As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 11 de 1926.


[EN]

ACHT TALMHAN, 1926.


ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AGUS, CHUN CRÍCHE AN DAINGNITHE SIN, CHUN FAISNÉIS DO DHÉANAMH MAIDIR LEIS AN MÉID GO mBAINEANN AN tACHT TALMHAN, 1923, LE TALAMH TIONÓNTUITHE AGUS CHUN A MHÍNIÚ NÍOS IOMLÁINE CADÉ AN TALAMH IS TALAMH TIONÓNTUITHE CHUN CRÍCHEANNA AN ACHTA SAN. [11adh Márta, 1926.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an focal “Príomh-Acht” an tAcht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923).

[EN]

Talamh tionóntuithe.

2.—Faisnéistear agus achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) léireofar fo-alt (2) d'alt 73 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá ndintí na focail “atá le linn rithte an Achta so” do chur isteach ann díreach i ndiaidh na bhfocal “ná talamh” agus léireofar an focal “talamh tionóntuithe” dá réir sin sa Phríomh-Acht agus san Acht so;

[EN]

(b) níor scuir agus ní scuirfidh talamh tionóntuithe de bheith ina talamh tionóntuithe de dheascaibh deire do bheith leis an tionóntacht no an tionóntacht do dhul in éag no éinní eile do thuitim amach tar éis rithte an Phríomh-Achta pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a thuit no a thuiteann an ní sin amach;

[EN]

(c) ní tháinig ná ní thiocfidh an té ba ghar-thiarna ar aon talamh tionóntuithe díreach roimh rith an Phríomh-Achta ná aon chomharba teidil don duine sin i dteideal seilbh an tailimh thionóntuithe sin de dheascaibh an téarma gur cruthuíodh an tionóntacht ina chóir do dhul in éag agus dá dheascaibh sin amháin.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

3.—(1) Féadfar an tAcht Talmhan, 1926, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léighfar agus léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus féadfar é do luadh i dteanta na nAchtanna Talamh-Cheannaigh.

[GA]

harp.jpg


Number 11 of 1926.


[GA]

LAND ACT, 1926.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

The Principal Act.

2.

Tenanted land.

3.

Short title, construction and citation.


Act Referred to

Land Act, 1923

No. 42 of 1923

harp.jpg


Number 11 of 1926.


LAND ACT, 1926.


AN ACT TO CONFIRM AND, FOR THE PURPOSE OF SUCH CONFIRMATION, TO DECLARE THE EXTENT OF THE APPLICATION OF THE LAND ACT, 1923, TO TENANTED LAND AND TO DEFINE MORE FULLY THE LAND WHICH IS TENANTED LAND FOR THE PURPOSES OF THAT ACT. [11th March, 1926.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

The Principal Act.

1.—In this Act the expression “Principal Act” means the Land Act, 1923 (No. 42 of 1923).

[GA]

Tenanted land.

2.—It is hereby declared and enacted as follows, that is to say:—

[GA]

(a) sub-section (2) of section 73 of the Principal Act shall be construed and have effect and be deemed always to have had effect as if the words “which is at the passing of this Act” were inserted therein immediately after the words “means land” and the expression “tenanted land” shall be construed accordingly in the Principal Act and in this Act;

[GA]

(b) tenanted land did not and shall not cease to be tenanted land by reason of the termination or expiration of the tenancy or the happening of any other event after the passing of the Principal Act whether such event happened before or happens after the passing of this Act;

[GA]

(c) neither the person who immediately before the passing of the Principal Act was the immediate landlord of any tenanted land nor any successor in title of that person became or shall become entitled to the possession of such tenanted land by reason only of the expiration of the term for which the tenancy was created.

[GA]

Short title, construction and citation.

3.—(1) This Act may be cited as the Land Act, 1926.

[GA]

(2) This Act shall be read and construed as one with the Principal Act, and may be cited with the Land Purchase Acts.