As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 10 de 1926.
ACHT CÓ-NASCTHA NA bhFÓRSAÍ PÓILÍNEACHTA (LEASÚ), 1926.
Mínithe.
1.—San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925), agus cialluíonn an focal “an fórsa có-nasctha” an ní céanna a chialluíonn sé sa Phríomh-Acht.
Ráta póilíneachta Bhaile Atha Cliath.
2.—Léireofar fo-ailt (1) agus (2) d'alt 16 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht acu agus tuigfar go raibh éifeacht riamh acu fé is dá ndintí na focail “sa bhliain airgeadais áitiúil a thosnóidh an 1adh lá d'Abrán, 1925” do chur isteach sna fo-ailt sin fé seach in ionad na bhfocal “sa chéad bhliain airgeadais áitiúil a thosnóidh tar éis rithte an Achta so” atá anois ann.
Cóluchtaí ionadathacha do cheapa.
3.—(1) Athghairmtear alt 17 den Phríomh-Acht leis seo agus achtuítear leis seo ina ionad san go mbainfidh alt 13 (alt a bhaineann le cóluchtaí ionadathacha do cheapa sa Ghárda Síochána) d'Acht an Ghárda Síochána, 1924 (Uimh. 25 de 1924) leis an bhfórsa có-nasctha agus chun críche na bainte sin léireofar mar thagairt don bhfórsa có-nasctha an focal “Gárda Síochána” i ngach áit ina bhfuil sé san alt san, agus léireofar mar thagairt don Phríomh-Acht an focal “fén Acht so” san áit ina bhfuil sé san alt san.
(2) Athghairmtear leis seo ailt 1 agus 2 den Constabulary and Police (Ireland) Act, 1919.
(3) Na rialacháin uile a bhaineann le cóluchtaí ionadathacha do cheapa de bhaill den bhfórsa có-nasctha no de lucht aon chéime, aicme no roinne de sna baill sin agus a dineadh fé aon achtachán roimh an bPríomh-Acht agus atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so, leanfid i bhfeidhm (d'ainneoin an t-achtachán san do bheith athghairmthe leis an bPríomh-Acht no leis an Acht so) go dtí go malairteofar iad ar rialacháin a déanfar fé alt 14 den Phríomh-Acht, agus más go leathrannach amháin a malairteofar amhlaidh aon cheann de sna rialacháin a céad-luaidhtear leanfidh an rialachán san i bhfeidhm fé réir an mhalairtithe leathrannaigh sin go dtí go malairteofar mar sin go hiomlán é.
Gearr-theideal, léiriú, agus luadh.
4.—(1) Féadfar Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta (Leasú), 1926, do ghairm den Acht so.
(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht agus féadfar Achtanna Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 agus 1926, do ghairm den Acht san agus den Acht so le chéile.
Number 10 of 1926.
POLICE FORCES AMALGAMATION (AMENDMENT) ACT, 1926.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. |
Acts Referred to | |
No. 7 of 1925 | |
No. 25 of 1924 |
Number 10 of 1926.
POLICE FORCES AMALGAMATION (AMENDMENT) ACT, 1926.
Definitions.
1.—In this Act the expression “the Principal Act” means the Police Forces Amalgamation Act, 1925 (No. 7 of 1925), and the expression “the amalgamated force” has the same meaning as it has in the Principal Act.
Dublin police rate.
2.—Sub-sections (1) and (2) of section 16 of the Principal Act shall be construed and have effect and be deemed always to have had effect as if the words “on the 1st day of April, 1925,” were inserted in those sub-sections respectively in lieu of the words “next after the passing of this Act” now contained therein.
Formation of representative bodies.
3.—(1) Section 17 of the Principal Act is hereby repealed and in lieu thereof it is hereby enacted that section 13 (which relates to the formation of representative bodies in the Gárda Síochána) of the Gárda Síochána Act, 1924 (No. 25 of 1924) shall apply to the amalgamated force and for the purpose of such application the expression “Gárda Síochána” where the same occurs in that section shall be construed as referring to the amalgamated force and the expression “this Act” where the same occurs in that section shall be construed as referring to the Principal Act.
(2) Sections 1 and 2 of the Constabulary and Police (Ireland) Act, 1919, are hereby repealed.
(3) All regulations relating to the formation of representative bodies of members of the amalgamated force or of any rank, class or section of such members which were made under any enactment prior to the Principal Act and are in force at the passing of this Act shall (notwithstanding the repeal of such enactment by the Principal Act or this Act) continue in force until superseded by regulations made under section 14 of the Principal Act, and in case of any of the first-mentioned regulations being so superseded in part only such regulation shall, until wholly so superseded, continue in force subject to such partial supersession.
Short title, construction, and citation.
4.—(1) This Act may be cited as the Police Forces Amalgamation (Amendment) Act, 1926.
(2) This Act shall be construed as one with the Principal Act and that Act and this Act may be cited together as the Police Forces Amalgamation Acts, 1925 and 1926.