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht, a bhaineann le deimhnithe cáiliúcháin a dheonú—

[EN]

(i) trí “an t-iarratasóir do chomhlíonadh forálacha fho-alt (3) den alt seo agus faoi réir” a chur isteach i ndiaidh “faoi réir” i bhfo-alt (1), agus

[EN]

(ii) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

[EN]

“(3) (a) Aon iarratasóir ar dheimhniú cáiliúcháin a raibh gnó ceantálaí nó gnó gníomhaire tithe ar siúl aige aon tráth sa tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch sé mhí roimh dháta an iarratais (dá ngairtear an t-iarratas reatha san fho-alt seo) tabharfaidh sé don Bhreitheamh Dúiche, nuair a bheidh an t-iarratas reatha á éisteacht, deimhniú a bheidh sínithe ag cuntasóir á rá gur scrúdaigh sé cuntais an iarratasóra in aghaidh cibé tréimhse a shonrófar san iarratas (is tréimhse dar tosach, i gcás iarratasóir nár thug deimhniú den sórt sin cheana uaidh, an lá a tosaíodh gnó nó cibé lá eile a cheadóidh an Breitheamh Dúiche ar chúiseanna speisialta, agus, in aon chás eile, lá nach déanaí ná an lá díreach i ndiaidh deireadh na tréimhse lena mbaineann an deimhniú deiridh den sórt sin a thug an t-iarratasóir nó deimhniú den chinéal a luaitear i bhfo-alt (4) (b) den alt seo, agus, i ngach cás, dar críoch lá nach luaithe ná sé mhí roimh an iarratas reatha) agus gur chomhlíon an t-iarratasóir na fórlacha den Acht um Cheántalaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967, a bhaineann le coimeád cuntas agus le hoscailt agus coimeád cuntas cliaint.

[EN]

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, déanfar neamhshuim de ghnó a seoladh roimh lá na bhforál acha sin a theacht i ngníomh agus i gcás gnó a bheith á sheoladh an lá sin measfar gurb é an lá sin a thosaigh gnó.

[EN]

(c) I gcás nach raibh gnó á sheoladh ag an iarratasóir i gcaitheamh na tréimhse a sonraítear i mír (a) gurb í an tréimhse lenar cheart baint a bheith ag an deimhniú, beidh forálacha na míre sin sách comhlíonta má bhaineann an deimhniú leis an gcuid den tréimhse (arb í an chuid í a raibh an gnó á sheoladh ar a feadh) agus go gcruthófar chun sástacht an Bhreithimh Dúiche nach raibh gnó á sheoladh ach amháin ar feadh na coda sin den tréimhse.

[EN]

(d) San fho-alt seo forléireofar tagairtí do ghnó ceantálaí agus do ghnó gníomhaire tithe mar thagairtí nach mbaineann ach le gnó a bhfuil de cheangal ar an iarratasóir a bheith ceadúnaithe faoin Acht seo chun é a sheoladh.

[EN]

(4) (a) Féadfaidh an Breitheamh Dúiche, dá rogha féin, géilleadh d'iarratas ar dheimhniú cáiliúcháin d'ainneoin an t-iarratasóir a bheith, mar gheall ar é do mhainneachtain na forálacha den Acht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967, a bhaineann le coimeád cuntas agus le hoscailt agus coimeád cuntas cliaint a chomhlíonadh, neamhábalta an deimhniú a thabhairt a cheanglaítear le fo-alt (3) den alt seo, ar choinníoll go gcruthóidh an t-iarratasóir chun sástacht an Bhreithimh Dúiche—

[EN]

(i) go bhfuil sé, tráth an iarratais a dhéanamh, ag comhlíonadh na bhforálacha sin agus go bhfuil gach beart déanta aige is gá chun iad a chomhlíonadh feasta;

[EN]

(ii) nár bhain agus nach dóigh go mbainfidh caillteanas d'aon chliant maidir le haon idirbhirt in imeacht na tréimhse nuair nár comhlíonadh na forálacha sin; agus

[EN]

(iii) go bhfuil sé, maidir le gnó ceantálaí nó gnó gníomhaire tithe (cibé acu é) agus aon ghnó eile dá bhfuil sé ag gabháil, sócmhainneach.

[EN]

(b) I ngach cás, is den chruthú ar na hábhair a luaitear i bhfomhíreanna (i) go (iii) de mhír (a) 2deimhniú faoi láimh cuntasóra maidir leis na hábhair sin agus féadfaidh an Bhreitheamh Dúiche a cheangal tuilleadh fianaise (lena n-áirítear fianaise ó bhéal ón gcuntasóir) a thabhairt ar aird.

[EN]

(c) Ní mheasfar deimhniú chun críocha mhír (b) a bheith neamhdhóthanach mar gheall amháin—

[EN]

(i) go bhfuil tréimhse ann ó thráth an deimhniú a eisiúint agus tráth an iarratais: ar choinníoll nach faide ná mí an tréimhse, nó

[EN]

(ii) nach gcuireann an deimhniú, a mhéid a bhaineann sé le mír (a) (ii), i iúl ach amháin nach bhfuil aon chúis ag an gcuntasóir a chreidiúint gur bhain nó gur dóigh go mbainfidh caillteanas do chliant,

[EN]

nó mar gheall ar an dá fhíoras sin.

[EN]

(5) (a) Féadfaidh an tAire le hordú cibé modhnú a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá maidir leis an tréimhse a mbeidh feidhm maidir léi ag an deimhniú a bheidh sínithe ag cuntasóir agus a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, ach ní bhainfidh aon mhodhnú den sórt sin den iarratasóir an ceanglas (a fhorchuirtear i gcásanna áirithe leis an bhfo-alt sin (3)) deimhniú a thabhairt a bhainfidh le tréimhse dar tosach lá nach déanaí ná an lá díreach i ndiaidh deireadh na tréimhse lenar bhain an deimhniú deiridh den sórt sin a thug an t-iarratasóir, nó deimhniú den chineál a luaitear i bhfo-alt (4) (b) den alt seo.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin bhfo-alt seo a aisghairm nó a leasú.

[EN]

(6) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhorordú—

[EN]

(i) an cineál scrúdú agus méid an scrúdaithe a bheidh le déanamh ag cuntasóir ar leabhair agus ar chuntais cheantálaí nó ghníomhaire tithe agus ar aon doiciméid iomchuí eile, i ndáil le deimhniú chun críocha fho-alt (3) nó deimhniú chun críocha fho-alt (4) (b) a thabhairt, agus

[EN]

(ii) foirm an deimhnithe sin,

[EN]

agus féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh maidir leis an dá chinéal deimhnithe a luaitear i bhfomhír (i).

[EN]

(b) D'ainneoin go ndearna ceantálaí nó gníomhaire tithe, in imeacht na tréimhse nach mór deimhniú ina haghaidh chun críocha fho-alt (3), forálacha iomchuí an Achta um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967, a chomhlíonadh, ní eiseoidh cuntasóir deimhniú chun críocha an fho-ailt sin má bhíonn sé tar éis nithe a chrothnú tráth a scrúdaithe le gur dealraitheach dó nach bhfuil an ceantálaí nó an gníomhaire tithe sócmhainneach.

[EN]

(7) Aon duine a ghníomhóidh mar chuntasóir chun críocha an ailt seo nuair nach bhfuil sé cáilithe sa tslí a luaitear i mír (a) nó i mír (b) (de réir mar a bheidh) den fho-alt ina dhiaidh seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó nó £100 a chur air.

[EN]

(8) San alt seo ciallaíonn ‘cuntasóir’—

[EN]

(a) i gcás inar cuideachta an ceantálaí nó an gníomhaire tithe, duine atá cáilithe chun a cheaptha mar iniúchóir don chuideachta sin,

[EN]

(b) in aon chás eile, duine (nach cuideachta corpraithe ná nach é an t-iarratasóir é ná comhpháirtí ná fostaí don iarratasóir) a chomhlíonann—

[EN]

(i) an coinníoll a luaitear i mír (a), nó

[EN]

(ii) an coinníoll a luaitear i mír (b),

[EN]

d'alt 162 (1) d'Acht na gCuideachtaí, 1963, chun a cheaptha mar iniúchóir do chuideachta agus nach bhfuil dícháilithe faoi alt 162 (2) den Acht sin chun a cheaptha amhlaidh.”

[EN]

Feidhm an Achta seo.

13.—Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an Acht seo, seachas ailt 1 go 4, alt 11, an t-alt seo agus alt 14, maidir le glasraí, prátaí, torthaí, bláthanna, éanlaithe clóis, uibheacha nó táirgí bunaidh eile (gan capaill, eallach, caoirigh ná muca a áireamh) talmhaíochta nó garnóireachta.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

14.—(1) Féadfar an tAcht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 agus 1967, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad le chéile mar aon ní amháin.

[EN]

(3) Tiocfaidh ailt 4 go 12 i ngníomh ar bheith caite do thréimhse dhá mhí dar tosach lá an Achta seo i rith.