Uimhir 2 (Príobháideach) de 1935.
ACHT CHUAN NA GAILLIMHE, 1935.
ACHT CHUN COIMISINÉIRÍ CHUAN NA GAILLIMHE D'ATH-BHUNÚ AR CHUMA NÍOS IONADATHAIGHE AGUS CHUN A nIONCHORPARÚ DO BHUANÚ, AGUS CHUN COMHACHT (AR A nAIRMHÍTEAR COMHACHTA CHUN IASACHTAÍ D'FHÁIL) DO BHRONNADH ORTHA CHUN PORT AGUS CUAN NA GAILLIMHE D'AIREACHASU AGUS DO BHUAN-CHOIMEAD, D'FHEABHSÚ AGUS D'FHORBAIRT, AGUS CHUN A SHOCRÚ GO nDÉANFAR OIBREACHA ÁIRITHE ANN, AGUS CHUN A SHOCRÚ GO nDEANFAIDH COMHAIRLE CHONTAE NA GAILLIMHE AGUS COMHAIRLE BHAILECHEANNTAIR NA GAILLIMHE RANN-ÍOCANNA SPEISIALTA D'ÍOC AGUS RÁTAÍ ÁIRITHE DO BHUALADH, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.
[26adh Iúl, 1935.]
Roimhrá.
DE BHRÍ go ndearnadh le hAcht áitiúil pearsanta, 11 Geo. IV, cap. cxxii, dar teideal “An Act for making and maintaining a navigable cut or canal from Lough Corrib to the Bay of Galway and for the improvement of the Harbour of Galway” daoine áirithe a hainmnítear san Acht san, maraon le daoine eile bhí le toghadh mar a luaidhtear san Acht san, do cheapadh chun bheith ina gCoimisinéirí chun comhacht uile agus fé seach an Achta san do chur i bhfeidhm; agus a údarú do sna Coimisinéirí sin rátaí áirithe luaidhtear san Acht san do ghearradh, agus airgead d'fháil ar iasacht ar creidiúint na rátaí sin;
AGUS DE BHRÍ go ndearnadh le hAcht leasuitheach, 1 agus 2 William IV, cap. liv, socrú á údarú rátaí eile do ghearradh in ionad na rátaí a húdaruíodh leis an Acht san a céad-luaidhtear, agus comhacht do thabhairt do sna Coimisinéirí chun tuilleadh airgid d'fháil ar iasacht agus chun comhacht eile d'fheidhmiú;
AGUS DE BHRÍ go bhfuarthas airgead áirithe ar iasacht ar urrús na rátaí a húadaruíodh leis na hAchtanna san agus ar urrús maoine eile bhí dílsithe sna Coimisinéirí sin agus, fé chomhachta na hAchtanna san, go ndearna na Coimisinéirí duga ar snámh maraon le caladh agus céibheanna agus gur thugadar talamh chun tíreachais i gcóir foirgintí riachtanacha agus gur chuireadar suas crainn tógála, éadtromáin mhara agus postaí feistiúcháin, gur dhoimhníodar an cainéal go dtí an duga san agus go ndearnadar deisiúcháin áirithe do bhí riachtanach;
AGUS DE BHRÍ, leis an Galway Harbour and Port Act, 1853, (16 agus 17 Vict., cap. ccvii), gur hathghairmeadh na hAchtanna san, 11 Geo. IV, cap. cxxii, agus 1 agus 2 William IV, cap. liv, agus go ndearnadh de Choimisinéirí áirithe maraon le daoine eile do bhí le toghadh ina dhiaidh sin mar chomharbaí corparáid fén ainm Coimisinéirí Chuan na Gallimhe agus comhacht acu chun oibreacha áirithe do dhéanamh agus chun rátaí áirithe luaidhtear san Acht san do ghearradh agus chun tuilleadh airgid nách mó ná suim £150,000 d'fháil ar iasacht ar morgáiste ar creidiúint na rátaí uile agus fé seach a húdaruíodh leis an Acht san a ghearradh;
AGUS DE BHRÍ, leis an Galway Harbour Act, 1860 (23 agus 24 Vict. cap. ccii), gur húdaruíodh don Chorparáid sin agus gur tugadh comhacht dóibh oibreacha áirithe do dhéanamh i gCuan na Gaillimhe agus suim nách mó ná £180,000 d'fháil ar iasacht ar creidiúint na ndleacht uile agus fé seach agus na n-urrús eile luaidhtear san Acht san;
AGUS DE BHRÍ ná dearnadh na hoibreacha a húdaruítear leis na hAchtanna san 1853 agus 1860 fé seach de dheascaibh na deacrachta do bhain leis an gCorparáid sin d'fháil an airgid ba ghá chun na críche sin;
AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach go ndéanfaí, agus a céannacht mar chólucht chorpruithe á coimeád, an Chorparáid sin d'ath-bhunú ar chuma níos ionadathaighe d'fhonn leor-airgid d'fháil chun an Chuain sin d'fhorbairt agus do ghléasadh sa cheart agus chun a chuid trádála agus ceannaíochta do chur ar aghaidh agus go ndéanfaí socrú i gcóir an ath-bhunuithe sin agus i gcóir an leasuithe ina thaobh san ar an dlí bhaineann leis an gCuan san sa tslí foráltar leis an Acht so;
AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach mórán forbairte do ghabháil de láimh gan mhoill i gCuan na Gaillimhe agus go sonnrách saoráidí níos fearr agus níos nua-aimseardha do chur ar fáil chun árthach do thabhairt chun duga, do dhí-ládáil, agus do ládáil agus na saoráidí atá anois ann do chur ar fáil d'árthaighe is mó ná na hárthaighe go bhfuil slí dhóibh anois sa Chuan san agus chun go bhféadfaidh báid fhreastail dul i gcoinnibh línéirí tar-atlantacha ar gach taoide agus chun fothana do thabhairt do bháid iascaigh gach aimsir agus gach tráth;
AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach chun na gcrícheanna roimhráite comhacht do thabhairt don Chorparáid sin chun na n-oibreacha uile agus fé seach a húdaruítear leis an Acht so do dhéanamh;
AGUS DE BHRÍ gur lóisteáladh go cuibhe le Prímh-Chléireach Oifig na mBillí Príobháideacha pleananna agus teascáin ar a dtaisbeántar línte, suidhimh agus leibhéil na n-oibreacha a húdaruítear leis an Acht so agus ar a dtaisbeántar na tailte is féidir do thógaint go héigeanta chun crícheanna no fé chomhachta an Achta so agus fós leabhar eolais do sna pleananna san ina bhfuil ainmneacha únaerí agus léasaithe no únaerí agus léasuithe tuairimithe, agus sealbhairí na dtailte sin, agus go ngairmtear san Acht so na pleananna, na teascáin agus an leabhar eolais lóisteálta de sna pleananna, de sna teascáin agus den leabhar eolais sin fé seach;
AGUS DE BHRÍ gurb é iomlán na bhfiacha do bhí ar an gCorparáid sin an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1934, alos airgid do fuarthas ar iasacht agus do bhí ina mhuirear ar na rátaí no darb urrús na rátaí is inghearrtha ag an gCorporáid sin ná suim £8,627 11s. 11d. is ion-aisíoctha tré íocaíochtaí leath-bhliantúla nách lugha ná £200 sa bhliain agus gurb é atá sa tsuim sin de £8,627 11s. 11d. ná an t-iarmhéid do bhí gan íoc ar an dáta san d'iasachtaí áirithe do thug Coimisinéiri na nOibreacha Puiblí in Éirinn don Chorparáid sin; agus go bhfuil sé oiriúnach socrú do dhéanamh chun a chur in áirithe go leanfaidh an tosaíocht atá ag an muirear san atá gan íoc agus go leanfaidh an Chorparáid sin den mhuirear san atá gan íoc do ghlanadh tré íocaíochtaí leath-bhliantúla den mhéid chéanna fé mar do bhí á dhéanamh acu go dtí so;
AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach, d'fhonn airgead do bheith acu i gcóir déanamh na n-oibreacha roimhráite agus i gcóir na gcostas a gheobhaidh leis sin, go ndeonfaí comhachta don Chorparáid sin sa tslí foráltar anso ina dhiaidh seo chun aon tsuimeanna (i dteanta an mhuirir sin atá gan íoc) ná raghaidh a n-iomlán thar £400,000 do chruinniú ar morgáiste no tré stoc no stoc bintiúra do bhunú agus chun aon airgid a cruinneofar amhlaidh d'urrú ar ioncum agus ar mhaoin eile na Corparáide sin agus fós ar rann-íoca tréimhsiúla áirithe chruinneoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Bhailecheanntair na Gaillimhe tríd an ráta dealbhais agus a roinnfear idir na Comhairlí sin agus a tomhasfar, a déanfar amach agus a rialálfar fé fhorálacha an Achta so; agus go bhfuil sé oiriúnach go mbeadh ag an gCorparáid sin chun crícheanna an Achta so na fo-chomhachta chun airgid d'fháil ar iasacht a bronntar leis an Acht so;
AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach socrú do dhéanamh chun go bhféadfar na rátaí is inghearrtha ag an gCorporáid sin do mhéadú no d'atharú le ceadú an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus tuilleadh comhacht do thabhairt don Chorparáid sin chun fo-dhlithe do dhéanamh a feidhmeofar leis an gceadú céanna;
AGUS DE BHRÍ nách féidir crícheanna an Achta so do chur in éifeacht gan údarás ón Oireachtas;
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—
CUID I.
Roimhraiteach.
Gearr-theideal
1.—Féadfar Acht Chuan na Gaillimhe, 1935, do ghairm den Acht so.
Míniú.
2.—San Acht so (mara n-éiloínn an có-théacs a mhalairt)— cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;
cialluíonn an abairt “an Bord” an chorparáid dá ngairmtear “Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe” fe mar a hath-bhunófar í fén Acht so;
cialluíonn an focal “Coimisinéir” Coimisinéir no ball den chorparáid dá ngairmtear “Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe”;
cialluíonn an abairt “an Chomhairle Chontae” Comhairle Chontae na Gaillimhe;
cialluíonn an abairt “an Chomhairle Bhailecheanntair” Comhairle Bhailecheanntair na Gaillimhe;
cialluíonn an abairt “an Comhlachas Tráchtála” an Royal Galway Institution and Chamber of Commerce;
cialluíonn an abairt “Acht 1853” an Galway Harbour and Port Act, 1853;
cialluíonn an abairt “Acht 1860” an Galway Harbour Act. 1860:
cialluíonn agus foluíonn an abairt “an Cuan” Port agus Cuan na Gaillimhe agus na huiscí uile maraon le grinneall agus imeall trágha an chéanna laistigh de líne shamhluithe ar n-a tarrac o Fhaill Bhearna go Rinn Chill Cholgáin (iad araon ar Bhágh na Gaillimhe) agus aon tailte, bancanna, góilíní, cuanta agus áiteanna calaíochta atá buailte leo san agus atá dílsithe i gCoimisinéirí Chuan na Gaillimhe agus na duganna, na piaranna, na fánáin, na céibheanna agus na hoibreacha eile atá dílsithe sna Coimisinéirí sin no atá laistigh dá ndlighinse agus folóidh na hoibreacha déanfar fé údarás an Achta so, ach san i slí ná léireofar an tAcht so mar ní atharuíonn na teoranta atá le Port agus Cuan na Gaillimhe fé láthair maidir le dlighinse na gCoimisinéirí sin alos píolóideachta;
foluíonn na focail “árthach” agus “long” long, bád, lictéir agus soithigh de gach cineál pe'ca le gail no ar shlí eile a hoibrítear no tiomáintear iad agus muir-phlánaí; hídro-phlánaí, agus soithigh den tsamhail sin;
cialluíonn an focal “oibreacha” na hoibreacha a húdaruítear le hailt 36 agus 37 den Acht so, agus beidh an abairt “na hoibreacha do dhéanamh” mar thagairt do pé méid de sna hoibreacha gheobhaidh an Bord de láimh o am go ham;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire;
cialluíonn agus foluíonn an focal “rátaí” na rátaí, na custuim, agus na dleachtanna uile, agus gach éileamh eile is inghearrtha ag an mBord, pe'ca alos árthach no earraí no ar shlí eile é;
cialluíonn agus foluíonn an abairt “ioncum an Chuain” na rátaí agus aon airgead no fáltaisí eile is féidir leis an mBord do thógaint nó d'fháil i bhfuirm ioncuim fé fhorálacha an Achta so no aon Achta eile no aon Orduithe, ach ní fholuíonn sí aon airgead do gheobhfar mar rann-íoc ón gComhairle Chontae no ón gComhairle Bhailecheanntair fé Chuid IV den Acht so;
cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” pé lá cheapfaidh an tAire le hordú fé n-a shéala mar an dáta ar a mbunófar an Bord agus is dáta nách luatha ná sé mhí tar éis an Achta so do rith;
cialluíonn an abairt “údarás áitiúil” údarás áitiúil mar a mínítear san le halt 1 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925; agus
foluíonn an abairt “aon Acht” Reachtanna Briotáineacha chó maith le hAchtanna den Oireachtas.
Achtanna d'ionchorprú.
3.—Fé réir na bhforálacha sonnrácha, maidir le hachtacháin áirithe, a deintear in ailt eile den Acht so, déanfar na hachtacháin seo leanas, sa mhéid ná fuilid buiniscionn leis an Acht so agus mar atáid oiriúnuithe le dlí Shaorstáit Éireann, d'ionchorprú leis an Acht so;
(a) forálacha an Harbours, Docks and Piers Clauses Act, 1847, maidir le:—
Cuan, duga no piara do dhéanamh, ach amháin an méid d'ailt 8 agus 9 a bhaineann le cléirigh aontas, ach an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, do chur in ionad an Land Clauses Consolidation Act, 1845, sa mhéid sin d'alt 6 a bhaineaann leis na nithe le n-a ndeighleáltar san Acht san a céad-luaidhtear;
Cóiríocht d'oifigigh Tighe Chustuim;
Tomhas taoide, etc;
Stórais agus crainn tógála, sa tslí go gciallóidh an focal “quays” in alt 24 céibheanna déanfar tar éis an Achta so do rith;
Rátaí, ach amháin ailt 25 agus 26;
Rátaí do bhailiú;
Cuntas ar rátaí, ach amháin alt 50;
Máistir cuain, duga agus piara, agus comhacht do chur le halt 52 (comhachta máistir chuain) chun ordú do thabhairt
(i) chun luais aon árthaigh sa Chuan do rialáil;
(ii) chun rialála do dhéanamh maidir leis an ord ina ndí-ládálfar longa thiocfaidh isteach sa Chuan tráthanna gar dá chéile agus a úsáidfidh an áit fheistithe chéanna; agus
(iii) chun díobhála d'aon árthach no don Chuan no d'aon mhaoin leis an mBord do chosc;
Last do dhí-ládáil agus earraí d'aistriú;
An cuan, an duga agus an piara do chosaint;
Tithe soluis, rabhacháin mhara agus eadtromáin mhara;
Póilíní cuain agus duga;
Tomhaiseoirí agus meáthóirí;
Fo-dhlithe, ach amháin ailt 85, 88 agus 90; agus
Teacht ar an Acht speisialta;
gus na mínithe oiriúnacha chun na bhforálacha san do léiriú, ach san i slí go bhfolóidh an abairt “the harbour, dock or pier” an Cuan fé mar a mínítear san leis an Acht so, agus go bhfolóidh an focal “goods” eallach stuic, minearáil agus carraí ceannaíochta de gach saghas;
(b) forálacha an Commissioners Clauses Act, 1847, maidir le:—
Cruinnithe de sna Coimisinéirí, ach amháin ailt 36, 46, agus 54, agus san i slí go bhfolóidh na tagairtí do Choimisinéirí do cheapadh atá in alt 52 ainmniúchán a dhéanfaidh an tAire;
Connartha, ach “two hundred and fifty pounds” do chur in alt 57 in ionad “one hundred pounds”;
Imeachta Dlí, ach amháin alt 61;
Oifigigh, ach maidir le halt 69 gan dochar do cheart an Bhúird a cheangal airgead do gheobhfar de bharr rátaí d'íoc le Cisteoir an Bhúird tráth ar bith; agus gairmfear an Rúnaí den Chléireach don Bhord;
Morgáistí, ach amháin ailt 84 go 87 (agus an dá alt san d'áireamh);
Cuntaisí, ach amháin ailt 92, 93 agus 94 (a bhaineann le hiniúchadh) ach go gcuirfear leis an bhforáil atá in alt 95 á shocrú cóip d'achmaireacht ar an gcuntas bliantúil do chur go dtí an Clárathóir Contae foráil á shocrú cóipeanna eile do chur go dtí an Chomhairle Chontac, an Chomhairle Bhailecheanntair agus an Comhlachas Tráchtála;
Fógraí;
gus na mínithe oiriúnacha chun na bhforálacha san do léiriú agus tagairtí do sna “limits of the Special Act” do leigint ar lár.
Achtacháin atá anois ann do chur i mbaint.
4.—(1) Na hachtacháin uile atá i bhfeidhm de thurus na huaire, agus a bhaineann le Cuan na Gaillimhe, mar a mínítear san le halt 8 d'Acht 1853 agus le halt 14 d'Acht 1860, no le Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe, agus ar a n-áirmhítear go sonnrách—
(a) Acht 1853 agus Acht 1860, sa mhéid ná fuil an céanna ath-ghairmthe,
(b) an Galway Harbour Order, 1903, ach amháin an fhoráil a bhaineann le halt 50 den Harbours, Docks and Piers Clauses Act, 1847,
(c) an Galway Harbour (Temporary Increase of Charges) Order, 1926, faid a leanfa sé i bhfeidhm, agus
(d) An Galway Harbour Order, 1930,
bainfid, fé réir forálacha an Achta so agus sa mhéid ná fuilid buiniscionn leo san, leis an gCuan, mar a mínítear san leis an Acht so, agus leanfaid de bhaint le Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe roimh iad d'ath-bhunú fén Acht so agus dá éis sin.
(2) Leanfaidh an Galway Pilotage Order, 1920, agus na Fodhlithe Píolóideachta do Cheanntar Piolóideachta na Gaillimhe, mar do dhaingnigh an tAire iad an 2adh lá de Mheitheamh, 1930, de bhaint le Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe roimh iad d'athbhunú fén Acht so agus dá éis sin.
(3) Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so dochar ná deifir d'oibriú leanúnach an Galway Port Sanitary Order, 1902 mar atá san daingnithe leis an Local Government Board (Ireland) Provisional Orders Confirmation (No. 4) Act, 1902, agus oiriúnuithe leis an Galway Port Sanitary Order (Adaptation) Order, 1932.
Athghairm.
5.—Athghairmtear leis seo ailt 10, 11, 12, 13, 14, 88 agus 96 d'Acht 1853 agus ailt 37 go 45 (agus an dá alt san d'áireamh) d'Acht 1860.
CUID II.
Coimisineiri Chuan na Gaillimhe d'Ath-Bhunu.
Cuspóir an ath-bhunuithe.
6.—Déanfar Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe d'ath-bhunú fén Acht so chun a chur in áirithe go ndéanfar aireachasú agus buanchoimeád níos fearr agus feabhsú agus forbairt ar an gCuan agus chun bheith ina gcoimeádaithe ar an gCuan agus chun crícheanna an Achta so ar shlite eile.
Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe d'ath-bhunú.
7.—Ar an lá ceaptha agus dá éis sin déanfar Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe do hionchorpruíodh le halt 15 d'Acht 1853 d'athbhunú sa tslí seo leanas, sé sin le rá, beidh ortha—
(i) trí ionadaí don Chomhairle Chontae is baill den chólucht san;
(ii) dhá ionadaí don Chomhairle Bhailecheanntair is baill den chólucht san;
(iii) dhá ionadaí don Chomhlachas Tráchtála is baill den chólucht san; agus
(iv) ceathrar ainmneoidh an tAire.
An t-ionchorprú do bhuanú.
8.—D'ainneoin éinní atá san Acht so leanfaidh Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe tar éis an lae cheaptha de bheith ionchorpruithe fén ainm “Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe” agus na daoine bheidh ar an mBord an lá ceaptha agus a gcomharbhaí sin a bheidh ar an mBord o am go ham ina dhiaidh sin beid ina gcólucht chorpruithe fén ainm “Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe” agus beidh acu agus leanfaidh de bheith acu fén ainm sin síorchomharbas agus có-shéala agus comhacht chun tailimh do shealbhú agus d'fháil agus féadfaid dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leo fén ainm sin.
Na Coimisinéirí do leanúint de bheith in oifig.
9.—Na daoine uile agus fé seach is cathaoirleach agus baill fé seach do Choimisinéirí Chuan na Gaillimhe le linn an Achta so do rith beid agus leanfaid de bheith in oifig go dtí an lá ceaptha agus comhacht acu chun foth-fholúntaisí do líonadh do réir ailt 19 den Commissioners Clauses Act, 1847.
Na Coimisinéirí do dhul as oifig.
10.—Ar a 12 a' chlog meán lae an lá ceaptha scuirfidh na daoine go léir gurbh iad Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe go dtí san iad de bheith i seilbh oifige mar Choimisinéirí ach beidh gach duine fé leith acu i dteideal, má bhíonn sé cáilithe fén Acht so, teacht chun bheith ina Choimisinéir an lá san no ina dhiaidh sin tré n-a cheapadh no tré n-a ainmniú fén Acht so.
Gan éinne do ghníomhú mar Choimisinéir i dhá slí.
11.—Má thagann éinne tráth ar bith chun bheith ina Choimisinéir i níos mó ná aon tslí amháin ní ghníomhóidh sé mar Choimisinéir i dhá slí, ach déanfaidh láithreach fógra i scríbhinn fé n-a láimh do sheachadadh do Rúnaí an Bhúird, á dhearbhú ce'ca slí inar rogha leis bheith ina Choimisinéir agus ag cirghe as a oifig mar Choimisinéir in aon tslí eile; agus má theipeann air an fógra san do sheachadadh roimh an gcéad chruinniú eile den Bhord tar éis do teacht chun bheith ina Choimisinéir i níos mó ná aon tslí amháin, cinnfidh an Bord ce'ca slí acu ina mbeidh sé ina Choimisinéir, agus is sa tslí sin amháin a bheidh sé ina Choimisinéir, agus tuigfear é d'eirghe as a oifig mar Choimisinéir in aon tslí eile.
Cóluchtaí áitiúla do cheapadh Coimisinéirí nua.
12.—Déanfaidh an Chomhairle Chontae, an Chomhairle Bhailecheanntair agus an Comhlachas Tráchtála, roimh an lá ceaptha, a n-ionaduithe fé seach ar an mBord do cheapadh agus, fé réir forálacha an Achta so, tiocfaidh gach Coimisinéir ceapfar amhlaidh in oifig ar a 12 a chlog meán lae an lá ceaptha agus fanfaidh in oifig go dtí a 12 a chlog meán lae an 16adh lá de Dheireadh Fómhair sa tríú bliain i ndiaidh na bliana ina dtuitfidh an lá ceaptha, ach é d'fhanúint an fhaid sin ina bhall den chólucht do cheap é.
Na ceapacháin a dhéanfaidh cóluchtaí áitiúla feasta.
13.—Déanfaidh an Chomhairle Chontae, an Chomhairle Bhailecheanntair agus an Comhlachas Tráchtála, laistigh de dhá mhí roimh an 16adh lá san de Dheireadh Fómhair agus dá éis sin laistigh de dhá mhí roimh dheireadh gach tréimhse i ndiaidh a chéile de thrí bliana, a n-ionaduithe fé seach ar an mBord do cheapadh agus, fé réir forálacha an Achta so, tiocfaidh gach Coimisinéir a ceapfar amhlaidh in oifig ar a 12 a chlog meán lae an chéad 16adh lá de Dheireadh Fómhair ina dhiaidh sin agus fanfaidh in oifig go dtí a 12 a chlog meán lae an 16adh lá de Dheireadh Fómhair sa tríú bliain tar éis a cheaptha, ach é d'fhanúint an fhaid sin ina bhall den chólucht do cheap é.
Ceapacháin do chur in úil.
14.—Déanfaidh an Rúnaí Contae no an Baile-Chléireach no an Cléireach don Chomhlachas Tráchtála, do réir mar is gá sa chás, ceapacháin na gCoimisinéirí cheapfaidh an Chomhairle Chontae, an Chomhairle Bhailecheanntair agus an Comhlachas Tráchtála do chur in úil gan mhoill do Choimisinéirí Chuan na Gaillimhe tré scríbhinn fé n-a láimh.
Na Coimisinéirí ainmneoidh an tAire.
15.—(1) Isiad ceathrar Coimisinéirí ainmneoidh an tAire ná na daoine sin ainmneoidh sé as a chomhairle féin le hordú; déanfar na céad ainmniúcháin acu san roimh an lá ceaptha, agus déanfar ainmniúcháin ina dhiaidh sin laistigh de dhá mí roimh an 16adh lá de Dheireadh Fómhair, sa tríú bliain i ndiaidh na bliana ina dtuitfidh an lá ceaptha, agus mar sin de o am go ham laistigh de dhá mí roimh dheireadh gach tréimhse i ndiaidh a cheile de thrí bliana; fé réir forálacha an Achta so tiocfaidh gach duine de sna Coimisinéirí a hainmneofar amhlaidh in oifig, i gcás na gcéad ainmniúchán san, ar a 12 a chlog meán lae an lá ceaptha agus, i gcás ainmniúchán ina dhiaidh sin fén alt so, ar a 12 a chlog meán lae an chéad 16adh lá de Dheireadh Fómhair tar éis a ainmnithe agus fanfaidh in oifig go dtí a 12 a chlog meán lae an 16adh lá de Dheireadh Fómhair sa tríú bliain i ndiaidh an ainmniúcháin: Ach beidh comhacht ag an Aire aon ainmniúchán a bheidh déanta aige fén Acht so do cheiliúradh le hordú o am go ham agus am ar bith agus gan aon chúis do luadh agus, leis an gceiliúradh san, deireadh do chur le seilbh oifige an Choimisinéara go gceiliúrfar a ainmniúchán amhlaidh.
(2) Gach ainmniúchán agus gach ceiliúradh ar ainmniúchán Choimisinéara dhéanfaidh an tAire cuirfidh an tAire in úil é i scríbhinn do Choimisinéirí Chuan na Gaillimhe.
(3) Nuair a bheidh an tAire á chinneadh cé hiad ainmneoidh sé mar Choimisinéirí fén alt so déanfaidh breithniú féachaint an bhfuil leor-ionadaíocht de thurus na huaire ar an mBord ag na daoine íocann rátaí ar longa agus ar earraí sa Chuan.
Eirghe as oifig.
16.—Beidh cead ag Coimisinéir a ceapfar no a hainmneofar fén Acht so eirghe as a oifig am ar bith tré fhógra i scríbhinn do thabhairt don Bhord.
A dhearbhú folúntas do bheith ann.
17.—Pé uair a thiocfaidh ball chun bheith dí-cháilithe chun bheith ina Choimisinéir no eireoidh sé as a oifig ar chúis ar bith dearbhóidh an Bord láithreach go fuirmeálta an oifig do bheith folamh.
Fógra i dtaobh folúntais.
18.—Ar fholúntas do thárlachtaint no do bheith ar tí tárlachtaint in oifig Choimisineura déanfaidh an Rúnaí don Bhord an ní sin do chur in úil láithreach i scríbhinn don chólucht no don údarás a fhéadfaidh an folúntas do líonadh.
Ní bheidh foth-fholúntas ann de dhruim duine do cheapadh mar fhear cheannais.
19.—Ní thiocfaidh foth-fholúntas de dhruim Coimisineura do thoghadh chun bheith mar chathaoirleach no mar leas-chathaoirleach don Bhord.
Folúntaisí do líonadh.
20.—Déanfar aon fholúntas in oifig Choimisineura, is cuma conus a thárlóidh, do líonadh chó luath agus is féidir é tríd an gcólucht no tríd an údarás do thoigh an Coimisinéir do scuir de bheith i seilbh oifige do cheapadh no d'ainmniú Coimisineura nua agus, fé réir forálacha an Achta so, tiocfaidh an Coimisinéir nua i seilbh oifige lá a cheaptha no a ainmnithe agus fanfaidh in oifig ar feadh a mbeidh gan caitheamh de théarma oifige an Choimisineura gur ina ionad a bheidh sé.
Coimisinéirí bheidh ag dul as oifig do bheith iontoghtha.
21.—Aon Choimisinéir a bheidh ag dul as oifig no aon duine bhí ina Choimisinéir tráth beidh sé, má bhíonn sé cáilithe fén Acht so, in-cheaptha no ion-ainmnithe am ar bith mar Choimisinéir.
Dí-cháilíocht agus cáilíocht.
22.—(1) Beidh duine dí-cháilithe chun bheith ina Choimisinéir más rud é—
(a) nách saoránach de Shaorstát Éireann ar a bhfuil comhnaí in Éirinn é; no
(b) go bhfuil sé i seilbh aon oifige fén mBord le n-a ngabhann págh; no
(c) go bhfuil baint aige le haon mhargadh no connradh bheidh déanta leis an mBord no go bhfuil sé rannpháirteach sa bhrabús a thagann as aon mhargadh no connradh den tsórt san no as aon obair a bheidh á déanamh fé údarás an Bhúird;
ach ní bheidh duine dí-cháilithe chun bheith ina Choimisinéir de bhíthin leas do bheith aige—
(i) in aon tailte do dhíol leis an mBord no do léasú chúcha no in aon airgead do thabhairt ar iasacht dóibh no in aon chonnradh bheidh déanta leis an mBord chun abhar do sholáthar o thalamh, gurb é is únaer no sealbhaire air, le haghaidh oibre bheidh á déanamh ag an mBord no fé n-a n-údarás; no
(ii) in aon pháipéar nuachta ina gcuirtear aon fhógrán i dtaobh cúrsaí an Bhúird no in aon chonnradh clódóireachta no fógraíochta bheidh déanta leis an mBord de dhruim tairsginte do fuarthas tar éis fógraíochta puiblí ag lorg tairisgintí; no
(iii) in aon mhargadh no connradh a bheidh déanta i gcúrsa an ghnáth-ghnótha dugaíochta no stórála bheidh ar siúl ag an mBord; no
(iv) i solus no comhacht do sholáthar don Bhord no dá gconnrathóirí le linn na n-oibreacha do bheith ar siúl; no
(v) in aon mhargadh no connradh a bheidh déanta idir an Bord agus aon chuideachta bheidh cláruithe fé sna Companies Acts, 1908 to 1917, ina fheadhmannas mar stiúrthóir, mar scair-shealbhóir, no mar bhall den chuideachtain sin; no
(vi) in aon mhargadh no connradh a bheidh déanta le haon údarás áitiúil gur ball de é;
no más rud é—
(d) gur duine gnó-bhriste é, no go ndearnadh laistigh de chúig bliana roimh dhul i seilbh oifige dho no go ndéanfar le linn dó bheith i seilbh oifige breith do thabhairt air mar dhuine ghnó-bhriste, no gur thíolaic sé laistigh de sna cúig bliana san no go dtíolacfaidh le linn dó bheith i seilbh oifige achuinge chun na Cúirte á iarraidh a phearsa no a mhaoin do chosaint: Ach ní bheidh aon Choimisinéir dí-cháilithe tré bhreith nár foillsíodh no ná foillseofar fógra ina thaobh san Iris Oifigiúil agus go mbeidh deireadh le haon dí-cháilíocht fén mír seo má deintear deimhniú comhaill no deimhniú oibríonn mar dheimhniú chomhaill do dheonadh;
(e) go gciontófar é ar an slí achmair no ar díotáil in aon chionta agus go ndaorfar é, gan rogha aige fíneáil d'íoc, chun príosúntachta i dteanta daor-oibre no chun aon phionóis is mó ná san agus ná beidh saor-mhaithiúnas faighte aige; no
(f) gur mion-aoiseach é.
(2) Ní bheidh Coimisinéir cáilithe chun suidhe ar an mBord mar ionadaí don Chomhairle Chontae, don Chomhairle Bhailecheanntair no don Chomhlachas Tráchtála, ach amháin faid is ball é den chólucht do cheap é.
Toirmeasc ar Choimisinéir do vótáil ar ní go bhfuil leas aige ann.
23.—Ní dhéanfaidh aon Choimisinéir, ag cruinniú den Bhord no de Choiste, vótáil ar éinní, ná páirt do thógaint sa díospóireacht ar éinní, ina bhfuil leas airgeadais, go díreach no go nea-dhíreach, aige féin no ag páirtnéir do agus, má vótálann sé amhlaidh, ní comhaireofar a vóta.
Bheith as láthair o chruinnithe.
24.—Gach Coimisinéir a bheidh, ar feadh sé mhí tráth ar bith tar éis do teacht i seilbh oifige, as láthair o gach cruinniú den Bhord tuigfear i ndeireadh na tréimhse sin é do bheith eirithe as a oifig mar Choimisinéir marab é ba chúis le n-a bheith as láthair amhlaidh ná cúis éigin le n-ar ghlac an Bord mar chúis shásúil le rún do rith an Bord i rith na tréimhse sin no laistigh de mhí tar éis deireadh na tréimhse sin.
Imeachta ag cruinnithe.
25.—Déanfar imeachta ag na cruinnithe den Bhord do stiúradh do réir na bhforálacha atá sa Commissioners Clauses Act, 1847, sa mhéid ná fuilid buiniscionn le forálacha an Achta so, agus na forálacha atá in alt 37 den Acht san i dtaobh an chathaoirligh bainfid, gus na hatharuithe is gá, leis an leas-chathaoirleach agus gníomhóidh seisean, má bhíonn sé i láthair, mar chathaoirleach ag aon chruinnithe den Bhord ná beidh an cathaoirleach i láthair acu.
Ceapacháin easnamhacha.
26.—(1) Féadfaidh quorum de Choimisinéirí comhachta an Bhúird d'fheidhmiú de thurus na huaire d'ainneoin gan Coimisinéirí eile ba cheart a bheith ceaptha no ainmnithe fén Acht so do bheith ceaptha no ainmnithe go cuibhe do réir an Achta so.
(2) I gcás gan aon cheapachán no ainmniúchán áirithe chun an Bhúird do bheith déanta laistigh den am is gá do réir an Achta so féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a cheadú an t-am i gcóir an ainmniúcháin no an cheapacháin sin do shíneadh.
An chéad chruinniú den Bhord.
27.—Beidh an chéad chruinniú den Bhord ann ar a 12 a chlog meán lae an lá ceaptha i bpríomh-oifig an Bhúird mara ndeinidh an tAire, le hordú, lá no am no áit eile do cheapadh.
Cruinniú cinn bliana.
28.—Beidh an cruinniú cinn bliana den Bhord i bpríomh-oifig an Bhuird pé lá agus pé uair a' chluig a cheapfaidh an Bord i mí Abráin gach bliain tar éis na bliana ina mbeidh an lá ceaptha no, má thárlann in aon bhliain ná beidh an t-iniúchadh bliantúil críochnuithe um an 31adh lá de Mhárta, laistigh de 28 lá o lá an iniúchta do chríochnú.
Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach.
29.—(1) Isé céad ghnó déanfar ag an gcéad chruinniú den Bhord agus ag gach cruinniú cinn bliana den Bhord ná cathaoirleach agus leas-chathaoirleach do thoghadh chun bheith i seilbh oifige go dtí an chéad chruinniú cinn bliana ina dhiaidh sin.
(2) Ag gach cruinniú cinn bliana isé an cathaoirleach a bheidh ag dul as oifig no, ina iongnais sin, an leas-chathaoirleach, más ball é an uair sin den Bhord agus má bhíonn sé i láthair agus sásta gníomhú, a bheidh mar chathaoirleach ar an gcruinniú go dtí go mbeidh cathaoirleach toghtha do réir an ailt seo.
(3) Pé uair ná leanfaidh cathaoirleach no leas-chathaoirleach an Bhúird a bheidh ag dul as oifig de bheith ina Choimisinéir tar éis aon cheapacháin agus ainmniúcháin chinn trí mblian do Choimisinéirí fén Acht so, isé céad ghnó bheidh le déanamh ag an gcéad chruinniú den Bhord nua ná cathaoirleach no leas-chathaoirleach do thoghadh chun bheith i seilbh oifige go dtí an chéad chruinniú cinn bliana ina dhiaidh sin.
Costaisí taistil Coimisinéirí.
30.—Beidh gach ball den Bhord go mbeidh comhnaí air cúig mhíle no breis o phríomh-oifig an Bhúird i dteideal íocaíochta, i bhfuirm rann-íoca i gcóir a chostaisí taistil, d'fháil in aghaidh gach cruinniú den Bhord ag á mbeidh sé i láthair, do réir ráta shocair de chúig pingne ar gach míle iomlán ar n-a áireamh ar an mbealach is dírighe o n-a áit chomhnuithe go dtí an oifig sin, agus déanfar alt 48 den Commissioners Clauses Act, 1847, nuair a beifean á chur i mbaint leis an mBord, do léiriú fé réir forálacha an ailt seo.
Maoin do dhílsiú.
31.—(1) An t-estát, an ceart, an teideal agus an leas uile do bhí ag Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe i ngach maoin agus chun gach maoine, réalta agus pearsanta, agus do bhí, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe i gCoimisinéirí Chuan na Gaillimhe dílseoid sa Bhord an lá ceaptha de bhuadh an Achta so.
(2) Gach dintiúir, leithliú, deontas, aistriú, sannadh, léas, ceannach, díol, morgáiste, banna, cumhnant, có-aontú, urrús agus connradh do rinne agus gach freagarthacht no oblagáid fé n-a ndeachaidh Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe agus do bhí i bhfeidhm no ar marthain díreach roimh an lá ceaptha beid agus fanfaid i lán-fheidhm agus i lán-éifeacht ar gach slí i gcoinnibh no i bhfábhar an Bhúird, agus féadfar iad d'fhoirfheidhmiú chó hiomlán agus chó héifeachtúil i gcoinnibh no i bhfábhar an Bhúird, an lá ceaptha agus dá éis, agus d'fhéadfaí iad d'fhoirfheidhmiú i gcoinnibh no i bhfábhar Choimisinéirí Chuan na Gaillimhe dá mba ná rithfí an tAcht so.
Gan aicsin do chealú.
32.—Ní dhéanfaidh an tAcht so cealú ná scur ná oibriú docharach ar aon aicsean, cúis dlí, cúiseamh no imeacht eile a tosnuíodh roimh an lá ceaptha ag Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe no ina gcoinnibh ach leanfaidh an céanna ar siúl agus raghaidh in éifeacht i bhfábhar agus i gcoinnibh an Bhúird ar gach slí díreach fé is dá mb'iad an Bord riamh Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe.
Oifigigh do leanúint in oifig.
33.—Gach duine is oifigeach no seirbhíseach do Choimisinéirí Chuan na Gaillimhe an lá ceaptha beidh aige agus sealbhóidh sé a oifig no a fhostaíocht gus an tuarastal no an págh agus an sochar oifige ghabhann léi agus beidh sé ina oifigeach no ina sheirbhíseach don Bhord go dtí go n-eireoidh sé as a oifig no a fhostaíocht no go gcuirfear aisti é, agus beidh na cearta agus na príbhléidí céanna aige do bheadh aige agus beidh sé fé réir na gcoinníollacha seirbhíse, na gcomhacht aistrithe, na ndualgas, na rialacha, na rialachán, na bpeannaid agus na bpionóisí céanna go mbeadh sé fé n-a réir dá mba ná rithfí an tAcht so: Ach ní scaoilfear aon urra d'aon oifigeach no seirbhíseach ná ní déanfar dochar d'aon bhanna dílseachta de dhruim éinní atá san Acht so.
Ceart chun rudaí ar fiunraoi do bhuanú.
34.—(1) Chun crícheanna an Achta so beidh an Bord agus leanfaid de bheith i seilbh agus i dteideal gach ruda ar fiunraoi, éileamh agus iarratas ar bith go raibh Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe ina sheilbh no ina theideal díreach roimh an lá ceaptha.
(2) Gach ráta agus gach éileamh, táille, cíos, fíneáil, geallbhruid, pionós agus airgead damáiste agus gach suim eile airgid a bheidh dlite no bheidh ag teacht chun bheith dlite do Choimisinéirí Chuan na Gaillimhe féadfaidh an Bord iad do bhailiú agus do bhaint amach fé is dá mb'iad an Bord riamh Coimisinéiri Chuan na Gaillimhe.
(3) Gach leabhar agus scríbhinn do bheadh, dá mba ná rithfí an tAcht so, ionghlactha i bhfianaise beid ionghlactha i bhfianaise fé is dá mba ná rithfí an tAcht so.
(4) Gach ní rinneadh, a fulaingeadh agus a daingníodh, fé seach, roimh an Acht so beidh sé chó dleathach agus do bheadh dá mba ná rithfí an tAcht so.
Fo-dhlithe.
35.—Na fo-dhlithe, na rialacha agus na rialacháin uile do rinne no d'fhorchuir Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe no rinneadh no forchuireadh dóibh leanfaid, sa mhéid go mbeid i bhfeidhm an lá ceaptha agus ná beid buiniscionn le forálacha an Achta so, i lánfheidhm agus i lán-éifeacht agus féadfaidh an Bord iad d'fhoirfheidhmiú sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna fhéadfaidís dá mb'iad an Bord riamh Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe go dtí go ndeinidh an Bord iad d'athghairm no do leasú.
CUID III.
Oibreacha Udaruithe.
Comhachta chun oibreacha cuain do dhéanamh.
36.—Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh an Bord, ar na tailte taisbeántar ar na pleananna lóisteálta agus a tuairiscítear sa leabhar eolais lóisteálta, an cainéal isteach go dtí an Duga Doimhin (Duga Dhún Aonghusa) do dhoimhniú agus an carraig-chosc a bhacann an bealach isteach go dtí an Duga san do chur as an slí, piara do dhéanamh, an Duga Doimhin (Duga Dhún Aonghusa) atá anois ann do chríochnú, an bealach isteach go dtí an céanna do leathnú, geataí nua isteach go dtí an céanna do chur ar fáil, an Duga Tráchtála agus an Duga Doimhin (Duga Dhún Aonghusa) do cheangal le chéile, an Duga Tráchtála do dhoimhniú agus a chéibheanna do leathnú, an bealach isteach atá anois ann go dtí an Duga Tráchtála do dhúnadh sna línte agus sna suidhimh a taisbeántar ar na pleananna lóisteálta agus a tuairiscítear anso ina dhiaidh seo agus gach obair agus ní do dhéanamh is gá chun na n-oibreacha roimhráite do dhéanamh no ghabhann leis an déanamh san (ar a n-áirmhítear pé claonadh ar an trácht sa Chuan agus pé dúnadh leathrannach ar an gCuan is gá) agus, fé réir mar adubhradh, féadfaidh an Bord, chun no i dtaobh na n-oibreacha san do dhéanamh agus do chothabháil, gach leath-taobh bóthair iarainn, cuainín, céibh, caladh, bóthar, bealach isteach, foirgint, oifig, stóras, fánán, plána fánaidh, fánóg, droichead, biordhoras, iadhtán, comhla uisce, dréin, líntéir, camraí, píopaí uisce, píopaí geas, cáblaí, sreanga, láithreán ládála, gléas ceangail, crann tógála, greamadóir tochard, ancaire, slabhra ceangail, éadtromán mara, doilphín, fráma ceangail, post, taca, droichead meáchana, siopa oibre, solus, tigh soluis, bristeoir carraige, bád dreideireachta, dreidire, bád tarraingthe, árthach, meaisín, obair agus áis atá riachtanach no áiseach do dhéanamh, do leagadh síos, do thógáil, do sholáthar agus do chothabháil sa Chuan, sna céibheanna, sna calaidh agus sna bancánachtaí no ortha san no in aice leo, agus féadfaid, maidir leis na tailte, na bóithre, na bealaigh isteach, na foirgintí, na hoibreacha agus an mhaoin eile a tuairiscítear sa leabhar eolais lóisteálta, dul isteach ar pé cuid díobh is gá chun no i dtaobh na n-oibreacha do dhéanamh no do chothabháil, agus an chuid sin do thógaint agus d'úsáid, agus féadfaid na tailte, na foirgintí agus na ceartanna slí go léir agus an mhaoin eile go léir, a taisbeáintear ar na pleananna lóisteálta no aon chuid den chéanna do cheannach go héigeanta no ar shlí eile.
Tuairisc ar na hoibreacha.
37.—Beidh na hoibreacha suidhte ar fad i bParóiste San Nioclás agus san áit sin de ghrinneall agus d'imeall trágha Bhágh na Gaillimhe atá lasmuich den Pharóiste agus atá teoranta le Paróiste sin San Nioclás i mBailecheanntar na Gaillimhe i gContae na Gaillimhe agus sidiad iad:—
OBAIR Uimh. 1.—An cainéal isteach go dtí an Duga Doimhin (Duga Dhún Aonghusa) do dhoimhniú, agus an carraig-chosc a bhacann an bealach isteach go dtí an Duga san do chur as an slí, go dtí 12 throigh fé bhun datum an Ordonáis, agus oibreacha bhaineann leis an gcéanna, Obair a bheidh 5 stad 9 slabhra agus 30 lúb (3,914 troighthe) no mar sin ar faid, agus suidhte i bParóiste San Nioclás agus san áit sin de ghrinneall agus d'imeall trágha Bhágh na Gaillimhe atá lasmuich den Pharóiste agus atá teoranta leis an bParóiste sin San Nioclás, agus í ar fad i mBailechcanntar na Gaillimhe i gContae na Gaillimhe agus ag tosnú maidir le n-a líne láir ag an taobh Thoir Theas de sna geataí isteach go dtí an Duga Doimhin (Duga Dhún Aonghusa) agus ag críochnú ag puinte 3,914 troighthe no mar sin Soir o Dheas uaidh sin agus é 65 troighthe no mar sin ar leithead ag na geataí sin isteach go dtí an Duga Doimhin sin (Duga Dhún Aonghusa) agus é 600 troigh no mar sin ar leithead ina íochtar ag an gceann Thoir Theas d'Obair Uimh. 2 agus é 300 troigh no mar sin ar leithead ina íochtar ag puinte 750 troigh Soir o Dheas ón gceann Thoir Theas d'Obair Uimh. 2 agus ar thaobh na fairrge den phuinte sin.
OBAIR Uimh. 2.—Piara agus oibreacha bhainfidh leis sin do dhéanamh agus an Obair sin suidhte ar fad i bParóiste San Nioclás i mBailecheanntar na Gaillimhe i gContae na Gaillimhe, agus í 50 troigh ar leithead ar feadh 300 troigh ag an gceann Thiar Thuaidh di agus 100 troigh ar leithead ar feadh 50 troigh ag an gceann Thoir Theas di agus ag tosnú ag puinte ag lár cinn Phiara Thoir Theas an Duga Dhoimhin (Duga Dhún Aonghusa) agus ag críochnú 350 troigh no mar sin Soir o Dheas ón bpuinte sin.
OBAIR Uimh. 3.—An Duga Doimhin nea-chríochnuithe (Duga Dhún Aonghusa) atá anois ann agus ina bhfuil 1 acra 1 ceathrú agus 31½ phéirse no mar sin do réir tomhais reachtúla do chríochnú agus an bealach isteach go dtí an Duga Doimhin (Duga Dhún Aonghusa) do leathnú agus geataí nua isteach do chur ar fáil maraon le hoibreacha bhainfidh leis sin, chun doimhneas uisce de 12 throigh fé bhun datum an Ordonáis do chur ar fáil agus an Obair sin suidhte ar fad i bParóiste San Nioclás i mBailecheanntar na Gaillimhe i gContae na Gaillimhe agus í ag tosnú maidir le n-a líne láir ag puinte 410 dtroigh no mar sin Siar o Thuaidh ón taobh Thoir Theas de sna geataí isteach go dtí an Duga Doimhin (Duga Dhún Aonghusa) agus ag críochnú ag an gceann Thiar Thuaidh d'Obair Uimh. 1 agus na fallaí duga atá anois ann agus a bhfaidithe mar theorainn léi ag an gcoirnéal thiar den Duga san.
OBAIR Uimh. 4.—An Duga Tráchtála agus an Duga Doimhin (Duga Dhún Aonghusa) do cheangal le chéile agus cuid den Duga Tráchtála do dhoimhniú chun achair de 3 acra 2 cheathrú agus 25 péirsí no mar sin do réir tomhais reachtúla agus é 12 throigh fé bhun datum an Ordonáis d'fháil, agus san teoranta ar an taobh Thiar Thuaidh leis an gCéibh atá anois ann ar n-a leathnú go puinte atá 450 troigh Soir o Thuaidh ón gcoirnéal thiar den Duga Tráchtála san, agus teoranta ar an taobh Thoir Thuaidh le líne ar n-a tarrac có-threormhar leis an taobh Thoir Thuaidh den Duga Tráchtála ón bpuinte sin go dtí puinte ar an gCéibh Thoir Theas atá anois ann den Duga Tráchtála san agus ag dul Siar o Dheas ón bpuinte sin, go dtí go dteangmhuíonn le faidiú ar líne Céibhe Thoir Thuaidh an Duga Dhoimhin (Duga Dhún Aonghusa) agus ag leanúint line an fhaidithe sin ón bpuinte sin go dtí coirnéal Thuaidh an Duga Dhoimhin sin (Duga Dhún Aonghusa), agus teoranta ar an taobh Thoir Theas le líne ar n-a tarrac o choirnéal Thuaidh an Duga Dhoimhin (Duga Dhún Aonghusa) có-threormhar leis an taobh Thiar Thuaidh den Duga Tráchtála go dtí go dteangmhuíonn leis an taobh Thiar Theas den Duga san, agus teoranta ar an taobh Thiar Theas leis an gCéibh atá anois ann ar n-a leathnú, agus cuid den Chéibh Thiar Thuaidh den Duga Tráchtála do leathnú ar feadh 450 troigh Soir o Thuaidh o choirnéal Thiar an Duga san agus cuid de Chéibh Thiar Theas an Duga san do leathnú ar feadh 400 troigh Soir o Dheas o choirnéal Thiar san an Duga san, maraon le hoibreacha bhainfidh leis sin, agus an Obair sin suidhte ar fad i bParóiste San Nioclás i mBailecheanntar na Gaillimhe i gContae na Gaillimhe.
OBAIR Uimh. 5.—An bealach isteach go dtí an Duga Tráchtála do dhúnadh, maraon le hoibreacha bhainfidh leis sin, agus an Obair sin suidhte ar fad i bParóiste San Nioclás i mBailecheanntar na Gaillimhe i gContae na Gaillimhe agus ina bóthar o Chéibh Thiar Theas an Duga Dhoimhin (Duga Dhún Aonghusa) go dtí an Chéibh Thiar Theas den Duga Tráchtála agus í teoranta ar an taobh Thiar Thuaidh le líne ar n-a tarrac trasna an chinn Thoir Theas den Duga Tráchtála agus ar an taobh Thoir Thuaidh agus ar an taobh Thiar Theas le fallaí an bhéil duga atá anois ann agus ar an taobh Thoir Theas le líne có-threormhar leis an gceann Thoir Theas den Duga Tráchtála agus 60 troigh Soir o Dheas uaidh.
Oibreacha do dhéanamh agus an tréimhse chun iad do chríochnú.
38.—(1) Féadfaidh an Bord na hoibreacha do dhéanamh de dhá iarracht, eadhon, Oibreacha Uimhreacha 1,2 agus 3 a luaidhtear san alt deiridh sin roimhe seo do dhéanamh den chéad iarracht agus Oibreacha Uimhreacha 4 agus 5 a luaidhtear san alt céanna do dhéanamh den dara hiarracht, ach amháin sa mhéid (más aon mhéid é) go gceadóidh an tAire socruithe atharuithe: Ach féadfaidh an Bord le rún aon tráth más rogha leo é an chéad iarracht san go ghiorrú no do laigheadú in aon tslí cheadóidh an tAire chun ná bainfidh an chéad iarracht san ach le pé méid díobh no le pé déanamh leathrannach no laigheaduithe ortha a measfar a chosnóidh i dteanta costais bhainfidh leis an gcéanna suim a bheidh luaidhte sa rún san agus nách lugha ná £200,000 agus féadfaidh, ar an gcéad iarracht san mar do giorruíodh no do laigheaduíodh í amhlaidh do bheith críochnuithe, dul ar aghaidh le déanamh no le déanamh leathrannach no laigheaduithe Oibreacha Uimhreacha 4 agus 5 no Coda dhíobh gan dochar don cheart chun dul ar aghaidh mar is rogha leo, pé tráth is oiriúnach leo é laistigh den tréimhse chun na n-oibreacha do chríochnú a húdaruítear leis an Acht so no fé, le hiomlán no le cuid d'aon chion d'Oibreacha Uimhreacha 1, 2 agus 3 a bheidh le críochnú.
(2) Beidh sé dleathach don Aire ar iarratas agus ar chostas an Bhúird (agus áirmhítear sa chostas san costas aon fhiosrúcháin is dóich leis an Aire is ceart a dhéanamh maidir leis an iarratas san) síneadh do dhéanamh le hordú ar an tréimhse de dheich mbliana ceaptar leis an Acht so chun an Bhúird do chríochnú na n-oibreacha, ach san i slí ná déanfar an tréimhse sin do shíneadh le haon ordú den tsórt san níos sia ná tréimhse mhaximum d'fhiche bliain o dháta an Achta so do rith.
(3) Ní dhéanfaidh an tAire aon ordú den tsórt san maran deimhin leis nárbh fhéidir don Bhord na hoibreacha san do chríochnú toisc ní éigin ná raibh coinne leis no toisc cúrsaí (seachas easba leor-chistí) ná raibh neart ag an mBord ortha.
(4) Ach déanfar ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire do réir na gcomhacht a bronntar leis na forálacha san roimhe seo den alt so do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.
(5) Fé réir forálacha an Achta so, mara mbeidh na hoibreacha críochnuithe laistigh de dheich mbliana o dháta an Achta so do rith, no laistigh de pé tréimhse is sia ná san a cheadóidh an tAire, ansan, ar an tréimhse sin de dheich mbliana no ar an tréimhse sin is sia ná san, ar n-a shíneadh ag an Aire, do bheith caithte, scuirfidh na comhachta bronntar leis an Acht so ar an mBord chun na n-oibreacha do dhéanamh no maidir le n-a ndéanamh, scuirfid ach amháin maidir leis an méid sin díobh a bheidh críochnuithe an uair sin, ach ní chuirfidh éinní atá anso srian leis an mBord do chothabháil, d'úsáid, d'atharú, d'athdhéanamh no d'aistriú aon cheann de sna hoibreacha aon uair agus o am go ham fé mar is gá.
Claonadh i leataoibh agus suas no síos.
39.—Ag déanamh na n-oibreacha dhóibh féadfaidh an Bord, fé réir forálacha an Achta so, claonadh i leataoibh o línte na n-oibreacha san a taisbeántear ar na pleananna lóisteálta chó fada leis na teoranna claontaíochta a taisbeántar ansan, agus claonadh suas no síos o leibhéil na n-oibreacha san a taisbeántar ar na teascáin lóisteála chó fada le cúig troighthe: Ach ní déanfar aon chlaonadh a húdaruítear leis an Acht so i slí go laigheadófaí spás intseolta an Chuain thar mar a taisbeántar ar na pleananna lóisteálta gan cead roimh ré ón Aire, ná in aon tslí seachas mar údaróidh an tAire go soiléir.
Srian le substaint phléascach d'úsáid.
40.—(1) Foráltar leis seo, chun iascach bradán Abhainn na Gaillimhe agus Loch Coirib maraon leis na daoine ag á bhfuil leas ionta do chosaint, ná tuigfear go dtugann éinní san Acht so cead ná údarás don Bhord, chun críche na n-oibreacha do dhéanamh ná chun aon chríche eile, aon tsubstaint phléascach d'úsáid, ná a cheadú ná a leigint d'aon chonnrathóir ná seirbhíseach ná gníomhaire bheidh ag gníomhú thar ceann an Bhúird aon tsubstaint den tsórt san d'úsáid, laistigh d'achar na n-oibreacha, in aon talamh a bheidh fé uisce de thurus na huaire ná in aon uisce i rith míosa Feabhra, Márta, Abráin, Bealtaine, Meithimh no Iúil in aon bhliain ach amháin laistigh no lastuaidh de líne shamhluithe ar n-a tarrac o fhoirceann mara an fhalla no na céibhe atá idir an Sean-Duga agus Abhainn na Gaillimhe do dtí foirceann mara na rinne tailimh atá díreach lastuaidh de láithreán beartuithe Oibre Uimh. 2, agus, chun bheith níos deimhnithe ina taobh, taisbeántar an líne shamhluithe sin ar an bplean atá marcálta K2A agus sighnithe i dtripliocáid ag Séamus Diolún, Cathaoirleach an Chó-Choiste de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann gur leagadh an Bille i gcóir an Achta so fé n-a mbráid, plean gur lóisteáladh cóip de in oifig na mBillí Príobháideacha, agus cóip de leis an gCléireach don Bhord Choimeádaithe Iascaigh do Cheanntar na Gaillimhe agus cóip de leis an Rúnaí don Bhord.
(2) Pé uair a beifear ar intinn aon tsubstaint phléascach d'úsáid, laistigh d'achar na n-oibreacha, in aon talamh a bheidh fé uisce de thurus na huaire no in aon uisce, cuirfidh an Bord fé ndeár fógra trí huaire a' chluig ar a laighead, go bhfuiltear ar intinn san do dhéanamh, do thabhairt i scríbhinn thar ceann an Bhúird don Chléireach don Bhord Choiméadaithe Iascaigh do Cheanntar na Gaillimhe no do pé duine ainmneoidh seisean o am go ham chun fógrai den tsórt san do ghlacadh thar a cheann.
(3) Ach amháin mar adubhradh, beidh sé dleathach don Bhord substaintí pléascacha d'úsáid fé mar a comhairleofar agus san áit ina gcomhairleofar san don Bhord chun na n-oibreacha do dhéanamh.
Cur-isteach ar bhóithre.
41.—(1) Féadfaidh an Bord a chur fé ndeár aon bhóithre, bóithre móra, sráideanna, cosáin, tunail, sruthanna, cúrsai uisce, leataobhacha bóthair iarainn, camraí, dréineacha, píopaí, sranganna agus fearas, puiblí agus príobháideach, a bheidh san ionad no in aice leis an ionad atá beartuithe do sna hoibreacha, d'oscailt, do stopadh, do bhriseadh, do thrasnú, d'atharú, do mhéadú, no do chlaonadh, no baint leo ar shlí eile (pe'ca go sealadach no go buan é) fé mar is dóich leis an mBord is gá no bheidh caothúil chun na hoibreacha no aon cheann acu, no na hoibriúcháin agus na háiseanna bhainfidh leo, do dhéanamh agus do chríochnú no maidir leo san no chun aon chríche de chrícheanna a ngnótha; ach go ndéanfaidh agus go soláthróidh an Bord, in ionad na mbóthar, na mbóthar mór, na sráideanna, na gcosán, na dtunal, na sruth, na gcúrsaí uisce, na leataobhacha bóthair iarainn, na gcamraí, na ndréineacha, na bpiopaí, na sranganna no an fhearais sin, sara stopaid iad no sara gcuirid isteach ortha ar shlí eile, slite maithe dóthanacha chun trácht do chur agus d'athchur chun siúil no do sheoladh ar bhóithre, ar chósáin, ar bhóithre móra, ar shráideanna no ar leataobhacha bóthair iarainn, agus slite maithe dóthanacha chun an t-uisce agus an chamracht do bhreith chun siúil o sna tailte agus o sna háitreabhacha có-theoranta no comhgaracha le n-a mbainfidh san, agus malairt sranganna agus fearais eile bheidh go maith agus go dóthanach chun na gcrícheanna san chun a bhfoghnann do ghnáth na sranganna agus an fearas a hatharófar no le n-a mbainfear amhlaidh, agus san go léir chó caothúil ar gach slí leis na bóithre, na bóithre móra, na sráideanna, na cosáin, na tunail, na sruthanna, na cúrsaí uisce, na leataobhacha bóthair iarainn, na camraí, na dréineacha, na píopaí, na sranganna agus an fearas, puiblí agus príobháideach, a hosclófar, a brisfear, a trasnófar, a hatharófar, a méadófar, a claonfar, no le n-a mbainfear ar shlí eile mar adubhradh:
Ach sara ndeinidh an Bord cur isteach ar aon oibreacha puiblí bheidh fé urláimh údaráis áitiúla bhéarfaid fógra i scríbhinn trí seachtaine roimh ré don údarás áitiúil sin i dtaobh an tsaghais cur-isteach a bheidh beartuithe, agus feidhmeoidh an Bord a gcomhachta maidir le haon oibreacha den tsórt san chun sástachta réasúnta an tsuirbhéara don údarás áitiúil sin:
Agus fós ní húdarófar don Bhord de bhuadh an ailt seo curisteach do dhéanamh ar aon oibreacha bheidh fé urláimh Bhúird Sholáthair an Leictreachais gan toiliú an Aire i scríbhinn d'fháil roimh ré, agus sara dtabharfaidh an tAire aon toiliú den tsórt san raghaidh i gcomhairle le Bord Soláthair an Leictreachais agus breithneoidh aon chúis a phléidhfidh an Bord san leis.
(2) Má eiríonn aon aighneas no deifríocht idir an Bord agus aon duine no cólucht ar ar ghoill éinní do rinne an Bord no d'fhágadar gan déanamh i bhfeidhmiú a gcomhacht fén alt so déanfar gach aighneas no deifríocht den tsórt san do chur, maille le lán-chomhacht chun costaisí do mholadh, fé bhreith dheiridh dhá eadrascánaí, duine ar n-a thoghadh ag gach páirtí, agus, mara n-aontuíd, fé bhreith dheiridh réiteora, a thoghfaid sara suidhfid, agus tuigfear é do chur fé bhreith amhlaidh do réir curtha-fé-bhráid tré dhintiúir ar n-a dhéanamh ag na páirtithe.
Comhacht chun céibheanna do mhéadú no d'fheabhsú, agus chun céibheanna, duganna, etc., nua do dhéanamh.
42.—Fé réir forálacha an Achta so, féadfaidh an Bord o am go ham, más rogha leo é, aon fhoirgint, tógáil, céibh, caladh, piara, fánán, slite isteach, geataí no áit chalaíochta do leathnú, do mhéadú, d'atharú no d'fheabhsú agus féadfaid pé duganna agus duganna glantóireachta, agus pé céibheanna, calaidh, piaranna, fánáin, foirgintí, tógála, áiteanna calaíochta, bóithre, slite isteach, bealaigh isteach, geataí agus oibreacha eile nua, is gá dar leis an mBord chun áise don phuiblíocht, do dhéanamh agus do chothabháil laistigh de theoranta an Chuain, agus féadfaid o am go ham an céanna do leathnú, do mhéadú, d'atharú no d'fheabhsú: ach ní dhéanfaidh an Bord a gcomhachta d'fheidhmiú fén alt so maran rud é gur cuireadh pleananna na hoibre bheidh le déanamh fé bhráid an Aire agus gur cheaduigh seisean iad, ach amháin i gcás aon chonnartha bhig go bhfuil údarás do réir dlí ag an mBord é dhéanamh gan tairisgintí d'iarraidh.
Tailte do thógaint.
43.—(1) I dteanta na dtailte atá faighte agus ar seilbh cheana ag an mBord, no thógfaidh an Bord fé chomhachta an Achta so, féadfaidh an Bord, tré chó-aontú, aon mhéid talmhan nách mó ná caoga acra do cheannach chun crícheanna nea-ghnáthacha maidir le n-a ngnó.
(2) Na comhachta bheidh ag an mBord chun tailte do thógaint go héigeanta chun crícheanna an Achta so ní bheid infheidhmithe tar éis deich mblian o am an Achta so do rith.
Comhacht chun dul isteach ar bhóithre agus ar thailte agus iad d'úsáid agus do shealbhú chun crícheanna scaladacha.
44.—(1) Beidh sé dleathach don Bhord, aon uair roimh dheireadh na tréimhse blian a húdaruítear chun na n-oibreacha do chríochnú, dul isteach ar aon bhóithre no tailte a taisbeántar ar na pleananna lóisteálta agus a tuairiscítear sa Leabhar Eolais lóisteálta, agus na bóithre sin do shealbhú go sealadach le linn na n-oibreacha do bheith ag dul ar aghaidh agus na tailte sin d'úsáid chun aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) chun cré no ithir do thógaint asta;
(b) chun ithir do chur ortha;
(c) chun abhar do thógaint asta chun bancánachtaí agus oibreacha eile do thógáil no do dheisiú; agus
(d) chun bóithre do dhéanamh ortha go dtí na bancánachtaí agus na hoibreacha eile sin no uatha no le n-a dtaobh agus go dtí aon choireul ar na tailte sin no uaidh.
(2) An méid den Railways Clauses Consolidation Act, 1845, ach amháin alt 42 den Acht san, a bhaineann le tailte do shealbhú go sealadach beidh feidhm aige fé is dá dtagródh na habairtí “the railway” agus “the Company” atá san Acht san do sna hoibreacha agus don Bhord agus tuigfear, chun crícheanna an Achta san, na bóithre agus na tailte sin do bheith laistigh de sna teoranta orduithe.
CUID IV.
Foralacha Airgeadais.
Usáid an ioncuim.
45.—Is chun na gcrícheanna agus san ord so leanas agus ní ar aon tslí eile úsáidfidh an Bord ioncum an Chuain:—
(1) Chun íoctha costaisí oibre agus bunúcháin an Bhúird agus na gcostaisí is ionchurtha le ceart i gcoinnibh ioncuim
agus a bhainfidh leis an gCuan do chothabháil, do ghlanadh, do dheisiú, d'fheabhsú agus do bhainistí agus le gach ní gheobhaidh leis sin;
(2) chun íoctha na gcostaisí is ionchurtha le ceart i gcoinnibh ioncuim agus a bhainfidh le bád freastail no báid fhreastail agus dreidire no dreidirí agus bád tarrthála (más aon cheann é) agus árthaighe, meaisíní agus áiseanna eile is gá, do chur ar fáil, d'fhostú, do dheisiú, do chothabháil, d'úsáid agus d'oibriú;
(3) chun íoctha na n-íocaíochtaí leath-bhliantúla bheidh le n'íoc le Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn fén gCuid seo den Acht so;
(4) chun íoctha an úis a thiocfaidh chun bheith dlite o am go ham ar aon airgead do gheobhfar ar iasacht do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le hiasachtaí d'fháil; agus
(5) chun soláthruithe na dtráth-choda, na leithreasaí no na n-íocaíochtaí ciste fhiach-laigheaduithe is gá alos airgid do gheobhar ar iasacht amhlaidh.
Aon bharrachas a bheidh fágtha tar éis soláthair do dhéanamh chun na gcrícheanna adubhradh úsáidfear é i pé slí chinnfidh an Bord, ach san fé réir cheadú i scríbhinn ón Aire: Ach beidh sé dleathach don Bhord pé suim do thabhairt ar aghaidh i ndeireadh gach bliana is dóich leis an Aire do bheith riachtanach do réir réasúin chun costaisí reatha d'íoc.
An Bord do ghlanadh na hiasachta atá anois ann.
46.—An tsuim de £8,627 11s. 11d., eadhon, an t-iarmhéid do bhí gan íoc an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1934, d'iasachtaí áirithe do thug Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn do Choimisinéirí Chuan na Gaillimhe (no pé méid den tsuim sin a bheidh gan glanadh ar dháta an Achta so do rith) leanfa sí, i gcoinnibh an Bhúird, ina céad-mhuirear ar an maoin agus ar na sócmhainní gur ortha atá an tsuim sin ina muirear anois, agus beidh sí ina muirear sa tslí chéanna ar na rátaí is iníoctha leis an mBord fén Acht so agus ar an airgead uile chruinneoidh an Bord fé alt 48 den Acht so agus beidh sí ina fiacha bheidh dlite ag Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn ar an mBord agus déanfaidh an Bord í ghlanadh tré íocaíochtaí leath-bhliantúla nách lugha ná £200 no pé suim is aoirde ná san a cheadóidh cúrsaí airgid an ghnótha in aon bhliain airgeadais áirithe.
Rann-íocanna na Comhairle Contae agus na Comhairle Bailecheanntair.
47.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, déanfaidh an Chomhairle Chontae agus déanfaidh an Chomhairle Bhailecheanntair rann-íoc bliantúil airgid (dá ngairmtear san alt so an rann-íoc Contae agus an rann-íoc Baile fé seach) d'íoc leis an mBord in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an chéad lá d'Abrán i pé bliain chaileandair a chinnfidh an tAire le hordú agus in aghaidh gach bliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.
(2) Ní raghaidh an rann-íoc Contae in aon bhliain airgeadais áitiúil thar suim is co-ionann le méid ráta de cheithre pingne sa phúnt ar n-a chruinniú go cothrom ar fuaid na Contae go léir (le n-a n-áirmhítear an Bailecheanntar) ar luach ionrátuithe na Contae (le n-a n-áirmhítear an Bailecheanntar) i dtosach na bliana airgeadais díreach roimhe sin, agus ní raghaidh an ranníoc Baile in aon bhliain airgeadais áitiíil thar suim is có-ionann le méid ráta de scilling sa phunt ar luach ionrátuithe an Bhailecheanntair i dtosach na bliana airgeadais díreach roimhe sin; agus beidh idir na rann-íocanna san fé seach, i ngach bliain airgeadais áitiúil, an cothrom céanna bheidh idir na suimeanna do gheobhfar amhlaidh no do bheadh eatorra, dá gcruinnítí iad, sa bhliain airgeadais áitiúil chéanna; agus isé bheidh mar luach ionrátuithe chun crícheanna an ailt seo ná an luacháil fé sna hAchtanna Luachála ar na hionoighreachtaí agus ar na tionóntacháin is ionrátuithe fén ráta dealbhais sa Chontae (le n-a n-áirmhítear an Bailecheanntar) no sa Bhailecheanntar, pe'ca aca é.
(3) Maidir leis an rann-íoc Contae agus leis an rann-íoc Baile fé seach—
(a) cruinneofar iad trid an ráta dealbhais, ach mar ítim ar leithligh de;
(b) fé réir forálacha an ailt seo, beid de pé méideanna bheidh luaidhte i meastachán agus in éileamh bliantúil a chuirfidh an Bord go dtí an Chomhairle Chontae agus go dtí an Chomhairle Bhailecheanntair i mí Eanair gach bliain, á rá fé shéala an Bhúird cadiad na suimeanna is gá i gcóir na céad bhliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin; agus
(c) déanfaidh an Chomhairle Chontae agus an Chomhairle Bhailecheanntair fé seach iad d'íoc leis an mBord ina dhá dtráth-chuid chothroma leath-bhliantúla an chéad lá de Mheán Fhómhair agus an chéad lá de Mhárta i ngach bliain airgeadais áitiúil:
Ach déanfar an ráta bheidh le cruinniú chun crícheanna an ranníoca chontae do chruinniú go cothrom ar fuaid na contae go léir le n-a n-áirmhítear an Bailecheanntar.
(4) Chun críche an chéad rann-íoca Chontae agus an chéad rann-íoca Bhaile a híocfar fén Acht so caithfidh an Bord a chur ina luighe ar an Aire, sara ndeine sé ordú fé fho-alt (1) den alt so, go ndearna an Bord, no go bhfuil ar a gcumas, no go mbeidh ar a gcumas tar éis an orduithe sin do bheith déanta ag an Aire, suim de £200,000 d'fháil, ar urrús na rann-íocanna Contae agus na rann-íocanna Baile agus ar shlí eile, i bhfuirm iasachta no tré stoc do thabhairt amach no ar shlí eile (pe-ca bheidh sí le n'íoc láithreach no o am go ham do réir mar bheidh déanamh na n-oibreacha ag dul ar aghaidh) chun í chaitheamh in íoc no mar chabhair chun íoctha an chostais a bhainfidh agus a gheobhaidh leis na hoibreacha do dhéanamh agus go bhfuilid sásta dul ar aghaidh le déanamh na n-oibreacha ar an rann-íoc Contae agus an rann-íoc Baile sin no cuid den chéanna d'fháil no roimhe sin.
(5) Leanfaidh an rann-íoc Contae agus an rann-íoc Baile de bheith á n-íoc faid a dhlighfidh an Bord aon airgead d'aisíoc a cruinníodh fén gcéad alt ina dhiaidh seo den Acht so chun na n-oibreacha do dhéanamh agus i gcóir nithe ghabhas leis sin: Ach ní raghaidh méid iomlán an airgid a cruinneofar amhlaidh thar suim de £290,000 maidir le hOibreacha Uimhreacha 1, 2 agus 3 agus nithe gheobhaidh leo, ná thar suim de £400,000 maidir le hiomlán na n-oibreacha agus le nithe gheobhaidh leo.
(6) Déanfar gach rann-íoc Contae agus Baile d'úsáid ar fad chun airgid a cruinníodh, chun na n-oibreacha do dhéanamh agus i gcóir nithe ghabhas leis sin, agus chun úis ar an airgead san d'íoc sa mhéid go mbeidh ioncum an Chuain a bheidh ar fáil de thurus na huaire fé alt 45 den Acht so chun na gcrícheanna san nea-dhóthanach chun na gcrícheanna san.
(7) Má dheimhíonn iniúchóir cuntaisí an Bhúird fé n-a láimh ná raibh iomlán na rann-íocanna Contae agus Baile maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil áirithe ag teastáil chun na gcrícheanna atá leagtha amach sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo déanfar an méid a bheidh fágtha de sna rann-íocanna san, ar n-a dheimhniú ag an iniúchóir, d'aisíoc leis an gComhairle Chontae agus leis an gComhairle Bhailecheanntair no do lomháil dóibh do réir cionúireacht a rann-íocanna in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla san.
(8) Má dheimhníonn an t-iniúchóir fé n-a láimh go ndearnadh na rann-íocanna Contae agus Baile in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe d'íoc do réir mheastacháin neadhóthanaigh maidir leis na suimeanna do bhí ag teastáil ón mBord, beidh méid an easnaimh do bhí sna rann-íocanna san de dheascaibh an mheastacháin nea-dhóthanaigh sin, ar n-a dheimhniú ag an iniúchóir, ina fhiacha bheidh dlite ag an mBord ar an gComhairle Chontae agus ar an gComhairle Bhailecheanntair agus déanfaidh an Chomhairle Chontae agus an Chomhairle Bhailecheanntair é do ghlanadh sna cionúireachtaí céanna agus é do chruinniú sa tslí chéanna ina nglanfaí agus ina gcruinneofaí é dá mbeadh méid an easnaimh i meastachán agus in éileamh bliantúil an Bhúird inar fágadh ar lár é:
Ach ní dhlighfidh an Chomhairle Chontae ná an Chomhairle Bhailecheanntair in aon bhliain airgeadais áitiúil áirithe aon mhéid den easnamh san do ghlanadh thar mar is féidir leo d'íoc (tar éis méid an rann-íoca Chontae no an rann-íoca Bhaile, más ann do, a bheidh le n'íoc in aghaidh na bliana san do chur san áireamh) gan dul thar an maximum bliantúil de cheithre pingne agus de scilling sa phúnt fé seach a húdaruítear i gcóir na ranníocanna bheidh le n'íoc fén alt so.
(9) Ní cuirfear an rann-íoc Contae ná an rann-íoc Baile san áireamh nuair a bheidh aon teora á déanamh amach a forchuirtear do réir dlí ar na rátaí fhéadfaidh an Chomhairle Chontae agus an Chomhairle Bhailecheanntair fé seach a ghearradh.
(10) Má eiríonn aon aighneas no deifríocht idir na Comhairlí Contae agus Bailecheanntair no ceachtar acu agus an Bord, no idir an Chomhairle Chontae agus an Chomhairle Bhailecheanntair, maidir le héinní eireoidh fén alt so, déanfar gach aighneas no deifríocht den tsórt san do chur, maille le lán-chomhacht chun costaisí do mholadh, fé bhreith dheiridh an Aire más toil leis gníomhú no, maran toil, fé bhreith dheiridh dhá cadrascánaí, duine ar n-a thoghadh ag gach páirtí, agus, mara n-aontuíd, fé bhreith dheiridh réiteora a thoghfaid sara suidhfid, agus tuigfear é do chur fé bhreith amhlaidh do réir curtha-fé-bhráid tré dhintiúir ar n-a dhéanamh ag na páirtithe.
Comhacht chun iasachta d'fháil.
48.—(1) Féadfaidh an Bord, ach toiliú an Aire i scríbhinn d'fháil roimh ré, pé suimeanna bheidh ag teastáil chun na n-oibreacha do dhéanamh agus i gcóir nithe gheobhaidh leis sin d'fháil ar iasacht o am go ham, ar ús, ar urrús ioncuim an Chuain agus chistí agus mhaoine an Bhúird agus na rann-íocanna Contae agus na rann-íocanna Baile bheidh le n'íoc fén gCuid seo den Acht so agus féadfaid, leis an toiliú céanna agus ar an urrús céanna lasmuich de sna rann-íocanna san Contae agus Baile, pé suimeanna d'fháil ar iasacht a bheidh ag teastáil chun crícheanna eile den Acht so.
(2) Aon tsuimeanna a húdarófar amhlaidh don Bhord d'fháil ar iasacht féadfar iad do chruinniú tré mhorgáiste no tré stoc no stoc bintiúra do bhunú: Ach ní raghaidh an méid iomlán a chruinneoidh an Bord chun na n-oibreacha do dhéanamh agus i gcóir nithe gheobhaidh leis sin thar suim £400,000 ar fad.
Rialacháin maidir le stoc.
49.—(1) Aon stoc no stoc bintiúra a húdaruítear fén alt deiridh sin roimhe seo déanfar é do bhunú, do thabhairt amach agus d'aistriú, agus deighleálfar leis agus fuasclófar é, i pé slí agus do réir pé rialacháin ordóidh an tAire o am go ham.
(2) Gan dochar do gheneráltacht comhacht an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, féadfaidh socrú bheith sna rialacháin sin chun aon iasachta do ghlanadh a cruinneofar tríd an stoc no an stoc bintiúra san agus, i gcás fiacha do chó-dhlúthú, chun atharú no síneadh do dhéanamh ar an am gur laistigh de bheidh iasachtaí le glanadh, agus féadfaidh socrú bheith ionta chun toiliú únaerí teoranta d'fháil agus chun achtachán d'fheidhmiú bhaineann le diúitéthe stampa agus seiceanna, agus chun úis no díbhinní neamh-éilithe do chur de láimh, agus féadfaid aon achtacháin, a bhaineann le stoc no stoc bintiúra ar n-a thabhairt amach ag údaráis chuain no ag buirg chathardha i Saorstát Éireann, d'fheidhmiú chun crícheanna an ailt seo, go n-atharú no gan atharú.
Glacadóir do cheapadh.
50.—(1) Gan dochar d'aon chomhachta eile bheidh aige do réir dlí no tré chó-aontú leis an mBord, féadfaidh sealbhóir aon urrúis do tugadh alos airgid do fuarthas ar iasacht fén Acht so íoc riaráiste úis no colna no colna agus úis a bheidh dlite ar a urrús do bhaint amach tré ordú ag ceapadh glacadóra d'fháil ón Ard-Chúirt.
(2) Chun a údarú go gceapfaí glacadóir alos riaráiste úis no colna no colna agus úis ní lugha ná cúig céad púnt ar fad a bheidh an méid a bheidh dlite don mhorgáistí bheidh á iarraidh go gceapfaí glacadóir.
Airgead do gheobhfar ar iasacht d'aisíoc agus comhacht chun iasachta d'fháil arís.
51.—Déanfaidh an Bord an t-airgead uile do gheobhaid ar iasacht le toiliú an Aire fén Acht so d'aisíoc laistigh de pé tréimhsí, ar pé téarmaí agus coinníollacha agus i pé slí ordóidh an tAire, agus féadfaid, leis an toiliú céanna, aon airgead a haisíocfar amhlaidh d'fháil ar iasacht arís ar aon urrús a bheidh ar fáil de thurus na huaire. Na forálacha atá in alt 75 den Commissioners Clauses Act, 1847, chun a chur in áirithe go mbeidh na cearta céanna ag morgáistithe agus ag sannaithe in urrús ní bhainfid ach le hiasachtaithe ná beidh i dteideal aon chirt ná tosaíochta eatorra féin i gcoinnibh an Bhúird.
Comhacht chun iasachta d'fháil o bhanc.
52.—Féadfaidh an Bord, chun crícheanna sealadacha, creidmheas ar ús do thógaint agus d'fháil o am go ham, ar urrús ioncuim agus chistí an Chuain agus mhaoine an Bhúird no tré dhintiúirí teidil no urrús eile do lóisteáil, o aon bhanc no cuideachta bancaereachta ar chuntas airgid, a hosclófar agus a coimeádfar leis an mbanc no leis an gcuideachta bhancaereachta san do réir ghnáis bhancaerí in Éirinn, in ainm an Bhúird no in ainm oifigigh a cheapfaidh an Bord: Ach ní beidh an méid den airgead a cruinneofar fén alt so agus a bheidh gan íoc aon tráth áirithe níos mó san iomlán ná £2,000 mara mbeidh an Bord tar éis toiliú an Aire i scríbhinn d'fháil roimh ré. Na forálacha maidir le morgáistí atá sa Commissioners Clauses Act, 1847, ní bhainfid le haon roimh-íocanna déanfar leis an mBord fén alt so.
CUID V.
Foralacha Ilghneitheacha.
An oifig.
53.—Is i mBaile Mór na Gaillimhe bheidh príomh-oifig an Bhúird.
An séala.
54.—Ní déanfar séala an Bhúird do ghreamú d'aon scríbhinn ach do réir rúin a rithfidh an Bord agus i bhfianaise dhá Choimisinéir agus i bhfianaise an Rúnaí (no má bhíonn seisean as láthair i bhfianaise oifigigh eile don Bhord a ainmneoidh an Bord).
Rátaí do rialáil.
55.—Go dtí go bhforálfar a mhalairt fé Acht na gCuan (Rátaí do Rialáil), 1934, beidh sé dleathach don Bhord leanúint de rátaí do ghearradh agus do bhailiú nách mó ná na rátaí go raibh údarás ag na Coimisinéirí iad do ghearradh agus do bhailiú an lá díreach roimh an lá ceaptha agus na comhachta uile atá ag an mBord maidir le rátaí bainfid le haon obair a déanfar fén Acht so.
Cuntaisí agus tuairisceáin.
56.—(1) Ullamhóidh an Bord cuntaisí i pé fuirm, agus in aghaidh pé tréimhse, agus ina mbeidh pé mion-innste, ordóidh an tAire o am go ham.
(2) Nuair a bheidh na cuntaisí ullamh amhlaidh mar adubhradh beid ar nochtadh chun a scrúduithe ag an bpuiblíocht gach tráth réasúnta ar shuim scillinge d'íoc ar gach scrúdú den tsórt san.
(3) Déanfaidh an Bord laistigh de thrí mhí tar éis an dáta gur go dtí é do hullamhuíodh na cuntaisí sin, no laistigh den lá is fiche tar éis iniúchta na gcuntas do chríochnú, pe'ca tréimhse acu san is sia, dhá chóip de sna cuntaisí bheidh le coimeád fén alt so do chur chun an Aire.
(4) Bhéarfaidh an Bord don Aire pé tuairisceáin, staitistíocht no colas i dtaobh an Chuain éileoidh sé.
(5) Má theipeann agus pé uair a theipfidh ar an mBord dhá chóip de sna cuntaisí do chur chun an Aire laistigh den tréimhse luaidhtear chuige sin san alt so, no má theipeann ortha aon tuairisceáin, staitistíocht no eolas éileoidh an tAire fén alt so do thabhairt uatha laistigh de thréimhse réasúnta, dlighfear pionós ná raghaidh thar fiche púnt agus a bheidh ionbhainte amach ar agra an Aire sa Chúirt Dúithche do chur ar an mBord in aghaidh gach seachtaine no coda de sheachtain a theipfidh san ortha.
(6) Ní bheidh feidhm ag an méid sin d'ailt 89, 90 agus 91 den Commissioners Clauses Act, 1847, a bhronnfadh cearta ar fhiachéilitheoirí seachas morgáistithe ná ag an méid sin díobh údaródh do dhaoine seachas Coimisinéirí no morgáistithe leabhair agus scríbhinní do scrúdú.
(7) Tuigfear iniúchadh do bheith críochnuithe nuair a dhéanfaidh an t-iniúchóir, tar éis do na cuntaisí d'iniúchadh, a shighniú maraon le dáta an tsighnithe do chur ag bun an chuntais chothromuíochta i leabhair an Bhúird.
Iniúchóir do cheapadh.
57.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, duine ceart oiriúnach (dá ngairmtear an t-iniúchóir san Acht so) do cheapadh chun cuntaisí an Bhúird do scrúdú agus d'iniúchadh agus féadfaidh, leis an ordú san, méid na n-íocaíocht íocfaidh an Bord leis an iniúchóir i bhfuirm tuarastail agus costaisí (más ann dóibh) do cheapadh.
(2) Déanfaidh an Bord méid na n-íocaíocht a ceapfar amhlaidh mar adubhradh d'íoc lais an iniúchóir amach as ioncuim an chuain mar chuid den chostas a bhainfidh leis an gcuan do chothabháil.
(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, an t-iniúchóir do chur as oifig agus déanfaidh, leis an ordú san no le haon ordú ina dhiaidh sin, duine ceart oiriúnach do cheapadh chun bheith mar iniúchóir in áit agus in ionad an iniúchóra do cuireadh as oifig amhlaidh mara bhfeictear do nách gá, toisc aon réasúin speisialta, iniúchóir do cheapadh.
Cuntaisí d'iniúchadh.
58.—(1) Beidh sé de dhualgas ar an Rúnaí don Bhord nuair a bheidh aon scrúdú agus iniúchadh cuntaisí á dhéanamh fén Acht so teacht i láthair an iniúchóra san am agus san áit cheaptha agus na leabhair chuntais, na cruthúnachtaí, na hadmhálanna agus na scríbhinní eile sin go léir agus an t-eolas san go léir, a bheidh aige agus a theastóidh ón iniúchóir, do thaisbeáint agus do thabhairt don iniúchóir sa láthair sin agus, má cheanglann an t-iniúchóir ortha san do dhéanamh, beidh sé de dhualgas freisin ar gach Coimisinéir agus ar gach oifigeach agus seirbhíseach (seachas an Rúnaí) don Bhord teacht i láthair an iniúchóra san am agus san áit do ceapadh don scrúdú agus don iniúchadh agus gach scríbhinn agus eolas a bheidh acu fé seach agus a theastóidh ón iniúchóir do thaisbeáint agus do thabhairt don iniúchóir sa láthair sin.
(2) Beidh sé de dhualgas ar an iniúchóir, nuair a bheidh aon scrúdú agus iniúchadh á dhéanamh fén alt so, cuntaisí an Bhúird do scrúdú, agus gach íocaíocht, éileamh agus lomháil a rinne éinne agus a muirearadh ar chistí an Bhúird contrárdha don dlí, no is dóich leis atá gan bunús, do nea-lomháil agus do bhualadh amach as na cuntaisí sin, agus an céanna do chur mar fhormhuirear ar an duine no ar na daoine rinne no d'údaruigh an íocaíocht, an t-éileamh no an lomháil a nea-lomháladh agus a buaileadh amach amhlaidh, agus a dheimhniú an céanna do bheith dlite ón duine sin.
(3) Ar iarratas i scríbhinn chun an iniúchóra, laistigh de dheich lá tar éis críochnú an iniúchta, o éinne ar ar ghoill aon lomháil, nea-lomháil no formhuirear a rinne an t-iniúchóir, inneosaidh an t-iniúchóir i scríbhinn na réasúin a bhí aige leis an lomháil, leis an nea-lomháil, no leis an bhformhuirear san, agus bhéarfaidh cóip den ráiteas san don té ar ar ghoill an ní sin.
(4) Einne ar ar ghoill aon lomháil, nea-lomháil no formhuirear den tsórt san adubhradh, féadfaidh, laistigh de lá is fiche tar éis críochnú an iniúchta (no laistigh de cheithre lá déag tar éis an iniúchóra do thabhairt cóipe dho de ráiteas do hiarradh fé fho-alt (3) den alt so) athchomharc do dhéanamh chun an Aire, ach caithfidh fógra do thabhairt don iniúchóir go bhfuil sé tar éis athchomhairc do dhéanamh amhlaidh, agus deighleálfaidh an tAire leis an scéal (maraon le costaisí an athchomhairc) fé mar is gá do réir chirt, agus ní bheidh dul thar breith an Aire ar aon athchomharc a déanfar chuige fén alt so, agus ní féadfar athchomharc do dhéanamh. ina coinnibh in aon Chúirt ná ní fhéadfaidh aon Chúirt í d'athscrúdú: Ach, mara n-orduighidh an tAire a mhalairt, aisíocfaidh an Bord leis an iniúchóir, amach as ioncum an Chuain, na costaisí fé n-a ndeachaidh sé maidir leis an athchomharc no, i gcás costaisí do bheith iníoctha ag an athchomharcóir fé ordú an Aire, an méid sin díobh ná haisíocfaidh an t-athchomharcóir leis agus, mara n-orduighidh an tAire a mhalairt, beidh aon chostaisí a molfar don athchomharcóir iníoctha ag an mBord amach as ioncum an Chuain.
(5) Einne ar ar ghoill aon lomháil, nea-lomháil no formhuirear den tsórt san roimhráite agus nár bhain feidhm as an gceart, chun athchomhairc do dhéanamh chun an Aire, do bheirtear le fo-alt (4) den alt so, beidh sé dleathach do ordú de ghné certiorari d'iarraidh ar an Ard-Chúirt Bhreithiúnais chun an lomháil, an nea-lomháil no an formhuirear san d'aistriú isteach sa Chúirt sin ar pé slí foráltar le rialacha na hArd-Chúirte Breithiúnais agus, ar aistriú na lomhála, na nea-lomhála, no an fhormhuirir sin, bhéarfaidh an Chúirt breith ar an ngearán áirithe a rinneadh; agus má chítear don Chúirt go raibh breith an iniúchóra earráideach ordóidh an Chúirt don pháirtí, gur cheart do an tsuim sin airgid a lomháladh, a nea-lomháladh no a formhuirearadh go hancheart d'íoc no do ghlanadh, an tsuim sin d'íoc leis an bpáirtí go bhfuil teideal aige chúichi; agus féadfaidh an Chúirt, freisin, a ordú, do réir mar is oiriúnach leis an gCúirt, cé íocfaidh agus cé leis go n-íocfar costaisí na n-imeachta: Ach, mara n-orduighidh an Chúirt a mhalairt, aisíocfaidh an Bord leis an iniúchóir, amach as ioncum an Chuain, na costaisí fé n-a ndeachaidh sé chun na n-imeachta do chosaint no, i gcás na Cúirte do dhéanamh orduithe i dtaobh costaisí i gcoinnibh an duine chuir an certiorari ar aghaidh, an méid sin díobh ná haisíocfaidh an duine sin leis agus, mara n-orduighidh an Chúirt a mhalairt, déanfar aon ordú chun costaisí d'íoc leis an duine sin do dhíriú chun an Bhúird (pe'ca is páirtí sna himeachta iad no nách eadh) i dtreo go n-íocfaidh an Bord na costaisí sin leis an duine sin amach as ioncum an Chuain.
(6) Ní déanfar a chostaisí do choimeád o iniúchóir fén alt so ach amháin de dheascaibh iompair leatromaigh no chiapathaigh i bhfeidhmiú a dhualgaisí fén alt so, ná ní déanfar aon ordú chun iniúchóra d'íoc costaisí fén alt so ach amháin ar scór mí-iompair i bhfeidhmiú a dhualgaisí fén alt so.
(7) Gach suim a dheimhneoidh an t-iniúchóir fén alt so, no dheimhneoidh an tAire tar éis athchomhairc i gcoinnibh an iniúchóra, a bheith dlite ar dhuine ar bith, íocfaidh an duine sin í leis an iniúchóir laistigh de lá is fiche tar éis na suime sin do dheimhniú amhlaidh mar adubhradh no, i gcás ráitis d'iarraidh ar réasúin an iniúchóra i dtaobh na lomhála, na nea-lomhála no an fhormhuirir sin roimhráite, laistigh de cheithre lá déag o dháta an ráitis sin no, i gcás athchomhairc i gcoinnibh na lomhála, na nea-lomhála no an fhormhuirir sin do bheith ar feitheamh, laistigh de cheithre lá déag tar éis na breithe ar an athchomharc agus, mara n-íoctar an tsuim sin amhlaidh, féadfaidh an t-iniúchóir í bhaint amach mar fhiacha síbhialta le haicsean no le himeacht eile in aon chúirt údaráis inniúla, agus ar gach suim den tsórt san d'fháil don iniúchóir cuirfe sé chun críche í sa tslí orduithe.
(8) Gach duine ar a gceangailtear leis an alt so no dá réir teacht i láthair an iniúchóra no aon scríbhinn do thaisbeáint no aon eolas do thabhairt don iniúchóir, agus a fhailleoidh no dhiúltóidh déanamh amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú an ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nách sia ná mí.
(9) Gach duine ar a gceangailtear leis an alt so no dá réir aon scríbhinn do thaisbeáint no aon eolas do thabhairt don iniúchóir, déanfaidh, má cheanglann an t-iniúchóir san air, deimhniú fé mhionn (mionn a húdaruítear leis seo don iniúchóir a chur air) ar aon scríbhinn a thaisbeánfaidh no ar aon ráiteas a bhéarfaidh don iniúchóir, agus éinne dhéanfaidh, ar a cheistniú fé mhionn d'iniúchóir no i láthair iniúchóra fén alt so, fianaise bhréagach do thabhairt uaidh go toiliúil, beidh sé ciontach i mionn bréagach agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.
(10) Déanfar aon chostaisí is iníoctha ag an mBord fén alt so d'íoc mar chuid de chostaisí oibre agus teaghlachais an Bhúird.
Maoirseoirí, etc., do cheapadh.
59.—Gan dochar do chomhachta an Bhúird fé alt 65 den Commissioners Clauses Act, 1847, féadfaidh an Bord o am go ham, fé mar is oiriúnach leo, maoirseoirí, máistrí duga, bailitheoirí, glacadóirí, máistrí agus fairtheoirí, agus fós seirbhísigh d'aon tsaghas, do réir mar a gheobhaid amach o am go ham iad do bheith riachtanach, do cheapadh, d'fhostú, do chur ar fiunraoi agus d'aistriú.
Fo-chomhachta.
60.—(1) Féadfaidh an Bord, gach tráth agus i pé slí agus sa mhéid is dóich leis an mBord san do bheith oiriúnach, gach ní is gá do dhéanamh chun an Chuain do chothabháil, do dheisiú, d'athnuachaint agus d'fheabhsú, agus chun an Chuain agus na mbealach isteach chuige do ghlanadh, do sciomar, do dhoimhniú agus do dhreidearacht, agus feadfaid aon ghaineamh, gairbhéal agus abhair eile tógfar aníos no chun siúil do dhíol no do chur de láimh, fé réir pé téarmaí agus coinníollacha, ar a n-áirmhítear rí-chíosanna (más ann dóibh) d'íoc leis an Aire, fhorchuirfidh an tAire.
(2) Féadfaidh an Bord freisin pé báid fhreastail, dreidirí, báid tárrthála, lictéirí, báid tarraingthe agus árthaighe agus pé úirlisí, gléasra, meaisínteacht, fearas, feisteas, áiseanna, feistí agus nithe eile, is dóich leo is gá chun crícheanna an Chuain, do chur ar fáil, do cheannach, do thógaint ar tuarastal, d'úsáid, do chur ar cíos, do chothabháil agus do chur de láimh.
(3) Féadfar na habhair uile thógfaidh an Bord aníos no chun siúil do chur sa bhfairrge fé réir pé orduithe bhéarfaidh an tAire amach pé uair is oiriúnach leis é.
(4) Féadfaidh an Bord o am go ham, le toiliú an Aire, socrú, chun aon chríche de chrícheanna an Achta so do chur in éifeacht ná foráltar go speisialta ina cóir, do dhéanamh le haon údarás áitiúil no cuideachta bhóthair iarainn no le haon údarás, cólucht no duine eile agus é do chur in éifeacht.
Tuarastail agus aois-liúntas.
61.—(1) Féadfaidh an Bord pé tuarastail, liúntaisí agus luach saothair is dóich leis an mBord o am go ham do bheith réasúnta d'íoc le héinne no do lomháil d'éinne dá n-oifigigh no dá seirbhísigh.
(2) Féadfaidh an Bord aois-liúntaisí agus aiscí do dheonadh ar na coinníollacha agus sa tslí atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus déanfar aon liúntaisí agus aiscí deonfar amhlaidh d'íoc mar chuid de chostaisí oibre agus teaghlachais an Bhúird.
Tomhaiseoirí agus meáthóirí.
62.—Isé an Bord a cheapfaidh tomhaiseoirí agus meáthóirí.
Dáta do thuitim ar an Domhnach no ar lá saoire puiblí.
63.—Pé uair a thárlóidh gur Domhnach no lá saoire puiblí lá is dáta táchtach chun aon chríche de chrícheanna an Achta so déanfar an lá na dhiaidh sin (nách Domhnach ná lá saoire) do chur, i bhfuirm eisceachta o fhorálacha generálta an Achta so, in ionad an lae sin agus an tAcht so á léiriú.
Comhacht chun fo-dhlithe do dhéanamh.
64.—(1) I dteanta na comhachta bheidh acu de bhuadh an Achta so chun fo-dhlithe do dhéanamh fé alt 8 den Harbours, Docks and Piers Clauses Act, 1847, féadfaidh an Bord fo-dhlithe do dhéanamh fé n-a séala chun aon chríche dá n-áirmhítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus na forálacha, maidir le fo-dhlithe, d'ailt 84, 86 agus 87 den Acht san, bainfid, fé réir forálacha an ailt seo, le gach fo-dhlí dhéanfaidh an Bord; ach ní déanfar éinní atá san alt san 86 do léiriú mar ní cheanglann ar an Aire aon iarratas de bhréithre béil chun fo-dhlithe do dhaingniú d'éisteacht no aon agóid de bhréithre béil ina choinnibh sin d'éisteacht.
(2) Aon fho-dhlithe dhéanfaidh an Bord, pe'ca fén Acht san no fén alt so é, ach amháin na fo-dhlithe sin ná bainfidh ach leis an mBord no le n-a n-oifigigh no le n-a seirbhísigh, ní thiocfaid i ngníomh go dtí go ndaingneofar iad fé shéala an Aire, agus is leor a dhaingniú san chun gach críche.
(3) Clóbhuailfear gach fo-dhlí dhéanfaidh an Bord agus déanfaidh Rúnaí an Bhúird cóip chlóbhuailte do sheachadadh do gach duine iarrfaidh san, agus beidh sé de dhualgas air gach tráth na fo-dhlithe bheidh i bhfeidhm do choimeád ar taisbeáint go soiléir i bpríomh-oifig an Bhúird agus i n-áit fheiceálaigh éigin ar chéibheanna an Chuain.
(4) Féadfaidh an Bord, más rogha leo é, aon fho-dhlithe do cheiliúradh, ach san fé réir aontú an Aire ar n-a dhaingniú fé n-a shéala i gcás aon fho-dhlí nách ceann ná baineann ach leis an mBord no le n-a n-oifigigh no le n-a seirbhísigh.
(5) Féadfaidh an Bord o am go ham, fé n-a séala, Buan-Orduithe, ná beidh buiniscionn le forálacha an Achta so, do dhéanamh chun a nós imeachta féin do rialáil.
Cúisithe agus aicsin síbhialta sa Chúirt Dúithche.
65.—In ainneoin éinní atá in aon Acht eile, féadfar gach cionta i gcoinnibh an Achta so no i gcoinnibh aon Achta a hionchorpruítear leis an Acht so no i gcoinnibh aon fho-dhlí den Bhord a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, le n-a n-áirmhítear fo-dhlithe buanuítear fén Acht so, agus gach fíneáil, pionós, geallbhruid, costas, airgead damáiste agus caiteachas, a forchuirtear leis an Acht so no le haon Acht ionchorpruithe den tsórt san no le haon fho-dhlí den tsórt san no is ionbhainte amach fén gcéanna, do chúiseamh ag an mBord no in ainm an Bhúird, agus do bhaint amach sa Chúirt Dúithche: Ach féadfar an t-airgead damáiste, na costaisí agus na caiteachaisí uile, ach amháin iad san is ionbhainte amach i dteanta pionóis, do bhaint amach sa Chúirt Dúithche mar fhiacha síbhialta.
Cúisimh mar gheall ar chráiteas.
66.—Tugtar comhacht don Bhord leis seo, gan dochar dá gcomhachta eile, in aon chás is féidir don Bhord fén Acht so no ar shlí eile do réir dlí do chúiseamh, cúisimh d'ordú alos ciontaí do rinneadh no dar leanadh in no ar abhainn, uiscí no srutháin phuiblí an Chuain, no in no ar na céibheanna, na calaidh, na bóithre, na bealaigh isteach, na piaranna, na bancánachtaí, no míntíreachtaí, na tailte no na hoibreacha atá teoranta leis an gcéanna no ann, no i dtaobh aon díobhála rinneadh do shlí loingseoireachta na habhann, na n-uiscí no na sruthán san, agus san pe'ca bheidh an díobháil sin ionchurtha i leith aon ghnímh a rinneadh laistigh den Chuan no ná beidh; agus aon phionós, geallbhruid, costaisí, airgead damáiste agus caiteachaisí do bhaint amach fé n-a raghfar fé fhorálacha an Achta so no na nAcht a hionchorpruítear leis an Acht so no fé aon fho-dhlí den Bhord a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire (le n-a n-áirmhítear fo-dhlithe buanuítear fén Acht so) agus costaisí aon imeachta den tsórt san d'íoc amach as ioncum an Chuain.
Pionós mar gheall ar fheidhmiú an Achta so do chosc.
67.—Má dheineann éinne tráth ar bith an Bord no éinne dá n-oifigigh no dá seirbhísigh no duine ar bith eile bheidh ar fostú de bhuadh an Achta so do bhac no do chosc no do bhuaireamh agus iad ag cólíonadh a ndualgais, dlighfear, ar a chiontú, pionós ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach cionta den tsórt san.
Pionós mar gheall ar shlí shaorloingseoireachta an Chuain do chosc.
68.—Má dheineann éinne aon abhar is deallrathach a chuirfeadh isteach no a dhéanfadh cosc ar shlí shaor-loingseoireachta uiscí an Chuain do chaitheamh, d'fhágaint, do chur no do leagadh síos laistigh de theoranta an Chuain dlighfear, ar a chiontú, pionós ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach cionta den tsórt san.
Pionós mar gheall ar gan éadtromán mara do bheith ceangailte d'ancaire árthaigh.
69.—Mara ndeinidh máistir no ceann aon árthaigh a chaithfidh ancaire laistigh de theoranta an Chuain eadtromán mara do cheangal no do ghreamú no a chur fé ndeár éadtromán mara do cheangal no do ghreamú den ancaire sin, láithreach tar éis a chaithte amhlaidh, i slí go mbeidh an t-éadtromán mara san ar snámh, agus go so-fheicse i dtreo go bhféadfar a fheiscint go soiléir agus go fuiriste cár caitheadh an t-ancaire sin, dlighfear, ar an máistir no ar an gceann san do chiontú, pionós ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus pionós breise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach uair a' chluig a bheidh an t-ancaire sin, tar éis foláirimh do bheith tugtha ag Máistir an Chuain no ag á ionadaí údaruithe, gan an t-éadtromán mara san do bheith ceangailte dhe mar adubhradh: Ach ní dhéanfaidh foirfheidhmiú na bpionós san deifir ar bith d'aon leigheas a bheidh ag aon duine no daoine i gcoinnibh an mháistir no an chinn sin mar gheall ar aon damáiste no díobháil a déanfar don duine no do sna daoine sin de dheascaibh na faillí sin roimhráite.
Pionós mar gheall ar gan earraí do chur ar bord luinge.
70.—Más rud é go leagfaidh agus chó minic agus a leagfaidh éinne ar aon cheann de bhóithre, de chéibheanna no d'fhallaí céibhe an Bhúird aon carraí no abhair a bheidh le heasportáil no bheidh le hiompar fan chósta, agus ná cuirfe sé iad ar bord árthaigh éigin laistigh de dhá uair dhéag a'chluig ina dhiaidh sin, dlighfear, ar únaer na n-earraí no na n-abhar san do chiontú, pionós ná raghaidh thar fiche scilling do chur ar an únaer san agus pionós breise ná raghaidh thar dachad scilling in aghaidh gach lae fhanfaidh na hearraí no na habhair sin, no aon chuid díobh, ar an mbóthar, ar an gcéibh no ar an bhfalla céibhe sin; agus féadfaidh an Bord a chur fé ndeár gach earra no abhar den tsórt san do thógaint chun siúil agus leor chuid díobh do dhíol chun costaisí an Bhúird agus aon phionóisí d'íoc: Ach ní bhainfidh éinní atá san alt so le hearraí ná le habhair a cuirfear i dtír ar aon chéibh as árthach.
Pionós mar gheall ar oibreacha, céibheanna, etc., do dhamáistiú.
71.—Má dhíthíonn no má dhíobhálann éinne go toiliúil na hoibreacha no fallaí, céibheanna, piaranna, fánáin, no áiteanna calaíochta an Bhúird laistigh den Chuan no aon cheann de sna siúntáin, de sna foirgintí, de sna crainn tógála no de sna háiseanna no na fearaistí eile atá curtha sa chéanna no ar an gcéanna chun úsáide agus chun áise do loingeas no do bháid, dlighfear, ar a chiontú, pionós ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach cionta den tsórt san.
Duine ciontófar i ndamáiste do dhéanamh íocaíochta.
72.—Nuair a ciontófar éinne i ndamáiste do dhéanamh do sna hoibreacha, no do sna fallaí, do sna céibheanna, do sna piaranna, do sna fánáin no do sna háiteanna calaíochta sa Chuan no d'aon cheann de sna hoibreacha no de sna háiseanna atá sa chéanna no ar an gcéanna, féadfaidh an Bord, roimh an gciontú san no dá éis, a ordú d'innealtóir no d'údarás inniúil no d'údaráis inniúla eile féachaint ar an damáiste no ar an díobháil a rinneadh amhlaidh agus a thuairisciú cadé an tsuim airgid a theastóidh chun an damáiste no an díobháil sin do leigheas agus do dheisiú, agus féadfaidh an Bord an tsuim adéarfar sa tuairisc sin d'éileamh ar an té a ciontuíodh amhlaidh i dteanta aon phionóis (más aon phionós é) a cuireadh air agus, i gcás gan an céanna d'íoc láithreach, beidh méid na suime sin ionbhainte den duine sin mar airgead damáiste.
E de dhualgas ar an mBord soillse do bheith ar taisbeáint acu le linn oibreacha do bheith acu á ndéanamh, etc.
73.—(1) Beidh sé de dhualgas ar an mBord ar feadh na haimsire go léir a beifear ag déanamh no ag atharú no ag leathnú aon cheann de sna hoibreacha fé mharc an láin mhara soillse do thaisbeáint agus do choimeád ar lasadh ar a gcostas féin gach oíche o dhul-fé go heirghe na gréine ag aon obair den tsórt san no in aice leis agus é á dhéanamh, á atharú no á leathnú agus nithe eile do dhéanamh chun cosc do chur le contabhairt do loingseoireacht, pé soillse (más aon cheann é) agus pé nithe a héileofar no a ceadófar o am go ham ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no, neachtar acu, ag an údarás oiriúnach a bheidh ann de thurus na huaire.
(2) Beidh sé de dhualgas ar an mBord soillse do thaisbeáint agus do choimeád ar lasadh ar a gcostas féin gach oíche o dhul-fé go heirghe na gréine ar an bhfoirceann is sia amach de gach obair (ar bheith críochnuithe dho) a húdaruítear leis an Acht so agus nithe eile do dhéanamh chun cosc do chur le contabhairt do loingseoireacht, pé soillse (más aon cheann é) agus pé nithe a héileofar no a ceadófar o am go ham ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no, neachtar acu, ag an údarás oiriúnach a bheidh ann de thurus na huaire.
(3) Má theipeann agus pé uair a theipfidh ar an mBord aon cheann áirithe d'fhorálacha an ailt seo do chólíonadh dlighfear pionós ná raghaidh thar fiche púnt agus a bheidh ionbhainte amach sa Chúirt Dúithche do chur ar an mBord in aghaidh gach lae leanfaidh an teip sin.
Cáblaí, píopaí no sranganna fé uiscí taoide no trasna ortha.
74.—D'ainneoin éinní atá san Acht so, déanfar aon cháblaí, píopaí no sranganna bheidh le cur síos no le cur suas ag an mBord fé aon uisce taoide no trasna air do chur chó doimhin fén uisce taoide sin no chó hárd os a chionn agus a éileoidh an tAire.
Má deintear míntíreach de thailte áirithe is leis an Stát iad.
75.—Más rud é, le linn aon oibre do dhéanamh no tré aon obair do dhéanamh a húdaruítear leis an Acht so, go dtógfar isteach no go ngeobhfar isteach ón uisce aon chuid de thrágha no de ghrinneal an Chuain no den fhairrge lasmuich de bhéal an Chuain, no go ndéanfar míntíreach di, cuid is le Saorstát Éireann do réir Airtiogail 11 den Bhunreacht, ní bheidh ag an mBord ná ní fheidhmeoid aon cheart ar an gcuid sin ná maidir léi, ach an tógaint isteach no an ghabháil isteach no an míntíreach san a bheidh déanta ar thailte no de thailte is le Saorstát Éireann amhlaidh ragha sé go hiomlán chun tairbhe do Shaorstát Éireann, agus ní bheidh sé dleathach don Bhord dul isteach ná cur isteach ar na tailte bheidh tógtha isteach no gabhtha isteach no go mbeidh míntíreach déanta dhíobh amhlaidh ach amháin do réir léasa no cheadúnais fé fhorálacha Achta na dTailte Stáit, 1924, no an Achta Imeall Trágha, 1933, no aon Achta le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear na hAchtanna san.
Socrú i gcoinnibh contabhartha do loingseoireacht.
76.—Má díobháltar no má díthítear aon obair no aon chuid d'aon obair a húdaruítear leis an Acht so, no má théigheann san o mhaith, déanfaidh an Bord éadtromáin mhara do chur síos no soillse do thaisbeáint no déanfaid nithe eile chun cosc do chur, chó fada agus is féidir é, le contabhairt do loingseoireacht, pé éadtromáin, soillse no nithe a hordófar o am go ham ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no, neachtar acu, ag an údarás oiriúnach a bheidh ann de thurus na huaire agus iarrfaid treoracha ar an údarás san i dtaobh cad a bheidh le déanamh, agus dlighfear pionós ná raghaidh thar deich bpúint do chur ar an mBord in aghaidh gach mí a bheid gan san d'iarraidh no a leanfaid de dhiúltú no d'fhailliú maidir le haon treoir do chólíonadh do bhéarfar do réir dlí i dtaobh cad a bheidh le déanamh.
E de dhualgas ar an mBord éadtromáin tárrthála, etc., do choimeád.
77.—Déanfaidh an Bord oiread éadtromán tárrthála agus téad agus is leor, agus iad i dtreo mhaith agus oiriúnach agus ullamh len' úsáid, do choimeád i gcomhnaí ar an bhfoirceann is sia amach de sna céibheanna atá anois ann agus ar an bhfoireann is sia amach den chéibh-fhalla no den éadan eile a húdaruítear leis an Acht so, agus fan na gcéibh agus an chéibh-fhalla san no an éadain eile sin agus faideanna réasúnta eatorra, agus iad do réir aon éilithe dhéanfaidh an tAire.
Cosaint do chearta daoine ag á bhfuil leas sa tráigh, etc.
78.—Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so deifir ar bith d'aon estát, éileamh, ceart, teideal ná leas atá ag éinne in aon chuid ná chun aon choda ná maidir le haon chuid den tráigh, den talamh lathaighe, ná den talamh eile luigheann fé mharc an láin mhara de thaoidí rabharta laistigh de theoranta an Chuain; ach beidh agus fanfaidh an céanna fé is ná rithfí an tAcht so, ach amháin pé ceart, teideal no leas ann a thógfaidh an Bord ann tré cheannach no ar shlí eile fé sna comhachta luaidhtear anso: Ach ní dhéanfaidh ná ní thógfaidh éinne bancánacht ná obair eile do dhéanfadh no do chuirfeadh cur-isteach, damáistiú no bac ar na hoibreacha no ar shlí loingseoireachta an Chuain.
Cosaint do chearta an Stáit.
79.—Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so deifir d'aon mhaoin, réalta ná pearsanta, atá dílsithe i Saorstát Éireann, no in aon Aire do Shaorstát Éireann, no in aon bhord no cólucht a fheidhmíonn aon fheidhm rialtais no riaracháin phuiblí, ná ní léireofar é mar ní theorannuíonn no dhocharuíonn cearta Shaorstáit Éireann no aon cheart, comhacht, príbhléid no dualgas atá dílsithe do réir dlí in aon Aire no oifigeach do Shaorstát Éireann, agus go sonnrách aon chomhachta chun aon oibreacha do thógáil, do dhéanamh, d'atharú no do leathnú ar aon mhaoin den tsórt san roimhráite ní léireofar iad mar nithe bhronnann ar an mBord aon cheart chun dul isteach in aon mhaoin den tsórt san ná aon estát no leas in aon mhaoin den tsórt san: Ach ní oibreoidh an t-alt so chun an Bhúird do chosc ar na comhachta san d'fheidhmiú do réir an Achta so má bhíonn agus nuair a bheidh an ceart san, chun dul isteach mar adubhradh, faighte do réir dlí ag an mBord.
Toiliú an Aire le hoibreacha áirithe.
80.—(1) I gcás aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so do bheith le déanamh ar thailte taoide no os a gcionn no fútha fé mharc láin mhara na ngnáth-thaoidí rabharta ní déanfar é ach le toiliú an Aire agus gach obair den tsórt san a bheidh le déanamh amhlaidh mar adubhradh is do réir pé pleananna agus teascán a cheadóidh an tAire a déanfar é agus fé réir pé sriantachtaí (más ann dóibh) agus rialachán a ordóidh an tAire sara dtosnófar ar an obair.
(2) Beidh gach atharú no leathnú ar aon obair den tsórt san roimhráite fé réir toiliú an Aire agus is do réir pleananna agus teascán a cheadóidh seisean a déanfar san.
(3) Maidir le haon obair den tsórt san roimhráite—
(a) má tosnuítear é gan toiliú an Aire, no
(b) má deintear é ar chuma ná beidh ar gach slí do réir na bplean agus na dteascán a cheaduigh an tAire i gcóir déanamh na hoibre sin, no
(c) má hatharuítear no má leathnuítear é ar chuma ná beidh ar gach slí do réir na bplean agus na dteascán a cheaduigh an tAire i gcóir atharú no leathnú na hoibre sin,
féadfaidh an tAire, ar chostas an Bhúird, an obair sin no aon chuid de no aon leathnú air a rinneadh mar adubhradh do thógaint chun siúil agus beidh méid an chostais sin ina fhiacha bheidh dlite ar an mBord ag an Aire agus féadfaidh seisean é bhaint amach mar fhiacha síbhialta.
Comhacht don Aire chun suirbhéireachtaí, etc., do dhéanamh.
81.—Féadfaidh an tAire tráth ar bith, ar chostas an Bhúird, suirbhéireacht agus scrúdú do dhéanamh—
(a) ar an ionad a bheidh beartuithe d'aon cheann de sna hoibreacha, no
(b) ar aon cheann de sna hoibreacha;
agus beidh méid aon chostais den tsórt san ina fhiacha bheidh dlite ar an mBord ag an Aire agus féadfaidh seisean é bhaint amach mar fhiacha síbhialta.
Comhacht don Aire chun oibreacha tréigfear no raghaidh o mhaith do thógaint chun siúil.
82.—Má thréigeann an Bord aon cheann de sna hoibreacha rinneadh ar aon tailte taoide no uisce taoide, no ionta, no os a gcionn, no tríotha no trasna ortha no má leigid do dul o mhaith féadfaidh an tAire, ar chostas an Bhúird—
(a) an obair sin no aon chuid di do thógaint chun siúil, no
(b) ionad na hoibre sin do chur sa riocht ina raibh sé sara ndearnadh an obair sin air;
agus beidh méid aon chostais den tsórt san roimhráite ina fhiacha bheidh dlite ar an mBord ag an Aire agus féadfaidh seisean é bhaint amach mar fhiacha síbhialta.
Chun an Aire Puist agus Telegrafa do chosaint.
83.—Ní údaróidh éinní atá san Acht so aon chur isteach do dhéanamh ar aon líne thelegrafach leis an Aire Puist agus Telegrafa mar a mínítear san leis na hAchtanna Telegrafa, 1863 go 1928, ná ar aon mhaoin eile leis an Aire Puist agus Telegrafa ná ar aon cheann de chearta an Aire Puist agus Telegrafa fé sna hAchtanna san.
Srian le daoine den lucht oibre do chur as ionad.
84.—(1) Ní cheannóidh an Bord ná ní thógfaid chúcha féin fé chomhachta an Achta so, in aon líomatáiste áitiúil, aon tigh ná tithe do bhí ar an 20adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, no atá ón dáta san no a bheidh ina dhiaidh seo ar seilbh i bpáirt no go hiomlán ag deichniúr is fiche no níos mó den lucht oibre mar thionóntaithe no mar lóistéirí mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an Bord
(a) cead an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'fháil i gcóir scéime chun áiteanna comhnaithe nua do chur ar fáil do pé méid daoine bhí ina gcomhnaí sna tithe sin an 20adh lá san de Mhí na Nodlag no do pé méid ne cion de sna daoine sin is dóich leis an Aire is gá tar éis fiosrúcháin ag féachaint don méid daoine bhí ar an dáta san no dá éis ina gcomhnaí sna tithe sin agus ag obair laistigh de mhíle uatha agus don méid cóiríochta chun comhnaithe atá folamh i ngarchomharsanacht na dtithe sin no d'áit fhostaíochta na ndaoine sin agus do gach ní bhaineann leis an gcás; agus
(b) urrús do thabhairt chun sástachta an Aire sin ar an scéim do thabhairt chun críche.
(2) Féadfar cead an Aire sin i gcóir aon scéime fén alt so do thabhairt gan coinníoll no ar coinníoll agus tar éis don Aire sin aon scéim den tsórt san do cheadú féadfaidh o am go ham aon atharuithe ar an scéim do cheadú gan coinníoll no ar coinníoll.
(3) Beidh i ngach scéim fén alt so forálacha ag ordú an ama gur laistigh de bhéarfar an scéim chun críche, agus éileofar leis an scéim i dtaobh na n-áiteanna comhnaithe nua beifear ar aigne a chur ar fáil fén scéim go mbeid críochnuithe agus oiriúnach chun comhnaithe sara gcuirfear as ionad na daoine chomhnuíonn sna tithe gur ina dtaobh do rinneadh an scéim: Ach féadfaidh an tAire sin déanamh d'éamais an éilimh dheiridh sin a luaidhtear fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leis.
(4) Aon fhorálacha d'aon scéim fén alt so no aon choinníollacha gur fé n-a réir a cheaduigh an tAire sin aon scéim no aon atharuithe ar aon scéim no gur fé n-a réir a rinne sé d'éamais an éilimh a luaidhtear thuas beid infheidhmithe ar agra an Aire sin tríd an nós imeachta bheidh in úsáid de thurus na huaire i bhfuirm na riteach mandamus a bhí ann roimhe seo.
(5) Má thógann an Bord aon tigh no tithe chúcha féin no má dheinid a gcuid féin den chéanna chun crícheanna an Achta so contrárdha do sna forálacha san roimhe sco no má dheinid no má chuirid fé ndeár na daoine chomhnuíonn in aon tigh no tithe do chur amach as an gcéanna contrárdha d'éilithe na scéime dlighfear pionós de chúig céad púnt do chur ar an mBord in aghaidh gach tighe den tsórt san; agus féadfaidh an tAire sin an pionós san do bhaint amach tré aicsean san Ard-Chúirt, agus cuirfear an pionós san isteach i bPrímh-Chiste Shaorstáit Éireann agus beidh sé ina chuid den Chiste sin, ach féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach leo é, an pionós san do laigheadú.
(6) Chun aon scéime den tsórt san fén alt so do thabhairt chun críche féadfaidh an Bord leithreasú do dhéanamh ar aon tailte is leo de thurus na huaire no 'na mbeidh comhacht acu chun iad do thógaint chúcha féin agus féadfaid pé tailte eile theastóidh uatha do cheannach agus chun críche aon cheannaigh den tsórt san beidh alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878 (gus an atharú go bhféadfar na fógráin a luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt san d'fhoillsiú mí ar bith agus go ndéanfar an fógra luaidhtear sa bhfo-alt san do sheirbheáil an chéad mhí ina dhiaidh sin) agus alt 68 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925, mar atáid atharuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin, beid ionchorpruithe leis an Acht so agus bainfid leis an mBord do cheannach tailte chun crícheanna aon scéime fén alt so agus san ar gach slí díreach fé is dá mbeadh an Bord ma n-údarás sláintíochta do réir bhrí an Public Health (Ireland) Act, 1878, agus gur cheann de chrícheanna an Achta san an scéim.
(7) Féadfaidh an Bord pé áruis chomhnaithe do dhaoine den lucht oibre is gá chun críche aon scéime fén alt so do thógaint ar aon tailte is leo no ceannuíodh no tógadh fén alt so no fé aon Ordú Sealadach cuibhe-dhaingnithe tugadh amach do réir an ailt seo agus féadfaid na háruis chomhnaithe sin agus aon tailte ceannuíodh no tógadh mar adubhradh do dhíol, do leithliú, do chur ar cíos no do chur de láimh ar shlí eile, agus aon airgead go bhfuil údarás acu chun é chruinniú no chun é chur chun crícheanna generálta a ngnótha féadfaid é chur chun na gcrícheanna san de chrícheanna an ailt seo chun ar féidir le ceart caipital do chur, no chun aon chríche acu san: Ach na tailte uile ar ar thóg no ar ar sholáthruigh an Bord aon fhoirgintí do réir aon scéime fén alt so cuirfear iad i leithreas ar feadh tréimhse cúig mbliana fichead o dháta na scéime chun críche na n-árus comhnaithe sin agus cúlscríobhfar fógra an achtacháin seo ar gach leithliú no léas a déanfar maidir leis na tailte agus leis na foirgintí sin: Agus fós féadfaidh an tAire sin tráth ar bith déanamh in éamais gach ceann no aon cheann d'éilithe an fho-ailt seo fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leis.
(8) Féadfaidh an tAire sin pé fiosrúcháin is dóich leis is oiriúnach do dhéanamh chun crícheanna a chomhacht agus a dhualgas fén alt so agus beidh feidhm ag fo-airtiogail (1) agus (3) d'Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, chun críche aon fhiosrúcháin den tsórt san, fé is dá mb'údarás áitiúil fén gcéanna an Bord.
(9) Íocfaidh an Bord leis an Aire sin pé suim go ndeimhneoidh sé gurb í méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí í fé n-a ndeachaidh sé maidir le haon Ordú Sealadach d'iarraidh, d'ullamhú, do dhéanamh agus do dhaingniú fé aon achtachán a hionchorpruítear leis an Acht so.
(10) Aon tithe cheannuigh an Bord no thógadar chúcha féin chun aon cheann no maidir le haon cheann de chrícheanna an Achta so, pe'ca i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar leis an Acht so no ar shlí eile cheannuíodar no thógadar chúcha féin iad, agus pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin a rinneadh amhlaidh, tithe bhí ar seilbh ag daoine den lucht oibre laistigh de chúig bliana roimh an Acht so do rith, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, gur fé chomhachta an Achta so thóg an Bord chúcha féin iad agus go rabhadar ar an 20adh lá san de Mhí na Nodlag ar seilbh ag oiread daoine den lucht oibre agus a bhí i seilbh na dtithe sin ar an dáta ar ar thóg an Bord chúcha féin iad: Ach maran féidir don Aire sin a fháil amach cé méid de sna daoine sin a bhí i seilbh na dtithe sin an uair sin tuigfear go raibh na tithe sin ar seilbh ag oiread daoine den tsórt san agus is dóich leis an Aire sin a gheobhadh slí agus cóiríocht ionta.
(11) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an abairt “líomatáiste áitiúil” aon bhailecheanntar no aon cheanntar ba thuathcheanntar roimh an Acht Rialtais Áitiúla, 1925, do rith; cialluíonn an focal “tigh” aon tigh no cuid de thigh ar seilbh mar árus comhnaithe fé leith; agus cialluíonn an abairt “lucht oibre” meicneoirí, ceárdaithe, saothraithe agus daoine eile bhíonn ag obair ar págh, hácaerí, tora-mhangairí, daoine ná bíonn ag obair ar págh ach a bhíonn ag gabháil do chéird no d'obair láimhe éigin gan daoine eile ar fostú acu ach daoine dá líntighe féin agus daoine seachas seirbhísigh tighis nách mó a meán-ioncum in aon chás ná seasca scilling sa tseachtain agus muiríneacha aon daoine den tsórt san atá in aon-tigheas leo.
Iarratas chun Achta dheineann deifir don Bhord d atharú.
85.—(1) Másé tuairim an Bhúird go bhfuil sé oiriúnach go n-iarrfadh an Bord ar an Oireachtas aon Acht a bhaineann leis an mBord no dheineann deifir do de thurus na huaire d'athghairm, do leasú no do leathnú no aon atharú no leathnú do dhéanamh ar a gcomhachta (le n-a n-áirmhítear comhachta nua do dheonadh) no éinní eile dhéanamh maidir le haon chúrsa áirithe chun sochair don Chuan féadfaidh an Bord na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a raghfar roimh ré chun an iarratais sin do dhéanamh no bhainfidh no gheobhaidh leis an iarratas san d'íoc amach as a gcistí mar chuid dá gcaiteachaisí oibre agus teaghlachais.
(2) Ní raghfar fé aon chostaisí den tsórt san roimhráite ach amháin do réir rúin ar n-a rith ag cruinniú den Bhord (ar n-a chomóradh go cuibhe tríd an ngnáth-fhógra) le móráireamh glan de líon iomlán na gCoimisinéirí tar éis fógra speisialta de dheich lá glan i dtaobh an chruinnithe sin agus na cúise bheidh leis do thabhairt tré fhógrán puiblí i dhá bpáipéar nuachta laethiúla léightear i gContae na Gaillimhe. Ní raghfar fé n-a thuilleadh costaisí den tsórt san roimhráite tar éis an Bille do lóisteáil in Oifig na mBillí Príobháideacha mara ndeinidh móráireamh glan den tsórt san, ag cruinniú eile den Bhord a bheidh ann do réir fógra den tsamhail chéanna ceithre lá déag ar a laighead tar éis an Bille do lóisteáil in Oifig na mBillí Príobháideacha, a dhaingniú gur ceart an Bille sin do chur ar aghaidh.
Cosaint d'Achtanna generálta.
86.—Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so an Bord ná an Cuan ná na hoibreacha do shaoradh o fhorálacha an Merchant Shipping Act, 1894, ná o fhorálacha aon Achta ghenerálta bhaineann le cuanta no le dleachta ar loingeas no ar carraí a hiomparuítear i longa agus atá i bhfeidhm anois no rithfear sa tsiosón so no in aon tsiosón ina dhiaidh seo den Oireachtas, ná o aon ath-scrúdú no atharú déanfar fé údarás an Oireachtais ar na rátaí is inghearrtha fén Acht so no dá bhuadh.
Costaisí an Achta.
87.—Na costaisí, na héilithe agus na caiteachaisí fé n-a ndeachthas roimh ré chun an Achta so d'ullamhú, d'iarraidh, d'fháil agus do rith no bhaineann no ghabhann leis sin no fé n-a ndeachthas ar shlí eile ina thaobh san déanfaidh Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe atá anois ann no an Bord iad d'íoc amach as aon airgead a bheidh ar láimh acu de thurus na huaire agus gheobhfar thar n-ais iad as an airgead atá le cruinniú fén Acht so mar fhiachaisí fé n-a ndeachthas chun na n-oibreacha do dhéanamh.
CEAD SCEIDEAL.
Aois-liuntas.
1. Chun crícheanna an Sceidil seo—
foluíonn an focal “seirbhís” aon tseirbhís fé Choimisinéirí Chuan na Gaillimhe pe'ca roimh an ath-bhunú deintear leis an Acht so do tugadh í no dá éis sin;
tuigfear gurb é is “luach saothair agus sochar oifige bliantúil” oifigigh no seirbhísigh ná meán-luach a luach saothair agus a shochar oifige i rith gach bliana iomláine dá sheirbhís sna trí bliana dar críoch an lá ar a gcríochnóidh a fhostaíocht no, i gcás é bheith ar fostú ar feadh tréimhse is giorra ná trí bliana, meán-luach a luach saothair agus a shochar oifige i rith gach bliana iomláine dá sheirbhís;
féadfar “liúntas bliantúil” d'oifigeach no do sheirbhíseach do dhéanamh amach do réir ráta nách mó ná an seascadadh cuid dá luach saothair agus dá shochar oifige bliantúil in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís ach ní raghaidh san in aon chás thar dhá dtrian dá luach saothair agus dá shochar oifige bliantúil;
féadfar “aisce” d'oifigeach no do sheirbhíseach do dhéanamh amach do réir an dóú cuid déag dá luach saothair agus dá shochar oifige in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís, ach ní ragha sé thairis sin in aon chás.
2. Féadfaidh an Bord, más rogha leo é, liúntas bliantúil le n-a shaol do dheonadh d'aon oifigeach no seirbhíseach lán-aimsire don Bhord ar eirghe as oifig do no ar é scur de bheith ar fostú, más rud é—
(a) go mbeidh seirbhís chúig bliana fichead tugtha aige agus a chúig bliana seascad slán aige, no
(b) go mbeidh seirbhís deich mblian tugtha aige agus gur thárla dho gan bheith ábalta ar a dhualgaisí do chólíonadh go héifeachtúil mar gheall ar bhuan-laige éigin chuirp no aigne nách é a mhí-iompar féin fé ndeár é.
3. Féadfaidh an Bord, más rogha leo é, liúntas bliantúil mar chúiteamh speisialta do dheonadh le n-a shaol d'aon oifigeach no seirbhíseach lán-aimsire don Bhord, go mbeidh seirbhís deich mblian tugtha aige, ar eirghe as oifig do no ar é scur do bheith ar fostú de bhíthin deireadh do chur le n-a oifig no de bhíthin slite feabhsuithe eagrais no oibre le n-ar ghlac an Bord ar mhaithe le héifeachtúlacht no le fearachas: Ach nuair a bheidh an Bord ag cinneadh méid an liúntais bhliantúla san beid i dteideal a shocrú gurb é bheidh ann ná pé suim, laistigh de theoranta ceaduithe liúntais bhliantúla, is cúiteamh cóir réasúnta i gcailliúint na fostaíochta do réir bhreithiúnais an Bhúird tar éis dóibh cúrsaí uile an cháis do lán-bhreithniú.
4. Féadfaidh an Bord, más rogha leo é, aisce do dheonadh d'aon oifigeach no seirbhíseach lán-aimsire don Bhord go mbeidh níos lugha ná deich mbliana seirbhíse tugtha aige agus eireoidh as oifig no scuirfidh de bheith ar fostú ar shlí go bhféadfaí liúntas bliantúil do dheonadh dho fén Sceideal so dá mbeadh deich mbliana seirbhíse tugtha aige.
DARA SCEIDEAL.
Scoip Chomhachta Breise chun Fo-Dhlithe do Dheanamh.
Aireamh ar chrícheanna na bhfo-dhlithe:—
(a) chun rialáil do dhéanamh i dtaobh bainistí an Chuain no aon choda den Chuan;
(b) chun rialáil do dhéanamh i dtaobh bainistí, loingseoireacht, luas, feistiú no ceangal aon árthach a bheidh ag úsáid an Chuain;
(c) chun rialáil do dhéanamh i dtaobh ballasta bheidh in árthaighe thiocfaidh isteach sa Chuan do thógaint chun siúil agus do chur de láimh agus i dtaobh ballasta do sholáthar d'árthaighe sa Chuan agus chun cosc do chur le ballasta do chaitheamh thar bord no le leigint do tuitim thar bord;
(d) chun a chur in áirithe ná déanfar céibheanna no calaidh ar a gcuirtear earraí i dtír de ghnáth d'úsáid ach chun gnótha an Chuain;
(e) chun a chur in áirithe go mbeidh an Cuan agus árthaighe, daoine agus maoin ann sábhálta;
(f) chun aon chuideanna den Chuan do choimeád ar leithligh chun crícheanna áirithe;
(g) chun tráthanna agus áiteanna íoctha rátaí agus slí a n-íoctha do rialáil;
(h) chun rialáil do dhéanamh i dtaobh paisnéirí agus daoine bheidh ag cur earraí ar bord luinge no á dtógaint as luing agus máirnéalaigh agus daoine eile do leigint isteach sa Chuan agus i dtaobh na dtráthanna leigfear isteach iad agus na dtráthanna gur le n-a linn fhéadfaid fanúint laistigh den Chuan;
(i) chun a thoirmeasc ar dhaoine bheith ag síomántaíocht no ag súgradh laistigh den Chuan;
(j) chun cosc no srian do chur le hearraí do dhíol laistigh den Chuan;
(k) chun rialáil do dhéanamh i dtaobh eallaigh stuic laistigh den Chuan agus i dtaobh eallach stuic do leigint isteach ann;
(l) chun rialáil do dhéanamh i dtaobh feithiclí do leigint isteach sa Chuan agus chun feithiclí laistigh den Chuan do rialú;
(m) chun caitheamh tobac laistigh den Chuan do chosc no do rialáil; agus
(n) chun rialáil do dhéanamh, le toiliú na gCoimisinéirí Ioncuim, i dtaobh na laetheanta agus na n-uaireanta gur le n-a linn a déanfar geataí an Chuain agus na slite isteach chuige agus amach uaidh, agus geataí agus dóirse aon stóraisí, caltacha, boghtainí agus foirgintí laistigh den Chuan ina mbeidh earraí i dtaisce is ionchurtha fé scrúdú Custum no fé dhiúitéthe Custum, d'oscailt agus d'fhágaint ar oscailt agus do dhúnadh agus do ghlasáil.