[EN]

harp.jpg


Uimhir 9 de 1988


[EN]

AN tACHT UM DHLÍNSE MHUIRÍ (LEASÚ), 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

“Príomh-Acht”.

2.

Teorainn fhorimeallach farraigí teorann a leathnú.

3.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Dhlínse Mhuirí, 1959

1959, Uimh. 22

Na hAchtanna um Dlínse Mhuirí, 1959 agus 1964

harp.jpg


Uimhir 9 de 1988


AN tACHT UM DHLÍNSE MHUIRÍ (LEASÚ), 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM DHLÍNSE MHUIRÍ, 1959. [4 Bealtaine, 1988] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

“Príomh-Acht”.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Dhlínse Mhuirí, 1959.

[EN]

Teorainn fhorimeallach farraigí teorann a leathnú.

2.—(1) Leasaítear leis seo alt 3 (lena sonraítear teorainn fhorimeallach na bhfarraigí teorann) den Phríomh-Acht trí “12 mhíle farraige” a chur in ionad “trí mhíle farraige” agus tá an t-alt sin 3, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i gCuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 4 (lena sonraítear an bhunlíne) den Phríomh-Acht trí “12 mhíle farraige” a chur in ionad “trí mhíle farraige” i mír (b) d'fho-alt (1) agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i gCuid II den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 14 (lena ndéantar foráil d'oiriúnú achtachán) den Phríomh-Acht trí “, de thrí mhíle farraige “a chur isteach i ndiaidh “de thrí mhíle” i bhfo-alt (1) agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i gCuid III den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

Cuid I

3. Chun críocha an Achta seo, is í teorainn forimeallach na bhfarraigí teorann an líne a bhfuil gach pointe di 12 mhíle farraige ón bpointe is cóngaraí den bhunlíne.

Cuid II

b) ar aon ardán dia-thrá atá, go hiomlán nó go páirteach, fad nach mó ná 12 mhíle farraige ón mórthír nó ó oileán.

Cuid III

(1) Déanfar tagairtí atá in aon achtachán do limistéir farraige agus d'uiscí laistigh de thrí mhíle, de thrí mhíle farraige nó de léig den chósta nó den chladach agus abairtí gaolmhara a fhorléiriú mar thagairtí do limistéir farraige agus d'uiscí laistigh de theorainn forimeallach na bhfarraigí teorann.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

3.—(1) Féadfar an tAcht um Dhlínse Mhuirí (Leasú), 1988, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Dhlínse Mhuirí, 1959 go 1988, a ghairm de na hAchtanna um Dhlínse Mhuirí, 1959 agus 1964, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá de Mheán Fómhair, 1988.