Uimhir 9 de 1983
ACHT NA mBANNAÍ TALÚN, 1983
[An tiontú oifigiúil]
[31 Márta, 1983]
Leasú ar alt 6 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934.
1.—Déantar leis seo alt 6 (arna leasú le hAcht na mBannaí Talún, 1980) d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934, a chuireann teorainneacha le bunú agus eisiúint bannaí talún, a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Ní rachaidh méid iomlán na mbannaí talún a bhunófar agus a eiseofar faoin Acht seo thar chéad is tríocha milliún punt.”.
Gearrtheideal, forléiriú agus lua.
2.—(1) Féadfar Acht na mBannaí Talún, 1983, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar an tAcht seo agus na hAchtanna Talamh-Cheannaigh a fhorléiriú mar aon ní amháin agus féadfar é a lua i dteannta na nAchtanna sin.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna Talamh-Cheannaigh |